Uimhir 3 de 1987
AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. |
An tAcht dá dTagraítear | |
Uimhir 3 de 1987
AN tACHT SLÁINTE (LEASÚ), 1987
[An tiontú oifigiúil]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Seirbhísí d'othair sheachtracha.
1.—Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Sláinte, 1970, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (5):
“(2) Déanfaidh bord sláinte, faoi réir aon rialachán a bhaineann leis na seirbhísí faoin alt seo a dhéanfar de bhua fho-alt (5), seirbhísí d'othair sheachtracha a chur ar fáil do dhaoine ag a bhfuil láncháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.
(3) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí i leith galar agus míchumas buan nó fada a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí i leith éalaingí a tugadh faoi deara le linn scrúdú sláinte a sheolfar de bhun na seirbhíse a sholáthraítear faoi alt 66.
(5) (a) Féadfaidh rialacháin i ndáil leis na seirbhísí faoin alt seo—
(i) foráil a dhéanamh chun muirir a fhorchur as seirbhísí d'othair sheachtracha lena n-áirítear aon druga, íoc nó ullmhóid eile a thabhairt, in imthosca sonraithe, le haghaidh daoine nach daoine ag a bhfuil láncháilíocht agus nach leanaí a shonraítear i bhfo-alt (3) nó (4), agus
(ii) méideanna nó méideanna uasta na muirear sin a shonrú agus, más cuí leis an Aire, méideanna difriúla a shonrú maidir le seirbhísí difriúla nó maidir le seirbhísí arna soláthar in imthosca difriúla nó d'aicmí difriúla daoine (agus na himthosca agus na haicmí a ainmniú i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe a chinnfidh an tAire).
(b) Maidir le rialacháin a bhaineann leis na nithe a shonraítear i mír (a) féadfaidh cibé forálacha coimhdeacha nó forlíontacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach, lena n-áirítear forálacha maidir le muirir a fhorchuirtear leis na rialacháin a bhailiú agus a dhiúscairt.
(c) Ní dhéanfar rialacháin a bhaineann leis na nithe a shonraítear i mír (a) gan toiliú an Aire Airgeadais.”.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
2.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 to 1987, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1985, agus den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1985, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.