[EN]

Uimhir 3 de 1938.


[EN]

ACHT NA SIOPAÍ (UAIRE TRÁDÁLA), 1938.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN NA nUAIREANNA DO RIALÁIL A FHÉADFAIDH SIOPAÍ FANÚINT AR OSCAILT CHUN FREASTAL AR CHUSTUIMÉIRÍ. [25adh Feabhra, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire, go generálta no maidir le haon Chuid no foráil áirithe, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla agus d'fhorálacha deifriúla den Acht so.

[EN]

Mínithe agus léiriú.

2.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt “gnó eiscithe” aon ghnó luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

[EN]

foluíonn an abairt “trádáil mhion-díola no gnó mion-díola” gnó bearbóra no gruagaire, leabhair no tréimhseacháin do thabhairt ar iasacht ar luach saothair, gnó geall-bhrócaera, úrúcháin no deochanna meisciúla do dhíol, agus mion-díola tré cheant, ach ní fholuíonn sí cláir ná clár-liostaí do dhíol in amharclanna no in áiteanna eile siamsa;

[EN]

cialluíonn an abairt “siopa mór-dhíola” aon áitreabh, i seilbh deighleálaí no ceannaí mhór-dhíola, ina gcoimeádtar earraí chun a mór-dhíolta le custuiméirí thagann go dtí an t-áitreabh;

[EN]

foluíonn an focal “siopa”—

[EN]

(a) aon áitreabh ina mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun críche na trádála mion-díola no an ghnótha mhion-díola san,

[EN]

(b) aon áitreabh ina nglactar earraí díreach o chustuiméirí chun iad do chur á ndathú, á nglanadh, á ndeisiú, á n-atharú, no á nigheachán, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun na n-earraí sin do ghlacadh amhlaidh,

[EN]

(c) aon tsiopa mór-dhíola,

[EN]

(d) aon stóras a bhíonn ar seilbh—

[EN]

(i) chun crícheanna trádála mion-díola no gnótha mhion-díola ag an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola san ar siúl aige, no

[EN]

(ii) ag deighleálaí no ceannaí mór-dhíola chun crícheanna an ghnótha bhíonn ar siúl aige i siopa mór-dhíola,

[EN]

ach ní fholuíonn carr úrúcháin bóthair iarainn:

[EN]

nuair a húsáidtear an focal “dílseánach” maidir le siopa cialluíonn sé an duine go mbíonn gnó ar siúl aige sa tsiopa san.

[EN]

(2) Má bhíonn in aon áitreabh (is siopa) páirt (dá ngairmtear an pháirt sin sa bhfo-alt so) ina mbíonn aon ghnó ar siúl ná bíonn ar siúl in aon áit eile san áitreabh san agus gur dóich leis an Aire an pháirt sin do bheith déanta i slí gur féidir í dheighilt go héifeachtúil ón gcuid eile den áitreabh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ar n-a iarraidh sin air don duine go mbíonn an gnó san ar siúl aige, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, deimhniú do thabhairt amach á dheimhniú an pháirt sin do bheith déanta amhlaidh agus sa chás san tuigfear. faid a bheidh an deimhniú san i bhfeidhm, gur siopa ar leithligh chun crícheanna an Achta so an pháirt sin agus tuigfear freisin gur siopa ar leithligh chun na gcrícheanna san an méid sin den chuid eile den áitreabh san ná beidh aon pháirt eile ann go mbeidh deimhniú eile fén bhfo-alt so tugtha amach agus i bhfeidhm ina taobh;

(b) más deimhin leis an Aire tráth ar bith nach féidir, dar leis, an pháirt sin do dheighilt amhlaidh go héifeachtúil a thuilleadh, féadfaidh an deimhniú san do cheiliúradh.

[EN]

Laetheanta saoire puiblí.

3.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo is lá saoire puiblí, chun crícheanna an Achta so, gach lá acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) Lá Nodlag nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an 27adh lá de Mhí na Nodlag, agus

[EN]

(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

[EN]

(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus

[EN]

(d) Luan Cásca, Luan Cincíse, agus an chéad Luan de Lúnasa.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar, in aon bhliain áirithe, lá do cheapadh fén Acht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 (Uimh. 56 de 1924), chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lae luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, an bhliain sin, an lá ceapfar amhlaidh do bheith curtha sa bhfo-alt san in ionad an lae luaidhtear amhlaidh agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, fo-alt (1) den alt so do leasú, alos aon líomatáiste áirithe, in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tríd an 1adh lá d'Eanar, no an 6adh lá d'Eanar, do chur in ionad an lae is lá saoire puiblí de bhuadh míre (b) den fho-alt san (1),

[EN]

(b) tré Dhéardaoin Deasgabhála do chur in ionad Luain Chásca,

[EN]

(c) tré Fhéile Chorp Críost no an 29adh lá de Mheitheamh do chur in ionad Luain Chincíse,

[EN]

(d) tríd an 15adh lá de Lúnasa do chur in ionad an chéad Luain de Lúnasa,

[EN]

agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san alos aon líomatáiste áirithe, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, is fé réir an leasuithe sin a bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt so maidir le siopaí ar bith sa líomatáiste sin.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú dhéanfaidh fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

[EN]

Forálacha maidir le horduithe áirithe.

4.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú do dhéanamh le n-a mbainfidh an t-alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) sara ndeinidh an tAire an t-ordú san, cuirfidh fé ndeár dréacht den ordú san d'ullamhú agus fógra do chur san Iris Oifigiúil, agus sna páipéirí nuachta san is dóich leis is ceart agus a léightear sa líomatáiste go mbeifear ar intinn an t-ordú beartuithe do bhaint leis, fógra—

[EN]

(i) ina ndéarfar é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh,

[EN]

(ii) ina luadhfar téarmaí an dréacht-orduithe sin,

[EN]

(iii) ina n-iarrfar ar gach páirtí le n-a mbainfidh aon chúis is oiriúnach leo do phlé leis fé cheann aimsire áirithe i dtaobh an dréacht-orduithe sin;

[EN]

(b) ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú san in aon chás go ceann na haimsire áirithe sin;

[EN]

(c) i gcionn na haimsire áirithe sin féadfaidh an tAire, tar éis dó aon chúis a pléidhfear leis fé cheann na haimsire áirithe sin do bhreithniú, an t-ordú san do dhéanamh do réir téarmaí an dréachta san, gan atharú no gus na hatharuithe sin air is dóich leis is ceart.

[EN]

(2) Má deintear ordú le n-a mbainfidh an t-alt so beidh san ina fhianaise prima facie go ndearnadh forálacha fo-ailt (1) den alt so do chólíonadh go cuibhe.

[EN]

(3) Bainfidh an t-alt so—

[EN]

(a) le gach ordú um uaire trádála déanfar fé Chuid III den Acht so;

[EN]

(b) le gach ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) a déanfar fé Chuid IV den Acht so;

[EN]

(c) le gach ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) a déanfar fé Chuid IV den Acht so;

[EN]

(d) le haon ordú le n-a leasófar no le n-a gceiliúrfar aon ordú den tsórt a luaidhtear i mír (a) no i mír (b) no i mír (c) den fho-alt so.

[EN]

Fiosrúcháin phuiblí.

5.—(1) Sara bhfeidhmeoidh an tAire aon chomhacht dá mbronntar air leis an Acht so, féadfaidh a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh maidir leis an ní gur ina thaobh a bheidh an chomhacht san le feidhmiú agus duine ceart oiriúnach do cheapadh chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh, agus gach duine gur dóich leis an té ceapfar chun aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh leas substainteach do bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin, beidh sé i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil ag an bhfiosrúchán san.

[EN]

(2) Fianaise do bhéarfar ag fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so, is fé mhionn do bhéarfar í má éilíonn neach déanta an fhiosrúcháin sin é (agus bheirtear comhacht leis seo don neach san daoine do chur fé mhionn) agus éinne do bhéarfaidh fianaise bhréagach ag an bhfiosrúchán san beidh sé ciontach i mionn éithigh agus inphionósuithe dá réir sin.

[EN]

Pionóisí mar gheall ar chiontaí.

6.—Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé aon alt den Acht so nach cionta dá bhforáltar pionós speisialta leis an Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt san aige é no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

[EN]

Ciontaí cóluchtaí corpruithe.

7.—Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.

[EN]

Ciontaí do chúiseamh.

8.—Féadfaidh an tAire no ball den Ghárda Síochána cionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Comhachta do bhaill den Ghárda Síochána chun dul isteach agus fiosrú do dhéanamh.

9.—(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána in éide dul isteach in aon tsiopa agus pé fiosrú is dóich leis is ceart do dhéanamh ann agus féadfaidh ainm agus seoladh aon duine do gheobhaidh sa tsiopa san d'éileamh ar an duine sin.

[EN]

(2) An té is dílseánach ar aon tsiopa go mbeidh ball den Ghárda Síochána i dteideal dul isteach ann fén alt so, déanfaidh gach ní réasúnta éileoidh an ball san air chun a chur in usacht don bhall san aon chomhacht dá mbronntar air leis an alt so d'fheidhmiú maidir leis an siopa san agus má theipeann ar aon dílseánach den tsórt san no má dhiúltuíonn éinní do dhéanamh a héileofar air mar adubhradh beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(3) Gach duine—

[EN]

(a) a bhacfaidh no a choiscfidh aon bhall den Ghárda Síochána agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an mball san leis an alt so, no

[EN]

(b) go dteipfidh air no a dhiúltóidh a ainm do thabhairt uaidh no go dteipfidh air no a dhiúltóidh a sheoladh do thabhairt uaidh, no bhéarfaidh ainm no seoladh uaidh a bheidh bréagach no míthreorach, ar aon bhall den tsórt san d'iarraidh a ainme no a sheolta air i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(4) Bainfidh forálacha an ailt seo le haon áit ina mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl fé is dá mba shiopa an áit sin agus fé is dá mba dhílseánach siopa, maidir le haon áit den tsórt san, an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola ar siúl aige.

[EN]

Rialacháin.

10.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

11.—Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

Costaisí.

12.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Athghairm.

13.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gan an tAcht do bhaint le haontaighe, basáranna, etc., áirithe.

14.—Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le haon aonach a bheidh ar siúl go dleathach, ná le haon bhasár ná díolachán bronntanas chun crícheanna déirciúla no eile ná deintear aon bhrabús príobháideach asta, ná le haon learbharlainn nach chuige bheirtear leabhair no tréimhseacháin ar iasacht inti chun crícheanna sochair seachas brabús do dhéanamh i gcóir cuspóra dhaoncharadaigh no dhéirciúil éigin (le n-a n-áirmhítear aon chuspóir creidimh no oideachais) no i gcóir aon chlub no fundúireachta nach chun crícheanna sochair a bhíonn sé féin ar siúl.

[EN]

Cosaint maidir le nithe do dhíol le húdaráis áirithe Stáit agus maidir le stóraisí do dhíol i gcóir long agus aer-árthach.

15.—Ní léireofar éinní atá san Acht so mar ní do bheir é bheith nea-dhleathach siopa do choimeád ar oscailt tráth ar bith chun riaradh do dhéanamh ar chustuiméir maidir le haon bhia, stóraisí no riachtanaisí eile bheidh ag teastáil o aon údarás cabhlaigh no aer-fhórsa no údarás míleata leis an Stát no bheidh ag teastáil i gcóir aon luinge no aer-árthaigh ar theacht go port no aerodróm di no díreach roimh imeacht o phort no aerodróm di, más rud é ná coimeádfar an siopa san ar oscailt ach ar feadh an ama san is gá chun riaradh do dhéanamh ar an gcustuiméir sin.

CUID II.

Leath-Laetheanta Saoire Seachtainiula i Siopai.

[EN]

Gnóthaí saortha chun crícheanna Coda II.

16.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is gnó saortha gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon ghnó luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

[EN]

(b) aon ghnó dearbhófar, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon ghnó áirithe luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda so den Acht so agus ar theacht i bhfeidhm don ordú san scuirfidh an gnó san de bheith ina ghnó shaortha chun na gcrícheanna san.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú gur gnó saortha chun crícheanna na Coda so den Acht so aon ghnó áirithe.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

Gnóthaí sceidealta chun crícheanna Coda II.

17.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is gnó sceidealta gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon ghnó eiscithe;

[EN]

(b) aon ghnó is gnó saortha de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

“An leath-lá saoire seachtainiúil.”

18.—(1) Luaidhfidh dílseánach gach siopa fé leith i bhfógra (dá ngairmtear fógra leath-lae shaoire san alt so) an lá seachtaine i ngach seachtain a bheidh beartuithe aige an siopa san do dhúnadh tráth nach déanaí ná 1 p.m., agus is sa bhfuirm orduithe bheidh an fógra san agus coimeádfar greamuithe in áit so-fheicse sa tsiopa san é, agus cuirfidh an dílseánach san go dtí an sáirsint a bheidh i bhfeighil an stáisiúin Ghárda Síochána is giorra don tsiopa san cóip den fhógra leath-lae shaoire sin roimh thosach na céad seachtaine le n-a mbainfidh an fógra san.

[EN]

(2) Féadfaidh dílseánach siopa an lá seachtaine bheidh luaidhte i bhfógra leath-lae shaoire d'atharú, ach ní dhéanfaidh amhlaidh—

[EN]

(a) níos minicí ná uair amháin in aon tréimhse de thrí mhí i gcás an tsiopa san do bheith i gcontae-bhuirg, ná

[EN]

(b) in aon chás mara dtugaidh don tsáirsint a bheidh i bhfeighil an stáisiúin Ghárda Síochána is giorra don tsiopa san, seacht lá ar a laighead sara ndéanfaidh an t-atharú san, fógra á rá go bhfuil sé chun a dhéanta agus ag luadh an atharuithe bheidh beartuithe.

[EN]

(3) Má dheineann dílseánach siopa sárú (tré ghníomh no tré fhaillí) ar an alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(4) Nuair a húsáidtear an abairt “leath-lá saoire seachtainiúil” san Acht so maidir le siopa áirithe agus i dtaobh seachtaine áirithe cialluíonn sí an lá seachtaine sa tseachtain sin a bheidh luaidhte ag dílseánach an tsiopa san do bhun fo-ailt (1) den alt so.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tsiopa gur gnó sceidealta an t-aon ghnó no gach gnó bhíonn ar siúl ann.

[EN]

Siopaí do dhúnadh ar 1 p.m. ar leathlaetheanta saoire seachtainiúla.

19.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa an siopa san do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí níos déanaí ná 1 a chlog p.m. an lá seachtaine in aon tseachtain is leath-lá saoire an tseachtain sin maidir leis an siopa san.

[EN]

(2) Má bhíonn siopa dúnta an lá go léir lá saoire puiblí in aon tseachtain agus nach é an lá san an leath-lá saoire seachtainiúil maidir leis an siopa san an tseachtain sin, beidh sé dleathach do dhílseánach an tsiopa san an siopa san do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí tar éis 1 a chlog p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil díreach roimh an lá saoire puiblí sin no díreach dá éis.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so—

[EN]

(a) a dhearbhú gur líomatáiste saortha chun crícheanna an orduithe sin líomatáiste áirithe (is líomatáiste gnáthuítear mar áit i gcóir saoire i rith saosúr áirithe den bhliain) a luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san, agus

[EN]

(b) oibriú fo-ailt (1) den alt so do chur ar fiunraoi ar feadh tréimhse áirithe sa tsaosúr san maidir le gach siopa d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte sa líomatáiste saortha san.

[EN]

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon tsiopa gur gnó sceidealta an t-aon ghnó no gach gnó bhíonn ar siúl ann.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) aon ghnó eiscithe do bheith ar siúl i siopa, agus

[EN]

(b) aon ghnó eile (nach gnó sceidealta) do bheith ar siúl sa tsiopa san,

[EN]

ní thabharfaidh éinní atá san alt so é bheith nea-dhleathach do dhílseánach an tsiopa san an siopa san do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí tráth ar bith an lá seachtaine in aon tseachtain is leath-lá saoire maidir leis an siopa san más rud é, faid a coimeádfar an siopa san ar oscailt amhlaidh, ná déanfar aon eadarbheart ann (seachas eadar-bheart a bhaineann leis an ngnó eiscithe sin).

[EN]

(6) Má dheineann dílseánach siopa ar bith sárú ar an alt so beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(7) Má cúisítear dílseánach siopa i gcionta fén alt so agus go gcruthófar go rabhthas ag freastal ar chustuiméir sa tsiopa san tar éis 1 a chlog p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil in aon tseachtain beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san don dílseánach san a chruthú—

[EN]

(a) nár dhéanaí ná 1.15 p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil sin an uair do bhítheas ag freastal ar an gcustuiméir sin agus go raibh an custuiméir sin sa tsiopa san roimh 1 a chlog p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil sin, no

[EN]

(b) más áit ghnótha bhearbóra no ghruagaire an siopa san, nár dhéanaí ná 2 p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil sin an uair do bhítheas ag freastal ar an gcustuiméir sin no do bhí an custuiméir sin ag fanúint go ndéanfaí freastal air agus go raibh an custuiméir sin sa tsiopa san roimh 1 p.m. an leath-lá saoire seachtainiúil sin, no

(c) go raibh cúis réasúnta ag an dílseánach san chun a chreidiúint go raibh an earra bhí á tabhairt don chustuiméir sin ag teastáil mar gheall ar bhreoiteacht.

[EN]

Trádáil mhiondíola in áiteanna nach siopaí.

20.—(1) Bainfidh forálacha na Coda so den Acht so le háit ar bith ina mbíonn no le feithicil ar bith o n-a mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl fé is dá mba shiopa an áit no an fheithicil sin agus fé is dá mba dhílseánach siopa, maidir le haon áit no feithicil den tsórt san, an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola ar siúl aige.

[EN]

(2) Maidir le héinní atá san alt so—

[EN]

(a) ní léireofar é mar ní do bheir é bheith nea-dhleathach bearbóir no gruagaire d'fhreastal ar chustuiméir i dtigh comhnuithe an chustuiméara no ceant do dhéanamh ar éifeachtaí príobháideacha i dtigh comhnuithe príobháideach, ná

[EN]

(b) ní bhainfidh le páipéirí nuachta do dhíol.

CUID III.

Uaire Tradala ar Laetheanta Seachtaine.

[EN]

Mínithe chun crícheanna Coda III.

21.—Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1912” an Shops Act, 1912;

[EN]

cialluíonn an abairt “sean-ordú um dhúnadh” ordú um dhúnadh ar n-a dhéanamh fé alt 5 d'Acht 1912 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so.

[EN]

Gnóthaí saortha chun crícheanna Coda III.

22.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is gnó saortha gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon ghnó luaidhtear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

[EN]

(b) aon ghnó dearbhófar le hordú, ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda seo den Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon ghnó áirithe luaidhtear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda so den Acht so agus ar theacht i bhfeidhm don ordú san scuirfidh an gnó san de bheith ina ghnó shaortha chun na gcrícheanna san.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú gur gnó saortha chun crícheanna na Coda seo den Acht so aon ghnó áirithe.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

Gnóthaí sceidealta chun crícheanna Coda III.

23.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is gnó sceidealta gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon ghnó eiscithe;

[EN]

(b) aon ghnó is gnó saortha de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

Teora le feidhm Coda III maidir le siopaí áirithe.

24.—(1) Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so ná ordú um uaire trádála ná sean-ordú um dhúnadh le haon tsiopa gur gnó sceidealta an t-aon ghnó no gach gnó bhíonn ar siúl ann.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) aon ghnó eiscithe do bheith ar siúl i siopa, agus

[EN]

(b) aon ghnó eile (nach gnó sceidealta) do bheith ar siúl sa tsiopa san,

[EN]

ní thabharfaidh éinní atá sa Chuid seo den Acht so no bheidh in ordú um uaire trádála no i sean-ordú um dhúnadh é bheith neadhleathach do dhílseánach an tsiopa san an siopa san do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí tráth ar bith aon lá seachtaine más rud é, faid a coimeádfar an siopa san ar oscailt amhlaidh, ná déanfar aon eadar-bheart ann (seachas eadar-bheart a bhaineann leis an ngnó eiscithe sin).

[EN]

Orduithe um uaire trádála.

25.—(1) Fé réir forálacha an Achta so agus pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um uaire trádála san Acht so), na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú gur líomatáiste trádála chun crícheanna an orduithe sin líomatáiste áirithe a luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san; agus

[EN]

(b) a dhearbhú—

[EN]

(i) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon lá seachtaine roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe (nach luaithe ná 6 a chlog p.m.), no

[EN]

(ii) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon lá seachtaine roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe (nach luaithe ná 6 a chlog p.m.);

[EN]

agus féadfaidh forálacha deifriúla bheith san ordú san maidir le laetheanta deifriúla agus maidir le tréimhsí deifriúla den bhliain.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um uaire trádála déanfar i dtaobh líomatáiste áirithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-ordú san baint le níos mó ná aon aicme amháin de shiopaí agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann maidir le gach aicme fé leith de shiopaí le n-a mbainfidh;

[EN]

(b) féadfar leis an ordú san pé fo-líomatáistí agus pé méid fo-líomatáistí is oiriúnach leis an Aire do dhéanamh den líomatáiste sin agus, sa chás san, féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann maidir le gach folíomatáiste fé leith acu san;

[EN]

(c) féadfaidh forálacha bheith san ordú san á údarú freastal do dhéanamh ar chustuiméirí lasmuich de sna huaire luadhfar ann i gcásanna práinne agus i pé cásanna eile luadhfar san ordú san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú um uaire trádála no ar aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

[EN]

(4) Má thárlann, pé uair a bheidh ordú um uaire trádála i bhfeidhm, go ndéanfaidh dílseánach siopa le n-a mbainfidh an t-ordú san sárú ar aon cheann de sna forálacha den ordú san a bhainfidh leis an siopa san beidh an dílseánach san, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

Sean-orduithe um dhúnadh do leanúint i bhfeidhm.

26.—(1) D'ainneoin alt 5 d'Acht 1912 d'athghairm leanfaidh gach sean-ordú um dhúnadh i bhfeidhm ach san fé réir forálacha an ailt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, sean-ordú um dhúnadh do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(3) Díreach ar theacht i bhfeidhm d'ordú um uaire trádála scuirfidh gach sean-ordú um dhúnadh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh le haon tsiopa le n-a mbainfidh an t-ordú san um uaire trádála, d'fheidhm do bheith aige maidir leis an siopa san.

[EN]

(4) Má deintear, maidir le haon tsiopa le n-a mbainfidh sean-ordú um dhúnadh bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, sárú ar an ordú san beidh dílseánach an tsiopa san, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(5) Féadfar aon tsean-ordú um dhúnadh do chruthú tré chóip de do thaisbeáint agus í deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag duine bhéarfaidh le tuisgint gurb é is cléireach don údarás áitiúil do rinne an t-ordú no ag duine bhéarfaidh le tuisgint gur oifigeach don Aire é.

[EN]

Orduithe um uaire trádála agus seanorduithe um dhúnadh do chur ar fiunraoi go sealadach.

27.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta sa bhfo-alt so), a dhearbhú—

[EN]

(a) oibriú ordú um uaire trádála no oibriú sean-ordú um dhúnadh do bheith ar fiunraoi ar feadh aon tréimhse áirithe, no

[EN]

(b) éifeacht do bheith ag ordú um uaire trádála no ag seanordú um dhúnadh ar feadh aon tréimhse áirithe fé réir na n-atharuithe sin a luadhfar san ordú fiunraíochta san,

[EN]

agus pé uair a déanfar aon ordú fiunraíochta, ansan, chun crícheanna na Coda so den Acht so, an t-ordú um uaire trádála no an sean-ordú um dhúnadh (pe'ca aca é) le n-a mbainfidh an t-ordú fiunraíochta san, beidh sé curtha ar fiunraoi no beidh éifeacht aige (pe'ca aca é) do réir téarmaí an orduithe fiunraíochta san ar feadh na tréimhse luadhfar san ordú fiunraíochta san.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola do bheith ar siúl in aon áitreabh ag taisbeántas, agus

[EN]

(b) an tAire do bheith sásta gur fo-ghnó chabhruíonn no ghabhann le prímh-chrích an taisbeántais sin an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola san, agus

[EN]

(c) ordú um uaire trádála no sean-ordú um dhúnadh bhaineann leis an áitreabh san do bheith i bhfeidhm,

[EN]

féadfaidh an tAire a fhógairt, maidir leis an ordú san um uaire trádála no an sean-ordú san um dhúnadh do bhaint leis an áitreabh san, gur fé réir na n-atharuithe sin a luadhfar sa bhfógairt sin a bheidh éifeacht aige ar feadh aon tréimhse áirithe i ré an taisbeántais sin agus pé uair do bhéarfar aon fhógairt, ansan, chun crícheanna na Coda so den Acht so, is do réir téarmaí na fógartha san a bheidh éifeacht, ar feadh na tréimhse luadhfar sa bhfógairt sin, ag an ordú um uaire trádála no ag an sean-ordú um dhúnadh (pe'ca aca é) le n-a mbainfidh an fhógairt sin.

[EN]

Feidhm orduithe deifriúla um uaire trádála agus seanorduithe deifriúla um dhúnadh maidir le siopa ina mbíonn roinnt gnóthaí ar siúl.

28.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ordú um uaire trádála no sean-ordú um dhúnadh do bhaint le dhá aicme no níos mó de shiopaí, agus

[EN]

(b) gur siopa de níos mó ná aon aicme amháin acu san siopa áirithe le n-a mbaineann an t-ordú san,

[EN]

ní déanfar na forálacha den ordú san a bhaineann le haicme amháin de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do léiriú mar fhorálacha dheineann deifir in aon tslí do sna forálachá den ordú san a bhaineann le haon cheann eile de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(2) Má bhaineann dhá ordú um uaire trádála no níos mó leis an aon tsiopa amháin ní léireofar éinní bheidh in aon cheann de sna horduithe sin mar ní dheineann deifir in aon tslí don cheann eile no no do sna cinn eile de sna horduithe sin do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(3) Má bhaineann dhá shean-ordú um dhúnadh no níos mó leis an aon tsiopa amháin ní léireofar éinní bheidh in aon cheann de sna horduithe sin mar ní dheineann deifir in aon tslí don cheann eile no do sna cinn eile de sna horduithe sin do bhaint leis an siopa san.

[EN]

Cosaint d'fhorálacha Coda II.

29.—Ní déanfar éinní bheidh in ordú um uaire trádála no i seanordú um dhúnadh do léiriú mar ní chuireann teora le hoibriú, no dheineann deifir d'oibriú, na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le siopaí do dhúnadh ar 1 p.m. ar leath-laetheanta saoire seachtainiúla.

[EN]

Srian le trádáil mhion-díola ar laetheanta seachtaine in áiteanna seachas siopaí.

30.—(1) Pé uair a bheidh ordú um uaire trádála no sean-ordú um dhúnadh bhainfidh le haon líomatáiste i bhfeidhm, ansan, fé réir na n-eisceachtaí agus na gcoinníollacha (más ann dóibh) a bheidh san ordú san, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon trádáil mhion-díola ná gnó mion-díola do bheith ar siúl aige in aon áit, nach siopa, ná o aon fheithicil sa líomatáiste sin aon uair a bheadh an duine sin, de dheascaibh a dhéanta san, ciontach i gcionta fé aon alt (seachas an t-alt so) atá sa Chuid seo den Acht so dá mba shiopa le n-a mbainfeadh an t-ordú san an áit no an fheithicil sin agus gurbh é an duine sin dílseánach an tsiopa san.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(3) Maidir le héinní atá san alt so—

[EN]

(a) ní léireofar é mar ní do bheir é bheith nea-dhleathach bearbóir no gruagaire d'fhreastal ar chustuiméir i dtigh comhnuithe an chustuiméara no ceant do dhéanamh ar éifeachtaí príobháideacha i dtigh comhnuithe príobháideach; ná

[EN]

(b) ní bhainfidh le páipéirí nuachta do dhíol.

CUID IV.

Tradail Domhnaigh.

[EN]

Gnóthaí saortha chun crícheanna Coda IV.

31.—(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, is gnó saortha gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir oibriú orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (2) den alt so, aon ghnó luaidhtear i gCuid I no i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

[EN]

(b) aon ghnó dearbhófar le hordú, ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, do bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú go scuirfidh aon ghnó áirithe luaidhtear i gCuid I no i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so de bheith ina ghnó shaortha chun crícheanna na Coda so den Acht so agus ar theacht i bhfeidhm don ordú san scuirfidh an gnó san de bheith ina ghnó shaortha chun na gcrícheanna san.

[EN]

(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, a dhearbhú gur gnó saortha chun crícheanna na Coda so den Acht so aon ghnó áirithe.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

Teora le feidhm Coda IV maidir le siopaí áirithe.

32.—(1) Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so ná aon ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) ná aon ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) le haon tsiopa gur gnó eiscithe an t-aon ghnó no gach gnó bhíonn ar siúl ann.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) aon ghnó eiscithe do bheith ar siúl i siopa, agus

[EN]

(b) aon ghnó eile (nach gnó eiscithe) do bheith ar siúl sa tsiopa san,

[EN]

ní thabharfaidh éinní atá sa Chuid seo den Acht so ná bheidh in aon ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) ná in aon ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) é bheith nea-dhleathach do dhílseánach an tsiopa san an siopa san do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon tráth ar an Domhnach, más rud é, faid a coimeádfar an siopa san ar oscailt amhlaidh, ná déanfar aon eadar-bheart ann (seachas eadar-bheart a bhaineann leis an ngnó eiscithe sin).

[EN]

Líomatáistí saortha.

33.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú saortha líomatáiste sa Chuid seo den Acht so), a dhearbhú gur líomatáiste saortha chun crícheanna na Coda so den Acht so aon líomatáiste áirithe luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh an líomatáiste luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san ina líomatáiste saortha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

[EN]

Orduithe um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha).

34.—(1) Pé uair a bheidh líomatáiste áirithe (dá ngairmtear an líomatáiste saortha san alt so) ina líomatáiste saortha de thurus na huaire, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) sa Chuid seo den Acht so) na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú gur líomatáiste trádála chun crícheanna an orduithe sin líomatáiste áirithe (eadhon, iomlán an líomatáiste shaortha no aon chuid no coda áirithe dhe, fé mar is rogha leis an Aire) a luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san; agus

[EN]

(b) a dhearbhú—

[EN]

(i) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon Domhnach roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe; no

[EN]

(ii) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon Domhnach roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe;

[EN]

agus féadfaidh forálacha deifriúla bheith san ordú san maidir le tréimhsí deifriúla den bhliain.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) a déanfar i dtaobh líomatáiste trádála áirithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-ordú san baint le níos mó ná aon aicme amháin de shiopaí agus, sa chás san, féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann maidir le gach aicme fé leith de shiopaí le n-a mbainfidh;

[EN]

(b) féadfaidh forálacha bheith san ordú san á údarú freastal do dhéanamh ar chustuiméirí lasmuich de sna huaire luadhfar ann i gcásanna práinne agus i pé cásanna eile luadhfar san ordú san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

[EN]

(4) Pé uair a scuirfidh ordú saortha líomatáiste de bheith i bhfeidhm, ansan, aon ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) a bhainfidh le hiomlán an líomatáiste shaortha luaidhtear san ordú saortha líomatáiste sin no le haon chuid de, scuirfidh san freisin de bheith i bhfeidhm.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) do bhaint le dhá aicme no níos mó de shiopaí, agus

[EN]

(b) gur siopa de níos mó ná aon aicme amháin acu san siopa áirithe le n-a mbaineann an t-ordú san,

[EN]

ní déanfar na forálacha den ordú san a bhaineann le haicme amháin de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do léiriú mar fhorálacha dheineann deifir in aon tslí do sna forálacha den ordú san a bhaineann le haon cheann eile de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(6) Má bhaineann dhá ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) no níos mó leis an aon tsiopa amháin ní léireofar éinní bheidh in aon cheann de sna horduithe sin mar ní dheineann deifir in aon tslí don cheann eile no do sna cinn eile de sna horduithe sin do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(7) Má thárlann, pé uair a bheidh ordú um thrádáil Domhnaigh (líomatáiste saortha) i bhfeidhm, go ndéanfaidh dílseánach aon tsiopa le n-a mbainfidh an t-ordú san sárú ar aon cheann de sna forálacha den ordú san a bhainfidh leis an siopa san, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

Orduithe um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha).

35.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) sa Chuid seo den Acht so), na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú gur líomatáiste trádála chun crícheanna an orduithe sin líomatáiste áirithe luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san; agus

[EN]

(b) a dhearbhú—

[EN]

(i) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa (is siopa ina mbíonn aon ghnó ar siúl is gnó saortha de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so) a bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon Domhnach roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe, no

[EN]

(ii) ná beidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa (is siopa ina mbíonn aon ghnó ar siúl is gnó saortha de thurus na huaire chun crícheanna na Coda so den Acht so) d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte sa líomatáiste trádála san an siopa san d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun freastal ar chustuiméirí aon Domhnach roimh uair áirithe ná tar éis uaire áirithe;

[EN]

agus féadfaidh forálacha deifriúla bheith san ordú san maidir le tréimhsí deifriúla den bhliain.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) a déanfar i dtaobh líomatáiste trádála áirithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an t-ordú san baint le níos mó ná aon aicme amháin de shiopaí agus, sa chás san, féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann maidir le gach aicme fé leith de shiopaí le n-a mbainfidh;

[EN]

(b) féadfaidh forálacha bheith san ordú san á údarú freastal do dhéanamh ar chustuiméirí lasmuich de sna huaire luadhfar ann i gcásanna práinne agus i pé cásanna eile luadhfar san ordú san.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) do bhaint le dhá aicme no níos mó de shiopaí, agus

[EN]

(b) gur siopa de níos mó ná aon aicme amháin acu san siopa áirithe le n-a mbaineann an t-ordú san,

[EN]

ní déanfar na forálacha den ordú san a bhaineann le haicme amháin de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do léiriú mar fhorálacha dheineann deifir in aon tslí do sna forálacha den ordú san a bhaineann le haon cheann eile de sna haicmí sin gur díobh an siopa san do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(5) Má bhaineann dhá ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) no níos mó leis an aon tsiopa amháin ní léireofar éinní bheidh in aon cheann de sna horduithe sin mar ní dheineann deifir i aon tslí don cheann eile no do sna cinn eile de sna horduithe sin do bhaint leis an siopa san.

[EN]

(6) Má thárlann, pé uair a bheidh ordú um uaire trádála Domhnaigh (gnóthaí saortha) i bhfeidhm, go ndéanfaidh dílseánach aon tsiopa le n-a mbainfidh an t-ordú san sárú ar aon cheann de sna forálacha den ordú san a bhainfidh leis an siopa san, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

Srian le trádáil Domhnaigh.

36.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, ní bheidh sé dleathach do dhílseánach aon tsiopa (seachas siopa i líomatáiste saortha no siopa gur gnó sceidealta an t-aon ghnó no gach gnó bhíonn ar siúl ann) an siopa san do choimeád ar oscailt tráth ar bith ar an Domhnach chun freastal do dhéanamh ar chustuiméirí.

[EN]

(2) Má dheineann dílseánach siopa sárú ar an alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “gnó sceidealta” aon ghnó is gnó eiscithe, no is gnó saortha de thurus na huaire, chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

Trádáil mhiondíola Domhnaigh in áiteanna seachas siopaí.

37.—(1) Bainfidh forálacha na Coda so den Acht so le háit ar bith ina mbíonn no le feithicil ar bith o n-a mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl fé is dá mba shiopa an áit no an fheithicil sin agus fé is dá mba dhílseánach siopa, maidir le haon áit no feithicil den tsórt san, an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola ar siúl aige.

[EN]

(2) Maidir le héinní atá san alt so—

[EN]

(a) ní léireofar é mar ní do bheir é bheith nea-dhleathach bearbóir no gruagaire d'fhreastal ar chustuiméir i dtigh comhnuithe an chustuiméara no ceant do dhéanamh ar éifeachtaí príobháideacha i dtigh comhnuithe príobháideach, ná

[EN]

(b) ní bhainfidh le páipéirí nuachta do dhíol.

CEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Caibidil agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

2 Geo. V., c. 3.

Shops Act, 1912.

An tAcht iomlán ach amháin Ailt 1, 2, agus 3, fo-alt (2) d'Alt 11, fo-alt (6) d'Alt 21, an Chéad Sceideal agus an Cúigiú Sceideal.

DARA SCEIDEAL.

Gnothai ata Eiscithe go buan o Choda II, III agus IV den Acht so.

1. Deochanna meisciúla do dhíol ina mion-choda.

2. Béilí do dhíol chun a gcaithte san áitreabh no, más béilí iad a díoltar in áitreabh bóthair iarainn, chun a gcaithte ar thraenacha.

3. Cógaisí no fearaistí liaghachta no máinliaghachta do dhíol, nuair a bhíonn sé ar siúl ag duine atá i dteideal siopa do choimeád ar oscailt chun nimheanna do dhíol fén Pharmacy Act (Ireland), 1875, mar a leasuítear san leis an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890.

4. Gnó Post-Oifige.

TRIU SCEIDEAL.

Gnothai Saortha.

Cuid I.

Gnóthaí atá saortha de thurus na huaire o Choda II, III agus IV den Acht so.

1. Urúcháin (seachas béilí) do dhíol chun a gcaithte san áitreabh no, más úrúcháin iad a díoltar in áitreabh bóthair iarainn, chun a gcaithte ar thraenacha.

2. An gnó bhíonn ar siúl i seomra úrúcháin bóthair iarainn.

3. Páipéirí nuachta, tréimhseacháin, leabhair, meaigisíní no páipéarachas do dhíol.

4. Tobac no riachtanaisí lucht caithte tobac do dhíol.

5. An gnó bhíonn ar siúl i leabhar-bhoth bóthair iarainn ar ardán bóthair iarainn no comgharach dó.

6. Soláthairtí no gabhálaisí gluaisteáin, rothair no aer-árthaigh do dhíol chun a n-úsáidte láithreach.

Cuid II.

Gnóthaí breise atá saortha de thurus na huaire o Choda II agus IV den Acht so.

7. Feoil, iasc, bainne, uachtar, no earraí meathtacha eile do dhíol no arán, milseoga plúir, seacláidí, milseoga siúicre, uiscí búird, uachtar oighreata, torthaí, glasraí no bláthanna do dhíol, no aon bhréagán no nuacht do dhíol ina bhfuil seacláid no milseog shiúicre agus a díoltar i dteanta na seacláide no na milseoige siúicre sin mar earra aonair.

Cuid III.

Gnó breise atá saortha de thurus na huaire o Chuid II den Acht so.

8. Trádáil mhion-díola deintear i dtaisbeántas más fo-ghnó chabhruíonn no ghabhann le prímh-chrích an taisbeántais an trádáil mhion-díola san.