Uimhir 31 de 1924.
ACHT PÓILÍNEACHTA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1924.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an focal “an Coimisinéir” Coimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an focal “an Coimisinéir Conganta” Coimisinéir Conganta Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath;
cialluíonn an focal “an tOifigeach Cuntais” an t-oifigeach puiblí ar a bhfuil sé curtha mar dhualgas de thurus na huaire ag an Aire Airgid an cuntas leithreasa a bhaineann le Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath d'ullamhú;
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.
Atharú ar ainm agus ar theideal an Phríomh-Choimisinéara.
2.—O am rithte an Achta so agus dá éis beidh Coimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath mar theideal agus mar ainm ar Phríomh-Choimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.
Ceapa an Choimisinéara.
3.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh an Coimisinéir agus féadfa sí é chur as oifig aon uair.
(2) Dintar leis seo ceapa Liam Uí Mhurchadha mar Phríomh-Choimisinéir do Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath do dhaingniú chun bheith i bhfeidhm an 5adh lá de Bhealtaine, 1923, agus ón lá san amach, ach go ndéanfa sé agus go sighneoidh sé i bhfianaise Coimisinéara Shíochána faisnéis sa bhfuirm atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus fós gur Coimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheidh mar ainm agus mar theideal air o am rithte an Achta so agus dá éis sin, agus go mbainfidh leis na forálacha den Acht so a bhaineann leis an gCoimisinéir.
Ceapa an Choimisinéara. Chonganta.
4.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis isí an Ard-Chomhairle a cheapfidh an Coimisinéir Conganta.
(2) Féadfidh an Ard-Chomhairle an té go bhfuil oifig an Choimisinéara Chonganta anois aige, agus éinne a ceapfar ina dhiaidh seo chun an hoifige sin, do chur as an oifig sin aon uair.
Comhachta an Choimisinéara agus dualgaisí agus feidhmeanna an Choimisinéara Chonganta.
5.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis beidh stiúrú agus cúram generálta Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath dílsithe sa Choimisinéir fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.
(2) O am rithte an Achta so agus dá éis isiad dualgaisí a bheidh ar an gCoimisinéir Conganta agus isiad feidhmeanna a bheidh aige ná cabhrú leis an gCoimisinéir i stiúrú agus i gcúram Phóilíneacht Chathrach Bhaile Átha Cliath agus, chuige sin, pé feidhmeanna d'fheidhmiú a cheapfidh an Coimisinéir do fé réir rialachán a dhéanfidh an tAire fén Acht so.
(3) Tar éis rithte an Achta so má bhíonn agus aon uair a bheidh an Coimisinéir as láthair go sealadach no, tré bhreoiteacht, gan bheith in án a dhualgaisí do chó-líona, no má bhíonn agus aon uair a bheidh oifig an Choimisinéara folamh, féadfidh an tAire a údarú don Choimisinéir Conganta gach ceann no aon cheann de chomhachta agus de dhualgaisí an Choimisinéara d'fheidhmiú no do chó-líona le linn na nea-láithreachta, an mhíchumais no an fholúntais sin.
An fhaisnéis a dhéanfidh baill Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.
6.—(1) Einne a ceapadh roimh rith an Achta so chun bheith mar oifigeach no mar bhall eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, ní féidir do an oifig sin do chimeád ná gníomhú inti ar shlí ar bith ar bheith caithte do mhí tar éis rithte an Achta so maran rud é gur thug sé, roimh rith an Achta so, an mionn ba ghá de thurus na huaire do réir dlí d'oifigigh no do bhaill eile (pe'ca aca é) de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath a thabhairt no maran rud é go ndéanfa sé agus go sighneoidh sé, i láthair Coimisinéara Shíochána, sara mbeidh an mí sin caithte, faisnéis sa bhfuirm atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Einne a ceapfar tar éis rithte an Achta so chun bheith mar oifigeach no mar bhall eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha cliath ní féidir do an oifig sin do chimeád ná gníomhú inti ar shlí ar bith go dtí go ndéanfa sé agus go sighneoidh sé, i láthair Coimisinéara Shíochána, faisnéis sa bhfuirm atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
Póilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath do chur ar diúité lasmuich de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath.
7.—(1) Más deimhin leis an Aire ar chomhairle Choimisinéir an Ghárda Síochána no tar éis dul i gcomhairle leis, agus fós tar éis dul i gcomhairle le Coimisinéir Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, go bhfuil sé riachtanach no oiriúnach chun deighleáil le buaireamh atá ann no 'na bhfuil súil leis no le cás eile fé leith, no chun an dlí do chur i bhfeidhm níos fearr ar aon tslí eile, baill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath do chur ar diúitéthe póilíneachta leasmuich de Cheanntar Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath féadfidh an tAire, le hordú, a údarú agus a ordú go gcuirfar ag cabhrú leis an nGárda Síochana pé méid de bhaill Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, i pé áiteanna no líomatáistí i Saorstát Éireann, lasmuich den Cheanntar Phóilíneachta roimhráite, a luadhfa sé san ordú san.
(2) Beidh sé de dhualgas ar gach ball de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath a cuirfar ar diúité lasmuich den Cheanntar Phóilíneachta roimhráite gníomhú i dteanta no in ionad an Ghárda Síochána san áit no sa líomatáiste ina gcuirfar ar diúité mar sin iad, agus chuige sin dintar leis seo a údarú do sna baill sin de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus a chur ortha pé dualgaisí do chó-líona agus pé comhachta d'fheidhmiú atá do réir dlí forchurtha ar bhaill no dílsithe i mbaill den Ghárda Síochána atá ar aon chéim leo san áit sin.
(3) Féadfidh an tAire aon uair, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun dualgaisí, freagarthachtaí agus tosaíocht balla de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus balla den Ghárda Síochána, i gcompráid le n-a chéile, do rialú aon uair a bheidh baill de gach fórsa dhíobh san ar diúitéthe póilíneachta san aon áit no líomatáiste amháin, laistigh no lasmuich den Cheanntar Phóilíneachta roimhráite.
Comhacht don Aire chun rialacháin do dhéanamh.
8.—(1) Féadfidh an tAire, fé réir aontú ón Ard-Chomhairle, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—
(a) baill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath do ghlaca isteach, do cheapa agus do liostáil;
(b) baill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath d'árdú, do scur, d'ísliú, do bhrise agus do phíonósú;
(c) dualgaisí gach céime fé leith de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath;
(d) coinneáil-suas, tréineáil, smacht, agus éifeachtúlacht Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath;
(e) aon rud no éinní eile a bhaineann le bainistí inmheánach Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.
(2) Gach ordú agus rialachán a dineadh fé alt 5 den Dublin Police Act, 1836, agus atá i bhfeidhm i dtosach feidhm an Achta so, féadfar iad do leasú no d'athghairm le rialacháin a déanfar fén alt so, agus go dtí go ndéanfar iad d'athghairm amhlaidh, agus fé réir aon leasú den tsórt san, leanfid i bhfeidhm in ainneoin athghairm an ailt sin 5.
Deire le hoifig an Chuntasóra.
9.—(1) Dintar leis seo deire do chur le hoifig Chuntasóir Choimisinéirí Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, oifig a bunuíodh le hAlt 7 den Dublin Police Act, 1859, agus in ar códhlúthuíodh, tríd an Acht san, oifigí Ghlacadóir agus Rúnaí na gCoimisinéirí roimhráite agus oifig Forfheicire na gCánach.
(2) Gach talamh, foirgint, tionóntachán, agus ionoighreachta agus na daingneáin agus na feistisí ionta, agus gach troscán agus áirnéis i bhfuirm troscáin, a bhí dílsithe sa Chuntasóir roimhráite láithreach roimh rith an Achta so mar Chuntasóir den tsórt san, láithreach tar éis rithte an Achta so agus gan aon leithliú tiocfid chun bheith dílsithe agus beid dílsithe i gCoimisinéirí Oibreacha Puiblí na hÉireann i gcóir gach estáit agus leasa 'na rabhadar fé seach ar seilbh ag an gCuntasóir roimhráite ina gcóir.
(3) Gach airgead, urrús ar airgead, súncáil agus maoin eile (lasmuich de mhaoin den tsórt a haistrítear leis an bhfo-alt san roimhe seo) agus fós gach fiach agus rud-eile-ar-fionnraí, a bhí dílsithe sa Chuntasóir roimhráite no dlite dho, láithreach roimh rith an Achta so, mar Chuntasóir den tsórt san, tiocfid chun bheith dílsithe agus beid dílsithe láithreach tar éis rithte an Achta so, san Oifigeach Cuntais mar a mínítear eisean san Acht so agus i pé cás in ar gá é beidh an dílsiú san fé réir aistriú i leabhra aon chuideachtan, bainc, no corporáide.
(4) Gach fíneáil, pionós, diúité, táille agus airgead eile a héilítear, a horduítear no a húdaruítear a íoc leis an gCuntasóir roimhráite, tré aon achtachán atá i bhfeidhm láithreach roimh rith an Achta so, íocfar leis an Oifigeach Cuntais iad o am rithte an Achta so agus dá éis sin.
(5) Dintar leis seo a éileamh ar an Oifigeach Cuntais no a ordú no a údarú dho (pe'ca aca é) go ndéanfa sé, tar éis rithte an Achta so, gach íoc no aon íoc a héilítear ar an gCuntasóir roimhráite no a horduítear no a húdaruítear do a dhéanamh, tré aon Acht atá i bhfeidhm láithreach roimh rith an Achta so.
Oiriúnú ar achtacháin áirithe.
10.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis déanfar na tagairtí atá in alt 58 den Dublin Police Act, 1842, do Ghlacadóir an Cheanntair Phóilíneachta, do léiriú mar thagairtí don Oifigeach Cuntais mar a mínítear é leis an Acht so, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt san 58.
(2) O am rithte an Achta so agus dá éis léireofar mar luadh no mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt gach luadh no tagairt do Chomisinéir Póilíneachta Chathair Bhaile Atha Cliath, atá in alt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898, no in aon ordú a dineadh fé fhorálacha an ailt sin no chun iad do chur ar aghaidh, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt san 66 agus ag gach ordú den tsórt san roimhráite.
Ath-inbhiú balla áirithe Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.
11.—(1) Má dhineann an tAire laistigh de thrí mhí tar éis rithte an Achta so, a dheimhniú i scríbhinn fé n-a láimh, maidir le haon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath—
(a) gur éirigh sé no gur briseadh é as an bhfórsa póilíneachta san roimh an 11adh lá d'Iúl, 1921, agus
(b) go raibh sé ar seirbhís mar bhall d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann an 7adh lá de Mhí na Samhna, 1923, no roimhe sin, agus
(c) gur hath-inbhíodh sa bhfórsa póilíneachta san é roimh rith an Achta so, no laistigh de thrí mhí ina dhiaidh sin, agus
(d) gur hath-inbhíodh amhlaidh é ar an scór gur mar gheall ar chúiseanna polaiticiúla amháin d'éirigh sé no a briseadh é as an bhfórsa póilíneachta san mar adubhradh,
tuigfar an ball san den bhfórsa póilíneachta san do bheith as láthair ar cead gan págh ar feadh na tréimhse idir é éirighe no é bhrise as an bhfórsa mar sin agus an t-ath-inbhiú san a dineadh air, agus i gcóir méadú páigh agus i gcóir pinsin beidh teideal aige chun an tréimhse sin do chur le pé tréimhsí seirbhíse, roimh an éirghe-as no roimh an mbrise-as san agus tar éis an athinbhithe sin, 'na mbeadh teideal aige, lasmuich de sin, chun iad d'áireamh i gcóir na nithe sin.
(2) Bainfidh fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 3 den Acht Aois-Liúntas agus Pinsean, 1923 (Uimh. 34 de 1923), le haon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath 'na dtabharfar amach deimhniú ina thaobh fén alt so ach beidh an deimhniú san in ionad deimhniú fén alt san 3.
Fiosrúchán i gcúisimh i gcoinnibh balla de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath.
12.—(1) Beidh sé dleathach don Choimisinéir no d'aon bhall eile de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, nách ísle céim ná cigire agus a ainmneoidh an Coimisinéir chun na críche sin, no d'éinne a ainmneoidh an tAire chun an críche sin, fiosrúchán do chomóra agus scrúdú fé mhionn do dhéanamh ar ce'ca fíor bréag aon chúiseamh no gearán a cuirfar i gcoinnibh aon bhaill de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath i dtaobh faillí i ndiúité no sárú diúité, agus fós, le gairm fé n-a láimh, a éileamh ar aon fhínné teacht chun an fhiosrúcháin sin.
(2) Einne a gairmfear go cuibhe fén bhfo-alt san roimhe seo chun teacht mar fhínné chun aon fhiosrúcháin den tsórt san agus a thabharfidh faillí i dteacht no a dhiúltóidh do theacht chun an fhiosrúcháin sin, no a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt ann, féadfar, ar a chiontú ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil nách mó na fiche punt, no fé phríosuntacht i dteanta no d'éamais daoroibre, ar feadh tréimhse nách sia ná trí mhí.
Athghairmeanna.
13.—Dintar leis seo na hAchtanna uile agus fé leith a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal.
14.—Féadfar Acht Póilíneachta Bhaile Átha Cliath, 1924, do ghairm den Acht so.
CEAD SCEIDEAL.
Fuirm Faisneise.
“Dinim-se................................................a fhaisnéis agus a “dheimhniú agus m'fhocal agus m'onóir do thabhairt, go sola“manta agus go macánta i láthair Dé, go mbead dílis chó fada “lem' chumas sa bhfostaíocht ina bhfuil Ard-Chomhairle Shaor“stáit Éireann am chur in oifig................................................. “i bPóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus go dtabhar“fad seirbhís agus go mbead umhal, go maith agus go dílis “macánta, do Shaorstát Éireann agus dá bhunreacht agus dá “rialtas fé mar a buníodh do réir dlí, gan báidh ná páirt, gan “eagla, mailís ná droch-aigne, agus go bhféachfad chuige agus “go gcuirfad fé ndeár go gcimeádfar agus go gcosnófar an “tsíocháin, agus chó fada lem' dhícheall go gcoiscfead gach “cionta in aghaidh an chéanna, agus an fhaid a bheidh an oifig “sin agam go ndéanfad chó fada lem' eolas gach dualgas a “bhaineann leis do chó-líona go dílis do réir dlí, agus ná bainim “anois agus, an fhaid a bheidh an oifig sin agam, ná ceanglód “agus ná bainfad agus ná cabhród le haon chumann polaitíochta “in aon chor ná le haon chumann sieréideach in aon chor.”
DARA SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-Theideal. | Méid na hAthghairme. |
6 & 7 Will. IV. c. 29. | The Dublin Police Act, 1836. | Ailt 2, 5, 10, 11, 13 go 17, 19, 33, 44. |
7 Will. IV. & 1 Vic. c. 25. | The Dublin Police Act, 1837. | Alt 11. |
22 & 23 Vic, c. 52. | The Dublin Police Act, 1859. | Alt 2, Alt 4 o sna focail “or in his absence” go deire an ailt, Ailt 5 agus 7. |