[EN]

Uimhir 35 de 1938.


[EN]

ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN TÉARMA OIFIGE NA nGNÁTH-BHALL AGUS NA mBALL TÁNAISTEACH ATÁ ANOIS AR AN mBORD MARGUITHE BAGÚIN AGUS NA nGNÁTH-BHALL ATÁ ANOIS AR AN mBORD MARGUITHE MUC D'FHAIDIÚ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE LEANAS AS AN bhFAIDIÚ SAN. [21adh Mí na Nodlag, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935);

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1937” an tAcht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937).

[EN]

Téarma oifige na ngnáth-bhall agus na mball tánaisteach atá anois ar an mBord Marguithe Bagúin d'fhaidiú.

2.—(1) D'ainneoin éinní atá in alt 13 d'Acht 1937—

[EN]

(a) gach duine is gnáth-bhall den Bhord ar dháta an Achta so do rith no ceapfar ar an dáta san no dá éis sin chun foth-fholúntais imeasc gnáth-bhall an Bhúird beidh sé i seilbh oifige go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó;

[EN]

(b) gach duine is ball tánaisteach den Bhord ar an dáta san beidh sé i seilbh oifige mar bhall thánaisteach go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó no mara gceaptar é roimhe sin chun foth-fholúntais imeasc gnáth-bhall an Bhúird.

[EN]

(2) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1937 tré sna figiúirí “1939” do chur in ionad na bhfigiúirí “1938”, agus léireofar an t-alt san 13, alt 14 d'Acht 1937, agus Cuid III den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Bagúin.

[EN]

Téarma oifige gnáth-bhall an Bhúird Mharguithe Muc d'fhaidiú.

3.—(1) D'ainneoin éinní atá in alt 43 d'Acht 1937, gach duine is gnáth-bhall den Bhord ar dháta an Achta so do rith no ceapfar ar an dáta san no dá éis sin chun foth-fholúntais imeasc gnáthbhall an Bhúird beidh sé i seilbh oifige go dtí an 10adh lá d'Eanar, 1940, marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó.

[EN]

(2) Leasuítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 43 d'Acht 1937 tré sna figiúirí “1940” do chur in ionad na bhfigiúirí “1939” i ngach fo-alt acu san, agus léireofar an t-alt san 43, alt 47 d'Acht 1937 agus Cuid IV den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht acu dé réir sin.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Muc.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus có-luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1938, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, agus den Acht so le chéile.