[EN]

Uimhir 33 de 1930.


[EN]

ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1930.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1926, DO LEASÚ MAIDIR LE MÉID NA SÍNTIÚS IS INÍOCTHA FÉ SNA hACHTANNA SAN AGUS CHUN AILT 12 DEN UNEMPLOYMENT INSURACE ACT, 1920, DO LEASÚ MAIDIR LEIS AN LEITHREAS-I-gCABHAIR A LUAIDHTEAR SAN ALT SAN 12.

[23adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht”an Unemployment Insurance Act, 1920.

[EN]

Rátaí síntiuis.

2.—(1) Na síntiuisí is iníoctha fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1926, i dtaobh daoine fostuithe ag na daoine sin agus ag á bhfostóirí beid do réir na rátaí atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus an síntiús do bhéarfar, chun crícheanna ailt 5 den Phríomh-Acht, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas beidh sé do réir ráta is ionann agus trí sheachtú de mhéid iomlán na síntiús do híocadh, i dtaobh an duine fhostuithe, ag an duine sin féin agus ag á fhostóir no do híocadh, i gcás duine saor o íoc, ag fostóir an duine sin, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (7) den alt san 5 dá réir sin.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'fhorálacha alt 15 agus 16 den Phríomh-Acht.

[EN]

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—Athghairmtear leis seo alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1922, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an provísó ghabhann le fo-alt (3) d'alt 12 den Phríomh-Acht do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí isteach ann an focal “one-fifth” in ionad an fhocail “one-tenth” atá ann anois.

[EN]

Athghairm.

4.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1930, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1926, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.

Ratai Sintiuis o Dhaoine Fostuithe agus o Fhostoiri.

Gnath-Ratai.

On duine fostuithe in aghaidh gach seachtaine:—

I gcás fear

...

...

...

...

6d.

I gcás ban...

...

...

...

...

5d.

On bhfostóir in aghaidh gach seachtaine:—

Más fear an duine fostuithe

...

...

...

7d.

Más bean an duine fostuithe

...

...

...

6d.

Ratai i gCas Daoine fe Bhun Ocht mBliain Deag:—

On duine fostuithe in aghaidh gach seachtaine:—

I gcás buachaillí...

...

...

...

3d.

I gcás cailíní...

...

...

...

2½d.

On bhfostóir in aghaidh gach seachtaine:—

Más buachaill an duine fostuithe

...

...

3½d.

Más cailín an duine fostuithe

...

...

3d.

dara sceideal.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibideal

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

11 & 12 Geo. V., c. 1

An Unemployment Insurance Act, 1921.

Alt 2 (a bhfuil gan athghairm de).

11 & 12 Geo. V., c. 15

An Unemployment Insurance (No. 2) Act, 1921.

Alt 2.

12 & 13 Geo. V., c. 7

An Unemployment Insurance Act, 1922.

Fo-alt (4) d'alt 1 agus alt 2.