[EN]

Uimhir 31 de 1954.


[EN]

ACHT NA MÍNGEACHA MILLTEACHA AGUS NA LOITMHÍOLA, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT RÉIME D'ACHTA NA bhFEATHAID AGUS NA bPIAST LOITBHEARTACHA, 1877 GO 1929, MAIDIR LE GNÍOMHAIRÍ CHUN COSC BITHEOLAÍOCHTA A CHUR LE LOITMHÍOLA PLANDAÍ AGUS D'ATHGHAIRM ACHTACHÁN ÁIRITHE. [9ú Nollaig, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

“Na hAchta”.

1.—San Acht seo ciallaíonn “na hAchta” Achta na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.

[EN]

Réim a thabhairt do na hAchta maidir le gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí.

2.—Nuair a húsáidtear sna hAchta “insect” nó “feathaid” (is ionann agus “míng” san Acht seo), ansin, i dteannta na mbríonna a bheirtear dó leis na hAchta, folóidh sé gníomhairí chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, eadhon, seadáin, orgnóirí agus mion-orgánachtaí, ar gach céim nó staid forbartha, a húsáidtear chun cosc a chur le míngeacha, do réir bhrí na nAcht.

[EN]

Alt 7 d'Acht na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1929, a leasú.

3.—In alt 7 (a bhaineas le costais) d'Acht na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1929 (Uimh. 7 de 1929), forléireofar na tagairtí don Acht sin mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

[EN]

Athghairm.

4.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus lua.

5.—(1) Féadfar Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola, 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola, 1877 go 1954, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 4.

Siosón agus Caibidil

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

40 & 41 Vic., c. 68.

Destructive Insects Act, 1877.

Ailt 3 agus 4; in alt 5 ó “Any Order of the Privy Council” go deireadh an ailt; alt 6; fo-ailt (2) agus (3) d'alt 7; alt 9.

61 & 62 Vic., c. 37.

Local Government Ireland Act, 1898.

I mír (b) d'alt 6, “and the Destructive Insects Act, 1877”.

7 Edw. VII, c. 4.

Destructive Insects and Pests Act, 1907.

An coinníoll a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 1; fo-alt (2) d'alt 1.