[EN]

Uimhir 33 de 1940.


[EN]

ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE (LEASÚ), 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935 GO 1937, DO LEASÚ. [11adh Mí na Nodlag, 1940.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935), ar n-a leasú leis an Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1937 (Uimh. 11 de 1937).

[EN]

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 den Príomh-Acht (alt a bhaineann le có-dhéanamh agus rátaí pinsean (síntiúsach) baintreach) do leasú tré sna focail “ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha” do scriosadh, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 12 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le rátaí pinsean (síntiúsach) dílleachtaithe) do leasú tré sna focail “ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha” do scriosadh, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 38 den Phríomh-Acht do leasú.

4.—Deintear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le rátaí síntiúsaí) do leasú tré sna focail “ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha” do scriosadh, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

An Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.

5.—Deintear leis seo Cuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Sceideal a bhaineann le rátaí síntiúsaí) do leasú tré sna focail “ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha” do scriosadh.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe (Leasú), 1940, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1940, do ghairm de sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1937, agus den Acht so le chéile.