Uimhir 3 de 1981
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LEASÚ), 1981
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal agus forléiriú.
1.—Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981, a ghairm den Acht seo, agus forléireofar é agus an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, mar aon ní amháin.
An Príomh-Acht.
2.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.
CUID II
Méaduithe agus Leasuithe Ilghnéitheacha
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).
3.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I, II, III, IV agus V den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 6ú lá d'Aibreán, 1981,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 2ú lá d'Aibreán, 1981, agus
(c) a mhéid a bhaineann sé le sochair bháis faoi ailt 50, 51 agus 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 3ú lá d'Aibreán, 1981.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh agus liúntais leanaí (rátaí nua).
4.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I, III agus IV den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an lú lá d'Aibreán, 1981,
(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 3ú lá d'Aibreán, 1981,
(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 2ú lá d'Aibreán, 1981,
(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 6ú lá d'Aibreán, 1981, agus
(e) a mhéid a bhaineann sé le liúntais leanaí, an lú lá d'Iúil, 1981.
Árachas sóisialach pá-choibhneasa (rátaí nua ranníocaí agus méadú ar an uasteorainn tuillimh).
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 10(1) den Phríomh-Acht trí—
(a) “3.75 faoin gcéad” a chur in ionad “3.5 faoin gcéad” agus “9.55 faoin gcéad” a chur in ionad “8.5 faoin gcéad” i míreanna (b) (i) agus (b) (ii), faoi seach, agus
(b) “£8,500” a chur in ionad “£7,000” i mír (c).
(2) Leasaítear leis seo alt 11 (1) den Phríomh-Acht trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.8 faoin gcéad”, trí “5.2 faoin gcéad” a chur in ionad “4.7 faoin gcéad” agus trí “3.2 faoin gcéad” a chur in ionad “2.9 faoin gcéad”, i míreanna (b) (i), (b) (ii) agus (b) (iii), faoi seach.
(3) Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht trí “0.3 faoin gcéad” a chur in ionad “0.45 faoin gcéad” i bhfo-alt (2) (a) (ii).
(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1981.
Sochar páchoibhneasa (laethanta breise feithimh le haghaidh sochar áirithe).
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht trí na focail go léir a scriosadh ó “agus nach luaithe” go dtí deireadh fho-alt (1) agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“agus nach luaithe ná an 13ú lá éagumais chun oibre i dtréimhse éagumais chun oibre (de réir bhrí alt 18 (4)) nó nach luaithe ná an 13ú lá dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta: ar choinníoll, mura mbeidh níos mó ná 3 lá de bhearna idir tréimhse éagumais chun oibre agus lá dífhostaíochta roimhe sin a raibh sochar pá-choibhneasa iníoctha ina leith, go mbeidh an sochar sin iníoctha ón 13ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta nó ón gcéad lá den tréimhse éagumais chun oibre sin, cibé acu is déanaí.”,
agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Déantar leis seo alt 72 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Chun críocha an ailt seo, aon lá a bhfuil duine i dteideal liúntais mháithreachais ina leith measfar gur lá éagumais chun oibre é, agus déileálfar le tréimhse éagumais chun oibre agus le tréimhse dá éis sin a bhfuil liúntas máithreachais iníoctha ina leith ar cuid iad den tréimhse bhearnaithe fostaíochta chéanna mar thréimhse amháin éagumais chun oibre.”.
(3) Leasaítear leis seo alt 74 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Nuair a bheifear á ríomh chun críocha alt 73 agus an ailt seo an raibh, i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta, duine éagumasach chun oibre ar feadh uimhir shonraithe laethanta nó dífhostaithe ar feadh uimhir shonraithe laethanta, ní chuirfear i gcuntas ach—
(a) an chéad 12 lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin agus aon lá éagumais chun oibre sa tréimhse sin a raibh an duine sin i dteideal sochair phá-choibhneasa ina leith nó a mbeadh sé i dteideal amhlaidh murach aon choinníoll atá forordaithe chun críche alt 73,
(b) an chéad 12 lá dífhostaíochta sa tréimhse sin agus aon lá dífhostaíochta sa tréimhse sin a raibh an duine sin i dteideal sochair phá-choibhneasa ina leith nó a mbeadh sé i dteideal amhlaidh murach aon choinníoll atá forordaithe chun críche alt 73.”.
(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le tréimhsí éagumais chun oibre a thosóidh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1981.
AN TÁBLA |
(1) Faoi réir na Caibidle seo, duine a raibh tuilleamh ináirithe aige sa bhliain chánach ioncaim iomchuí beidh sé i dteideal sochair phá-choibhneasa maidir le haon lá— |
(a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair mhíchumais nó liúntais mháithreachais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal cheachtar de na sochair sin mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi Chaibidil 5 i leith an lae sin, nó |
(b) is lá dífhostaíochta ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair dhífhostaíochta ina leith, |
agus nach luaithe ná an 13ú lá éagumais chun oibre i dtréimhse éagumais chun oibre (de réir bhrí alt 18 (4)) nó nach luaithe ná an 13ú lá dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta: ar choinníoll, mura mbeidh níos mó ná 3 lá de bhearna idir tréimhse éagumais chun oibre agus lá dífhostaíochta roimhe sin a raibh sochar pá-choibhneasa iníoctha ina leith, go mbeidh an sochar sin iníoctha ón 13ú lá éagumais chun oibre sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta nó ón gcéad lá den tréimhse éagumais chun oibre sin, cíbe acu is déanaí. |
Sochar páchoibhneasa (gan méadú ar mhéid an tuillimh a áireamh).
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht trí na focail go léir ó “is mó ná£14” go dtí deireadh an ailt a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:
“is mó ná an tsuim a thuairiscítear anseo thíos ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh. An tsuim dá dtagraítear thuas, is méid í a fhreagraíonn don ráta sochair seachtainiúil (measfar aon chodán de £1 sa ráta sin is mó ná 50p mar £1 agus ní chuirfear aon chodán eile den sórt sin san áireamh) atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal ag tagairt 1 (A) (a) (i) is infheidhme an chéad lá den bhliain shochair díreach i ndiaidh dheireadh na bliana cánach ioncaim iomchuí.”,
agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le tréimhsí bearnaithe fostaíochta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó dá éis.
AN TÁBLA |
73.—Is é an ráta seachtainiúil sochair phá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta méid is comhionann— |
(a) i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá éagumais chun oibre, nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 159ú lá dífhostaíochta, le 40 faoin gcéad, |
(b) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 160ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 237ú lá den sórt sin, le 30 faoin gcéad, |
(c) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 238ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 315ú lá den sórt sin, le 25 faoin gcéad, agus |
(d) i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá éagumais chun oibre amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, nó i leith aon chuid den tréimhse sin ón 316ú lá dífhostaíochta amach go dtí an 393ú lá den sórt sin, le 20 faoin gcéad, |
den chuid (más aon chuid í) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná an tsuim a thuairiscítear anseo thíos ach nach rachaidh thar an teorainn a bheidh arna forordú de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh. An tsuim dá dtagraítear thuas, is méid í a fhreagraíonn don ráta sochair seachtainiúil (measfar aon chodán de £1 sa ráta sin is mó ná 50p mar £1 agus ní chuirfear aon chodán eile den sórt sin san áireamh) atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal ag tagairt 1 (A) (a) (i) is infheidhme an chéad lá den bhliain shochair díreach i ndiaidh dheireadh na bliana cánach ioncaim iomchuí. |
Pinsean seanaoise (cealú ar an gcoinníoll i dtaobh tréimhse chónaithe cúig bliana déag).
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 159 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):
“(2) Faoi réir alt 163 (2), ní íocfar pinsean seanaoise le haon duine nó i leith aon duine le linn aon tréimhse a mbeidh cónaí ar an duine lasmuigh den Stát.”.
(2) Aisghairtear leis seo ailt 159 (1) (b) agus 175 (1) (b) den Phríomh-Acht.
CUID III
Forálacha Nua i nDáil le Liúntas Máithreachais
Liúntas máithreachais (leathnú ar an tréimhse teidil i gcásanna áirithe).
9.—Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is í an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh liúntas máithreachais iníoctha—
(a) an tréimhse saoire máithreachais a bhfuil bean ina theideal de bhua alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981 (lena n-áirítear aon leathnú ar an tréimhse sin de bhua alt 12 den Acht sin) nó
(b) i gcás mná nach bhfuil teideal aici amhlaidh chun saoire máithreachais, an tréimhse 12 sheachtain dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil, ach—
(i) má éagann an bhean ag a bhfuil teideal chun an liúntais, ní bheidh an liúntas iníoctha in aghaidh aon seachtaine ina dhiaidh sin,
(ii) más tar éis na seachtaine tuartha luí seoil don dáta luí seoil, beidh an liúntas iníoctha, faoi réir fhomhír (i), go dtí deireadh an 6ú seachtain i ndiaidh na seachtaine ina bhfuil an dáta sin.”; agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(5) Chun críche fho-alt (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981), i gcás an fhostaíocht do scor (mar gheall ar bhás an fhostóra nó ar athrach dóigh) le linn na tréimhse saoire máithreachais, leanfar ag déileáil leis an mbean ionann is dá mba nár tharla an teagmhas ba bhun leis an bhfostaíocht do scor.”.
Liúntas máithreachais (leasú ar na coinníollacha ranníoca).
10.—Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais mháithreachais—
(a) (i) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus
(ii) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i mbliain ranníoca iomlán dá éis sin roimh an am iomchuí; nó
(b) ranníocaí cáilitheacha i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa 12 mhí díreach roimh an gcéad lá de thréimhse saoire máithreachais a bhfuil teideal aici chuici de bhua alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe, 1981.
I mír (a) ciallaíonn ‘am iomchuí” an dáta dar tosach an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil nó, i gcás éilitheora a bhfuil teideal aici chun saoire máithreachais de bhua an ailt sin 8, an chéad lá den tsaoire sin.”.
Sochar páchoibhneasa (sochar breise d'fhaighteoirí áirithe liúntais mháithreachais).
11.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 75:
“75. (1) D'ainneoin aon fhoráil eile sa Chaibidil seo, íocfar sochar breise (mar shochar pá-choibhneasa) le bean atá i dteideal liúntais mháithreachais faoi mhír (a) d'alt 24 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) chun a fhoráil go mbeidh méid comhiomlán seachtainiúil an liúntais mháithreachais, an tsochair phá-choibhneasa (más ann) is iníoctha ar athrach dóigh faoi na forálacha eile den Chaibidil seo agus an tsochair bhreise sin ar cóimhéid—
(a) le 80% dá tuilleamh ináirithe seachtainiúil sa bhliain chánach ioncaim atá forordaithe chun críche an ailt seo, nó
(b) le 80% de cibé méid a fhorordófar mar mheántuilleamh ináirithe seachtainiúil ban an bhliain sin,
cibé acu is mó.
(2) Féadfar an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (1) a athrú le rialacháin ag féachaint do nithe mar iad seo a leanas—
(a) gluaiseachtaí i meántuilleamh bliantúil ban, agus
(b) aon fhorchur nó athrú ar asbhaintí reachtúla ó thuilleamh nó ar mhuirir ar thuilleamh.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) den Phríomh-Acht trí “75 (2),” a chur isteach i ndiaidh “73,”.
CUID IV
Aisghairmeacha agus Mionleasuithe
Forálacha áirithe den Phríomh-Acht atá tite as feidhm a aisghairm.
12.—Aisghairtear leis seo ailt 34 (5), 34 (8), 131 (3) agus 131 (4) den Phríomh-Acht.
Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht.
13.—Leasaítear leis seo alt 45 (2) (a) (a bhaineann le sochar díobhálacha ceirde) den Phríomh-Acht trí “£234 sa bhliain” a scriosadh agus “cibé méid a bheidh forordaithe” a chur ina ionad.
Sochar díobhálacha ceirde (an liúntas do ghaol forordaithe a íoc le pinsinéirí áirithe).
14.—(1) Leasaítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(11) I gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige, déanfar an ráta seachtainiúil pinsin faoi fho-alt (2) nó (6) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) in aghaidh aon tréimhse—
(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,
(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus
(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Is é a bheidh sa sochar báis pinsean de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal, arna mhéadú, i gcás duine a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige—
(a) mar atá leagtha amach i gcolún (6) den Chuid sin (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) in aghaidh aon tréimhse—
(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,
(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus
(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe;
(b) mar atá leagtha amach i gcolún (7) den Chuid sin i gcás an tairbhí a bheith ina chónaí ina aonar.”
(3) Leasaítear leis seo alt 124 den Phríomh-Acht trí “50 (11), 51 (2),” a chur isteach i ndiaidh “ailt”.
Leathnú ar bhrí “cleithiúnach aosaithe” i gcás pinsean seanaoise (ranníocach) agus pinsean scoir.
15.—(1) Leasaítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnach aosaithe ag an tairbhí i gcás nach tréimhse í a mbeidh an cleithiúnach aosaithe ag fáil pinsin seanaoise (ranníocach) ina leith faoi réir an tsriain nach mbeidh tairbhí i dteideal, in aghaidh na tréimhse céanna, méadú a fháil ar phinsean faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnach aosaithe ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an tairbhí i dteideal, in aghaidh na tréimhse céanna, méadú a fháil ar phinsean faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amhain.”.
Leathnú ar bhrí “leanbh cáilithe” i gcás pinsean scoir agus pinsean easláine.
16.—(1) Leasaítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(5) Nuair a bheifear á chinneadh cad é an ráta seachtainiúil pinsin scoir is iníoctha le baintreach, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 91 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(5) Nuair a bheifear á chinneadh cad é an ráta seachtainiúil pinsin easláine is iníoctha le baintreach, measfar duine os cionn 18 mbliana d'aois, ar leanbh cáilithe é dá mbeadh sé faoi bhun na haoise sin, a bheith ina leanbh cáilithe ar feadh aon tréimhse a mbeidh sé faoi bhun 21 bhliain agus é ag fáil teagaisc lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.”.
Cúnamh dífhostaíochta (an bhrí atá le “aighneas ceirde”).
17.—Leasaítear leis seo alt 135 (1) den Phríomh-Acht trí “tá le ‘aighneas ceirde’ an bhrí a shanntar le halt 35 (6)” a chur leis.
Cúnamh dífhostaíochta (cionta ag comhlachtaí corpraithe).
18.—Leasaítear leis seo alt 144 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:
“(5) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoin gCaibidil seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin gCaibidil seo, beidh gach duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir nó ina bhainisteoir nó ina rúnaí nó ina oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin, ciontach freisin sa chion sin.
(6) Is cosaint mhaith ar ionchúiseamh i leith cion faoi fho-alt (5) do dhuine a shuíomh gur gan fhios dó a rinneadh an cion agus go ndearna sé gach dícheall ba chóir dó a dhéanamh chun an cion a chosc, ag féachaint dá phost mar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile agus do na himthosca go léir.
(7) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá, chun críche imeachtaí faoin gCaibidil seo, a sheirbheáil ar chomhlacht corpraithe, féadfar an céanna a sheirbheáil—
(a) trína fhágáil in oifig chláraithe an chomhlachta chorpraithe nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin,
(b) trína fhágáil in aon áit sa Stát ina ndéanann an comhlacht corpraithe gnó nó trína chur leis an bpost go dtí an áit sin, nó
(c) trína chur leis an bpost chuig aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe nó a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú in aon cháil díobh sin san áit a gcónaíonn an duine sin.”.
Leasú ar alt 305 den Phríomh-Acht.
19.—Leasaítear leis seo alt 305 den Phríomh-Acht (a bhaineann le hacmhainn chun críocha an Debtors Act (Ireland), 1872) trí “seachas cúnamh faoi Chaibidlí 2 agus 3 de Chuid III” a scriosadh.
Leasú ar alt 269 den Phríomh-Acht.
20.—Leasaítear leis seo alt 269 den Phríomh-Acht (a bhaineann leis an gCiste Dífhostaíochta Forlíontach) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4) agus (5):
“(4) Féadfar aon airgead is cuid den Chiste a íoc ó am go ham leis an Aire Airgeadais agus féadfaidh seisean é a infheistiú agus a choimeád infheistithe faoi mar is rogha leis thar ceann an Chiste agus íocfar isteach sa Chiste ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.
(5) Féadfar infheistíocht faoi fho-alt (4) a dhéanamh in aon urrúis a gcumhachtaítear d'iontaobhaithe de thuras na huaire le dlí cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, de na cistí agus de na hurrúis atá de thuras na huaire údaraithe le dlí mar infheistíochtaí do Chistí Bhanc Taisce an Phoist.”.
SCEIDEAL A
“Rátaí Sochar
CUID I
Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair
| An ráta seachtainiúil
| Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha) | Méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chó ina aonar (más iníoctha) | |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | ||
Ailt 20, 21, 31 agus 32. | 1. (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta: | ||||||
(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois— | |||||||
(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile | 24.55 | 15.90 | 6.50 | 5.40 | -- | -- | |
(ii) aon bhean phósta eile ... ... | 21.60 | -- | -- | -- | -- | -- | |
(b) i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois— | |||||||
(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe ... | 24.55 | 15.90 | 6.50 | 5.40 | -- | -- | |
(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine ... | 21.60 | -- | -- | -- | -- | -- | |
Alt 33. | (B) Rátaí laghdaithe Sochair Dhífhostaíochta: | ||||||
(a) duine a bhfuil teideal aige chun méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil teideal aige chun méadú i leith cleithiúnaí aosaithe ... ... | 20.65 | -- | 5.80 | 4.50 | -- | -- | |
(b) aon duine eile ... | 20.40 | 14.70 | 5.80 | 4.50 | -- | -- | |
Alt 26. | 2. Liúntas Máithreachais ... | 24.55 | -- | -- | -- | -- | -- |
Alt 42 agus 44. | 3. Sochar Díobhála: | ||||||
(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois— | |||||||
(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... | 33.85 | 15.90 | 6.50 | 5.40 | -- | -- | |
(ii) aon bhean phósta eile | 26.75 | -- | -- | -- | -- | -- | |
(b) i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois— | |||||||
(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe ... | 33.85 | 15.90 | 6.50 | 5.40 | -- | -- | |
(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine ... | 26.75 | -- | -- | -- | -- | -- | |
Ailt 50, 51 agus 52. | 4. Sochar Báis: | ||||||
(a) Pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6)) ... ... | 35.70 | -- | 8.25 | 8.25 | 14.70 | 2.05 | |
(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, nuair ba dhuine pósta an duine éagtha tráth a bháis ... ... | 15.90 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil— | |||||||
(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan ... | 35.70 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin ... | 35.70 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í a bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir ráta atá leagtha amach ag (i) den fhoroinn seo iníoctha lena fearchéile ... ... | 35.70 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
(iv) in aon chás eile ... | 15.90 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
(d) pinsean is iníoctha le dílleachta ... ... | 18.80 | -- | -- | -- | -- | -- | |
Ailt 80, 81, 85 agus 86. | 5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir: | ||||||
(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois ... ... | 30.65 | 19.55 | 7.00 | 5.80 | 14.70 | 2.05 | |
(b) in aon chás eile ... | 32.80 | 19.55 | 7.00 | 5.80 | 14.70 | 2.05 | |
(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige ... | -- | 3.35 | -- | -- | -- | -- | |
Ailt 90 agus 91. | 6. Pinsean Easláine: | ||||||
(a) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh, nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... ... | 27.55 | 17.90 | 7.00 | 5.80 | 14.70 | 2.05 | |
(b) aon bhean phósta eile ... | 24.25 | -- | -- | -- | 14.70 | 2.05 | |
Ailt 94, 95, 102 agus 103. | 7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe: ... | ||||||
(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois ... ... | 28.15 | -- | 8.25 | 8.25 | 14.70 | 2.05 | |
(b) in aon chás eile ... | 30.05 | -- | 8.25 | 8.25 | 14.70 | 2.05 | |
Alt 98. | 8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) ... ... | 17.75 | -- | -- | -- | -- | -- |
CUID II
Sochair Dhíobhálacha Ceirde—Aiscí agus Deontas
£ | |||||||||
Alt 43 (7) (a). | 1. Sochar Míthreorach: | ||||||||
Aisce uasta | ... | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 2,550 | |
2. Sochar Báis: | |||||||||
Alt 50 (7). | (i) Aisce baintrí fir | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 1,860 | |
Alt 53 (2). | (ii) Deontas i leith costas sochraide | ... | ... | ... | ... | 175 |
CUID III
Pinsean Míthreorach
Alt 43 (8). | An grád míthreorach | An ráta seachtainiúil (daoine os cionn 18 mbliana d'aois) | An ráta seachtainiúil (daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois agus mná pósta áirithe) | ||
(1) | (2) | (3) | |||
£ | £ | ||||
100 faoin gcéad | ... | ... | 36.80 | 29.10 | |
90 ” ” | ... | ... | 33.12 | 26.19 | |
80 ” ” | ... | ... | 29.44 | 23.28 | |
70 ” ” | ... | ... | 25.76 | 20.37 | |
60 ” ” | ... | ... | 22.08 | 17.46 | |
50 ” ” | ... | ... | 18.40 | 14.55 | |
40 ” ” | ... | ... | 14.72 | 11.64 | |
30 ” ” | ... | ... | 11.04 | 8.73 | |
20 ” ” | ... | ... | 7.36 | 5.82 |
CUID IV
Méaduithe ar Phinsean Míthreorach
£ | ||
Ailt 45 agus 46. | 1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre: | |
(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois— | ||
(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... | 24.55 | |
(ii) aon bhean phósta eile ... ... ... ... | 21.60 | |
(b) I gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois— | ||
(i) i gcás an duine a bheith i dteideal méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe ... ... ... ... ... ... | 24.55 | |
(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine ... | 21.60 | |
2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí: | ||
(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona ... ... ... ... ... ... | 14.70 | |
(b) teorainn in aon chás ... ... ... ... ... | 29.40 |
CUID V
Rátaí Laghdaithe Sochair Dhíobhála agus Pinsin Mhíthreorach
Alt 56. | £ | |
(a) I gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois— | ||
(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh, nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... | 7.36 | |
(ii) aon bhean phósta eile ... ... ... ... | 5.82 | |
(b) I gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois— | ||
(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe nó, i gcás pinsean míthreorach a bheith iníoctha, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh sochar díobhála seachas pinsean míthreorach iníoctha ... ... ... ... | 7.36 | |
(ii) mura bhfuil, nó mura mbeadh, an teideal sin ag an duine ... ... ... ... ... ... | 5.82 |
SCEIDEAL B
“Rátaí Cúnaimh
CUID I
Rátaí an Chúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais
| An ráta nó an méid seachtainiúil
| An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162 (1) (a), 179 (a), 195 (2), 196 (2) nó 197 (2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) | |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | (8) | |
Alt 139. | £ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. Cúnamh Dífhostaíochta: | ||||||||
A. Daoine seachas iad sin ag B anseo: | ||||||||
(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2) anseo | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach ... | 20.40 | 14.70 | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... ... | 19.75 | 14.35 | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- | |
(2) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1) | ||||||||
(a) i gcás nach mó ná£10 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach | 17.00 | 12.25 | 4.85 | 3.75 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile | 16.45 | 11.95 | 4.85 | 3.75 | -- | -- | -- | |
(b) i gcás ar mó ná£10 ach nach mó ná£15 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach | 14.40 | 10.25 | 4.00 | 3.20 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... | 13.85 | 10.15 | 4.00 | 3.20 | -- | -- | -- | |
(c) i gcás ar mó ná£15 ach nach mó ná£20 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach | 12.05 | 8.60 | 3.40 | 2.70 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... | 11.65 | 8.45 | 3.40 | 2.70 | -- | -- | -- | |
B. Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu: | ||||||||
(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2) anseo | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach ... | 20.65 | -- | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... ... | 20.05 | -- | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- | |
(2) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1) | ||||||||
(a) i gcás nach mó ná£10 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach | 17.20 | -- | 4.85 | 3,75 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... | 16.70 | -- | 4.85 | 3.75 | -- | -- | -- | |
(b) i gcás ar mó ná£10 ach nach mó ná£15 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach | 14.60 | -- | 4.00 | 3.20 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile ... | 14.05 | -- | 4.00 | 3.20 | -- | -- | -- | |
(c) i gcás ar mó ná£15 ach nach mó ná£20 luacháil inrátaithe na talún— | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach ... | 12.30 | -- | 3.40 | 2.70 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile | 11.80 | -- | 3.40 | 2.70 | -- | -- | -- | |
Ailt 161 agus 162. | 2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall ... ... | 26.25 | -- | 6.25 | 4.85 | 14.70 | 2.05 | 1.90 |
Ailt 178, 179, 195 (2), 196 (2) agus 197 (2). | 3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh ... ... | 26.25 | -- | 7.50 | 7.50 | 14.70 | 2.05 | 1.90 |
Alt 183. | 4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach) ... | 14.90 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
Alt 198 (2). | 5. Liúntas do Bhean Shingil ... | 22.90 | -- | -- | -- | -- | -- | -- |
Alt 208. | 6. Liúntas Leasa Forlíontach: | |||||||
(a) Daoine seachas iad sin ag (b) ... ... | 19.75 | 14.35 | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- | |
(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu | 20.05 | -- | 5.80 | 4.50 | -- | -- | -- |
CUID III
An Méadú ar Phinsean Seanaoise i leith Céile
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |
£ | ||
Alt 162(1) (d). | Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara gan bheith níos mó ná£6 ... ... ... | 13.20 |
níos mó ná£6 gan bheith níos mó ná£7 ... ... | 12.60 | |
níos mó ná£7 gan bheith níos mó ná£8 ... ... | 12.00 | |
níos mó ná£8 gan bheith níos mó ná£9 ... ... | 11.40 | |
níos mó ná£9 gan bheith níos mó ná£10 ... ... | 10.80 | |
níos mó ná£10 gan bheith níos mó ná£11 ... ... | 10.20 | |
níos mó ná£11 gan bheith níos mó ná£12 ... ... | 9.60 | |
níos mó ná£12 gan bheith níos mó ná£13 ... ... | 9.00 | |
níos mó ná£13 gan bheith níos mó ná£14 ... ... | 8.40 | |
níos mó ná£14 gan bheith níos mó ná£15 ... ... | 7.80 | |
níos mó ná£15 gan bheith níos mó ná£16 ... ... | 7.20 | |
níos mó ná£16 gan bheith níos mó ná£17 ... ... | 6.60 | |
níos mó ná£17 gan bheith níos mó ná£18 ... ... | 6.00 | |
níos mó ná£18 gan bheith níos mó ná£19 ... ... | 5.40 | |
níos mó ná£19 gan bheith níos mó ná£20 ... ... | 4.80 | |
níos mó ná£20 gan bheith níos mó ná£21 ... ... | 4.20 | |
níos mó ná£21 gan bheith níos mó ná£22 ... ... | 3.60 | |
níos mó ná£22 gan bheith níos mó ná£23 ... ... | 3.00 | |
níos mó ná£23 gan bheith níos mó ná£24 ... ... | 2.40 | |
níos mó ná£24 gan bheith níos mó ná£25 ... ... | 1.80 | |
níos mó ná£25 gan bheith níos mó ná£26 ... ... | 1.20 | |
níos mó ná£26 gan bheith níos mó ná£27 ... ... | 0.60 | |
níos mó ná£27 ... ... ... ... ... | Neamhní |
CUID IV
Méideanna na Liúntas Leanaí
An méid i leith linbh amháin | An méid breise i leith gach leanbh de bhreis ar dhuine amháin | |
(1) | (2) | |
Alt 225. | £6.00 | £9.00 |
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||
Debtors Act (Ireland), 1872 | 35 & 36 Vic. c. 57 | |