Uimhir 3 de 1999
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. |
Méaduithe.
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | Ranníocaí fostaíochta (méaduithe ar na huasteorainneacha tuillimh). |
9. | Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn ioncaim) |
Cúramóirí.
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. |
Cúnamh feirme
15. | |
16. | |
17. | |
18. |
Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh.
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. |
Forálacha Ilghnéitheacha.
26. | |
27. | Sonraí seirbhíse poiblí — uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a úsáid. |
28. | |
29. | |
30. | |
31. | Íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora — neamhshuim de thuilleamh. |
32. |
Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981
33. | |
34. |
Leasú ar Acht na bPinsean, 1990
35. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980 | |
An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 | 1991, Uimh. 17 |
An tAcht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996 | 1996, Uimh. 31 |
Na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992 | |
Na hAchtanna um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952 | |
Acht na bPinsean (Leasú), 1996 | 1996, Uimh. 18 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1993 | 1993, Uimh. 32 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1995 | 1995, Uimh. 3 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1995 | 1995, Uimh. 23 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996 | 1996, Uimh. 7 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1997 | 1997, Uimh. 10 |
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993 | 1993, Uimh. 27 |
Uimhir 3 de 1999
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, ALT 7A DEN ACHT UM RANNÍOCAÍ SLÁINTE, 1979, AN ACHTA UM GHNÍOMHAIREACHT FOSTAÍOCHTA DON AOS ÓG, 1981, AGUS ACHT NA bPINSEAN, 1990. [1 Aibreán, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1999, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus an tAcht seo (seachas Codanna VII agus VIII) a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1995” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1995;
ciallaíonn “Acht 1996” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1996;
ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1997;
ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1998;
ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1993” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1993;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993.
Ionstraimí a bhuanú.
3.—Aon ionstraim a rinneadh faoi fhoráil den Phríomh-Acht a leasaítear leis an Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an leasaithe, leanfaidh sí de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba faoin bhforáil arna leasú amhlaidh a rinneadh í.
CUID II
Méaduithe
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).
4.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1998) agus Chuid V den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 63 agus le deontas méala (arna chur isteach le halt 19 den Acht seo), an 6ú lá d'Aibreán, 1999,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 27ú lá de Bhealtaine, 1999,
(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar sláinte agus sábháilteachta, sochar díobhála agus aisce mhíthreorach, an 31ú lá de Bhealtaine, 1999,
(d) a mhéid a bhaineann sé le pinsean scoir, pinsean easláine agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) d'Acht 1996, an 3ú lá de Mheitheamh, 1999, agus
(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean míthreorach, sochar báis faoi alt 60, 61 nó 62 den Phríomh-Acht, pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí agus baintrí fir (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach), an 4ú lá de Mheitheamh, 1999.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).
5.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus II (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1998) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 26ú lá de Bhealtaine, 1999,
(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 31ú lá de Bhealtaine, 1999,
(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas míchumais, an 2ú lá de Mheitheamh, 1999,
(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas réamhscoir, íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (seachas i gcás í a bheith iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir), liúntas cúramóra agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) d'Acht 1996, an 3ú lá de Mheitheamh, 1999, agus
(e) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise (neamhranníocach), pinsean dall, pinsean baintrí agus baintrí fir (neamhranníocach), íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora is iníoctha i leith baintrí nó baintrí fir agus pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 4ú lá de Mheitheamh, 1999.
Sochar linbh (rátaí nua).
6.—(1) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid III (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1998):
“CUID III
Na Méideanna Sochair Linbh | |
An méid i leith gach linbh den chéad 2 leanbh | An méid i leith gach linbh de bhreis ar 2 |
(1) | (2) |
£34.50 | £46.00 |
”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1999.
Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh (rátaí seachtainiúla nua).
7.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 198 (a cuireadh isteach le halt 7(3) d'Acht 1998):
“Teideal chun forlíonadh. | 198.—Faoi réir an Achta seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘forlíonadh ar ioncam teaghlaigh’ san Acht seo) iníoctha as airgead a sholáthróidh an tOireachtas i leith teaghlaigh más lú an t-ioncam seachtainiúil teaghlaigh ná— (a) i gcás teaghlaigh nach bhfuil ach 1 leanbh ann, £220, (b) i gcás teaghlaigh a bhfuil 2 leanbh ann, £240, (c) i gcás teaghlaigh a bhfuil 3 leanbh ann, £260, (d) i gcás teaghlaigh a bhfuil 4 leanbh ann, £280, (e) i gcás teaghlaigh a bhfuil 5 leanbh ann, £305, (f) i gcás teaghlaigh a bhfuil 6 leanbh ann, £325, (g) i gcás teaghlaigh a bhfuil 7 leanbh ann, £342, nó (h) i gcás teaghlaigh a bhfuil 8 leanbh nó níos mó ann, £359.”. |
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá de Mheitheamh, 1999.
Ranníocaí fostaíochta (méaduithe ar na huasteorainneacha tuillimh).
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht—
(a) trí “£25,400” a chur in ionad “£24,200” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(b) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(c),
(b) trí “£280” a chur in ionad “£270” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(c) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(d)(i) agus (ii), agus
(c) trí “£35,000” a chur in ionad “£29,000” (a cuireadh isteach le halt 8(1)(d) d'Acht 1998) i bhfo-alt (1)(e).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.
Ranníocaí féinfhostaíochta (méadú ar an uasteorainn ioncaim)
9.—(1) Leasaítear leis seo alt 18(1) den Phríomh-Acht trí “£25,400” a chur in ionad “£24,200” (a cuireadh isteach le halt 9(1) d'Acht 1998) i mír (d).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.
CUID III
Cúramóirí
Mínithe a leathnú.
10.—Leasaítear leis seo alt 163 (1) den Phríomh-Acht—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “pinsinéir iomchuí” (a cuireadh isteach le halt 12 (1) d'Acht 1995):
“ciallaíonn ‘duine iomchuí’ duine (seachas duine atá ag fáil méadú ar phinsean míthreorach faoi alt 57 i leith síorfhreastail) atá chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimseartha uaidh nó uaithi, agus—
(a) a bhfuil 16 bliana d'aois slánaithe aige nó aici, nó
(b) atá faoi bhun 16 bliana d'aois agus ar duine é nó í a n-íoctar liúntas ina leith le haghaidh cúraim baile do leanaí éislinneacha faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970;”,
agus
(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cúramóir”:
“ciallaíonn ‘cúramóir’—
(a) duine a chónaíonn i dteannta duine iomchuí agus a thugann cúram agus aire lánaimseartha dó nó di, nó
(b) faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar, duine nach gcónaíonn i dteannta duine iomchuí ach a thugann cúram agus aire lánaimseartha dó nó di.”.
Deontas cúraim faoisimh.
11.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 168:
“Deontas cúraim faoisimh. | 168A.—(1) Íocfar deontas £200 (dá ngairtear ‘deontas cúraim faoisimh’ san alt seo), nó cibé méid is airde ná sin a fhorordófar, le cúramóir iomchuí gach bliain i leith costais cúraim faoisimh. (2) San alt seo ciallaíonn “cúramóir iomchuí” duine— (a) ar cúramóir é nó í atá i dteideal nó ag fáil liúntais cúramóra faoin gCaibidil seo, (b) ar gaol forordaithe é nó í de réir bhrí alt 163 agus a bhfuil liúntas iníoctha ina leith faoi alt 167, nó (c) atá ag tabhairt cúram lánaimseartha do dhuine atá ag fáil méadú ar phinsean míthreorach faoi alt 57 i leith an ghá le síorfhreastal. (3) Forordófar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo— (a) an dáta gach bliain a thiocfaidh deontas cúraim faoisimh chun bheith iníoctha le cúramóir iomchuí, agus (b) an fhianaise a bheidh le tabhairt ag cúramóir iomchuí lena mbaineann fo-alt (2)(c) chun a shuíomh go bhfuil an cúram dá dtagraítear sa mhír sin á thabhairt ag an gcúramóir ar an dáta sin.”. |
Acmhainn a mheasúnú — feabhsuithe.
12.—Leasaítear leis seo Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí fhomhír (bb) (a cuireadh isteach le halt 10(2)(b) d'Acht 1998) i Riail 1(4) a scriosadh,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (6) de Riail 1:
“(7) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil cúramóra nach duine de lánúin é nó í (seachas acmhainn a gheofar ó íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile) a bheith á ríomh, déanfar neamhshuim de cibé méid a fhorordófar,”,
agus
(c) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (1A) (a cuireadh isteach le halt 12(2) d'Acht 1995) de Riail 4:
“(1A) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil an duine eile den lánúin a bheith á ríomh chun críocha mhír (1) déanfar neamhshuim de na méideanna seo a leanas—
(a) méid d'íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile, ar méid é nach mó ná an méid uasta atá leagtha amach i gcolún (2), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal, agus
(b) méid d'íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile i leith gach linbh cháilithe dá ndeonaítear méadú faoi alt 165(1) (arna leasú le halt 23 d'Acht 1997), ar méid é nach mó ná leath an méid atá leagtha amach i gcolún (4), tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal.
(1B) I gcás liúntais cúramóra, le linn acmhainn sheachtainiúil na lánúine (seachas acmhainn a gheofar ó íocaíocht slándála sóisialaí is iníoctha faoi reachtaíocht stáit eile) a bheith á ríomh, déanfar neamhshuim de cibé méid a fhorordófar.”.
Leasuithe de dhroim alt 10.
13.—Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo ar an modh a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).
Tosach feidhme (Cuid III).
14.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
CUID IV
Cúnamh Feirme
Cúnamh feirme.
15.—Leasaítear leis seo Cuid III den Phríomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chaibidil 13 (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 1997):
“CAIBIDIL 14 Cúnamh Feirme | |
Léiriú. | 191L.—(1) Sa Chaibidil seo agus sa Tríú Sceideal— ciallaíonn “feirmeoireacht” feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirme lena n-áirítear coimín— (a) atá ar úinéireacht, agus atá in úsáid chun críocha fearachais, (b) atá ar léas, agus atá in úsáid chun críocha fearachais, nó (c) nach cuid de ghabháltas níos mó agus atá in úsáid chun críocha fearachais, ag an éilitheoir; ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine atá ag gabháil d'fheirmeoireacht; ciallaíonn ‘fearachas’ an talamh a oibriú d'fhonn táirge traidisiúnta na talún a bhaint aisti; ciallaíonn ‘acmhainn sheachtainiúil’ an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar 52: Ar choinníoll go ndéanfar an méid a ríomhfar amhlaidh a chothromú suas go dtí an £1 is gaire i gcás gur iolraí de 50p é ach nach iolraí de £1 é freisin agus a chothromú go dtí an £1 is gaire i gcás nach iolraí de 50p ná de £1 é. (2) Chun críocha na Caibidle seo, déanfar acmhainn a ríomh de réir na Rialacha atá i gCuid IV den Tríú Sceideal. |
Teideal chun liúntais. | 191M.—(1) Faoi réir an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoi, beidh liúntas (dá ngairtear ‘cúnamh feirme’ san Acht seo) iníoctha le feirmeoir más rud é— (a) go bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici agus go bhfuil sé nó sí faoi aois inphinsin, agus (b) nach mó a acmhainn nó a hacmhainn sheachtainiúil, faoi réir fho-alt (2), ná méid an chúnaimh feirme (lena n-áirítear aon mhéaduithe air) a bheadh iníoctha leis an bhfeirmeoir faoin gCaibidil seo dá mba rud é nach raibh aon acmhainn aige nó aici. (2) I gcás nach é nó í céile éilitheora ar chúnamh feirme aosach cáilithe an éilitheora, nó i gcás gur céile é nó í a bhfuil méadú iníoctha ina leith de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 245A, measfar gurb í acmhainn an éilitheora leath na hacmhainne. |
Ráta liúntais (lena n-áirítear méaduithe i leith aosaigh cháilithe agus leanaí cáilithe). | 191N.—(1) Faoi réir na Caibidle seo, is é a bheidh sa ráta cúnaimh feirme (dá ngairtear ‘an ráta sceidealta’ sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) ag tagairt 11 i gCuid I den Cheathrú Sceideal, móide— (a) an méid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin os coinne na tagartha sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh aosach cáilithe ag an éilitheoir nó ag an tairbhí, faoi réir an tsriain nach mbeidh an t-éilitheoir nó an tairbhí, ach amháin i gcás go bhforáiltear a mhalairt le rialacháin, i dteideal méadaithe ar an liúntas in aghaidh na tréimhse céanna faoin bhfomhír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus (b) an ráta cuí atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin os coinne na tagartha sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí. (2) Beidh cúnamh feirme iníoctha— (a) i gcás gur lú ná £1 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí, de réir an ráta sceidealta, (b) i gcás gur comhionann le £1 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta lúide £1, agus (c) i gcás gur mó ná £1 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta, lúide £1 i leith gach méid (más ann) de £1 ar mó an acmhainn sheachtainiúil sin ná £1: Ar choinníoll nach mbeidh aon chúnamh feirme iníoctha más comhionann acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí leis an ráta sceidealta nó más mó í ná an ráta sceidealta. |
Méid na híocaíochta i leith linbh cháilithe i gcásanna áirithe. | 191O.—Aon mhéadú ar chúnamh feirme is iníoctha de bhun alt 191N i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an éilitheoir nó leis an tairbhí agus le céile an éilitheora nó an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta ar leath é den mhéid cuí in aon chás nach aosach cáilithe céile an éilitheora nó an tairbhí, agus forléireofar alt 191N, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin. |
An méid iomlán is iníoctha le lánúin. | 191P.—(1) Faoi réir fho-alt (3), i gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin scoir nó pinsin easláine agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh feirme, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin agus an chúnaimh feirme sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), nó thar an méid iomlán cúnaimh feirme (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo), a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh feirme, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh feirme is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh feirme sin a laghdú de mhéid na breise. (2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás duine de lánúin a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, liúntais réamhscoir, liúntais míchumais nó cúnaimh feirme agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh feirme, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo de bhun an Achta seo thar an méid a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir, liúntas míchumais nó cúnamh feirme, de réir mar a bheidh, (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí) agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil an chúnaimh nó an liúntais. (3) I gcás feirmeora a bhí ag fáil cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir nó liúntais míchumais, díreach roimh íoc an chúnaimh feirme, agus a raibh feidhm ag forálacha ailt 122(1) nó (4) nó 191E maidir leis nó léi, beidh feidhm ag alt 32(2) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1999, amhail is dá mba rud é gur lean an feirmeoir de bheith ag fáil cúnamh dífhostaíochta nó liúntas réamhscoir nó liúntas míchumais, de réir mar a bheidh. (4) San alt seo ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile. |
Dícháiliú. | 191Q.—(1) Dícháileofar feirmeoir chun cúnamh feirme a fháil le linn dó nó di— (a) a bheith fostaithe i rith aon seachtaine faoi scéim a riarann an Foras Áiseanna Saothair agus ar a dtugtar Fostaíocht Phobail, (b) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Liúntas chun Filleadh ar Obair, (c) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Greasacht Post Páirtaimseartha, nó (d) a bheith páirteach i scéim a riarann an tAire agus ar a dtugtar Liúntas Fiontair Limistéir. (2) Ní bheidh feirmeoir i dteideal cúnamh feirme a fháil le linn dó nó di a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir, seachas i cibé imthosca agus faoi réir cibé coinníollacha agus ar feadh cibé tréimhsí a fhorordófar. (3) I bhfo-ailt (2) agus (4) tá le ‘bliain acadúil’, ‘cúrsa staidéir’ agus ‘foras oideachais’ na bríonna céanna atá leo in alt 126(2). (4) San alt seo, faoi réir rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (2), measfar feirmeoir a bheith ag freastal ar chúrsa staidéir— (a) ar feadh tréimhse 3 mhí díreach tar éis don duine sin oideachas dara leibhéal a chríochnú nó a fhágáil nó Scrúdú na hArdteistiméireachta de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta a chríochnú (cibé acu is déanaí), (b) ar feadh ré bliana acadúla, nó (c) ar feadh na tréimhse díreach tar éis bliain acadúil amháin a bheith críochnaithe, seachas an bhliain dheireanach acadúil de chúrsa staidéir, suas go dtí tosach na bliana acadúla dár gcionn.”. |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
16.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid III:
“CUID IV
Alt 191M.
Cúnamh Feirme
1. Nuair a bheidh acmhainn feirmeora á ríomh chun críocha Chaibidil 14 de Chuid III, cuirfear an méid seo a leanas i gcuntas—
(1) an t-ioncam comhiomlán a gheobhaidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile:
(a) ó fheirmeoireacht (seachas úsáid tí cónaithe, nó foirgnimh feirme ar úinéireacht agus ar áitiú, troscáin agus earraí pearsanta), agus
(b) ó aon chineál eile féinfhostaíochta lúide—
(i) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn feirmeoireacht nó cineál eile féinfhostaíochta a sheoladh, agus
(ii) i gcás go bhfuil leanbh cáilithe, a chónaíonn go rialta leis nó léi, ag an bhfeirmeoir, méid arb é a bheidh ann—
(I) £100 sa bhliain i leith gach duine den chéad dá leanbh cháilithe, agus
(II) £200 sa bhliain i leith gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin,
arna ríomh de réir ráta 80 faoin gcéad;
(2) an luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid nó dá cuid nó de chuid a chéile nó a céile (nach feirm thalún ar úinéireacht nó ar léas aige nó aici nó ag a chéile nó ag a céile) atá infheistithe nó atá á húsáid go sochrach ar mhodh eile nó nach bhfuil infheistithe nó á húsáid go sochrach ag an bhfeirmeoir nó ag a chéile nó ag a céile, cé go bhféadfaí í a infheistiú nó a úsáid go sochrach;
(3) gach ioncam eile a bhféadfaidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile súil a bheith aige nó aici go réasúnach é a fháil in airgead i gcaitheamh na bliana ina dhiaidh sin, cibé acu mar ranníocaí in aghaidh chaiteachais an teaghlaigh nó ar shlí eile, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—
(a) aon airgead a gheofar ó Bhallstát eile mar shochar, mar phinsean, mar chúnamh, mar liúntas, mar fhorlíonadh nó mar íocaíocht leantach i leith leanaí cáilithe faoi Chuid II, III, IV, V nó VA nó mar íocaíocht atá comhréireach le sochar linbh faoi Chuid IV,
(b) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (arna míniú sa scéim sin) agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna,
(c) i gcás iarratasóra cháilithe faoi scéim a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus ar a dtugtar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, aon ioncam a gheofar faoin scéim sin i leith duine a chónaíonn go sealadach i dteannta an iarratasóra cháilithe, mar aon le haon ioncam eile a gheofar i leith an chónaitheora shealadaigh sin,
(d) méid aon liúntais, liúntais cleithiúnaí, pinsin míchumais nó pinsin créachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó na liúntais agus na pinsin sin i dteannta a chéile a mhéid nach mó ná £80 sa bhliain an méid sin,
(e) aon airgead a gheofar ó eagraíocht charthanúil, ar comhlacht í a bhfuil a gníomhaíochtaí á seoladh seachas le haghaidh brabúis (ach aon údarás poiblí nó áitiúil a eisiamh) agus ar feidhm dá cuid í cabhrú le daoine i ngátar trí dheontais airgid a thabhairt dóibh,
(f) cibé méid a fhorordófar d'ioncam ó fhostaíocht mar chúntóir teaghlaigh ag bord sláinte nó ag duine a bheidh ceadaithe ag bord sláinte,
(g) aon airgead a gheofar mar liúntas oiliúna ó eagraíocht fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin arna sholáthar ag an eagraíocht (is eagraíocht a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte agus Leanaí chun an oiliúint sin a sholáthar),
(h) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh feirmeoir nó a chéile nó a céile i leith oibre mar eachtar-oibrí faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,
(i) i gcás an feirmeoir nó a chéile nó a céile a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a gheofar uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,
(j) íocaíochtaí ag bord sláinte i leith linbh a bheidh curtha amach ar iostas,
(k) faoi réir mhír (5), an t-airgead go léir a thuillfidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile i leith fostaíochta pearsanta reatha faoi chonradh seirbhíse,
(l) i cibé cásanna a fhorordófar, aon airgead a gheofar mar dheontas cothabhála faoi scéim a riarann an tAire Oideachais agus Eolaíochta faoi na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992,
(m) aon airgead a gheofar mar liúntas soghluaiseachta is iníoctha faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970,
(n) suim £1,000 sa bhliain ó fheamainn a bhaint,
(o) faoi réir mhír (5), aon airgead a thuillfidh an feirmeoir nó a chéile nó a céile ó fhostaíocht inárachaithe de chineál séasúrach,
(p) íocaíochtaí ag bord sláinte i leith cóiríocht a chur ar fáil do leanbh faoi alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991,
(q) gach ioncam a gheofar faoi na scéimeanna seo a leanas:
(i) an Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe a riarann an tAire Talmhaíochta agus Bia, agus
(ii) an Scéim um Limistéir Chaomhantais Speisialta a riarann an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán,
ach amháin a mhéid a théann an t-ioncam sin thar—
(I) £2,000, móide
(II) aon leath amháin d'aon mhéid thar £2,000 a gheofar faoi na scéimeanna sin, móide
(III) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn páirt a ghlacadh sna scéimeanna sin,
(r) cibé ioncam eile a gheobhaidh feirmeoir nó a chéile nó a céile agus a fhorordófar;
(4) an t-ioncam go léir agus luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, na maoine go léir a cheil an feirmeoir nó a chéile nó a céile orthu féin go díreach nó go neamhdhíreach le cáiliú chun cúnamh feirme a fháil, ach i gcás inar laghdaíodh an t-ioncam sin nó luach bliantúil na maoine sin, arna fhionnadh amhlaidh, ó dháta an ríofa i leith, féadfar an ríomh a athbhreithniú, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar:
Ar choinníoll nach bhfágfaidh aon rialacháin den sórt sin go mbeidh an t-ioncam nó luach bliantúil na maoine, a mheasfar a bheith ina chuid den acmhainn, le méadú;
(5) i gcás feirmeora nó a chéile nó a céile a bheith ag gabháil d'fhostaíocht reatha phearsanta nó shéasúrach, luach, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, aon airgid a gheofar ón bhfostaíocht sin, agus measfar gurb é atá in acmhainn sheachtainiúil an duine sin ó fhostaíocht den sórt sin ná an luach arna ríomh amhlaidh.
2. I Riail 1(3), measfar gurb é ioncam duine, mura mbeidh dóigh eile ann lena fhionnadh, an t-ioncam a fuarthas iarbhír i rith na bliana díreach roimh dháta an ríofa.
3. Sa Sceideal seo, ciallaíonn ‘céile’—
(a) gach duine de lánúin phósta atá in aontíos, nó
(b) fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.
4. Féadfaidh an tAire le rialacháin forálacha Riail 1 a athrú.”.
Leasuithe de dhroim alt 15.
17.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí na rátaí seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht seo) i ndiaidh an ráta cúnaimh atá ag tagairt 10:
“11. Cúnamh Feirme | 73.50 | 43.20 | 13.20 | — | — | —”,
agus
(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 138:
“138A.—I gcás duine a bhí ag fáil cúnaimh feirme faoi Chaibidil 14 de Chuid III díreach sular tháinig sé nó sí chun bheith i dteideal pinsin seanaoise (neamhranníocach), is é an ráta seachtainiúil pinsin a bheidh iníoctha—
(a) an ráta is iníoctha de réir ailt 136, 137 agus 138, nó
(b) méid is comhionann leis an ráta cúnaimh feirme a bhí iníoctha de réir ailt 191N agus 191O díreach sular tháinig an duine chun bheith i dteideal pinsin seanaoise (neamhranníocach),
cibé méid acu is mó.”.
(2) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal D a ghabhann leis an Acht seo sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal os coinne lua na forála sin i gcolún (1).
Tosach feidhme (Cuid IV).
18.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
CUID V
Feabhsuithe ar Scéimeanna Leasa Shóisialaigh
Deontas méala.
19.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil 19 de Chuid II:
“Caibidil 19 Deontas Méala | |
Teideal chun deontais. | 114. (1) Faoi réir an Achta seo, beidh deontas méala iníoctha, le cibé duine nó daoine a bheidh forordaithe, ar bhás duine díobh seo a leanas— (a) (i) pinsinéir, (ii) aosach cáilithe, (iii) céile pinsinéara, (iv) leanbh cáilithe a raibh méadú ar phinsean a shonraítear i míreanna (a) go (f) sa mhíniú ar ‘pinsinéir’ á íoc ina leith tráth an bháis, (v) dílleachta, nó (vi) duine lena bhfuil liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha faoi alt 109, nó (b) (i) duine árachaithe, (ii) céile duine árachaithe, (iii) baintreach nó baintreach fir duine árachaithe éagtha, nó (iv) leanbh cáilithe seachas leanbh cáilithe dá dtagraítear i mír (a)(iv), má chomhlíontar na coinníollacha ranníoca in alt 115: Ar choinníoll nach n-íocfar ach deontas méala amháin de bhua an ailt seo ar aon bhás áirithe. (2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘dílleachta’ duine a bhfuil liúntas dílleachta (ranníocach) iníoctha ina leith faoi Chaibidil 17; ciallaíonn ‘pinsinéir’ duine a bhí, tráth a bháis nó a báis, ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas: (a) pinsean seanaoise (ranníocach), (b) pinsean scoir, (c) pinsean easláine, (d) pinsean baintrí (ranníocach), (e) pinsean baintrí fir (ranníocach), nó (f) sochar banchéile thréigthe, nó a bheadh ag fáil ceann de na híocaíochtaí sin mura rud é go raibh an duine ag fáil pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin dall, pinsin baintrí nó baintrí fir (neamhranníocach) nó liúntais cúramóra de réir ráta níos airde; ciallaíonn ‘aosach cáilithe’ duine a raibh méadú ar shochar a shonraítear i míreanna (a) go (c) sa mhíniú ar ‘pinsinéir’ á íoc ina leith tráth an bháis, nó a mbeadh méadú den sórt sin iníoctha ina leith mura rud é go raibh an t-aosach cáilithe ag fáil pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin dall nó liúntais cúramóra ina cheart féin nó ina ceart féin; ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’, in alt 114(1)(b), duine— (a) atá, ar dháta an bháis, faoi bhun 18 mbliana d'aois nó os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 22 bhliain d'aois, agus atá ag fáil oideachas lánaimseartha, a ndéanfar na himthosca ina leith a shonrú i rialacháin, (b) ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát ar an dáta sin, agus (c) nach gcomhlíonann árachas an duine sin nó árachas chéile an duine sin na coinníollacha ranníoca iomchuí le haghaidh deontais méala i leith a bháis nó a báis; ciallaíonn ‘dáta iomchuí’ dáta báis an duine éagtha nó dáta báis an duine árachaithe iomchuí nó dáta slánaithe aois inphinsin an duine árachaithe iomchuí, cibé acu is túisce a tharlóidh agus cibé acu is é nó í an duine éagtha an duine árachaithe iomchuí nó nach é nó í; ciallaíonn ‘duine árachaithe iomchuí’— (a) i gcás inar leanbh cáilithe an duine éagtha— (i) athair nó máthair an duine éagtha sin, (ii) an duine a gcinntear, de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 3(5), an duine éagtha a bheith ina chónaí nó ina cónaí go rialta leis nó léi ar dháta a bháis nó a báis nó gur leis nó léi a bheadh sé nó sí ina chónaí nó ina cónaí go rialta amhlaidh murach é nó í a bheith cimithe chun scoile ceartúcháin nó chun scoile saothair, nó (iii) céile an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii), nó (b) in aon chás eile, an duine éagtha nó céile an duine éagtha; ciallaíonn ‘meánmhéid bliantúil’ an meánmhéid, i ngach bliain ranníoca, de sheachtainí ranníoca a bhfuil ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe ag an duine árachaithe iomchuí sa tréimhse chuí a shonraítear in alt 115(1)(b)(ii). |
Coinníollacha maidir le deontas a fháil. | 115. (1) Is iad na coinníollacha ranníoca le haghaidh deontais méala ná ranníocaí cáilitheacha a bheith ag an duine árachaithe iomchuí, roimh an dáta iomchuí— (a) i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad ó theacht faoi árachas dó nó di, nó (b) i leith 26 sheachtain ranníoca ar a laghad ó theacht faoi árachas dó nó di, agus (i) ranníocaí cáilitheacha, ranníocaí saorálacha nó ranníocaí creidiúnaithe a bheith aige nó aici i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad sa bhliain ranníoca iomlán deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí, nó (ii) meánmhéid bliantúil 39 ranníoc cháilitheacha, ranníoc shaorálacha nó ranníoc chreidiúnaithe a bheith aige nó aici in aghaidh na 3 bliana nó na 5 bliana ranníoca iomlána deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí, nó (iii) meánmhéid bliantúil 26 ranníoc cháilitheacha, ranníoc shaorálacha nó ranníoc chreidiúnaithe a bheith aige nó aici ó theacht faoi árachas dó nó di nó ó thosach na bliana ranníoca dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, (cibé acu is déanaí) agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí, nó (iv) meánmhéid bliantúil 26 ranníoc cháilitheacha, ranníoc shaorálacha nó ranníoc chreidiúnaithe a bheith aige nó aici ó theacht faoi árachas dó nó di nó ó thosach na chéad bhliana ranníoca eile tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1970, (cibé acu is déanaí) agus dar críoch deireadh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an dáta iomchuí. (2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca maidir le deontas méala a fháil. (3) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar modhnuithe ar na coinníollacha ranníoca le haghaidh deontais méala i gcás duine ba dhuine árachaithe ar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1970, agus, i gcaitheamh na bliana i ndiaidh an dáta sin, a bhí as láthair as an Stát ar feadh aon tréimhse nó ar creidiúnaíodh ranníocaí dó nó di i leith aon tréimhse dífhostaíochta, éagumais chun oibre nó scoir nó atá nó a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir saorálach agus ranníocaí á n-íoc aige nó aici de réir an ráta a shonraítear in alt 22(1)(b)(ii). |
Méid an deontais. | 116. Faoi réir an Achta seo, is mar atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid V den Dara Sceideal a bheidh méid an deontais méala.”. |
(2) “nó liúntas dílleachta (ranníocach) nó deontas méala” a chur in ionad “nó liúntas dílleachta (ranníocach)” in alt 18(1)(g).
(3) Leasaítear leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal E a ghabhann leis an Acht seo sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).
(4) Déanfar gach tagairt do dheontas báis sa Phríomh-Acht agus in aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt do dheontas méala.
(5) Beidh feidhm ag an leasú a dhéantar leis an alt seo maidir le haon éileamh ar dheontas méala i gcás ina dtarlaíonn an bás an 6ú lá d'Aibréan, 1999, nó dá éis.
Liúntas míchumais — íocaíocht a leathnú.
20.—Leasaítear leis seo alt 191B den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1996) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (3A) (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1997):
“(3) Faoi réir fho-ailt (3A) agus (3B), ní bheidh duine i dteideal liúntas míchumais a fháil in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cónaí ar an duine sin i bhforas lena linn.
(3A) Faoi réir na Caibidle seo, féadfar, faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a fhorordófar, a fhoráil le rialacháin go mbeidh teideal chun liúntais míchumais ag duine a mbeadh an teideal sin aige nó aici murach cónaí a bheith air nó uirthi i bhforas, i gcás ina mbeidh cónaí sealadach ar an duine in áit eile—
(i) ar feadh tréimhse nach lú ná dhá lá in aghaidh na seachtaine, nó
(ii) ar feadh cibé tréimhse eile a fhorordófar:
Ar choinníoll, i gcás duine a bhfuil feidhm ag mír (i) maidir leis nó léi, go mbeidh liúntas míchumais is iníoctha de bhua na míre sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta sin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal.
(3B) D'ainneoin fho-ailt (3) agus (3A), i gcás duine ar tairbhí liúntais míchumais é nó í agus, an 1ú lá de Lúnasa, 1999, nó dá éis, a ghlacfar isteach i bhforas ina dhiaidh sin, leanfaidh an duine sin de bheith i dteideal liúntas míchumais a fháil, más rud é go mbeadh sé nó sí, an tráth a ghlacfar é nó í isteach san fhoras, i dteideal ar shlí eile liúntas míchumais a fháil.”.
Pinsin do lucht féinfhostaithe — os cionn aois 56.
21.—Leasaítear leis seo alt 84 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (d):
“(e) I gcás duine a tháinig chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus nach raibh roimhe sin ina ranníocóir fostaithe faoin Acht seo nó faoi na hAchtanna um Árachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular tháinig sé nó sí chun bheith árachaithe amhlaidh, agus a raibh 56 bliana d'aois slánaithe aige nó aici an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó roimhe sin ach nach raibh 62 bhliain d'aois slánaithe aige nó aici, forléireofar fo-alt (1)(a) amhail is dá gcuirfí ‘62’ in ionad ‘56’ chun cáiliú i gcomhair pinsin faoi fho-ailt (16) agus (17).”,
(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (15):
“(16) Faoi réir fho-alt (17), beidh pinsean iníoctha i gcás duine—
(a) a tháinig chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair ar an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus a raibh 56 bliana d'aois slánaithe aige nó aici ar an dáta sin nó roimhe agus nach gcomhlíonann na coinníollacha ranníoca ag alt 84(1)(c) nó 84(7), nó
(b) a chomhlíonann an coinníoll ranníoca ag alt 84(1)(a) de bhua alt 84(2)(e) agus nach gcomhlíonann, murach alt 84(2)(e), na coinníollacha ranníoca ag alt 84(1) nó 84(7),
agus a bhfuil ranníocaí cáilitheacha aige nó aici i leith 260 seachtain ar a laghad ó tháinig sé nó sí chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe.
(17) Beidh an ráta pinsin is iníoctha de réir fho-alt (16) iníoctha de réir leath an ráta a shonraítear i gcolún (2) ag tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal agus beidh aon mhéaduithe is iníoctha faoi alt 87(1) nó (2) iníoctha de réir leath an ráta a shonraítear i gcolúin (3) agus (4) ag tagairt 3 de Chuid I den Dara Sceideal.
(18) Déanfar an méid iomlán is iníoctha mar phinsean de réir fho-ailt (16) agus (17) a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolraí de 5p é ach nach iolraí de 10p freisin é agus déanfar é a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí de 5p ná de 10p é.”,
agus
(c) trí “Faoi réir na Coda seo, déanfar an ráta seachtainiúil” a chur in ionad “Déanfar an ráta seachtainiúil” in alt 87(1) agus (2).
Acmhainn a mheasúnú — iascairí.
22.—Leasaítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—
(a) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (2)(j) (a cuireadh isteach le halt 26(1) d'Acht 1997) i Riail 1:
“(j) i gcás a chéile nó a céile a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam sin a gheofar uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,
(jj) seachas i gcás liúntais míchumais, agus faoi réir mhír (8), aon ioncam a gheobhaidh iascaire ó aon chineál féinfhostaíochta,”,
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (2)(l) (a cuireadh isteach le halt 26(1) d'Acht 1997) i Riail 1:
“(ll) seachas i gcás liúntais míchumais, aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn aon chineál féinfhostaíochta a sheoladh,”,
(c) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (7) (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1996) i Riail 1:
“(8) i gcás iascaire, an t-ioncam comhiomlán a gheofar ó aon chineál féinfhostaíochta lúide—
(a) aon chaiteachais a thabhófar de riachtanas le linn aon chineál féinfhostaíochta a sheoladh, agus
(b) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe, a chónaíonn go rialta leis nó léi, ag an iascaire—
(i) £100 sa bhliain i leith gach duine den chéad dá leanbh cháilithe, agus
(ii) £200 sa bhliain i leith gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin,
arna ríomh de réir ráta 80 faoin gcéad.”,
agus
(d) tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 3 (a cuireadh isteach le halt 16 (3) d'Acht 1995):
“3. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn ‘iascaire’ duine atá ag gabháil d'iascaireacht mhara mar dhuine féinfhostaithe—
(a) ar bhád iascaireachta arna thaifeadadh i gClár na mBád Iascaireachta, nó
(b) ar bhád iascaireachta agus in áit ar eisíodh ceadúnas iascaireachta (de réir bhrí alt 3 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959) d'iascaireacht bradán ar muir ina leith;
ciallaíonn ‘céile’—
(a) gach duine de lánúin phósta atá in aontíos, nó
(b) fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.”.
Íocaíocht iomchuí — foráil chosanta.
23.—Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1996 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) D'ainneoin fhorálacha na Coda seo, i gcás inar scoir bean nó ina scoirfidh bean de theideal chun sochair faoi Chaibidil 18 de Chuid II den Phríomh-Acht a bheith aici de bhua nach bhfuil cónaí a thuilleadh ar leanbh cáilithe amháin ar a laghad ina teannta, tiocfaidh sí, ar 40 bliain d'aois a shlánú di, i gcás ina mbeadh teideal chun an tsochair sin aici murach an Chuid seo, chun an teideal sin a bheith aici arís agus leanfaidh sí den teideal sin a bheith aici, ar feadh ré a teidil leanúnaigh chuige sin, de réir fhorálacha an Phríomh-Achta agus rialachán arna ndéanamh faoi.
(5) I gcás duine a bhfuil feidhm ag fo-alt (2), (3) nó (4) ina leith agus atá dícháilithe chun íocaíocht iomchuí a fháil de bhua alt 211(1)(a) nó (14) den Phríomh-Acht, más rud é go mbeadh teideal chun na híocaíochta iomchuí sin aici murach an dícháiliú sin, tiocfaidh sí chun teideal a bheith aici arís chun na híocaíochta iomchuí sin ar éag don dícháiliú in aon chás nach mó ná 12 mhí tréimhse an dícháilithe.”.
Oibrithe forbartha deonacha — teideal a leathnú.
24.—(1) Leasaítear leis seo alt 32 (9) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht Uimh. (2) de 1993) den Phríomh-Acht trí “chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin” a chur in ionad “chéad bhliain sochair ina dhiaidh sin”.
(2) Leasaítear leis seo alt 43 (7) (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht Uimh. (2) de 1993) den Phríomh-Acht trí “chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin” a chur in ionad “chéad bhliain sochair ina dhiaidh sin”.
(3) Leasaítear leis seo alt 41B (a cuireadh isteach le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leas Sóisialach), 1995 (I.R. Uimh. 25 de 1995)) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(5) Maidir leis an gceanglas atá i bhfo-alt (1)(b) nach mór don éilitheoir tuilleamh seachtainiúil ináirithe forordaithe de bhreis ar mhéid fhorordaithe a bheith aige nó aici sa tréimhse fhorordaithe, ní bheidh feidhm aige i gcás éilimh ar shochar sláinte agus sábháilteachta arna dhéanamh ag duine sa bhliain sochair ar lena linn a fhilleann an duine sin ar an Stát ó thír fhorásach, tar éis dó nó di a bheith ina oibrí nó ina hoibrí forbartha deonach, nó sa chéad dá bhliain sochair ina dhiaidh sin.”.
Tosach feidhme (Cuid V).
25.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
CUID VI
Forálacha Ilghnéitheacha
Iniúchadh ar áitribh ag cigirí leasa shóisialaigh.
26.—(1) Leasaítear leis seo alt 212 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Beidh cumhacht ag cigire leasa shóisialaigh, chun críocha an Achta seo, aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh—
(a) dul isteach, gan fógra roimh ré, gach tráth réasúnach, in aon áitreabh nó áit a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo,
(b) in áitreabh nó áit den sórt sin—
(i) cibé scrúdú nó fiosrúchán a dhéanamh,
(ii) aon taifid a fhaightear ann a iniúchadh agus cóipeanna a thógáil díobh nó sleachta a thógáil astu (lena n-áirítear i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite cóip den fhaisnéis sin nó sliocht aisti i bhfoirm inléite bhuan), agus
(iii) taifid den sórt sin a aistriú agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú tuilleadh,
de réir mar is gá d'fhonn a fhionnadh an bhfuil forálacha an Achta seo á gcomhlíonadh,
(c) aon taifid den sórt sin a dhaingniú lena n-iniúchadh níos faide anonn,
(d) ceistiú a dhéanamh, ina aonar nó ina haonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis nó léi i ndáil le haon nithe a n-éileoidh sé nó sí go réasúnach faisnéis ina dtaobh chun críocha an Achta seo, ar gach duine a gheobhaidh sé nó sí in aon áitreabh nó áit den sórt sin, nó a bhfuil cúis réasúnach aige nó aici chun a chreidiúint ina leith gur duine árachaithe atá nó a bhí ann nó inti, agus a cheangal go ndéanfar gach duine den sórt sin a cheistiú amhlaidh agus go síneoidh siad dearbhú maidir le fírinne na nithe ar ceistíodh é nó í ina leith, agus
(e) chun freagra nó soiléiriú a thabhairt ar aon cheisteanna a bheidh ag an gcigire leasa shóisialaigh de dhroim an iniúchta ar an áitreabh nó ar an áit, áititheoir an áitribh nó na háite, aon duine atá nó a bhí ag fostú daoine ann nó cibé duine a bheidh ainmnithe ag an áititheoir nó ag an bhfostóir mar dhuine atá inniúil ar fhreagra nó soiléiriú a thabhairt ar aon cheisteanna den sórt sin a thoghairm chun bheith i láthair ag an áitreabh nó ag an áit sin (nó ag oifig de chuid an Aire) aon tráth réasúnach a shonrófar, ar toghairm í a dhéanfar le fógra i scríbhinn arna thabhairt dó nó di ag an áitreabh nó ag an áit nó arna chur chuige nó chuici san áitreabh nó san áit sin leis an bpost cláraithe.”,
(b) trí “taifead” a chur in ionad “doiciméad” i bhfo-alt (6)(b), agus
(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (14):
“(15) I gcás inar dóigh le cigire leasa shóisialaigh gur gá é, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheith in éineacht leis nó léi le linn don chigire leasa shóisialaigh aon chumhacht a thugtar dó nó di faoin alt seo a chomhlíonadh.
(16) Féadfaidh cigire leasa shóisialaigh, d'fhonn a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo, más rud é go bhfuil comhalta den Gharda Síochána faoi éide in éineacht leis nó léi—
(a) aon fheithicil a stopadh a bhfuil amhras réasúnach air nó uirthi go n-úsáidtear í i gcúrsa fostaíochta nó féinfhostaíochta, agus
(b) ar dheimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt ar aird, má iarrtar amhlaidh air nó uirthi, ceistiú a dhéanamh ar aon duine san fheithicil agus fiafruithe a dhéanamh de nó di nó a cheangal ar dhuine den sórt sin aon taifead a thabhairt dó nó di, ar taifead é a bhaineann lena fhostaíocht nó lena fostaíocht nó lena fhéinfhostaíocht nó lena féinfhostaíocht agus atá á shealbhú san fheithicil ag an duine, agus é a scrúdú.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 2(1) den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ranníoc cáilitheach”:
“ciallaíonn ‘taifead’ aon leabhar, doiciméad nó aon ábhar scríofa nó clóite eile in aon fhoirm lena n-áirítear aon fhaisnéis arna stóráil, arna coimeád nó arna caomhnú trí bhíthin aon fheiste meicniúla nó leictreonaí, cibé acu atá nó nach bhfuil sí á stóráil, á coimeád nó á caomhnú i bhfoirm inléite;”.
Sonraí seirbhíse poiblí — uimhir phearsanta seirbhíse poiblí a úsáid.
27.—Leasaítear leis seo alt 223 (1) (a cuireadh isteach le halt 14 d'Acht 1998) den Phríomh-Acht—
(a) trí “nó” a scriosadh i mír (i), agus
(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j) sa mhíniú ar “comhlacht sonraithe”:
“(j) an Bord Íocaíochtaí Seirbhísí Liachta Ginearálta,
(k) na hOspidéil Shaorálacha seo a leanas:
(i) Ospidéal Adelaide agus na Mí, Baile Átha Cliath, lena gcuimsítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí,
(ii) Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath,
(iii) Ospidéal an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath,
(iv) Ospidéal San Séam,
(v) Ospidéal Naomh Micheál, Dún Laoghaire,
(vi) Ospidéal Naomh Uinseann, Páirc na Leamhán, Baile Átha Cliath,
(vii) Ospidéal Ban an Choim, Baile Átha Cliath,
(viii) Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath,
(ix) An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath,
(x) Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite, Cromghlinn, Baile Átha Cliath,
(xi) Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill, Baile Átha Cliath,
(xii) Ospidéal Shráid Hiúm, Baile Átha Cliath,
(xiii) Ospidéal Naomh Lúcás agus Naomh Áine, Baile Átha Cliath,
(xiv) Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria, Baile Átha Cliath,
(xv) Ospidéal Ortaipéideach Corpraithe na hÉireann, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath,
(xvi) Ospidéal Ortaipéideach Cheapaí, Baile Átha Cliath,
(xvii) Ospidéal agus Scoil Chónaithe Mhuire, Baile Dúill, Baile Átha Cliath,
(xviii) An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin, Dún Laoghaire,
(xix) Ospidéal Eoin, Luimneach,
(xx) Ospidéal na Trócaire, Corcaigh,
(xxi) An Otharlann Theas/Ospidéal Victoria, Corcaigh,
(xxii) Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe,
(xxiii) Ospís Mhuire,
(xxiv) An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc,
(xxv) Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar,
(xxvi) Ospidéal Naomh Uinseann, Fionnradharc,
(xxvii) Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath,
(xxviii) Scoil agus Ospidéal Fiaclóireachta na hOllscoile, Corcaigh, nó
(l) cibé daoine eile a fhorordófar;”.
Cionta a ionchúiseamh.
28.—(1) Leasaítear leis seo alt 224 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Féadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair a thionscnamh—
(a) ar agra an Aire,
(b) ar agra boird sláinte in aon chás a éiríonn as feidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, i gcás inar tharla an cion laistigh dá limistéar feidhme, nó
(c) ar agra an Ard-Bhailitheora in aon chás a éiríonn as feidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo.
(2) Ní dhéanfaidh oifigeach don Aire aon imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh ar agra an Aire mura rud é go mbeidh sé nó sí údaraithe chuige sin le hordú speisialta nó ginearálta ón Aire nó go mbeidh an tAire tar éis toiliú le tosú na n-imeachtaí sin.”.
(2) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 224:
“Féadfaidh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla imeachtaí sibhialta faoin Acht a thionscnamh nó féadfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh i gcoinne an Bhiúró. | 224A. Aon imeachtaí, seachas imeachtaí chun cion a ionchúiseamh, a éiríonn as feidhmiú na gcumhachtaí atá ag oifigeach don Aire nó na ndualgas atá air nó uirthi faoin Acht seo ar oifigeach biúró é nó í, féadfaidh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla iad a thionscnamh nó féadfar iad a thionscnamh i gcoinne an Bhiúró.”. |
Achomhairc chuig an gCúirt Chuarda.
29.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí “tráth nach déanaí ná 21 lá ón ordachán a fháil” a chur isteach i ndiaidh “á ordú dó nó di an t-achomharc a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda” in alt 253A (a cuireadh isteach le halt 34 d'Acht 1997).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Liúntas leasa forlíontach — feidhmeanna a aistriú.
30.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí “Faoi réir fho-alt (2A), tá feidhm” a chur in ionad “Tá feidhm” in alt 247 (2),
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 247 i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) I gcás oifigigh breithiúnachta ar oifigeach biúró é nó í tá feidhm ag an alt seo freisin maidir le gach ceist a éiríonn faoi Chaibidil 11 de Chuid III.”,
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 248 i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta ar oifigeach biúró é nó í cinneadh a dhéanamh aon tráth lena ndéanfar athbhreithniú ar shocrú maidir le teideal chuig liúntas leasa forlíontach ó oifigeach de chuid boird sláinte, lena n-áirítear oifigeach de chuid boird sláinte a ainmnítear faoi alt 267(1), más dealraitheach don oifigeach breithiúnachta gur chóir an socrú a athbhreithniú ag féachaint do na fíorais mar a shuitear iad chun sástacht an oifigigh breithiúnachta agus d'fheidhm an Achta seo maidir leis na fíorais sin agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i dtaobh achomharc maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir le cinneadh bunaidh ó oifigeach breithiúnachta.”,
(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 248 i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1A) maidir le breith a bhaineann le ní atá ar achomharc faoi alt 257A nó 267(1), de réir mar is gá sa chás, mura rud é gur i bhfabhar an éilitheora a bheadh an cinneadh athbhreithnithe.”,
agus
(e) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 175(1) (a cuireadh isteach le halt 36 d'Acht 1996):
“175.—(1) Faoi réir threorú agus rialú ginearálta an Aire, beidh gach bord sláinte freagrach, i leith a limistéir feidhme, i riaradh feidhmeanna is inchomhlíonta faoin gCaibidil seo agus na bhfeidhmeanna a bhaineann le liúntas leasa forlíontach seachas—
(a) feidhmeanna a bhaineann le héilimh ar liúntas leasa forlíontach arna gcinneadh ag oifigeach breithiúnachta, agus
(b) cibé earnálacha íocaíochta a dhéanamh a bheidh forordaithe i cibé imthosca agus coinníollacha a bheidh forordaithe.”.
(2) Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Sceideal F a ghabhann leis an Acht seo a leasú ar an modh a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora — neamhshuim de thuilleamh.
31.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht:
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 158(3) (arna ionadú le halt 17 d'Acht 1996):
“(3) Faoi réir an Achta seo, ní bheidh íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora iníoctha le tuismitheoir cáilithe ar mó ná £230.76 an t-ioncam seachtainiúil comhiomlán (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta) atá aige nó aici.”,
(b) trí mhír (j) de Riail 1(4) de Chuid II den Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1997) a chur in ionad na míre seo a leanas:
“(j) i gcás tuismitheora cháilithe, de réir bhrí alt 157, faoi réir mhír (7) aon airgead a gheofar mar thuilleamh (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta),”,
agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Riail 1(6) de Chuid II den Tríú Sceideal:
“(7) (a) i gcás tuismitheora cháilithe, de réir bhrí alt 157, ag a bhfuil tuilleamh (lena n-áirítear pá agus brabús ó aon chineál féinfhostaíochta), measfar gurb é an tuilleamh seachtainiúil comhiomlán, arna ríomh de réir fhomhír (b), acmhainn sheachtainiúil an tuismitheora sin ó thuilleamh chun críocha Chaibidil 9 de Chuid III.
(b) le linn tuilleamh seachtainiúil comhiomlán tuismitheora cháilithe a ríomh chun críocha fhomhír (a), déanfar neamhshuim de mhéid £115.38 mar aon le leath an tuillimh sheachtainiúil chomhiomláin de bhreis ar an méid sin.”.
Teorainn le híocaíochtaí le lánúin.
32.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) in alt 122:
“(1) I gcás lánúine, más rud é go bhfuil gach duine den lánúin i dteideal cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun na Caibidle seo thar an méid a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu i dteideal go ndéanfaí cúnamh dífhostaíochta nó liúntas réamhscoir, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, más cuí), a íoc leis nó léi, agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí) a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu ag fáil cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir de réir mar a bheidh.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) in alt 122:
“(4) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise (neamhranníocach), pinsin scoir nó pinsin easláine agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an chúnaimh dífhostaíochta sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), nó an méid iomlán cúnaimh dífhostaíochta (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo) a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh dífhostaíochta sin a laghdú de mhéid na breise.”,
agus
(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 191E (arna leasú le halt 22 d'Acht 1997):
“191E.—(1) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir agus an duine eile a bheith i dteideal liúntais míchumais, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an liúntais míchumais sin (dá ngairtear ‘an méid iomchuí’ san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), de réir mar a bheidh, nó an méid iomlán liúntais míchumais (lena n-áirítear aon mhéaduithe air sin, de réir mar is cuí), cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’ san fho-alt seo) a bheadh iníoctha dá mba rud é nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó liúntais míchumais, de réir mar a bheidh, agus dá mba rud é gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid liúntais míchumais is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an liúntais míchumais sin a laghdú de mhéid na breise.
(2) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta nó liúntais réamhscoir agus an duine eile a bheith i dteideal liúntais míchumais, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun an Achta seo thar an méid a bheadh iníoctha leo dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu i dteideal go ndéanfaí cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir nó liúntas míchumais, de réir mar a bheidh, (lena n-áirítear aon mhéaduithe air, de réir mar is cuí) a íoc leis nó léi, agus beidh gach duine acu i dteideal go n-íocfaí leis nó léi leath amháin den mhéid a bheadh iníoctha leis nó léi dá mba rud é nach mbeadh ach duine amháin acu ag fáil an chúnaimh nó an liúntais.
(3) San alt seo—
ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile;
ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile.”.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh ar chúnamh nó liúntas arna dhéanamh ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.
CUID VII
Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, agus ar an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981
Leasú ar an Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979.
33.—(1) Leasaítear leis seo ailt 5(1)(a), 6(1) agus (7) (arna n-athrú leis na Rialacháin um Ranníocaí Sláinte (Ráta), 1987 (I.R. Uimh. 104 de 1987)) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979, trí “2 faoin gcéad” a chur in ionad “1.25 faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé.
(2) Leasaítear leis seo alt 7A den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979—
(a) trí “£217” a chur in ionad “£207” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(a) d'Acht 1998) i mír (1)(a),
(b) trí “£11,250” a chur in ionad “£10,750” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(b) d'Acht 1998) i mír (1)(b), agus
(c) trí “£11,250” a chur in ionad “£10,750” (a cuireadh isteach le halt 26(1)(c) d'Acht 1998) i bhfo-alt (2).
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.
An Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna a dhíothú.
34.—(1) Aisghairtear leis seo ailt 15 go 26 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1999.
CUID VIII
Leasú ar Acht na bPinsean, 1990
Leasú ar Acht na bPinsean, 1990.
35.—Leasaítear leis seo Cuid VI d'Acht na bPinsean, 1990, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 59A (a cuireadh isteach le halt 23 d'Acht na bPinsean (Leasú), 1996):
“Sochar a laghdú. | 59B.—(1) Faoi réir fho-alt (2), d'ainneoin aon ní i rialacha scéime, i gcás sochar dá bhforáiltear faoi na rialacha a bheith iníoctha i bhfoirm pinsin bhliantúil agus gur thosaigh an sochar sin, ní dhéanfaidh iontaobhaithe na scéime méid an tsochair is iníoctha leis an duine sin in aon bhliain dá éis a laghdú faoi mhéid an tsochair is iníoctha sa bhliain roimhe. (2) Féadfaidh iontaobhaithe scéime méid sochair atá á fháil ag duine faoin scéim a laghdú— (a) (i) i gcás inar cinneadh an sochar gan pinsean is iníoctha leis an duine a chur i gcuntas agus i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime an sochar a laghdú dá éis sin tríd an bpinsean sin a chur i gcuntas ar an dáta a thosaíonn an pinsean a bheith iníoctha leis an duine nó dá éis sin, nó (ii) i gcás inar cinneadh an sochar sin agus pinsean is iníoctha leis an duine á chur i gcuntas i gcás inar lú an pinsean sin ná an ráta pearsanta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) is iníoctha an tráth sin agus i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime an sochar a laghdú dá éis sin tríd an ráta pearsanta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir a chur i gcuntas ar an dáta a thosaíonn an ráta iomlán pinsin seanaoise (ranníocach) nó pinsin scoir a bheith iníoctha leis an duine nó dá éis sin, (b) i gcás ina gceadaítear le rialacha na scéime— (i) cuid den sochar a chomhshó ina suim chaipitiúil, (ii) pinsean is iníoctha le cleithiúnaí in éiric cuid den sochar a ghéilleadh, (iii) forghéilleadh nó feidhmiú liain ar an sochar nach bhfuil toirmiscthe le halt 36 den Acht seo, (iv) an sochar a laghdú de dheasca deireadh a theacht le cleithiúnas, (v) an sochar a laghdú nó a scor roimh ghnáthaois inphinsin i gcás an comhalta do scor roimh an aois sin de dheasca drochshláinte agus go dtéarnaíonn sé dá éis sin, nó (vi) an sochar a laghdú de dheasca an comhalta d'fheidhmiú rogha, nó (c) i gcás ina gceanglaítear an laghdú a dhéanamh d'fhonn na forálacha eile den Acht seo a chomhlíonadh. (3) I bhfo-alt (2)— ciallaíonn ‘pinsean seanaoise (ranníocach)’ pinsean seanaoise (ranníocach) faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993; ciallaíonn ‘pinsean’— (a) pinsean míthreorach, (b) sochar báis faoi ailt 60, 61 nó 62, (c) pinsean seanaoise (ranníocach), (d) pinsean scoir, (e) pinsean easláine, (f) pinsean baintrí (ranníocach), nó (g) pinsean baintrí fir (ranníocach), faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993; ciallaíonn ‘pinsean scoir’ pinsean scoir faoi Chuid II den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993. (4) I gcás inar dóigh leis an Aire go mbeadh sé míréasúnach a cheangal ar scéimeanna sonraithe nó ar earnálacha sonraithe scéimeanna, ag féachaint dá nádúr agus dá gcineál, agus go mbeadh sé in aghaidh leasanna a gcomhaltaí, forálacha sonraithe den alt seo a chomhlíonadh go hiomlán, féadfaidh sé le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais a fhoráil go mbeidh feidhm ag na forálacha sin maidir leis na scéimeanna sin nó leis na hearnálacha scéimeanna sin maille le modhnuithe sonraithe, ar modhnuithe iad atá, i dtuairim an Aire, réasúnach agus nach n-athraíonn na forálacha sin go hábhartha.”. |
SCEIDEAL A
“An Dara Sceideal
Na Rátaí Sochar
CUID I
Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith aosaigh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 167 (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí ina aonar nó ina haonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) | |||
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | |||
£ | £ | £ | £ | £ | £ | ||||
1. Sochar Míchumais, Sochar Dífhostaíochta, Sochar Díobhála agus Sochar Sláinte agus | |||||||||
Sábháilteachta | ... | 73.50 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- | ||
2. Sochar Báis: | |||||||||
(a) pinsean is iníoctha le baintreach nó le baintreach fir faoi alt 60 | 95.40 | -- | 17.00 | 44.80 | 6.00 | -- | |||
(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir | |||||||||
(i) ráta laghdaithe | ... | 44.60 | -- | -- | 44.80 | 6.00 | -- | ||
(ii) ráta uasta | ... | 95.40 | -- | -- | 44.80 | 6.00 | -- | ||
(c) pinsean is iníoctha le | |||||||||
dílleachta | ... | ... | 53.90 | -- | -- | -- | -- | -- | |
3. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir: | 89.00 | 55.50 | 15.20 | 44.80 | 6.00 | 5.00 | |||
méadú breise i leith aosaigh cháilithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó | |||||||||
aici | ... | ... | ... | -- | 4.40 | -- | -- | -- | -- |
4. Pinsean Easláine: | 75.20 | 49.50 | 15.20 | 44.80 | 6.00 | 5.00 | |||
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil 65 bliana d'aois | |||||||||
slánaithe aige nó aici | ... | 13.80 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
5. Pinsean Baintrí agus Baintrí Fir (Ranníocach) agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(a) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996: | 77.10 | -- | 17.00 | 44.80 | 6.00 | 5.00 | |||
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 5.00 | -- | -- | -- | -- | -- | |||
6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) | 51.60 | -- | -- | -- | -- | -- |
CUID II
Sochair Dhíobhálacha Ceirde — Aiscí agus Deontas
An Cineál Deontais | Méid | |||||||
(1) | (2) | |||||||
£ | ||||||||
1. Sochar Míthreorach: | ||||||||
Aisce uasta | ... | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 6,800 |
2. Sochar Báis: | ||||||||
Deontas i leith costas sochraide | ... | ... | ... | ... | ... | 500 |
CUID III
Pinsean Míthreorach
An grád míthreorach | An ráta seachtainiúil | ||||
(1) | (2) | ||||
£ | |||||
100 faoin gcéad | ... | ... | ... | 97.20 | |
90 ” ” | ... | ... | ... | ... | 87.50 |
80 ” ” | ... | ... | ... | ... | 77.80 |
70 ” ” | ... | ... | ... | ... | 68.00 |
60 ” ” | ... | ... | ... | ... | 58.30 |
50 ” ” | ... | ... | ... | ... | 48.60 |
40 ” ” | ... | ... | ... | ... | 38.90 |
30 ” ” | ... | ... | ... | ... | 29.20 |
20 ” ” | ... | ... | ... | ... | 19.40 |
CUID IV
Méaduithe ar Phinsean Míthreorach
An Cineál Méadaithe | An Ráta Seachtainiúil (2) | |||||||
(1) | ||||||||
£ | ||||||||
1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre | 73.50 | |||||||
2. Méadú i gcás síorfhreastal a bheith ag teastáil ón duine: | ||||||||
(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach | ||||||||
fíordhona | ... | ... | ... | ... | ... | ... | ... | 40.30 |
(b) teorainn in aon chás eile | ... | ... | ... | ... | ... | 80.60 |
CUID V
Deontas Méala
An Cineál Deontais | Méid |
(1) | (2) |
£ | |
Deontas Méala: | 500 |
”.
SCEIDEAL B
“An Ceathrú Sceideal
Na Rátaí Cúnaimh
CUID I
Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe orthu
An cineál cúnaimh | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith aosaigh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 167 (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é nó í ina chónaí nó ina cónaí ina aonar nó ina haonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) | ||
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | ||
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |||
1. Cúnamh Dífhostaíochta:: | ||||||||
(a) i gcás duine lena mbaineann alt | ||||||||
121(1)(a) | ... | 73.50 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- | |
(b) i gcás duine lena mbaineann alt | ||||||||
121(1)(b) | ... | 72.00 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- | |
2. Liúntas Réamhscoir | ... | 73.50 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- | |
3. Liúntas Míchumais | ... | 73.50 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- | |
4. Pinsean Seanaoise (Neamhranníocach) | ... | ... | 78.50 | -- | 13.20 | 44.80 | 6.00 | 5.00 |
5. Pinsean Dall: | 73.50 | -- | 13.20 | 44.80 | 6.00 | 5.00 | ||
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 5.00 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
6. Pinsean Baintrí | ||||||||
(Neamhranníocach), Pinsean Baintrí Fir (Neamhranníocach) agus íocaíocht iomchuí de bhua alt 18(1)(b) nó (c) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1996: | 73.50 | -- | -- | 44.80 | 6.00 | 5.00 | ||
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 5.00 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
7. Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora: | 73.50 | -- | 15.20 | -- | -- | 5.00 | ||
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 5.00 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
8. Liúntas Cúramóra: | ||||||||
(a) i gcás duine lena mbaineann | ||||||||
alt 165(1)(a) | ... | ... | 114.80 | -- | 13.20 | -- | -- | -- |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 7.50 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
(b) i gcás duine lena mbaineann | ||||||||
alt 165(1)(b) | ... | ... | 76.50 | -- | 13.20 | -- | -- | -- |
méadú breise i leith tairbhí a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige nó aici | 5.00 | -- | -- | -- | -- | -- | ||
9. Pinsean Dílleachta | ||||||||
(Neamhranníocach) | ... | ... | 51.60 | -- | -- | -- | -- | -- |
10. Liúntas Leasa Forlíontach | 72.00 | 43.20 | 13.20 | -- | -- | -- |
CUID II
An Méadú ar Phinsean Seanaoise (Neamhranníocach) agus an Méadú ar Phinsean Dall (i gcás Aois Inphinsin a bheith Slánaithe ag an Tairbhí) i leith Duine Amháin de Lánúin
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |||
£ | ||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an | ||||
phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 | ... | ... | ... | 44.20 |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 | ... | ... | 43.20 | |
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 | ... | ... | 42.20 | |
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 | ... | ... | 41.20 | |
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 | ... | ... | 40.20 | |
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 | ... | ... | 39.20 | |
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 | ... | ... | 38.20 | |
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 | ... | ... | 37.20 | |
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 | ... | ... | 36.20 | |
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 | ... | ... | 35.20 | |
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 | ... | ... | 34.20 | |
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 | ... | ... | 33.20 | |
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 | ... | ... | 32.20 | |
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 | ... | ... | 31.20 | |
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 | ... | ... | 30.20 | |
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 | ... | ... | 29.20 | |
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 | ... | ... | 28.20 | |
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 | ... | ... | 27.20 | |
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 | ... | ... | 26.20 | |
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 | ... | ... | 25.20 | |
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 | ... | ... | 24.20 | |
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 | ... | ... | 23.20 | |
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | 22.20 | |
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 | ... | ... | 21.20 | |
níos mó ná £52 gan bheith níos mó ná £54 | ... | ... | 20.20 | |
níos mó ná £54 gan bheith níos mó ná £56 | ... | ... | 19.20 | |
níos mó ná £56 gan bheith níos mó ná £58 | ... | ... | 18.20 | |
níos mó ná £58 gan bheith níos mó ná £60 | ... | ... | 17.20 | |
níos mó ná £60 gan bheith níos mó ná £62 | ... | ... | 16.20 | |
níos mó ná £62 gan bheith níos mó ná £64 | ... | ... | 15.20 | |
níos mó ná £64 gan bheith níos mó ná £66 | ... | ... | 14.20 | |
níos mó ná £66 gan bheith níos mó ná £68 | ... | ... | 13.20 | |
níos mó ná £68 gan bheith níos mó ná £70 | ... | ... | 12.20 | |
níos mó ná £70 gan bheith níos mó ná £72 | ... | ... | 11.20 | |
níos mó ná £72 gan bheith níos mó ná £74 | ... | ... | 10.20 | |
níos mó ná £74 gan bheith níos mó ná £76 | ... | ... | 9.20 | |
níos mó ná £76 gan bheith níos mó ná £78 | ... | ... | 8.20 | |
níos mó ná £78 gan bheith níos mó ná £80 | ... | ... | 7.20 | |
níos mó ná £80 gan bheith níos mó ná £82 | ... | ... | 6.20 | |
níos mó ná £82 | Neamhní |
CUID IIA
An Méadú ar Phinsean Dall i leith Duine Amháin de Lánúin (i gcás nach bhfuil Aois Inphinsin Slánaithe ag an Tairbhí)
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |||
£ | ||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an | ||||
phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 | ... | ... | ... | 43.20 |
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 | ... | ... | 42.20 | |
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 | ... | ... | 41.20 | |
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 | ... | ... | 40.20 | |
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 | ... | ... | 39.20 | |
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 | ... | ... | 38.20 | |
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 | ... | ... | 37.20 | |
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 | ... | ... | 36.20 | |
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 | ... | ... | 35.20 | |
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 | ... | ... | 34.20 | |
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 | ... | ... | 33.20 | |
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 | ... | ... | 32.20 | |
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 | ... | ... | 31.20 | |
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 | ... | ... | 30.20 | |
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 | ... | ... | 29.20 | |
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 | ... | ... | 28.20 | |
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 | ... | ... | 27.20 | |
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 | ... | ... | 26.20 | |
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 | ... | ... | 25.20 | |
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 | ... | ... | 24.20 | |
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 | ... | ... | 23.20 | |
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 | ... | ... | 22.20 | |
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | 21.20 | |
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 | ... | ... | 20.20 | |
níos mó ná £52 gan bheith níos mó ná £54 | ... | ... | 19.20 | |
níos mó ná £54 gan bheith níos mó ná £56 | ... | ... | 18.20 | |
níos mó ná £56 gan bheith níos mó ná £58 | ... | ... | 17.20 | |
níos mó ná £58 gan bheith níos mó ná £60 | ... | ... | 16.20 | |
níos mó ná £60 gan bheith níos mó ná £62 | ... | ... | 15.20 | |
níos mó ná £62 gan bheith níos mó ná £64 | ... | ... | 14.20 | |
níos mó ná £64 gan bheith níos mó ná £66 | ... | ... | 13.20 | |
níos mó ná £66 gan bheith níos mó ná £68 | ... | ... | 12.20 | |
níos mó ná £68 gan bheith níos mó ná £70 | ... | ... | 11.20 | |
níos mó ná £70 gan bheith níos mó ná £72 | ... | ... | 10.20 | |
níos mó ná £72 gan bheith níos mó ná £74 | ... | ... | 9.20 | |
níos mó ná £74 gan bheith níos mó ná £76 | ... | ... | 8.20 | |
níos mó ná £76 | Neamhní |
”.
SCEIDEAL C
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear | An Cineál Leasaithe |
(1) | (2) |
Ailt 163(1A) (a cuireadh isteach le halt 23 d'Acht 1997), 163(3), 165(1) (a cuireadh isteach le halt 23 d'Acht 1997), 166, 168, 210(1) (arna leasú le halt 16 d'Acht 1997), 210(2)(d), 210(2)(dd) (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1998), 210(2)(e) agus Riail 1(6) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | “duine iomchuí” a chur in ionad “pinsinéir iomchuí” gach áit a bhfuil sé. |
SCEIDEAL D
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear (1) | An Cineál Leasaithe (2) |
Alt 2(3)(b)(ii). | “, 191N(1)(b)” a chur isteach i ndiaidh “191C(1)(b)”. |
Alt 3(12) (arna leasú le halt 15 d'Acht 1996). | “191O,” a chur isteach i ndiaidh “191C(3),”. |
Alt 118 (1) (arna leasú le halt 16 (1) (c) d'Acht 1997). | An mhír seo a leanas “(m) cúnamh feirme.” a chur isteach i ndiaidh mhír (l). |
Alt 136. | “Faoi réir alt 138A, is é an ráta” a chur in ionad “Is é an ráta” i bhfo-alt (1). |
Alt 137 (arna leasú le halt 10 d'Acht (Uimh. 2) de 1995). | “Faoi réir alt 138A, déanfar an ráta seachtainiúil” a chur in ionad “Déanfar an ráta seachtainiúil”. |
Alt 138 (arna leasú le halt 15 d'Acht 1996). | “Faoi réir alt 138A, maidir leis an méadú” a chur in ionad “Maidir leis an méadú”. |
Alt 191E(1) (arna leasú le halt 22 d'Acht 1997). | “, cúnaimh feirme” a chur isteach i ndiaidh “pinsin scoir”. |
Alt 205 (2) (c) (arna leasú le halt 32 d'Acht 1997). | “, cúnaimh feirme” a chur isteach i ndiaidh “liúntais cúramóra”. |
Alt 207(1)(c)(i). | “cúnamh feirme,” a chur isteach i ndiaidh “cúnamh dífhostaíochta,”. |
“, 121(1)(b)(i), 191N(1)(a),” a chur in ionad “121(1)(b)(i),”. | |
Alt 209 (6). | “(e) cúnamh feirme,” a chur isteach i ndiaidh mhír (d). |
Alt 210 (arna leasú le halt 16 (2) d'Acht 1997). | An mhír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) sa mhíniú ar “sochar” i ndiaidh mhír (kkk): |
“(kkkk) cúnamh feirme,”, | |
“go (kkkk)” a chur in ionad “go (kkk)” i mír (a) d'fho-alt (2), | |
“go (kkkk)” a chur in ionad “go (kkk)” i mír (c) d'fho-alt (2). | |
Alt 211 (6). | An fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6): |
“(6) Beidh duine dícháilithe chun cúnamh dífhostaíochta, liúntas réamhscoir, liúntas míchumais nó cúnamh feirme a fháil— | |
(a) le linn cónaí a bheith air nó uirthi, go sealadach nó go buan, lasmuigh den Stát, nó | |
(b) le linn dó nó di a bheith faoi phianseirbhís, faoi phríosúnacht nó faoi choinneáil i gcoimeád dleathach.”. | |
Cuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. | An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír 2: |
“2. Ranníocóir féinfhostaithe atá— | |
(a) de bhua Chaibidil 2 de Chuid III ag fáil cúnaimh dífhostaíochta, | |
(b) de bhua Chaibidil 3 de Chuid III ag fáil liúntais réamhscoir, nó | |
(c) de bhua Chaibidil 14 de Chuid III ag fáil cúnaimh feirme.”. |
SCEIDEAL E
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear | An Cineál Leasaithe |
(1) | (2) |
Ailt 22(3), 22(4), 23(3)(b), 23(3)(c), 30(1)(m), 205(2)(c) (a cuireadh isteach le halt 32 d'Acht 1997), 209 (1)(a), 209(2)(a), 209(8) agus 211(5). | “deontas méala” a chur in ionad “deontas báis”, “dheontas méala” a chur in ionad “dheontas báis” agus “deontais méala” a chur in ionad “deontais báis” gach áit a bhfuil sé. |
Alt 2(2) (arna leasú le halt 28 d'Acht 1997). | “alt 114, 170” a chur in ionad “alt 170” sa mhíniú ar “aosach cáilithe”. |
Alt 2(3) (arna leasú le halt 13 d'Acht 1998). | “alt 114(1)” a chur in ionad “alt 114(3)” sa mhíniú ar “leanbh cáilithe”. |
Alt 3(12) (arna leasú le halt 22 d'Acht 1996). | “114” a chur isteach i ndiaidh “99 (3)”. |
SCEIDEAL F
An Fhoráil den Phríomh-Acht a Leasaítear (1) | An Cineál Leasaithe (2) |
Alt 2(1). | “(seachas Caibidil 11)” a scriosadh sa mhíniú ar “cigire leasa shóisialaigh”. |
An míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “bliain sochair”: | |
“ciallaíonn ‘oifigeach biúró’ oifigeach don Aire arna cheapadh nó arna ceapadh mar oifigeach biúró faoi alt 8(1)(a)(iii) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla, 1996;”. | |
Alt 175(2). | “Faoi réir fho-alt (1), deonóidh” a chur in ionad “Deonóidh”. |
Alt 176. | “bord sláinte nó oifigeach breithiúnachta, faoi réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 188, a shocrú nó a chinneadh” a chur in ionad “bord sláinte, faoi réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 188, a shocrú”. |
Alt 180(1). | “a shocrú nó a chinneadh” a chur in ionad “a shocrú” i bhfo-alt (1). |
“bhord sláinte nó d'oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “bhord sláinte”, “an bord sláinte nó an t-oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “an bord sláinte” agus “bord sláinte nó oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “bord sláinte” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1), (2) agus (3). | |
Alt 181. | “bord sláinte nó oifigeach breithiúnachta, in aon chás inar dóigh leis an mbord sláinte nó leis an oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “bord sláinte, in aon chás inar dóigh leis”. |
“a shocrú nó a chinneadh” a chur in ionad “a shocrú”. | |
Alt 182. | “le linn socrú nó cinneadh” a chur in ionad “le linn socrú” i bhfo-alt (1). |
“an bord sláinte nó an t-oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “an bord sláinte” i bhfo-alt (1). | |
“dar leis an mbord sláinte nó leis an oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “dar leis” i bhfo-alt (1). | |
“bord sláinte nó oifigeach breithiúnachta, más deimhin leis an mbord sláinte nó leis an oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “bord sláinte, más deimhin leis” i bhfo-alt (2). | |
“a shocrú nó a chinneadh” a chur in ionad “a shocrú” i bhfo-alt (2). | |
Alt 183(a) (arna leasú le halt 15 d'Acht 1996), 184(a) agus 184A (a cuireadh isteach le halt 21 d'Acht 1995). | “ag bord sláinte nó ag oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “ag bord sláinte” agus “an bord sláinte nó an t-oifigeach breithiúnachta” a chur in ionad “an bord sláinte” gach áit a bhfuil sé. |
Alt 249 (arna leasú le halt 32 d'Acht 1996). | “an cinneadh bunaidh nó an socrú bunaidh” a chur in ionad “an cinneadh bunaidh” in alt 249(a) agus 249(b) gach áit a bhfuil sé. |
Alt 266 (arna leasú le halt 30 d'Acht 1996). | “alt 247, 267” a chur in ionad “alt 267”. |
Alt 277(2) (arna leasú le halt 7 d'Acht 1996). | “(seachas liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte)” a chur in ionad “(seachas liúntas leasa forlíontach)” i mír (a). |
Alt 278 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1996). | “(seachas liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte faoi Chuid III)” a chur in ionad “(seachas liúntas leasa forlíontach faoi Chuid III)” i mír (b). |
“aon liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte” a chur in ionad “aon liúntas leasa forlíontach” i mír (c). | |
An mhír seo a leanas a chur isteach in alt 278 i ndiaidh mhír (c): | |
“(d) beidh aon liúntas leasa forlíontach a íocadh de bhun an tsocraithe bhunaidh inaisíoctha leis an Aire a mhéid nach mbeadh sé iníoctha dá mba rud é gurbh é an cinneadh athbhreithnithe a rinneadh de réir alt 248(1A) a tugadh ar an gcéad ásc agus dlífidh cibé duine agus aon duine eile lenar íocadh an liúntas leasa forlíontach thar ceann an duine sin, nó ionadaí pearsanta an duine sin, an tsuim is inaisíoctha amhlaidh a íoc ar éileamh ón Aire.”. | |
Alt 279 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1996). | “liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i bhfomhír (ii). |
“liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag an mbord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i bhfomhír (iii). | |
Alt 279A (a cuireadh isteach le halt 31 d'Acht 1997). | “liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i mír (b). |
“liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag an mbord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i mír (c). | |
Alt 279B (a cuireadh isteach le halt 20 d'Acht 1998). | “liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i mír (b). |
“liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag an mbord sláinte” a chur in ionad “liúntas leasa forlíontach” i mír (c). | |
Alt 282 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1996). | “(seachas liúntas leasa forlíontach arna shocrú ag bord sláinte)” a chur in ionad “(seachas liúntas leasa forlíontach)”. |
“liúntais leasa fhorlíontaigh arna shocrú ag bord sláinte féadfaidh oifigeach do bhord sláinte” a chur in ionad “liúntais leasa fhorlíontaigh féadfaidh oifigeach do bhord sláinte”. | |
Alt 284. | “d'fhaighteoir, nó an tAire i gcás inar dheonaigh oifigeach breithiúnachta an liúntas sin;” a chur in ionad “d'fhaighteoir;” sa mhíniú ar “údarás inniúil”. |