[EN]

Uimhir 31 de 1928.


[EN]

ACHT NA dTITHE, 1928.


ACHT CHUN ACHT NA dTITHE, 1926, D'ATHGHAIRM AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH, INA IONAD, AR ACHT NA dTITHE, 1925, MAIDIR LE MÉID IOMLÁN NA nDEONTAS FÉN ACHT SAN AGUS MAIDIR LEIS AN AIMSIR A CEAPTAR LEIS AN ACHT SAN CHUN TITHE LE N-A mBAINEANN AN tACHT SAN DO THÓGÁIL NO D'ATH-DHÉANAMH AGUS MAIDIR LE NITHE EILE A LEANANN AS ATHGHAIRM AN ACHTA SAN NA dTITHE, 1926. [30adh Mí na Samhna, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht,

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925).

[EN]

Athghairm.

2.—Athghairmtear leis seo Acht na dTithe, 1926 (Uimh, 31 de 1926).

[EN]

Méid iomlán na ndeontas fén bPríomh-Acht.

3.—Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a deonfar fé alt 3 den Phríomh-Acht thar suim Ocht gCéad is Caoga Míle Punt.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4.—Léireofar alt 6 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “no d'athdhéanamh” isteach sa chéad chlás d'fho-alt (1) de díreach tar éis na bhfocal “cabhrú chun tithe le n-a mbaineann an tAcht so do thógáil” atá sa chlás san anois.

[EN]

Faidiú ar an am chun tithe do thógáil, etc.

5.—(1) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an riail seo a leanas isteach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad na rialach 5 atá sa Sceideal san anois, se sin le rá:—

[EN]

“5. Tar éis rithte an Achta so agus ar dháta nách déanaí ná an ladh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil no athdhéanamh tighe, agus roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1929, a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí ón 18adh lá san de Dheire Fomhair, 1929.”

[EN]

(2) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí an nóta so a leanas isteach i ndeire Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad an nóta atá sa Chuid sin den Sceideal san anois, sé sin le rá:—

[EN]

“Nóta:—Más rud é, i gcás tighe le n-a mbaineann an tAcht so, ná beidh an tógáil no an t-athdhéanamh críochnuithe roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1929, agus go ndéanfar an t-am chun an chríochnuithe sin do chur i bhfaid déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, an deontas do laigheadú deichiú in aghaidh gach mí idir an 18adh lá san de Dheire Fomhair, 1929, agus an dáta ar ar críochnuíodh an tógáil no an t-athdhéanamh.”

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

6.—Féadfar Acht na dTithe, 1928, do ghairm den Acht so agus féadfar Achtanna na dTithe, 1925 agus 1928, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.