[EN]

Uimhir 37 de 1933.


[EN]

ACHT SEIRBHÍSÍ PUIBLÍ (FEARACHAS SEALADACH), 1933.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA DO BHAINT NO CHUN A SHOCRÚ GO mBAINFEAR SUIMEANNA DE LUACH SAOTHAIR IS INÍOCTHA I RITH NA BLIANA AIRGEADAIS DAR TOSACH AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1933, AGUS É INÍOCTHA AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ (DO RÉIR REACHTA NO EILE) NO SOCAIR LE REACHT NO FÉ NO INÍOCTHA DE BHUADH COMHACHTA REACHTÚLA CHUN OIFIGEACH NO SEIRBHÍSEACH D'FHOSTÚ NO INÍOCTHA AG CÓLUCHTAÍ DÁ nDEONTAR DEONTAISÍ AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ, AGUS FÓS CHUN SUIMEANNA DO BHAINT NO CHUN A SHOCRÚ GO mBAINFEAR SUIMEANNA DE SHAGHSANNA ÁIRITHE DEONTAS IS INÍOCTHA I RITH NA BLIANA AIRGEADAIS SIN AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [2adh Deire Fómhair, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Seirbhísí Puiblí (Fearachas Sealadach), 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid; cialluíonn an abairt “an bhliain airgeadais atá anois ann” an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1933;

[EN]

foluíonn an focal “ráta” percentáiste;

[EN]

déanfar tagairtí d'fhostaíocht do léiriú mar thagairtí fholuíonn tógaint i gcóir fostaíochta agus cur in áirithe;

[EN]

cialluíonn an abairt “scoil náisiúnta” bun-scoil phuiblí lae ar n-a ceadú ag an Aire Oideachais mar scoil náisiúnta;

[EN]

cialluíonn an abairt “coláiste ullmhúcháin” coláiste ullmhúcháin ar n-a bhunú ag an Aire Oideachais.

[EN]

Míniú ar “tuarastal.”

3.—(1) San Acht so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir) foluíonn an focal “tuarastal” gach tuarastal, íocaíocht, págh, coimisiún, táille agus luach saothair eile, pe'ca fé reacht, ordú no rialachán no ar shlí eile ar bith atáid socair no a híoctar iad, agus pe'ca tré thagairt do thréimhse aimsire no tré thagairt don obair a deintear a háirmhítear iad, no ar fhoras ar bith eile, agus foluíonn an focal san, freisin, liúntaisí agus sochair (pe'ca deintear iad d'íoc in airgead no iad do thabhairt i slí eile seachas in airgead) is cuid den luach saothair a ghabhann le hoifig, ach ní fholuíonn sé aon íocaíocht a tugtar mar liúntas le haghaidh costaisí áirithe no in aisíoc costaisí áirithe fé n-a dtéightear ná aon íocaíocht (pe'ca ar leithligh no ina cuid de luach saothair eile dhi) ná tugtar ach mar liúntas (seachas liúntas le haghaidh éide no liúntas le haghaidh gnáth-chulaithe) i gcóir fearais riachtanaigh no mar chabhair chuige sin.

[EN]

(2) Má bhíonn duine i seilbh dhá oifig no níos mó gur gá do réir na Coda céanna den Acht so suimeanna do bhaint de sna tuarastail a ghabhann leo tuigfear, maidir leis na suimeanna san do bhaint díobh amhlaidh, gurb é atá mar thuarastal ag an duine sin ná méid iomlán tuarastal fé seach na n-oifigí sin agus bainfear den mhéid iomlán san pé suim dob‘ oiriúnach a bhaint de dá mb'é an méid iomlán san—

[EN]

(a) i gcás nách oifig lán-aimsire ach ceann amháin de sna hoifigí sin, tuarastal na hoifige lán-aimsire sin, no

[EN]

(b) in aon chás eile, tuarastal na hoifige sin de sna hoifigí sin gur léi a ghabhann an tuarastal is mó.

[EN]

(3) Más deimhin leis an Aire go ndearnadh méid tuarastail oifige do shocrú i slí gur liúntas i gcóir costaisí gur gá dul fútha i gcólíonadh dualgaisí na hoifige sin cuid nea-chinnte den tuarastal san déanfaidh an tAire a chinneadh, chun crícheanna an Achta so, cad é an cion den tuarastal san is ionchurtha i leith an liúntais sin agus leis sin ní déanfar an cion a cinnfear amhlaidh d'áireamh ar thuarastal na hoifige sin, ná ní bheidh sé mar chuid de, chun crícheanna an Achta so.

[EN]

(4) Má thárlann do dhuine, atá ag fáil tuarastail gur gá do réir Choda II den Acht so suim do bhaint de, luach saothair speisialta de thuilleamh agus d'fháil (i dteanta a ghnáth-thuarastail) i rith na bliana airgeadais atá anois ann alos seirbhísí do thabhairt uaidh i rith na bliana san no aon choda dhi, tuigfear gurb é is ráta bliantúil a thuarastail chun crícheanna an Achta so ná iomlán na méideanna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ráta bliantúil a ghnáth-thuarastail, agus

[EN]

(b) méid iomlán an luach saothair speisialta san a bheidh tuillte agus faighte aige sa bhliain airgeadais atá anois ann.

[EN]

(5) Má dheineann duine, gur gá do réir Choda II den Acht so suim do bhaint dá thuarastal, a chur ina luighe ar an Aire gur ar chuireadh do fuair sé o Rialtas Shaorstáit Éireann no thar ceann an Rialtais sin tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do ghlac sé post i bhfeadhmannas síbhialta i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann agus, chun an phuist sin do ghlacadh, gur eirigh sé as post i seirbhís phuiblí thíre eile, ansan agus in aon chás den tsórt san, más dóich leis an Aire, ag féachaint do sna téarmaí ar ar ghlac an duine sin an post san a céad-luaidhtear, é bheith cothrom agus réasúnta gan luach saothair no gan cion éigin de luach saothair an duine sin d'áireamh mar thuarastal chun crícheanna an Achta so cinnfidh an tAire ná tuigfear cuid ar bith no ná tuigfear ach cuid áirithe (do réir mar bheidh) de luach saothair an duine sin do bheith ina tuarastal chun crícheanna an Achta so.

[EN]

Cosaint do phinsin, etc.

4.—(1) Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a háirmhítear méid aon chúitimh, aois-liúntais, pinsin, no aisce ná do mhéid an tuarastail gur tré thagairt do a háirmhítear síntiúisí chun ciste phinsin no fé scéim aois-liúntais, agus dá réir sin ní déanfar suimeanna bainfear de thuarastal fén Acht so no dá bhuadh do chur san áireamh nuair a bheidh aon chúiteamh, liúntas, pinsean, aisce no síntiús den tsórt san á áireamh ná nuair a bheidh aon mheánacht is foras don áireamh san á dhéanamh amach.

[EN]

(2) I gcás duine dar deonadh aois-liúntas no pinsean do bheith ag fáil tuarastail go mbaintear suim de fén Acht so is tré thagairt do mhéid iomlán an tuarastail sin a déanfar an méid den liúntas no den phinsean san is iníoctha d'áireamh, agus ní déanfar chun na críche sin an tsuim sin do chur san áireamh.

[EN]

Connartha seirbhíse do bhuanchoimeád.

5.—Má deintear, fén Acht so, suim do bhaint de thuarastal a híoctar fé chonnradh seirbhíse ní oibreoidh san chun deireadh do chur leis an gconnradh san agus, in ainneoin na suime sin do bhaint den tuarastal san leanfaidh an connradh san ar marthain ach san fé réir na hoblagáide no an chirt chun na suime sin do bhaint den tuarastal san agus fé réir na hoblagáide chun san d'fhulag.

CUID II.

Suimeanna do Bhaint de Thuarastail i Seirbhisi Puibli.

[EN]

Baint na Coda so den Acht so.

6.—(1) Baineann an Chuid seo den Acht so le gach duine atá, aon tráth i rith na bliana airgeadais atá anois ann—

[EN]

(a) ar fostú—

[EN]

(i) mar oifigeach coimisiúnta i bhFórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann no mar shéiplíneach dóibh, no

[EN]

(ii) mar oide i scoil náisiúnta, no

[EN]

(iii) in aon fheadhmannas i gcoláiste ullmhúcháin, no

[EN]

(iv) in aon fheadhmannas síbhialta eile, pe'ca buan no sealadach do, i seirbhís phuiblí Shaorstáit Éireann; agus

[EN]

(b) ag fáil luach saothair i bpáirt no go hiomlán (pe'ca go díreach no go nea-dhíreach é) amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas no as ciste fé chúram Aire.

[EN]

(2) Baineann an Chuid seo den Acht so le duine pe'ca fostaíocht lán-aimsire no páirt-aimsire atá aige, no fostaíocht i gcóir oibre áirithe no ócáide áirithe, agus pe'ca le reacht no ar shlí eile atá méid a thuarastail socair, ach ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so le duine ach faid a bheidh sé agus sa mhéid a bheidh ar fostú agus ag fáil luach saothair i slí luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

[EN]

(3) In ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, ní bhaineann an Chuid seo den Acht so le haon bhreitheamh den Chúirt Uachtaraigh, den Ard-Chúirt, no den Chúirt Chuarda, ná le haon bhreitheamh den Chúirt Dúithche.

[EN]

Suimeanna do bhaint de thuarastail

7.—(1) Bainfear de gach tuarastal a thuilfidh gach duine fé leith le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus is iníoctha leis an duine sin, i rith na bliana airgeadais atá anois ann suim a háirmheofar do réir an ráta luaidhtear agus do réir na bhforálacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus 'na bhfuil baint acu leis an duine sin.

[EN]

(2) Bainfear de gach ceann de sna deontaisí luaidhtear i gCuid IV den Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus a deonfar i rith na bliana airgeadais atá anois ann agus alos na bliana san, suim a háirmheofar do réir an ráta luaidhtear sa Chuid san IV.

[EN]

(3) An tsuim a bheidh le baint de thuarastal éinne fén alt so, déanfar, sa mhéid gur féidir é, í do bhaint go rátúil de gach íocaíocht den tuarastal san a híocfar sa bhliain airgeadais atá anois ann.

[EN]

(4) I gcás liúntaisí no sochair a tugtar ar shlí eile seachas in airgead do bheith ina gcuid de thuarastal duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ní déanfar an tsuim a bheidh le baint den tuarastal san fén alt so (cé gur ar iomlán an tuarastail sin a háirmheofar í) do bhaint ach amháin den chuid den tuarastal san a híoctar in airgead.

[EN]

(5) Gach suim do baineadh, roimh an Acht so do rith, de thuarastal a híocadh le duine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus do bheadh á baint go dleathach de thuarastal fén alt so dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, tuigfear gur fén alt so do baineadh den tuarastal í agus go bhfuil an bhaint sin agus go raibh sí riamh dleathach dá réir sin.

[EN]

(6) Déanfar na suimeanna uile bainfear de thuarastail no de dheontaisí fén gCuid seo den Acht so, no a tuigfear do bheith bainte dhíobh amhlaidh, do choimeád sa Stát-Chiste no sa chiste oiriúnach fé chúram Aire (do réir mar is gá sa chás) agus beid ar fáil chun críche ar bith chun a mbíonn airgead sa Stát-Chiste no sa chiste oiriúnach san (do réir mar bheidh) ar fáil go dleathach.

[EN]

Aighnis, etc., do shocrú.

8.—Isé bhéarfaidh breith ar gach amhras, ceist, agus aighneas a eireoidh, i dtaobh duine do bheith ina dhuine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so no gan a bheith, no i dtaobh méid tuarastail éinne chun crícheanna na Coda so den Acht so, no i dtaobh méid na suime bheidh le baint fén gCuid seo den Acht so d'aon tuarastal den tsórt san, isé bhéarfaidh breith ortha ná an tAire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin ortha.

[EN]

CUID III.

Suimeanna do Bhaint de Dheontaisi Reachtula agus de Dheontaisi eile agus de Thuarastail Airithe.

[EN]

Suimeanna do bhaint de thuarastail íocann cóluchtaí reachtúla áirithe.

9.—(1) Baineann an t-alt so le gach bord, coimisiún, cuideachta, no cólucht eile—

[EN]

(a) gur le reacht speisialta no fé do bunuíodh é no go ndearnadh foráil shoiléir le reacht speisialta chun a bhunuithe no atá, cé go bhfuil sé ionchorpruithe fé reachtanna go bhfeidhm ghenerálta, á rialáil i bpáirt le reacht speisialta; agus

[EN]

(b) gur leis an Stát-Chiste a bhíonn iomlán a bharrachais ioncuim no cuid de iníoctha agus san mar bharrachas no i bhfuirm dividenda no i bhfuirm aisíoctha roimhíocanna.

[EN]

(2) Bainfear den tuarastal uile thuillfidh aon bhall de chólucht le n-a mbaineann an t-alt so, agus is iníoctha leis an mball san, mar bhall den tsórt san i rith na bliana airgeadais atá anois ann suim de pé méid, agus san pé tráthanna, ordóidh an tAire i ngach cás, ag féachaint do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so agus do chúrsaí an cháis.

[EN]

(3) Déanfaidh gach cólucht le n-a mbaineann an t-alt so, i pé slí agus pé tráthanna cheadóidh an tAire, suimeanna do bhaint de sna tuarastail a thuillfidh daoine (seachas baill) ar fostú ag an gcólucht san, agus is iníoctha leo, i rith na bliana airgeadais atá anois ann, pé suimeanna ar a geinnfidh an cólucht san tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire agus ag féachaint do mhéideanna na suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so.

[EN]

(4) Déanfar gach suim a bainfear de thuarastail fén alt so do chur de láimh i pé slí ordóidh an tAire tar éis do dul i gcomhairle leis an gcólucht le n-a mbaineann.

[EN]

(5) Déanfar, maidir le gach cólucht le n-a mbaineann an t-alt so agus is cuideachta atá ionchorpruithe fé sna hAchtanna Cuidcachtan, 1908 go 1924, an focal “ball” do léiriú mar fhocal ná cialluíonn ach baill den chólucht san is stiúrthóirí ar an gcólucht san.

[EN]

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le saghsanna áirithe cóluchtaí.

10.—I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as an bPrímh-Chiste no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, le haon fhundúireacht oideachais (nách príomh-scoil, coláiste príomh-scoile ná meán-scoil) no le bord, coimisiún, cuideachtain, cumann, no cólucht eile (pe'ca corpruithe no neamh-inchorpruithe dho) agus an deontais sin uile no cuid de do bheith ar fáil ag an bhfundúireacht no ag an gcólucht san chun tuarastail daoine d'íoc a bhíonn ar fostú ag an bhfundúireacht no ag an gcólucht san, bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann pé suim a dhéanfaidh an tAire, tar éis do pé comhairle do ghlacadh le húdarás rialúcháin na fundúireachta no an chóluchta san is dóich leis is ceart, a chinneadh, ag féachaint don chion den deontas san a cuirtear de ghnáth chun na dtuarastal san d'íoc do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so, agus do chúrsaí eile an cháis.

[EN]

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le húdaráis áitiúla, etc.

11.—(1) I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as an bPrímh-Chiste no as ciste fé chúram Aire no as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas, le haon údarás áitiúil no le haon choiste no cólucht eile gur údarás áitiúil a cheapann a bhaill uile no cuid acu agus an deontais sin uile no cuid de do bheith ar fáil chun tuarastal d'íoc bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) pé suim a dhéanfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle le gach Aire eile go bhfeictear do baint do bheith aige leis an scéal, a chinneadh, ag féachaint don chion den deontas san a cuirtear de ghnáth chun tuarastal d'íoc, do sna suimeanna bheidh le baint de thuarastail fé Chuid II den Acht so, agus do chúrsaí eile an cháis.

[EN]

(2) Ní déanfar, fén alt so, aon tsuim do bhaint de dheontas a híoctar le húdarás áitiúil, le coiste, no le cólucht eile i gcóir no alos seirbhísí gurb é an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláintc Puiblí a dheineann no gur fé n-a chúram a deintear iad do riaradh más deimhin leis an Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an cólucht san do bheith tar éis suimeanna do bhaint, agus san do réir mar a cheaduigh an tAire tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, de sna tuarastail do thuill daoine i bhfostaíocht an chóluchta san, agus dob iníoctha leo, sa bhliain airgeadais atá anois ann.

[EN]

Suimeanna do bhaint de thuarastail de bhíthin suimeanna do bhaint de dheontaisí.

12.—(1) Pé uair a déanfar, fé aon cheann de sna forálacha san roimhe seo den Chuid seo den Acht so, suim do bhaint de dheontas féadfaidh aon bhord, údarás, coiste, no cólucht eile do gheobhaidh (go díreach no go nea-dhíreach) an deontas san no cuid de suimeanna do bhaint de sna tuarastail a thuillfidh daoine i bhfostaíocht an chóluchta san agus is iníoctha leo sa bhliain airgeadais atá anois ann, pé suimeanna is dóich leis an gcólucht san, le ceadú an Aire, do bheith ceart, ag féachaint do mhéid na suime bheidh bainte amhlaidh den deontas san no den chuid sin de, don chion den deontas san no den chuid sin de cuirtear de ghnáth chun na dtuarastal san d'íoc, agus do chúrsaí eile an cháis.

[EN]

(2) Sara dtugaidh an tAire a cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so raghaidh i gcomhairle le gach Aire eile (más aon Aire é) go bhfeictear do baint do bheith aige leis an scéal.

[EN]

(3) I gcás búird, údaráis, coiste no cóluchta eile (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an cólucht a céad-luaidhtear) d'fháil (go díreach no go nea-dhíreach) aon deontais den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so no aon choda d'aon deontas den tsórt san agus cóluchta eile (dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an dara cólucht a luaidhtear) do bheith i dteideal do réir dlí iomlán a gcaiteachaisí no aon chuid díobh d'éileamh ar an gcólucht a céad-luaidhtear agus d'fháil uatha tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur cólucht atá ag fáil coda den deontas san an dara cólucht a luaidhtear.

[EN]

Suimeanna do bhaint de dheontaisí a híoctar le príomhscoileanna agus le coláistí príomh-scoile.

13.—I gcás deontais do bheith á íoc go bliantúil, fé reacht no ar shlí eile, amach as airgead puiblí le príomh-scoil no le coláiste príomh-scoile bainfear de mhéid an deontais sin a bheidh le n'íoc sa bhliain airgeadais atá anois ann pé suim, nách mó ná cúig per cent. de mhéid an deontais sin, a chinnfidh an tAire.

[EN]

Suimeanna bainfear de dheontaisí do chur de láimh.

14.—Déanfar na suimeanna uile bainfear d'aon deontas fén gCuid seo den Acht so do choimeád (fé mar is gá sa chás) sa Stát-Chiste no sa chiste as a n-íoctar an deontas san agus beid ar fáil chun críche ar bith chun a mbíonn airgead sa Stát-Chiste no sa chiste eile sin (do réir mar bheidh) ar fáil go dleathach.

SCEIDEAL.

CUID I.

Ratai na Suimeanna Bainfear de Thuarastail Oifigeach Coimisiunta bhForsai Cosanta Shaorstáit Éireann agus de Thuarastail Seiplin each na bhForsai sin.

I gcás gan an ráta tuarastail bliantúil do bheith níos mó ná £100—4 per cent. per annum den tuarastal.

I gcás an ráta tuarastail bliantúil do bheith níos mó ná £100.

per cent.

per annum den chéad

£100

den ráta tuarastail bliantúil.

plus

,,     ,,         ,,

£100

no cuid de

£100

eile den ráta tuarastail

bliantúil

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

10 

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

15 

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

,,

17½

,,     ,,         ,,

£100

,,     ,,

£100

,,        ,,       ,,

CUID II.

Ratai na Suimeanna Bainfear de Thuarastail Oidi i Scoileanna Naisiunta.

a) De thuarastail príomh-oidí agus oidí conganta agus tuath-oidí conganta i Scoileanna Náisiúnta.

I gcás an ráta tuarastail bliantúil do bheith

per cent.

níos lugha ná

£175

...     ...     ...     ...     ...

5 per annum den tuarastal

,,     ,,

£200

gan bheith níos lugha ná

£175

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£225

,,         ,,         ,,

£200

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£250

,,         ,,         ,,

£225

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£275

,,         ,,         ,,

£250

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£300

,,         ,,         ,,

£275

--

,,        ,,        ,,

,,   ,,

£325

,,         ,,         ,,

£300

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£350

,,         ,,         ,,

£325

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£375

,,         ,,         ,,

£350

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£400

,,         ,,         ,,

£375

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£425

,,         ,,         ,,

£400

--

,,        ,,        ,,

,,     ,,

£450

,,         ,,         ,,

£425

--

,,        ,,        ,,

£450

no níos mó  ...       ...         ...

--

,,        ,,        ,,

I gcás tuarastal scála bainfidh na rátaí sin roimhe seo leis an tuarastal tar éis bonus alos cáilíochtaí speisialta d'áireamh, ach ní oibreoidh aon laigheadú chun an pháigh maraon leis an mbónus do thabhairt thar 2 per cent. níos ísle ná minimum scála an tuarastail agus fós ní oibreoidh aon laigheadú chun an tuarastail (tar éis an laigheaduithe) is iníoctha le haon oide do thabhairt níos ísle ná méid an tuarastail (tar éis an laigheaduithe) is iníoctha le haon oide eile go raibh a thuarastal (roimh an laigheadú) ag poinnte níos ísle sa scála céanna tuarastail ná tuarastal (roimh an laigheadú) an oide a céad-luaidhtear.

b) 1 per cent. per annum de thuarastail oidí gan tréineáil gur £139 10s. 0d. per annum maximum a scála agus de thuarastail mháistreásaí conganta sóisearacha.

(c) 6 per cent. per annum de luach saothair alos teagaisc i gcócaireacht agus i nigheachán agus de liúntaisí pearsanta d'oidí i Scoileanna Gaelacha Speisialta lasmuich den Ghaeltacht agus de liúntaisí pearsanta in ionad táillí do híoctaí roimhe seo le hoidí i scoileanna dhá-theangacha sceidealta.

d) 6 per cent. per annum de dheontaisí speisialta d'oidí i Scoileanna sa bhFíor-Ghaeltacht, ach ní déanfar i gcás ar bith an méid is iníoctha do laigheadú níos ísle ná na minima atá orduithe i gcóir na ndeontas san.

CUID III.

Rátaí na Suimeanna Bainfear de Thuarastail Daoine ar Fostú in aon fheadhmannas i gColáiste Ullmhúcháin agus de Thuarastail Daoine ar Fostú in aon Fheadhmannas Sibhialta sa tSeirbhís Phuiblí ná baineann aon Chuid de sna Codanna san roimhe seo den Sceideal so leo.

(a) De thuarastail as seirbhís lán-aimsire:—

I gcás gan an ráta tuarastail bliantúil do bheith níos mó ná £300—Nil.

I gcás an ráta tuarastail bliantúil do bheith níos mó ná £300 gan bheith níos mó ná £400—2 per cent. per annum den tuarasta.

I gcás an ráta tuarastail bliantúil do bheith níos mó ná £400:— per cent.

per annum den chéad

£400

den ráta tuarastail bliantúil.

plus

,,    ,,       ,,

£100

no cuid de

£100

eile den ráta tuarastail

bliantúil

,,

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,            ,,         ,,

,,

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

10 

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

12½

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

15 

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

17½

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

20 

,,     ,,       ,,

£100

,,     ,,

£100

,,           ,,          ,,

,,

22½

,,     ,,       ,,

£200

,,     ,,

£200

,,           ,,          ,,

plus 25 per cent. per annum de pé méid den ráta tuarastail bliantúil atá thar £1,600.

Ní déanfar in aon chás an ráta tuarastail bliantúil do thabhairt tré laigheadú fé bhun £300.

(b) De thuarastail, de tháillí, de choimisiúin agus de luach saothair eile as seirbhís pháirt-aimsire no as seirbhís ócáidigh:—

(i) i gcás ceárdaithe agus oibritheoirí oilte eile, agus daoine fé phágh chun fó-dhiúitéthe no gnáth-oibre agus chuige sin amháin do dhéanamh —nil;

(ii) i ngach cás eile—cúig per cent. den mhéid iomlán is iníoctha.

CUID IV.

De dheontaisí ceann-tsraithe a híoctar le Scoileanna Coinbhinte agus Mainistreach agus le Scoileanna Altranais —seacht per cent. per annum.