[EN]

Uimhir 36 de 1959.


[EN]

AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL I gCUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DEONTAIS A THABHAIRT DON CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [8 Nollaig, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Mínithe.

I.R. 1958, Uimh. 258.

1947, Uimh. 5

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an t-aerfort” an límistéar uile laistigh de chiumhais imeachtrach na líne deirge atá marcáilte ABCDEFG ar an léarscáil atá i gceangal leis an Ordú um an Aerfort Neamhchustam (Teorainneacha a Athrú), 1958, ach más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith, go ndéanfar aon ordú faoi alt 2 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, ag athrú an límistéir sin agus go mbeidh sé i bhfeidhm de thuras na huaire, ciallaíonn sé an límistéar sin arna athrú amhlaidh;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

[EN]

Cumhacht don Aire Airgeadais chun scaireanna leis an gCuideachta a thógáil.

2.—Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon aicme nó aicmí scaireanna leis an gCuideachta a thógáil trí shuibscríobh agus cinnfidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, na méideanna, nach mó san iomlán ná milliún go leith punt, a fhéadfar a shuibscríobh faoin alt seo.

[EN]

Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste.

3.—(1) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh leis an gCuideachta i leith aon scaireanna a thógfaidh sé faoin Acht seo.

[EN]

(2) D'fhonn airgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh sé urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

[EN]

An tAire Airgeadais do shealbhú agus do dhíol scaireanna.

4.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna leis an gCuideachta a thógfaidh sé faoin Acht seo a shealbhú an fhad is oiriúnach leis é agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol.

[EN]

(2) Déanfar an glan-fháltas ó dhíol aon scaireanna de chuid na Cuideachta ag an Aire Airgeadais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

5.—I gcás ina sealbhóidh an tAire Airgeadais scaireanna leis an gCuideachta, féadfaidh sé ceart nó cumhacht a fheidhmiú is infheidhmithe ag sealbhóir na scaireanna agus, más trí aturnae is infheidhmithe an ceart nó an chumhacht, féadfaidh sé, más cuí leis é, an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

[EN]

Díbhinní, etc., ar scaireanna a shealbhóidh an tAire Airgeadais a dhiúscairt.

6.—Déanfar na díbhinní, an t-airgead bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna leis an gCuideachta a shealbhóidh sé a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

1891, c. 39.

7.—Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí Comhstoic ná aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta.

[EN]

Deontais don Chuideachta.

8.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt don Chuideachta as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

[EN]

(a) chun a chumasú don Chuideachta cibé nithe a dhéanamh a thabharfadh, go díreach nó go neamhdhíreach, go spreagfaí nó go n-éascófaí bunú agus seoladh gnóthas tráchtála, tionscail agus trádála ag an aerfort, agus

[EN]

(b) chun costas reatha na Cuideachta a íoc.

[EN]

(2) Ní bheidh comhiomlán na ndeontas faoin alt seo níos mó ná cúig chéad míle punt.

[EN]

Srian le méid deontas áirithe ón gCuideachta.

9.—(1) I gcás ina dtabharfaidh an Chuideachta deontas chun innealra agus trealamh a chur ar fáil i ndáil le haon ghnóthas tionscail nó tráchtála ag an aerfort, ní bheidh méid an deontais níos mó ná leath chostas an innealra agus an trealaimh.

[EN]

(2) I gcás ina dtabharfaidh an Chuideachta deontas chun oibrithe a thréineáil le haghaidh aon ghnóthais tionscail nó tráchtála ag an aerfort, ní bheidh méid an deontais níos mó ná méid iarbhír an phá a íocfar leis na hoibrithe sin i gcaitheamh tréimhse a dtréineála, maraon le méid a gcostas taistil agus cothaithe i gcás oibrithe a thréineálfar lasmuigh den Stát.

[EN]

Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.

1954, Uimh. 9.

I.R. 1959, Uimh. 49.

10.—Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

(a) an fhad a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachta i seilbh an Aire Airgeadais, nó

[EN]

(b) an fhad a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar thug an tAire Airgeadais ráthaíocht faoin Acht Ráthaíocht Stáit, 1954, arna leasú leis an Ordú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal), 1959, go n-aisíocfaí é go cuí, nó

[EN]

(c) an fhad a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus ar ráthaíodh amhlaidh go n-aisíocfaí é go cuí agus ar aisíoc an tAire Airgeadais é faoin ráthaíocht, gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire (i dteannta úis air de réir rátaí a cheap an tAire sin).

[EN]

Srian leis an bhForas Tionscal do thabhairt deontas.

11.—Tar éis dáta an Achta seo a rith, ní thabharfaidh An Foras Tionscal deontas i leith gnóthas tionscail a bhunú, a fhorbairt nó a chothabhail ag an aerfort.

[EN]

Caiteachas.

12.—Íocfar as airgead a sholáthroidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

[EN]

Gearrtheideal.

13.—Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Alt 10.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fhad a bheidh aon scaireanna leis an gCuideachta i seilbh an Aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar ráthaigh an tAire sin go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aisíoc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú ón gCuideachta aige.

Srian le meabhrán agus airteagail chomhlachais a athrú.

1. D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, nó i meabhrán nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta ní bheidh aon athrú ar an meabhrán ná ar na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

Cuntais agus iniúchadh.

2. (1) Coimeádfaidh an Chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an Chuideachta, agus, go háirithe, coimeádfaidh sí, san fhoirm in adúradh, gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Chuideachta cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid iniúchóra gach bliain lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus tabharfaidh an Chuideachta cóip don Aire de na cuntais ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le cóip de thuarascáil an iniúchóra orthu, agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den chéanna faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

>Tuarascáil bhliantúil.

3. (1) Tabharfaidh an Chuideachta, gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a gníomhaíochtaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Aon uair a ordóidh an tAire é, cuirfear freisin sa tuarascáil bhliantúil sin eolas maidir le cibé gnéithe áirithe de ghníomhaíochtaí na Cuideachta faoin Acht seo a shonróidh an tAire.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

4. (1) Má ainmnítear stiúrthóir den Chuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir den Chuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta do theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear tréimhse na hiasachta san alt seo) dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch dáta a scortha de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Chuideachta an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gCuideachta, aon tuarastal ná pá, de réir mar bheidh, in aghaidh tréimhse na hiasachta,

(c) má bhíonn scéim i bhfeidhm arna déanamh ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le hoifigigh nó seirbhísigh, nó i leith oifigeach nó seirbhíseach, na Cuideachta agus go mbunóidh an scéim ciste a n-íocfaidh an Chuideachta agus an duine ranníoca leis—

(i) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochar aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta más rud é agus amháin más rud é—

(I) go raibh sé i mbuan-fhostaíocht na Cuideachta agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta,

(II) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Chuideachta laistigh de thrí mhí tar éis dáta tosaigh tréimhse na hiasachta, ranníoca a íoc faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta de réir forálacha na míre seo, agus

(III) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an coiste a cheapfar go cuí faoin scéim chun an scéim a riaradh, ranníoca faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta ar comhionann a méid agus comhshuim na ranníoc a bheadh íoctha aige féin agus na ranníoc a bheadh íoctha ag an gCuideachta in aghaidh tréimhse na hiasachta, dá bhfanadh sé gan dul ar iasacht faoin mír seo, i seirbhís na Cuideachta ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gCuideachta i gcaitheamh na tréimhse sin,

(ii) ní íocfaidh an Chuideachta aon ranníoca faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, an chuid sin de na ranníoca a bheith íoctha ag an gCuideachta is iníoctha ag an duine sin mar adúradh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha ag an gCuideachta faoin scéim in aghaidh tréimhse na hiasachta dá bhfanadh sé, gan dul ar iasacht faoin bhfo-mhír seo, i seirbhís na Cuideachta ar feadh tréimhse na hiasachta agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gCuideachta i gcaitheamh na tréimhse sin,

(iii) má fhoirceanntar tréimhse na hiasachta trí é d'éag nó trí é do scor den fhostaíocht sin measfar, chun críocha na scéime, é d'éag, nó é a bheith scortha de bheith, i seirbhís na Cuideachta, de réir mar bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige ón gCuideachta díreach roimh éag nó scor dó amhlaidh, de réir mar bheidh,

(iv) mura n-íocfaidh sé nó más rud é, tar éis dó ranníoca a íoc faoin scéim de réir forálacha na fo-mhíre seo, go scoirfidh sé de ranníoca a íoc mar adúradh, measfar, chun críocha na scéime, é a bheith éirithe as an bhfostaíocht sin—

(I) i gcás é do scor de ranníoca a íoc mar adúradh, ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(II) in aon chás eile, díreach roimh dháta tosaigh tréimhse na hiasachta.

(3) I gcás duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta do theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 agus 1952—

(a) ní bheidh teideal aige tréimhse iomlán a sheirbhíse inphinsin ná aon chuid di, de réir bhrí na nAchtanna sin, a ríomh i leith aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta,

(b) má bhíonn aon ranníoca íoctha aige de réir forálacha fo-mhíre (2) den mhír seo in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread díobh agus is comhionann le méid na ranníoc a bheadh íoctha aige faoin scéim in aghaidh na tréimhse sin dá bhfanadh sé gan dul ar iasacht faoi fho-mhír (2) den mhír seo i seirbhís na Cuideachta i gcaitheamh na tréimhse sin agus go mbeadh luach saothair á fháil aige ón gCuideachta i gcaitheamh na tréimhse sin a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníoca eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(4) Aon tagairt i bhfo-mhír (2) nó i bhfo-mhír (3) den mhír seo do luach saothair a bheith á fháil ag duine ar bith ón gCuideachta measfar gur tagairt í do luach saothair a bheith á fháil ag an duine sin ón gCuideachta de réir an ráta a raibh luach saothair á fháil aige ón gCuideachta lá deiridh a fhostaíochta faoin gCuideachta roimh dhul ar iasacht faoi fho-mhír (2) den mhír seo.

(5) Duine ag a mbeidh de thuras na huaire teideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fhad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheidh ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.

Srian le scéim aoisliúntais a dhéanamh.

5. Aon scéim a dhéanfaidh an Chuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta ní bheidh sí bailí mura mbeidh toiliú an Aire léi arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais.