Uimhir 30 de 1956.
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar an tórainn le hairleacain chun an Bhoird Iascaigh Mhara as an bPríomh-Chiste.
1.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 (Uimh. 7 de 1952) (a fhorálas go bhféadfar airleacain nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt a thabhairt don Bhord Iascaigh Mhara as an bPríomh-Chiste) a leasú trí “milliún punt” a chur in ionad “cúig chéad míle punt”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1956 a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Iascaigh Mhara, 1952 go 1956, a ghairm de na hAchta Iascaigh Mhara, 1952 agus 1955, agus den Acht seo le chéile.