Uimhir 33 de 1946.
AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “áitreabh portaigh” na foirgintí uile a bheas tógtha de thuras na huaire ar phortach, pé críoch chun a n-úsáidtear an t-áitreabh sin;
ciallaíonn an abairt “áitreabh portaigh ceadúnaithe” áitreabh ar phortach a mbeidh ceadúnas díolta deocha meisciúla, arna dheonadh nó arna athnuachaint de bhuaidh an Achta seo, ar marthain ina leith de thuras na huaire, pé acu a bheas iomláine an áitribh phortaigh ar an bportach sin nó ná beidh ach cuid de san áitreabh sin;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
ciallaíonn an abairt “ceadúnas iomlán” ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol chun a n-ólta san áitreabh nó lasmuigh dhe.
Ceadúnais a dheonadh agus a athnuachaint i leith áitribh ar phortach.
2.—(1) Aon uair is deimhin leis an Aire é a bheith fóirstineach ceadúnas iomlán a dheonadh i leith iomláine aon áitribh phortaigh áirithe nó i leith aon choda áirithe dhe, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt do dhuine is dóigh leis a bheith ina dhuine chóir oiriúnach chun an ceadúnas iomlán sin a bheith aige á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire na Coimisinéirí Ioncaim do dheonadh ceadúnais iomláin don duine sin (a hainmneofar sa deimhniú) i leith áitribh shonraithe arb é iomlán an áitribh phortaigh sin é nó ar cuid den áitreabh portaigh sin é.
(2) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, ceadúnas iomlán i leith an áitribh a bheas sonraithe chuige sin sa deimhniú a dheonadh don duine a bheas ainmnithe chuige sin sa deimhniú.
(3) Aon uair a bheas ceadúnas iomlán a deonadh nó a hathnuadh faoin alt seo ar marthain, féadfaidh an tAire, más cuí leis, deimhniú a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán a athnuachaint dá shealbhóir i leith an áitribh phortaigh sin.
(4) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, athnuachaint ar an gceadúnas iomlán sin a dheonadh dá shealbhóir.
Ceadúnais i leith áitribh ar phortach a aistriú agus a athrú.
3.—(1) Aon uair a mheasfas an tAire é a bheith fóirstineach ceadúnas iomlán, a bheas arna dheonadh nó arna athnuachain faoin Acht seo agus a bheas ar marthain de thuras na huaire, a aistriú, mar gheall ar bhás a shealbhóra nó ar aon chúis eile, chun duine áirithe is dóigh leis an Aire a bheith ina dhuine chóir oiriúnach chun an ceadúnas iomlán sin a bheith aige, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt don duine sin á dheimhniú go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas a aistriú chun an duine sin.
(2) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, an ceadúnas iomlán lena mbainfidh an deimhniú a aistriú chun an duine a bheas sonraithe chuige sin sa deimhniú.
(3) Aon uair a mheasfas an tAire é a bheith fóirstineach ar chúis ar bith an t-áitreabh lena mbainfidh ceadúnas iomlán, a bheas arna dheonadh nó arna athnuachaint faoin Acht seo agus a bheas ar marthain de thuras na huaire, a athrú in aon tslí áirithe, seachas an ceadúnas iomlán sin a chur i mbaint le háitreabh nach cuid d'aon áitreabh portaigh, féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais iomláin sin ag deimhniú pé ní nó nithe acu seo a leanas is iomchuí sa chás, is é sin le rá:—
(a) go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán sin a leathnú chun go mbainfidh le cuid shonraithe den áitreabh portaigh a mbaineann sé le cuid eile dhe cheana;
(b) go n-aontaíonn an tAire cuid shonraithe den áitreabh lena mbaineann an ceadúnas iomlán sin a eisiadh ón áitreabh;
(c) go n-aontaíonn an tAire an ceadúnas iomlán sin a aistriú ón áitreabh lena mbaineann go dtí cuid eile den áitreabh portaigh céanna.
(4) Ar dheimhniú arna thabhairt ag an Aire faoi fho-alt (3) den alt seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, an ceadúnas iomlán lena mbaineann an deimhniú sin a leasú dó réir aontuithe an Aire mar a bheas luaite sa deimhniú.
Forála áirithe den Acht Deocha Meisciúla, 1927, a eisiadh.
4.—I gCuid IV den Acht Deocha Meisciúla, 1927 (Uimh. 15 de 1927), ní fholóidh an focal “ceadúnas” ceadúnas a bheas ag gabháil le háitreabh portaigh ceadúnaithe, agus léireofar an Chuid sin IV (agus go háirithe fo-alt (3) d'alt 36 di) agus beidh éifeacht aici dá réir sin.
Gearr-theideal, léiriú agus comhluadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1946, a ghairm den Acht seo.
(2) Leireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1943, agus féadfar na hAchta Ceadúnúcháin, 1833 go 1946, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.