[EN]

Uimhir 34 de 1935.


[EN]

ACHT IASCAIGH, 1935.


ACHT CHUN AILT 13 DEN ACHT IASCAIGH, 1925, DO LEASÚ. [2adh Lúnasa, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925, do leasú.

1.—Deintear leis seo alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “den aon bhliain déag airgeadais áitiúil” do chur i bhfo-alt (6) den alt san in ionad na bhfocal “de sna naoi mbliana airgeadais áitiúla” atá anois ann, agus

[EN]

(b) tré sna focail “dhá bhliain déag” do chur i bhfo-alt (7) den alt san in ionad na bhfocal “dheich mbliana” atá anois ann, agus

[EN]

(c) tré sna focail “den aon bhliain déag” do chur i bhfo-alt (9) den alt san in ionad na bhfocal “de sna naoi mbliana” atá anois ann.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

2.—Féadfar an tAcht Iascaigh, 1935, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1933, agus den Acht so le chéile.