Uimhir 31 de 1958.
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1958.
[An tiontó oifigiúil.]
Orduithe a dhaingniú.
1.—Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Earraí Grósaera), 1956 (I.R., Uimh. 332 de 1956), agus an tOrdú fán Ordú um Chleachtais Srianta Trádála (Earraí Grósaera), 1956 (Leasú), 1958 (I.R. Uimh. 163 de 1958), a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 (Uimh. 14 de 1953).
Gearrtheideal.
2.—Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Orduithe a Dhaingniú), 1958, a ghairm den Acht seo.