Uimhir 31 de 1963.
AN tACHT CAIPITIL TEILEAFÓIN, 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Eisiúint bhreise chun an córas teileafóin a fhorbairt.
1.—I dteannta an airgid a údaraítear leis na hAchtanna Caipitil Telefóin, 1924 go 1960, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna, nach mó san iomlán ná tríocha milliún punt, a bhí nó a bheidh ag teastáil ón Aire Poist agus Telegrafa chun an córas teileafóin poiblí a fhorbairt de réir mheastacháin arna gceadú ag an Aire Airgeadais a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
Féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht a fháil chun críocha an Achta seo.
2.—(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a údaraítear leis an Acht seo a eisiúint as an bPríomh-Chiste nó chun airgead a sholáthar chun gach suim nó aon suim a eiseofar as an bPríomh-Chiste faoi údarás an Achta seo a aisíoc leis an gCiste sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iad seo a leanas a bhunú agus a eisiúint—
(a) blianachtaí infhoirceannta a rithfidh ar feadh cibé tréimhse is oiriúnach leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Poist agus Telegrafa,
(b) aon urrúis eile a bheidh faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.
(2) Íocfar isteach sa Státchiste an t-airgead uile a gheofar ar iasacht faoin alt seo.
(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo agus muirear na gcaiteachas i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
(4) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas:
(a) íocaíochtaí i leith blianachtaí infhoirceannta a bhunófar faoin alt seo,
(b) aisíocaíochtaí leis an bPríomh-Chiste ar shuimeanna a íocadh as an gcéanna i leith príomhshuim, ús nó caiteachas a muirearaíodh faoi fho-alt (3) den alt seo.
Ailt 3 agus 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927, a chorprú.
3.—(1) Déantar alt 3 den Acht Capitail Thelefóin, 1927, agus alt 4 den Acht sin arna leasú le fo-alt (2) den alt seo, a chorprú leis an Acht seo.
(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Capitail Thelefóin, 1927, trí “nó urrúis eile” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “blianachtaí inchríochnuithe”.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Caipitil Teileafóin, 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Caipitil Teileafóin, 1924 go 1960, agus den Acht seo le chéile.