[EN]

Uimhir 33 de 1935.


[EN]

ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE) (LEASÚ), 1935.


ACHT CHUN AILT 14 DEN ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934, DO LEASÚ AGUS CHUN NA RÉ LEANFAIDH AN tACHT SAN I bhFEIDHM, AGUS É LEASUITHE AMHLAIDH, D'FHAIDIÚ GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA. [2adh Lúnasa, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934).

[EN]

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, i dteanta na dtréimhsí luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, agus

[EN]

(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1937.

[EN]

Buanú an Phríomh-Achta.

3.—Leanfaidh an Príomh-Acht, mar a leasuítear é leis an alt deiridh sin roimhe seo, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, agus raghaidh in éag ansan.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.