Uimhir 34 de 1981
AN tACHT ÁRACHAIS, 1981
[An tiontú oifigiúil]
Cumhacht Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta a meabhrán comhlachais a athrú.
1.—(1) San alt seo ciallaíonn “an Bhuan-Chuideachta” Cuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta.
(2) D'ainneoin aon ní in alt 14 (2) den Acht Árachais (Leasú), 1938, nó i gclásal 7 (b) den Chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (agus dá ngairtear “an Có-aontú Sceidealta” san Acht sin), féadfaidh an Bhuan-Chuideachta a meabhrán comhlachais a athrú chun a shocrú—
(a) go bhféadfaidh an Bhuan-Chuideachta nó fochuideachta nó fochuideachtaí den Bhuan-Chuideachta nach bhfuil údaraithe gnó a sheoladh in aon cheann de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 73/239/CEE2 ón gComhairle gnó a sheoladh in aon aicme de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 79/267/CEE1 ón gComhairle,
(b) go bhféadfaidh an Bhuan-Chuideachta cuideachta a bunaíodh agus a cláraíodh sa Stát nó cuideachta nó cuideachtaí a bunaíodh agus a cláraíodh lasmuigh den Stát chun gnó a sheoladh in aon aicme nó i ngach aicme de na haicmí árachais dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 73/239/CEE2 ón gComhairle, a chur chun cinn nó a fháil, agus
(c) go ndéanfar na forálacha lena gcomhlíontar clásail 7 (b) (ii) go 7 (b) (iv) den Sceideal sin a scriosadh as an meabhrán comhlachais.
Leasú ar alt 2 (3) den Acht Árachais, 1953.
2.—Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Árachais, 1953, trí “£300,000,000” a chur in ionad “céad milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Árachais (Leasú), 1978), agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(3) Ní mó ná £300,000,000 iomlán an dliteanais a bheas ar an Aire aon tráth i leith príomh-shuimeanna maidir le comhshocraíochta faoin alt seo. |
Leasú ar alt 2 den Acht Árachais (Leasú), 1978.
3.—Leasaítear leis seo alt 2 (1) (a) (ii) (C) den Acht Árachais (Leasú), 1978, trí “príomh” a chur in ionad “aon” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(C) d'urrú go n-íocfaidh nó go n-aisíocfaidh duine go cuí ar scór conartha suim airgid (lena n-áirítear ús) atá cinnte nó infhionnta (agus cibé acu in airgead reatha an Stáit nó in airgead reatha eile é), agus arb é an t-íoc nó an t-aisíoc sin príomh-oibleagáid an duine faoin gconradh, nó |
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1978, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1978 | |
2 IO L228, 16.8.1973, lth 3-19.