[EN]

Uimhir 35 de 1959.


[EN]

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ LUACH SAOTHAIR BREITHIÚNA NA CÚIRTE UACHTARAÍ, NA hARD-CHÚIRTE, NA CÚIRTE CUARDA AGUS NA CÚIRTE DÚICHE. [8 Nollaig, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Luach saothair breithiúna a mhéadú.

1.—Déanfar luach saothair breithiúna na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche a mhéadú deich faoin gcéad le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 1959.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1953, mar aon ní amháin.