Uimhir 38 de 1927.
ACHT AIRGID (UIMH. 2), 1927.
Diúité ar mhargairín.
1.—(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir ráta trí pingne ar an bpunt ar an margairín go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, no dá éis sin.
(2) San alt so cialluíonn an focal “margairín” aon bhia, pe'ca measctha le him do no nách ea, atá cosúil le him agus nách im bainne-mheasctha.
Diúité ar phaidríní.
2.—(1) Déanfar diúité custum is có-mhéid le triocha a trí is trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach paidrín, agus ar gach earra is dó leis na Coimisinéirí Ioncuim a bheith ina páirt shubstainteach de phaidrín, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, no dá éis sin.
(2) Tuigfar chun crícheanna an ailt seo gurb é is luach d'aon earra ná an praghas do thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit a hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas uirthi íoctha, agus is ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, a híocfar diúité.
Cúram agus bainistí diúitéthe.
3.—Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe a forchuirtar leis an Acht so.
Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.
4.—(1) Féadfar an tAcht Airgid (Uimh. 2), 1927, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.
(3) Tuigfar an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 22adh lá de Dheire Fomhair, 1927, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.