Uimhir 39 de 1937.
ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN (LEASÚ), 1937.
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 (Uimh. 13 de 1935).
Deireadh do chur leis an teorainn atá leis an am chun clárú do dhéanamh.
2.—(1) Deintear leis seo an méid sin d'fho-alt (5) d'alt 2 den Phríomh-Acht a theorannuíonn an t-am in ar féidir clárú do dhéanamh do réir an fho-ailt sin d'athghairm amhail o dháta an Phríomh-Achta do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo—
(a) go bhféadfar (fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den fho-alt so) clárú do réir an fho-ailt sin (5) do dhéanamh agus go dtuigfear gurbh fhéidir riamh san do dhéanamh tráth ar bith tar éis an Phríomh-Achta do rith, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, agus
(b) ná clárófar éinne do réir an fho-ailt sin (5) tar éis an Achta so do rith gan toiliú an Aire Dlí agus Cirt.
(2) Déanfar an tagairt atá i mír (b) d'fho-alt (4) den alt san 2 den Phríomh-Acht don chéad fho-alt ina dhiaidh sin den alt san do léiriú, agus beidh éifeacht aici agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aici, mar thagairt don fho-alt san fé mar a leasuítear é leis an alt so.
Gearr-theideal agus luadh.
3.—(1) Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann (Leasú), 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.