[EN]

Uimhir 31 de 1927.


[EN]

ACHT CHUN COSANTA NA PUIBLÍOCHTA, 1927.


ACHT CHUN A THUILLE SOCRUITHE AGUS CHUN SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH CHUN AN STÁT AGUS AN PHUIBLÍOCHT DO CHIMEÁD SUAS AGUS DO CHOINNEÁIL Ó BHAOL. [11adh Lúnasa, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:[EN]

CUID I.

Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus buaine.

1.—(1) Féadfar an tAcht chun Cosanta na Puiblíochta, 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Leanfidh an tAcht so i bhfeidhm go ceann cúig mblian tar éis é bheith rithte agus ragha sé in éag ansan.

[EN]

Mínithe agus léiriú.

2.—(1) San Acht so—

[EN]

foluíonn an focal “comhlachas” aon chomhluadar daoine pe'ca tugtar aon ainm fé leith air no ná tugtar;

[EN]

cialluíonn an focal “comhlachas nea-dhleathach” comhlachas do faisnéiseadh a bheith ina chomhlachas nea-dhleathach le hordú do dhin an Ard-Chomhairle fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

[EN]

foluíonn an focal “scríbhinní tréasúnta no ceannairceacha” aon scríbhinn mar gheall ar no a bhaineann le comhlachas neadhleathach no a tugadh amach no a tháinig no a dheabhruíonn gur tugadh amach í no go dtáinig sí o chomhlachas neadhleathach;

[EN]

cialluíonn an focal “tréimhseachán” aon pháipeur nuachta, meaigisín, irisleabhar no foillseachán eile a tugtar amach o am go ham go rialálta no nách mór go rialálta.

[EN]

(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfar gur dhin comhlachas nea-dhleathach de chomhlachas nea-dhleathach de bhua an Achta so ar dhéanamh an Orduithe ón Ard-Chomhairle á fhaisnéis gur comhlachas nea-dhleathach é.

[EN]

Leasú an Bhunreactha.

3.—Gach foráil den Acht so atá contrárdha d'aon fhoráil den Bhunreacht, oibreoidh sí agus beidh éifeacht aici, chó fada le méid na contrárdhachta san, mar leasú ar an bhforáil sin den Bhunreacht faid a leanfidh an tAcht so i bhfeidhm agus an fhaid sin amháin.

CUID II.

Comhlachaisi Nea-dhleathacha agus Nithe Eile.

[EN]

Comhlachaisí nea-dhleathacha.

4.—(1) Féadfidh an Ard-Chomhairle le hordú a fhaisnéis gur comhlachas nea-dhleathach aon chomhlachas gurb é tuairim na hArd-Chomhairle—

[EN]

(a) go bhfuil ar a chuspóirí admhuithe no go molann sé no go misníonn sé no go ndeir sé go misníonn sé Rialtas Shaorstáit Éireann do threascairt le lámh láidir no an Bunreacht no an dlí d'atharú le lámh láidir, no

[EN]

(b) go ndineann sé no go dtugann sé fé no go ndeabhruíonn sé go ndineann sé, gan údarás dleathach chuige, fórsa armtha do chó-ghléasa no do chimeád ar bun, no

[EN]

(c) go gcuireann sé ar aghaidh no go misníonn sé seilbh neadhleathach ar airm theine ag a bhaill, no

[EN]

(d) go bhfuil sé ag gabháil d'aon ghníomh, gnó no cúrsa gníomhachta de shaghas thréasúnta no cheannairceach no go ndineann sé a leithéid do chur ar aghaidh no do mhisniú no do mhola no go gcuireann sé ar aghaidh, go misníonn sé, no go molann sé aon chrích de shaghas thréasúnta no cheannairceach do bhaint amach, no

[EN]

(e) go gcuireann sé ar aghaidh, go misníonn sé, no go molann sé coirthe no ciontaí do dhéanamh no bac no curisteach do chur ar riara an chirt no ar fheidhmiú na dlí, no

[EN]

(f) go gcuireann sé ar aghaidh, go misníonn sé, no go molann sé gan airgead d'íoc is iníoctha leis an bPrímh-Chiste no le haon chiste puiblí eile pe'ca tré chánachas é no ar aon tslí eile no gan cánacha áitiúla d'íoc.

[EN]

(2) Gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén bhfo-alt san roimhe seo leanfa sé i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar é le hordú ón Ard-Chomhairle.

[EN]

(3) Gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so á fhaisnéis gur comhlachas nea-dhleathach comhlachas agus gach ordú ón Ard-Chomhairle ag ceiliúra aon ordú den tsórt san foillseofar iad san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh san caothúil.

[EN]

(4) Gach ordú a dhéanfidh an Ard-Chomhairle fén alt so á fhaisnéis gur comhlachas nea-dhleathach comhlachas beidh éifeacht aige ar bheith caithte don lá tar éis an lae ar a bhfoillseofar an t-ordú san Iris Oifigiúil agus ón am san amach.

[EN]

Pionós mar gheall ar bhallraíocht i gcomhlachas neadhleathach.

5.—Gach éinne is ball de chomhlachas nea-dhleathach aon uair tar éis comhlachas nea-dhleathach do dhéanamh de de bhua an Achta so, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfar pian-tseirbhís do chur air ar feadh aon téarma nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana no príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

Seilbh ar scríbhinní bhaineann le comhlachas neadhleathach.

6.—Má fachtar ag éinne no ina sheilbh no in áitreabh is leis no atá ar seilbh aige no fé n-a chúram, aon scríbhinn (fé dháta ar bith no gan dáta) a tugadh amach no a tháinig o chomhlachas nea-dhleathach no a dheabhruíonn gur tugadh amach í no go dtáinig sí o n-a leithéid no a thugann le tuisgint í bheith ag cabhrú no ag neartú le comhlachas nea-dhleathach no mar gheall ar no a bhaineann le comhlachas nea-dhleathach ar aon tslí eile, ansan, mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt nárbh eol do go raibh an scríbhinn sin ina sheilbh no san áitreabh san no nárbh eol do cadé an saghas an scríbhinn sin ná cad do bhí inti, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, mas rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

Cruthú ar bhallraíocht i gcomhlachas neadhleathach.

7.—(1) Pé uair a cúiseofar duine i mbeith ina bhall de chomhlachas nea-dhleathach agus a cruthófar chun sástacht na Cúirte go bhfuarthas ag an duine sin no ina sheilbh, no in áitreabh is leis no atá ar seilbh aige no fé n-a chúram, scríbhinn (fé dháta ar bith no gan dáta) a tugadh amach no a tháinig o chomhlachas nea-dhleathach no a dhearbhuíonn gur tugadh amach í no go dtáinig sí o chomhlachas nea-dhleathach no a thugann le tuisgint í bheith ag cabhrú no ag neartú le comhlachas nea-dhleathach no mar gheall ar no a bhaineann le comhlachas nea-dhleathach ar aon tslí eile, tuigfar an duine sin do bheith ina bhall den chomhlachas nea-dhleathach go bhfuil an scríbhinn sin mar gheall air no le n-a mbaineann sí mara gcruthuighe sé nách ball é an uair sin den chomhlachas san agus nár bhall é den chomhlachas san aon uair tar éis comhlachas nea-dhleathach do dhéanamh de de bhua an Achta so.

[EN]

(2) Duine a tuigtar, de bhua an ailt seo, do bheith ina bhall de chomhlachas nea-dhleathach ní tuigfar gur chruthuigh sé nách ball é an uair sin den chomhlachas san agus nár bhall de é o dhin comhlachas nea-dhleathach de de bhua an Achta so mara ndine sé (i dteanta pé fianaise eile a chuirfidh an nea-bhallraíocht san ina luighe ar an gCúirt)—

[EN]

(a) a dhearbhú fé mhionn (agus tabharfidh an Chúirt caoi dho ar an dearbhú san do dhéanamh) nách ball den chomhlachas nea-dleathach san é an uair sin agus nár bhall de é aon uair o dhin comhlachas neadhleathach de de bhua an Achta so, agus

[EN]

(b) beirt fhínnithe creidiúnacha do thabhairt i láthair adéarfidh fé mhionn go bhfuil aithne mhaith acu air agus, chó fada le n-a bhfios, le n-a n-eolas agus le n-a dtuairim, nách ball é an uair sin den chomhlachas neadhleathach san agus nár bhall de é aon uair o dhin comhlachas nea-dhleathach de de bhua an Achta so.

[EN]

Pionós ar bhaill óga de chomhlachaisí nea-dhleathacha.

8.—(1) Má ciontuítear éinne fé bhun 16 mblian d'aois i mbeith ina bhall de chomhlachas nea-dhleathach daorfidh an Chúirt an duine sin chun a choinneála faid is toil leis an Aire Dlí agus Cirt é in ionad deighleáil leis an duine sin fén Children Act, 1908, agus má daortar an duine sin amhlaidh dlighfar, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Children Act, 1908, é do choinneáil i pé áit agus fé pé coiníollacha a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt agus faid a coinneofar amhlaidh é tuigfar é bheith i gcimeád dlíthiúil.

[EN]

(2) Foillseoidh an tAire Dlí agus Cirt o am go ham san Iris Oifigiúil fógra ag luadh na háite ina bhfuil daoine do daoradh fén alt so á gcoinneáil agus ag luadh coiníollacha na coinneála san.

[EN]

(3) Nuair a daorfar duine chun a choinneála faid is toil leis an Aire Dlí agus Cirt fén alt so ní coinneofar an duine sin amhlaidh go ceann tréimhse is sia ná bliain.

[EN]

Toirmeasc ar shaghasanna áirithe scríbhinní do chlóbhuala, etc.

9.—(1) Aon leabhar, páipeur nuachta, meaigisín, tréimhseachán, paimpléid, duilleog, imleitir, no scríbhinn eile ina mbeidh aon ráiteas do dhin comhlachas nea-dhleathach no do dineadh thar a cheann no do tháinig uaidh no a thugann le tuisgint gur dhin an comhlachas san é no gur dineadh thar a cheann é no go dtáinig sé uaidh no aon ráiteas a chabhruíonn no a neartuíonn no a meastar a chabhródh no a neartódh le comhlachas nea-dhleathach, ní bheidh sé dleathach é do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol, ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a dhíolta gan cead roimh ré ón Aire Dlí agus Cirt.

[EN]

(2) Gach éinne dhéanfidh aon leabhar, páipeur nuachta, meaigisín, tréimhseachán, paimpléid, duilleog, imleitir no scríbhinn eile do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a dhíolta contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus fós, in aon chás, geallbhruide gach cóipe den scríbhinn sin a bheidh ar seilbh aige agus fós, i gcás duine a gheobhfar ciontach i gclóbhuala aon scríbhinne den tsórt san, geallbhruide an chlóghléasra go léir a bheidh ar seilbh aige.

[EN]

(3) Aon chead a thabharfidh an tAire Dlí agus Cirt d'éinne chun aon ráiteas den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so do chlóbhuala no d'fhoillsiú no cun é do chlóbhuala agus d'fhoillsiú i scríbhinn, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige mar chead do chách chun an scríbhinn sin do scaipe agus do dhíol agus chun í do thairisgint agus do thaisbeáint chun a díolta agus, i gcás gan an cead do dhul ach chó fada le chlóbhuala no le foillsiú scríbhinne, oibreoidh sé chun a údarú chun crícheanna an ailt seo foillsiú no clóbhuala (pe'ca aca is gá sa chás) na scríbhinne sin.

[EN]

(4) San alt so foluíonn tagairtí do chlóbhuala aon tslí chun focail do thaisbeáint no do thabhairt amach i bhfuirm sho-fheisce agus léireofar an focal “chlóbhuala” dá réir sin.

[EN]

Comhacht chun tréimhseacháin áirithe do chur fé chois.

10.—(1) Ar iarratas chun Breithimh den Ard-Chúirt ar shlí achmair ón Aire Dlí agus Cirt agus ar bheith sásta don Bhreitheamh san gur fhoillsigh tréimhseachán a foillsítear no a clóbhuailtear i Saorstát Éireann i gcur-amach a foillsíodh tar éis rithte an Achta so agus mí ar a mhéid roimh dháta an iarratais aon chlú-mhille scríbhte ceannairceach no aon ráiteas a ghríosuíonn no a meastar a ghríosódh, a mhisneodh, no a threoródh chun aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no aon chionta de shaghas cheannairceach no thréasúnta do dhéanamh, no aon ráiteas do dhin comhlachas neadhleathach no do dineadh thar a cheann no do tháinig uaidh no a thugann le tuisgint gur dhin an comhlachas san no gur dineadh thar a cheann é no go dtáinig sé uaidh no aon ráiteas a chabhruíonn no a neartuíonn no a meastar a chabhródh no a neartódh le comhlachas nea-dhleathach féadfidh an Breitheamh san ordú do dhéanamh á fhaisnéis go bhfuil cead ag an Aire sin an tréimhseachán san do chur fé chois fén alt so.

[EN]

(2) Pé uair a fhaisnéisfidh Breitheamh den Ard-Chúirt amhlaidh cead do bheith ag an Aire Dlí agus Cirt tréimhseachán do chur fé chois, féadfidh an tAire sin le hordú, laistigh de mhí tar éis dáta ordú an Bhreithimh sin, an tréimhseachán sin do chur fé chois.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú fén alt so, tréimhseachán do chur fé chois féadfa sé aon uair ina dhiaidh sin, le hordú, aon tréimhseachán eile do chur fé chois a foillsítear no a clóbhuailtear i Saorstát Éireann agus a céad-fhoillsíodh tar éis dáta an iarratais chun Breithimh den Ard-Chúirt ar chead chun an chéad thréimhseachán san a luaidhtear do chur fé chois agus gurb é tuairim an Aire sin gur mar a chéile é nách mór agus an chéad thréimhseachán san a luaidhtear d'ainneoin é bheith difriúil leis ina ainm no ar aon tslí éile.

[EN]

(4) Pé uair a dhéanfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú fén alt so, tréimhseachán do chur fé chois ní bheidh sé dleathach tar éis dáta an orduithe sin an tréimhseachán san ná aon chur-amach ná cóip de do chlóbhuala ná d'fhoillsiú ná an tréimhseachán san ná aon chur-amach ná cóip de do scaipe, do dhíol, ná do thairisgint ná do thaisbeáint chun a dhíolta, pe'ca roimh dháta an orduithe sin no dá éis do clóbhuaileadh an cur-amach no an chóip sin, agus gach éinne dhéanfidh, contrárdha don fho-alt so, an tréimhseachán san no aon chur-amach no cóip de do chlóbhuala, d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a dhíolta, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air, no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus fós, in aon chás, geallbhruide gach cóipe den tréimhseachán san a bheidh ar seilbh aige agus fós, i gcás duine a gheobhfar ciontach i gclóbhuala an tréimhseacháin sin, geallbhruide an chló-ghléasra go léir a bheidh ar seilbh aige.

[EN]

(5) Gach iarratas ón Aire Dlí agus Cirt chun Breithimh den Ard-Chúirt fén alt so ar chead chun tréimhseachán do chur fé chois, déanfar é tar éis fógra (a féadfar a sheirbheáil ar dhuine lasmuich de Shaorstát Éireann gan cead speisialta) do thabhairt do chlódóir, do dhílseánach agus d'fhoillsitheoir an tréimhseacháin mar n-orduighidh Breitheamh den Ard-Chúirt a mhalairt.

[EN]

(6) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh ordú do dhin Breitheamh den Ard-Chúirt ar iarratas fén alt so ón Aire Dlí agus Cirt ar chead chun tréimhseachán do chur fé chois.

[EN]

Toirmeasc ar pháipéirí nuachta áirithe, etc., d'iomportáil.

11.—(1) Má sé tuairim na hArd-Chomhairle go bhfuil in aon chur-amach de thréimhseachán a clóbhuailtear no a foillsítear lasmuich de Shaorstát Éireann aon chlú-mhille scríbhte ceannairceach no aon ráiteas a ghríosuíonn no a meastar a ghríosódh, a mhisneodh, no a threoródh chun aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no aon chionta de shaghas cheannairceach no thréasúnta do dhéanamh, no aon ráiteas do dhin comhlachas nea-dhleathach no do dineadh thar a cheann no do tháinig uaidh, no a thugann le tuisgint gur dhin an comhlachas san é no gur dineadh thar a cheann é no go dtáinig sé uaidh, no aon ráiteas a chabhruíonn no a neartuíonn no a meastar a chabhródh no a neartódh le comhlachas nea-dhleathach, féadfidh an Ard-Chomhairle le hordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san alt so) toirmeasc do dhéanamh ar iomportáil an churtha-amach san agus gach curtha-amach ina dhiaidh sin den tréimhseachán san faid fhanfidh an t-ordú san i bhfeidhm.

[EN]

(2) Fanfidh gach ordú toirmisc i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar é le hordú ón Ard-Chomhairle.

[EN]

(3) Gach ordú toirmisc agus gach ordú chun ordú toirmisc do cheiliúra foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath tar éis a dhéanta agus a bheidh san caothúil.

[EN]

(4) Beidh sé dleathach d'oifigigh chustum agus máil gabháil gan barántas do dhéanamh ar éinne a gheobhfar ag iomportáil aon chur-amach no cóipe de thréimhseachán go mbeidh a iomportáil toirmiscthe le hordú toirmisc, agus beidh ag gach oifigeach den tsórt san maidir le tréimhseachán gur dineadh ordú toirmisc agus go mbeidh an t-ordú san i bhfeidhm ina thaobh agus maidir le gach cur-amach agus cóip den tréimhseachán san na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin do réir dlí maidir le hearraí eile go bhfuil a n-iomportáil toirmiscthe no srianta do réir dlí.

[EN]

(5) Bainfidh alt 16 den Post Office Act, 1908, agus na rialacháin a bheidh déanta fé, le tréimhseachán gur dineadh ordú toirmisc agus go mbeidh an t-ordú san i bhfeidhm ina thaobh agus le gach cur-amach agus cóip den tréimhseachán san chó hiomlán agus bhainid leis na scríbhinní a luaidhtear san alt san.

[EN]

(6) Gach éinne a iomportálfidh, contrárdha d'ordú toirmisc a bheidh i bhfeidhm an uair sin, aon chur-amach no cóip de thréimhseachán do clóbhuaileadh no do foillsíodh lasmuich de Shaorstát Éireann, no a scaipfidh, a dhíolfidh, no a thairgfidh no a thaisbeánfidh chun a dhíolta, aon chur-amach no cóip d'aon tréimhseachán den tsórt san do hiomportáladh contrárdha don ordú san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí, no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, agus fós, in aon chás, geallbhruide gach cóipe den tréimhseachán san a bheidh ar seilbh aige.

[EN]

(7) Féadfidh aon oifigeach no ball den Ghárda Síochána gabháil gan barántas do dhéanamh ar éinne a gheobhfar ag iomportáil aon chur-amach no cóipe de thréimhseachán go mbeidh a iomportáil toirmiscthe le hordú toirmisc.

[EN]

Ainm an chlódóra le cur ar scríbhinní.

12.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon leabhar, páipeur nuachta, meaigisín, tréimhseachán, paimpléid, duilleog, imleitir ná scríbhinn eile do chlóbhuala a bheidh ceaptha le foillsiú no le scaipe imeasc na puiblíochta mara ndinidh an duine sin a ainm agus a ghnáth-áit chomhnaithe no ghnótha do chlóbhuala ar an scríbhinn sin ina tosach no ina deire.

[EN]

(2) Gach éinne a chlóbhuailfidh aon scríbhinn contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

[EN]

(3) Gach éinne dhéanfidh aon scríbhinn do clóbhuaileadh contrárdha don alt so d'fhoillsiú, do scaipe, do dhíol no do thairisgint no do thaisbeáint chun a díolta leis an bpuiblíocht, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

Orduithe díbeartha.

13.—(1) Einne gurb é tuairim an Aire Dlí agus Cirt go raibh baint aige le haon cheann de ghníomhachtaí comhlachais neadhleathaigh, pe'ca mar bhall de é no ar aon tslí eile, no go raibh baint no páirt aige le haon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so no le haon chionta de shaghas thréasúnta no cheannairceach no le haon dúnmharbha no coir fhóiréigin eile agus gurb é tuairim an Aire sin go ndéanfadh sé dochar do shábháltacht na puiblíochta no do dhlí agus d'ordú do chimeád suas é do leanúint de bheith i Saorstát Éireann, féadfidh an tAire sin le hordú (dá ngairmtear ordú díbeartha san alt so) a éileamh ar an duine sin imeacht as Saorstát Éireann laistigh d'am áirithe tar éis dáta an orduithe sin agus gan fille go Saorstát Éireann faid fhanfidh an t-ordú san i bhfeidhm.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire sin aon uair, le hordú, ordú díbeartha do dineadh fén alt so do cheiliúra agus fanfidh gach ordú díbeartha den tsórt san i bhfeidhm go dtí go gceiliúrfar amhlaidh é.

[EN]

(3) Gach ordú díbeartha agus gach ordú chun ordú díbeartha do cheiliúra foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath tar éis a dhéanta agus a bheidh san caothúil.

[EN]

(4) Seirbheálfar gach ordú díbeartha ar an té le n-a mbaineann sé ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dheire na haimsire gur laistigh di a héilítear air leis an ordú san imeacht as Saorstát Éireann agus déanfar an tseirbheáil sin tré sheirbheáil phearsanta ar an duine sin no tré chóip den ordú san d'fhágaint do san áit chomhnaithe no ag an seola is déanaí is eol a bheith aige.

[EN]

(5) Gach éinne go ndéanfar ordú díbeartha ina thaobh agus a gheobhfar i Saorstát Éireann tar éis deire na haimsire a bheidh ceaptha san ordú san chun é d'imeacht as Saorstát Éireann agus le linn an t-ordú san d'fhanúint i bhfeidhm, ar gach ócáid ar a bhfuighfar amhlaidh é beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chíontú ann ag cúirt údaráis achmair daorfar é chun sé mhí príosúntachta fé dhaor-obair.

[EN]

Orduithe cuardaigh.

14.—(1) Má sé tuairim aon cheannphuirt den Ghárda Síochána go bhfuil cúis réasúnta le hamhrus go bhfuil scríbhinní tréasúnta no ceannairceacha in aon áit no áitreabh, féadfa sé ordú i scríbhinn (dá ngairmtear ordú cuardaigh san Acht so) do thabhairt amach d'aon bhall no baill den Ghárda Síochána a bheidh fé n-a cheannas, agus ainmnithe san ordú, chun aon áit no áitreabh a bheidh ainmnithe san ordú san do chuardach.

[EN]

(2) Le hordú cuardaigh a tabharfar amach fén alt so údarófar don bhall no do sna baill den Ghárda Síochána a bheidh ainmnithe ann dul isteach san áit no san áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú san aon uair laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis an t-ordú cuardaigh sin do bheith tabhartha amach agus san le fóiréigean más gá é agus an áit no an t-áitreabh san do chuardach do scríbhinní tréasúnta no ceannairceacha agus gach scríbhinn a gheobhfar ar dhéanamh an chuardaigh sin agus a dheabhróidh don bhall no do sna baill sin bheith tréasúnta no ceannairceach do ghabháil agus do thógaint chun siúil.

[EN]

(3) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána a bheidh ag déanamh cuardaigh fé ordú chuardaigh gach ní no aon ní no nithe acu so a leanas do dhéanamh—

[EN]

(a) éinne a gheobhfar san áit no san áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú do chuardach,

[EN]

(b) ainm agus seola éinne a gheobhfar san áit no san áitreabh san d'éileamh agus (gan dochar d'aon chomhacht ghabhála eile a bheidh dílsithe ann do réir dlí no de bhua aon bharántais dhleathaigh) gabháil do dhéanamh gan barántas ar éinne den tsórt san a dhiúltóidh dá ainm no dá sheola do thabhairt don bhall san no a thabharfidh uaidh ainm no seola gurb eol don bhall san no go mbeidh amhras aige é do bheith bréagach no míthreorach, no

[EN]

(c) gabháil do dhéanamh gan barántas ar éinne a gheobhfar san áit no san áitreabh san agus 'na mbeidh amhras ag an mball san go raibh aon scríbhinn tréasúnta no cheannairceach ar seilbh aige san áit no san áitreabh san.

[EN]

Comhachta an Ghárda Síochána.

15.—Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána éinne is dó leis a bheith ag iompar aon scríbhinní tréasúnta no ceannairceacha do stad agus do chuardach agus fós é do ghabháil gan barántas, agus féadfa sé éinne den tsórt san do chuardach agus, pé'ca ghabhfa sé é no na gabhfidh, féadfa sé gach scríbhinn a bheidh á hiompar aige agus a dheabhróidh don bhall san bheith tréasúnta no ceannairceach do ghabháil agus do choinneáil.

[EN]

Daoine fé amhras do choinneáil.

16.—(1) Beidh sé dleathach do cheannphort den Ghárda Síochána éinne do ghabháil no a chur fé ndeár é do ghabháil go mbeidh amhras aige go bhfuil no go raibh sé ag gabháil d'aon chionta no páirteach in aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, chun go bhféachfí isteach sa chionta san no in aon chionta eile den tsórt san sa cheart, gurb é tuairim an cheannphuirt sin gur gá no gur mhaith an rud é do choinneáil.

[EN]

(2) Pé uair a gabhfar éinne fén alt so déanfidh an ceannphort den Ghárda Síochána atá freagarthach sa ghabháil sin, chó luath agus a bheidh san caothúil, an duine sin do thabhairt i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche agus ar a rá leis an mBreitheamh san don cheannphort san gurb é a thuairim go bhfuil cúis le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag gabháil d'aon chionta no páirteach in aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, chun go bhféachfí isteach sa chionta san no in aon chionta eile den tsórt san sa cheart, gur gá no gur mhaith an rud é do choinneáil, ordóidh an Breitheamh san an duine sin do choinneáil seacht lá i gcimeád.

[EN]

(3) Pé uair a coinneofar duine i gcimeád le hordú Breithimh den Chúirt Dúithche fén alt so agus gur deimhin le hAire den Ard-Chomhairle go bhfuil cúis le hamhras go bhfuil no go raibh an duine sin ag gabháil d'aon chionta no páirteach in aon chionta dá luaidhtear i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus, chun go bhféachfí isteach sa chionta san no in aon chionta eile den tsórt san sa cheart, gur gá an duine sin do choinneáil, féadfidh an tAire sin, roimh dheire tréimhse choinneála an duine sin do réir an ordú san roimhráite, ordú do dhéanamh á ordú go gcoinneofí an duine sin ar feadh pé tréimhse nách sia ná dhá mhí o dháta an orduithe sin agus a luadhfidh an tAire sin chuige sin san ordú san.

[EN]

(4) Gach éinne a coinneofar de bhua ordú do dhin Aire den Ard-Chomhairle fén alt so, déanfar, ar dháta nách déanaí ná ráithe o lá a ghabhála é do scaoile as cimeád no neachtar acu é do chúiseamh i gcionta agus deighleáil leis do réir dlí.

[EN]

(5) Pé uair a coinneofar duine i gcimeád fén alt so féadfar an duine sin do scaoile aon uair le hordú Aire den Ard-Chomhairle.

[EN]

(6) Féadfar duine a coinneofar i gcimeád fén alt so do choinneáil amhlaidh in aon phríosún, agus faid a bheidh sé á choinneáil amhlaidh deighleálfar leis mar phríosúnach ag feitheamh le n-a thriail.

[EN]

(7) Ordú a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche no Aire den Ard-Chomhairle á ordú go gcoinneofí éinne fén alt so is leor é mar údarás do ghobharnóir aon phríosúin i Saorstát Éireann chun an té bheidh ainmnithe san ordú san do ghlaca agus do choinneáil sa phríosún san do réir an ordú san, agus is leor mar údarás don ghobharnóir sin chun an duine sin do scaoile ordú o Aire den Ard-Chomhairle chun an duine sin do scaoile.

[EN]

Diúltú don Chúirt d'admháil.

17.—Einne a cúiseofar in aon choir no cionta (agus coir no cionta fén Acht so d'áireamh) agus a dhéanfidh, nuair a tabharfar i láthair cúirte é chun a thrialta sa chúis sin, diúltú don chúirt d'admháil no diúltú d'údarás no do bhreath-údarás na cúirte d'admháil, no aon ghníomh (seachas fanúint ina thost no, do réir fuirm chuibhe na dlí, agóid do chur go dleathach i gcoinnibh breath-údaráis na cúirte chun é thriail sa chúis sin) atá do réir tuairime na cúirte có-ionann le diúltú don chúirt no dá húdarás no dá breath-údarás d'admháil, beidh sé ciontach i ndrochmheas ar an gcúirt agus leis sin tiocfidh as san na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ordóidh an chúirt pléideáil nea-chiontachta d'iontráil don duine sin agus raghaidh triail an duine sin sa chúis sin ar aghaidh ansan do réir dlí ach amháin ná beidh teideal ag an duine sin ná ná ceadófar do atúrnae ná abhcóide do bheith aige mar ionadaí sa triail sin,

[EN]

(b) más rud é, ar dhéanamh na trialach san, go bhfuighfar an duine sin ciontach sa choir no sa chionta ina mbeidh sé cúisithe amhlaidh no in aon choir no cionta eile déanfidh an chúirt, nuair a bheidh sí ag tomhas na daor-bhreithe a bheidh le tabhairt air, an drochmheas san aige ar an gcúirt do chur san áireamh agus féadfa sí an daor-bhreith sin do mhéadú mar gheall ar an droch-mheas san ar an gcúirt,

[EN]

(c) sa Chúirt Dúithche, más fíneáil ina haonar an pionós is mó is féidir d'fhorchur mar gheall ar an gcoir no ar an gcionta ina bhfuighfar an duine sin ciontach no más príosúntacht é (i dteanta no d'éamais fíneála) ar feadh téarma is giorra ná dhá bhliain, dlighfar agus féadfar an duine sin do dhaora chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, i dteanta na fíneála (más ann di) is féidir go dleathach d'fhorchur air,

[EN]

(d) in aon chúirt seachas an Chúirt Dúithche, más fíneáil ina haonar an pionós is mó is féidir d'fhorchur mar gheall ar an gcoir no ar an gcionta ina bhfuighfar an duine sin ciontach no más príosúntacht é (i dteanta no d'éamais fíneála) no más pian-tseirbhís é (i dteanta no d'éamais fíneála) ar feadh téarma is giorra ná cúig bliana, dlighfar agus féadfar an duine sin do dhaora chun pian-tseirbhíse ar feadh aon tréimhse nách giorra ná trí bliana agus nách sia ná cúig bliana no chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, i dteanta na fíneála (más ann di) is féidir go dleathach d'fhorchur air,

[EN]

(e) más rud é, ar dhéanamh na trialach san, ná fuighfar an duine sin ciontach in aon choir ná cionta dlighfar agus féadfar é do dhaora chun príosúntacha i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain mar gheall ar an drochmheas san aige ar an gcúirt,

[EN]

(f) más rud é, ar dhéanamh na trialach san, go dteipfidh ar an ngiúiré teacht ar bhreith-fhocal, ní dhéanfidh aon daor-bhreith a tabharfar ar an duine sin mar gheall ar an droch-mheas san aige ar an gcúirt cosc do chur le n-a thriail i láthair giúiré eile sa chúis in ar theip ar an gcéad ghiúiré sin a luaidhtear teacht ar bhreith-fhocal.

[EN]

Freagarthacht tuismitheoirí no caomhnóirí ciontathóirí óga áirithe.

18.—(1) I gcás ina ndéanfar éinne atá fé bhun sé mblian déag d'aois (agus dá ngairmtear an ciontathóir san alt so) do chiontú fén Acht so i mbeith ina bhall de chomhlachas nea-dhleathach, mara gcuiridh tuismitheoir no caomhnóir an chiontathóra ina luighe ar an gCúirt nár chabhruigh sé leis an gcionta do dhéanamh tré fhaillí do dhéanamh ar aire cheart do thabhairt don chiontathóir beidh an tuismitheoir no an caomhnóir sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí do chur air.

[EN]

(2) San alt so foluíonn an focal “caomhnóir” éinne go mbeidh an ciontathóir fé n-a chúram no fé n-a smacht de thurus na huaire dar leis an gCúirt.

[EN]

Geallbhruidthe agus dí-cháilithe de dheascaibh ciontuithe áirithe.

19.—(1) Pé uair a thárlóidh duine a ciontófar tar éis rithte an Achta so i gcionta le n-a mbaineann an t-alt so do bheith, le linn an chiontuithe sin, i seilbh oifige no fostaíochta le n-a ngabhann luach saothair a híoctar amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas no as airgead a cruinnítear le cánachas áitiúil, no i seilbh ionaid, oifige, fostaíochta, no sochair oifige in aon phríomh-scoil no coláiste no in no fé aon chorparáid do bunuíodh le cairt, geallbhruidfidh an duine sin, láithreach ar dhéanamh an chiontuithe sin, an oifig, an fhostaíocht, an t-ionad, no an sochar san agus tiocfidh an céanna chun bheith agus beidh sé folamh láithreach.

[EN]

(2) Pé uair a thárlóidh duine a ciontófar tar éis rithte an Achta so i gcionta le n-a mbaineann an t-alt so do bheith, le linn an chiontuithe sin, ag fáil pinsin no aois-liúntais is iníoctha amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas no as airgead a cruinnítear le cánachas áitiúil no as cistí aon phríomh-scoile no coláiste no aon chorparáide do bunuíodh le cairt, geallbhruidfidh an duine sin an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach ar dhéanamh an chiontuithe sin agus scuirfidh an pinsean no an t-aois-liúntas san láithreach de bheith iníoctha.

[EN]

(3) Gach éinne a ciontófar tar éis rithte an Achta so i gcionta le n-a mbaineann an t-alt so beidh sé, ón gciontú san agus dá éis sin, ar feadh seacht mblian o dháta an chiontuithe sin, dí-cháilithe chun bheith i seilbh aon oifige no fostaíochta le n-a ngabhann luach saothair a híoctar amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas no as airgead a cruinnítear le cánachas áitiúil, no i seilbh aon ionaid, oifige, fostaíochta no sochair oifige in aon phríomh-scoil no coláiste no in no fé aon chorparáid do bunuíodh le cairt.

[EN]

(4) Pé uair a cuirfar ar neamh-ní no ar nea-mbrí ciontú as a dtagann aon gheall-bhruide no dí-cháiliú de bhua an ailt seo no a deonfar saor-phárdún don duine chiontuithe beidh an geallbhruide no an dí-cháiliú san curtha ar nea-mbrí, i gcás cur-arneamh-ní no cur-ar-nea-mbrí, o dháta an chiontuithe agus, i gcás saor-phárdúin, o dháta an phárdúin sin.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so le gach cionta a faisnéistear leis an Acht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925), a bheith ina thréasún no ina fheleontacht no ina mhí-iompar agus le gach cionta a faisnéistear leis an Acht so a bheith ina mhí-iompar.

CUID III.

Furogra Ag Udaru Cuirteanna Speisialta.

[EN]

Furógra ag tabhairt Cuid IV. den Acht so i bhfeidhm.

20.—(1) Pé uair gurb é tuairim na hArd-Chomhairle, chun a chur in áirithe go riarfar ceart go cuibhe agus go bpionósfar coirthe go siúrálta, go bhfuil sé riachtanach go ndéanfí daoine a cúiseofar in aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do thabhairt i láthair Cúirteanna speisialta a bunófar fén Acht so in ionad na ngnáth-Chúirteanna agus go dtrialfadh na Cúirteanna speisialta san iad, féadfidh an Ard-Chomhairle, le furógra, a fhaisnéis go dtiocfidh Cuid IV. den Acht so i bhfeidhm.

[EN]

(2) Ní fhanfidh furógra a déanfar fén alt so i bhfeidhm ach ar feadh ráithe (mara mbuanuítear fén alt so é) agus ragha sé in éag ansan, ach féadfar o am go ham aon fhurógra den tsórt san do chimeád i bhfeidhm ar feadh ráithe le furógra a dhéanfidh an Ard-Chomhairle roimh dhul in éag don fhurógra bhunaidh no don bhuanú dheiridh air.

[EN]

(3) Más rud é, aon uair a déanfar furógra fén alt so (pe'ca furógra bunaidh no furógra chun buanithe é), go mbeidh an tOireachtas no aon Tigh den Oireachtas curtha ar athló go dtí lá agus uair is déanaí ná cúig lá tar éis an furógra do bheith déanta, déarfidh agus déanfidh an furógra an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas (pe'ca aca é) do ghairm chun teacht le chéile arís ar uair oiriúnach a luadhfar sa bhfurógra agus ar lá oiriúnach a luadhfar ar an gcuma gcéanna agus a bheidh trí lá ar a laighead no cúig lá ar a mhéid tar éis an furógra do bheith déanta, agus i ngach cás den tsórt san tiocfidh an tOireachtas no an Tigh sin den Oireachtas, pe'ca aca é, le chéile arís an lá agus an uair a luadhfar amhlaidh fé is dá mbeadh sé curtha ar athló go dtí an lá agus an uair sin.

[EN]

(4) Gach furógra a déanfar fén alt so foillseofar láithreach san Iris Oifigiúil é agus fós leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag ceiliúra an fhurógra san, raghaidh an furógra san in éag láithreach ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén bhfurógra san.

[EN]

Eifeacht an fhurógra.

21.—(1) Pé uair agus gach uair a dhéanfidh an Ard-Chomhairle furógra fén gCuid seo den Acht so tiocfidh Cuid IV. den Acht so i bhfeidhm láithreach agus fanfa sí i bhfeidhm faid a fhanfidh no a cimeádfar an furógra san i bhfeidhm agus, nuair a raghaidh an furógra san in éag sa deire, stadfidh Cuid IV. den Acht so láithreach de bheith i bhfeidhm ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh fúithi no d'aon chiontú, daor-bhreith, ordú, no breithiúntas a dineadh fúithi do leanúint ag oibriú agus in éifeacht.

[EN]

(2) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag Cuid IV. den Acht so ach amháin mar agus nuair a foráltar san leis an alt so.

CUID IV.

Bunu Cuirteanna Speisialta.

[EN]

Bunú Cúirteanna speisialta.

22.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach ócáide ar a dtiocfidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm bunóidh an Ard-Chomhairle bínse no bínsí (dá ngairmtear cúirteanna speisialta sa Chuid seo den Acht so) agus iad có-dhéanta de thriúr ball no níos mó agus éinne amháin acu (a fhéadfidh bheith no gan bheith ina oifigeach i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann) ina dhuine 'na mbeidh deimhnithe ag an bPríomh-Atúrnae eolas agus taithí ar dhlí do bheith aige agus an chuid eile ina n-oifigigh d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann nách ísle céim ná ceannphort.

[EN]

(2) Pé uair a bunófar cúirt speisialta fén alt so féadfidh Aire den Ard-Chomhairle pé clárathóir, cléirigh, agus seirbhísigh is dó leis is ceart do cheapa chun crícheanna na cúirte sin.

[EN]

(3) Féadfar pé táillí no luach saothair a shocróidh an tAire Airgid d'íoc, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le haon bhall, clárathóir, cléireach no seirbhíseach do chúirt speisialta ná faghann luach saothair as cistí puiblí:

[EN]

Daoine is intrialta ag Cúirteanna speisialta.

23.—(1) Pé uair agus faid a bheidh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm, tuigfar gach éinne bheidh cúisithe in aon chionta dá luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith curtha ar aghaidh chun a thrialta ag cúirt speisialta má dineadh, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, é do chur ar aghaidh chun a thrialta ag aon Chúirt agus má bhíonn sé, le linn an tosaigh fheidhme sin, ag feitheamh le n-a thriail ag an gCúirt sin, agus, má cuirtar ar aghaidh chun a thrialta é le linn an Chuid seo den Acht so do bheith i bhfeidhm, cuirfar ar aghaidh chun a thrialta ag cúirt speisialta é d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile.

[EN]

(2) Gach éinne a cuirfar no a tuigfar a cuireadh ar aghaidh chun a thrialta ag cúirt speisialta, déanfar, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, é do thabhairt go dtí cúirt speisialta chun a thrialta agus é do thriail ag an gcúirt sin fén gCuid seo den Acht so agus dá réir.

[EN]

(3) Gach éinne a cuirfar ar aghaidh chun a thrialta ag cúirt speisialta agus a bheidh, nuair a scuirfidh an Chuid seo den Acht so de bheith i bhfeidhm, ag feitheamh le n-a thriail ag cúirt speisialta, tuigfar, nuair a thárlóidh an scur san, é do bheith curtha ar aghaidh chun a thrialta ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil, agus tabharfar go dtí an Chúirt sin chun a thrialta agus trialfa sí é dá réir sin.

[EN]

Daingniú ar chiontuithe agus ar dhaorbhreitheanna Cúirteanna speisialta.

24.—(1) Ní bheidh aon chiontú ná daor-bhreith o chúirt speisialta dleathach ach amháin má daingnítear agus sa mhéid go ndaingneofar ag an údarás daingniúcháin fén alt so é.

[EN]

(2) Isé bheidh ina údarás dhaingniúcháin ná oifigeach d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann a hainmneofar chuige sin ag an Ard-Chomhairle agus nách ísle céim ná cornal.

[EN]

(3) Féadfidh an t-údarás daingniúcháin, maidir le haon chiontú no daor-bhreith o chúirt speisialta, é do dhaingniú fé atharú no gan atharú no diúltú d'é do dhaingniú no triail nua don duine chiontuithe d'ordú.

[EN]

Daorbhreitheanna o Chúirteanna speisialta.

25.—(1) Pé uair a gheobhaidh cúirt speisialta duine do bheith ciontach i dtréasún no i ndúnmharbha daorfa sí an duine sin chun báis.

[EN]

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, féadfidh cúirt speisialta éinne gheobha sí ciontach in aon chionta nách tréasún ná dúnmharbha do chur fé phionós de shaghas an phionóis, ach gan a bheith níos mó ná an pionós, d'fhéadfadh an Phríomh-Chúirt Choiriúil a chur go dleathach ar dhuine a gheobhfí ciontach ina láthair sa chionta san.

[EN]

(3) Gach daor-bhreith agus gach ordú agus breithiúntas o chúirt speisialta, cuirfar i bhfeidhm iad ag na húdaráis agus ag na hoifigigh shíbhialta ar a n-éilítear agus sa tslí chéanna ina n-éilítear le dlí daor-bhreith, ordú, no breithiúntas den tsórt chéanna on bPríomh-Chúirt Choiriúil do chur i bhfeidhm.

[EN]

(4) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, tiocfidh as gach ciontú, daor-bhreith, ordú, agus breithiúntas o chúirt speisialta na nithe céanna sa dlí do thiocfadh as ciontú, daor-bhreith, ordú no breithiúntas den tsórt chéanna ón bPríomh-Chúirt Choiriúil agus go sonnrách bronnfid ar na húdaráis agus ar na hoifigigh shíbhialta a bheidh á gcur i bhfeidhm na caomhaintí agus na saoirsí céanna do bheadh acu agus ciontú, daorbhreith, ordú, no breithiúntas den tsórt chéanna ón bPríomh-Chúirt Choiriúil acu á chur i bhfeidhm.

[EN]

(5) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon chiontú, daorbhreithe, ordú, ná breithiúntais o chúirt speisialta agus dlighfar gan aon chúirt eile do chur sriain le haon chúirt speisialta i bhfeidhmiú a comhacht fén gCuid seo den Acht so ná ní déanfar aon imeachta i láthair cúirte speisialta d'aistriú tré certiorari chun aon chúirte eile.

[EN]

Comhachta Cúirteanna speisialta maidir le fínnithe, etc.

26.—Maidir leis na nithe seo a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fínnithe do chur fé mhionn,

[EN]

(b) fínnithe do cheistiú de bhréithre béil,

[EN]

(c) a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair,

[EN]

(d) dintiúirí, leabhair, páipéirí, agus scríbhinní do thabhairt i láthair,

[EN]

(e) pionósú daoine a dhiúltóidh d'fhianaise do thabhairt uatha no do scríbhinní do thabhairt i láthair, no a bheidh ciontach i ndroch-mheas ar an gcúirt,

[EN]

beidh ag gach cúirt speisialta gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil chun na gcrícheanna san no chun crícheanna dá sórt.

[EN]

Rialacháin.

27.—(1) Déanfidh Aire den Ard-Chomhairle le hordú rialacháin—

[EN]

(a) ag ordú nós-imeachta agus cleachta cúirteanna speisialta agus na bhfuirm a húsáidfar maidir le trialacha i láthair cúirteanna den tsórt san;

[EN]

(b) ag cur in áirithe do gach éinne a trialfar ag cúirt speisialta an chirt chun atúrnae agus abhcóide do bheith mar ionadaithe aige ag an triail sin;

[EN]

(c) ag ordú na n-amannta agus na n-áiteanna do shuidheanna cúirteanna speisialta;

[EN]

(d) pé uair a bheidh níos mó ná aon chúirt speisialta amháin bunuithe, á rá cadé an chúirt speisialta áirithe a thrialfidh aon duine áirithe;

[EN]

(e) ag ordú éinní no aon ruda eile is oiriúnach no is gá chun an Chuid seo den Acht so do chur i bhfeidhm chó fada is théigheann daoine is intrialta ag cúirt speisialta do thriail no do phionósú.

[EN]

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis leagtha an Rialacháin sin fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Pionós an bháis mar gheall ar sheilbh neadhleathach arm teine.

28.—Einne a gheobhfar ciontach ag cúirt speisialta sa chionta san fé Acht na nArm Teine, 1925 (Uimh. 17 de 1925), eadhon, arm teine do bheith ar seilbh aige, no d'úsáid, no d'iompar gan deimhniú airm theine do bheith aige dho, dlighfar, más le linn an Chuid seo den Acht so do bheith i bhfeidhm do dineadh an cionta, é do chur chun báis no chun pian-tseirbhíse le n-a shaol no ar feadh aon téarma de bhlianta nách giorra ná trí bliana no chun príosúntachta i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain, agus tabharfidh an chúirt sin daor-bhreith air dá réir sin.

SCEIDEAL.

Cuid I.

1. Aon chionta a faisnéistear leis an Acht um Chiontaí Tréasúnta, 1925 (Uimh. 18 de 1925) a bheith ina thréasún no ina fheleontacht no ina mhí-iompar.

2. Aon chionta a faisnéistear leis an Acht so a bheith ina mhí-iompar.

3. An Seanascal no aon bhall den Oireachtas no aon Bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda, no den Chúirt Dúithche do dhúnmharbha no tabhairt fé n-a dhúnmharbha no cogar chun a dhúnmhairbhthe.

Cuid II.

1. An cionta san fé Acht na nArm Teine, 1925 (Uimh. 17 de 1925), eadhon, arm teine do bheith ar seilbh ag duine no d'úsáid no d'iompar gan deimhniú airm theine do bheith aige dho.

2. Aon dúnmharbha no iarracht ar dhúnmharbha no cogar chun dúnmhairbhthe go n-ordóidh an Príomh-Atúrnae ina thaobh, le linn Cuid IV. den Acht so do bheith i bhfeidhm, an té bheidh cúisithe ann do chur ar aghaidh chun a thrialta ag cúirt speisialta fén gCuid sin IV.