Uimhir 38 de 1960.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
[22 Samhain, 1960.]
Síneadh ar an tréimhse a bhfuil feidhm ina leith ag Cuid II den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954.
1.—Déantar leis seo “an 31ú lá de Mhárta, 1963” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1960” sa mhíniú atá ar “an tréimhse ordaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954.
Leasú ar alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852.
1852, c. 63.
2.—I gcás—
(a) ina mbeidh alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, le cur i bhfeidhm de dhroim aon tógáil fhoirgnimh feirme, cró, nó oifige dá dtagraítear san alt sin, agus
(b) gur tosaíodh agus gur críochnaíodh an obair thógála sa tréimhse trí bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963,
beidh éifeacht ag an alt sin faoi réir tagairt d'fhiche bliain a chur ann in ionad na tagartha do sheacht mbliana.
Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
3.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946—
(a) trí “an 31ú lá de Mhárta, 1960” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1964” i bhfo-alt (6), agus
(b) tríd an bhfo-alt atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6).
(2) Aisghairtear leis seo an chuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954, a bhaineann leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, 1962, 1963, agus 1964.
Leasú ar alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
4.—Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(3A) Chun críocha an ráta chontae a mheasúnú agus a thobhach, sa tréimhse deich mbliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1960, ar oidhreachtán atá ar áireamh san aicme dheiridh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, measfar luacháil an oidhreachtáin a bheith laghdaithe go dtí an chionúireacht a shonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin i leith na haicme sin.”
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
5.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1960, a ghairm den na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 agus 1956, agus den Acht seo le chéile.
(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
AN SCEIDEAL.
Fo-alt a chuirtear isteach in Alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
(6A) I bhfo-alt (6) den alt seo déanfar na focail “ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste” a fhorléiriú, i gcás inarb é an líomatáiste uirbeach arb é ceantar uirbeach Bhun Crannaighe an limistéar a bheidh i gceist, maidir leis na tríocha bliain airgeadais áitiúil chomhleanúnach arb í an chéad cheann acu an ceann dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, mar leanas:
(i) i gcás na céad bhliana de na blianta sin—mar thagairt do ráta .70 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(ii) i gcás an dara bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .71 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(iii) i gcás an tríú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .72 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(iv) i gcás an ceathrú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .73 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(v) i gcás an cúigiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .74 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(vi) i gcás an séú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .75 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(vii) i gcás an seachtú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .76 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(viii) i gcás an ochtú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .77 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(ix) i gcás an naoú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .78 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(x) i gcás an deichiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .79 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xi) i gcás an t-aonú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .80 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xii) i gcás an dóú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .81 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xiii) i gcás an tríú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .82 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xiv) i gcás an ceathrú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .83 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xv) i gcás an cúigiú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .84 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xvi) i gcás an séú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .85 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xvii) i gcás an seachtú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .86 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xviii) i gcás an t-ochtú bliain déag de na blianta sin— mar thagairt do ráta .87 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xix) i gcás an naoú bliain déag de na blianta sin—mar thagairt do ráta .88 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xx) i gcás an fichiú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .89 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxi) i gcás an t-aonú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .90 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxii) i gcás an dóú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .91 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxiii) i gcás an tríú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .92 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxiv) i gcás an ceathrú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .93 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxv) i gcás an cúigiú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .94 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxvi) i gcás an séú bliain is fiche de na blianta sin—mar thagairt do ráta .95 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxvii) i gcás an seachtú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .96 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxviii) i gcás an t-ochtú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .97 de phingin amháin sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxix) i gcás an naoú bliain is fiche de na blianta sin— mar thagairt do ráta .98 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin,
(xxx) i gcás an tríochadú bliain de na blianta sin—mar thagairt do ráta .99 de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin.