Uimhir 40 de 1961.
AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhraiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Chlúmhilleadh, 1961, a ghairm den Acht seo.
Léiriú i gcoitinne.
2.—San Acht seo—
tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil, 1941;
ciallaíonn “páipéar nuachta”, ach amháin in alt 27, aon pháipéar ina mbíonn nuacht phoiblí nó tuairimí ar nuacht phoiblí, nó ar fógraí a bhíonn ann ar fad nó go formhór, agus a chlóbhuailtear lena dhíol agus a fhoilsítear sa Stát nó i dTuaisceart Éireann go tréimhsiúil nó i gcodanna nó in uimhreacha i gceann tréimhsí nach faide ná sé lá is tríocha;
ciallaíonn “dílseánach” dilseánach aonair páipéir nuachta ar bith agus ina theannta sin, i gcás dílseánacht roinnte, na daoine atá, mar chomhpháirtithe nó eile, ag ionadú d'aon scair nó leas, nó freagrach in aon scair nó leas, sa pháipéar nuachta amhail idir iad féin agus na daoine atá sa tslí chéanna ag ionadú do na scaireanna nó na leasanna eile ann nó freagrach sna scaireanna nó sna leasanna eile ann, agus ní chiallaíonn sé aon duine eile.
Tosach feidhme agus imeachtaí lena mbainfidh.
3.—(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1962.
(2) Beidh feidhm ag Cuid III den Acht seo chun críocha aon imeachtaí a thosófar tar éis tosach feidhme an Achta seo, cibé uair a tharla an chúis chaingne, ach ní bhainfidh sé le haon imeachtaí a tosaíodh roimh thosach feidhme an Acht seo.
Aisghairm.
4.—Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
CUID II
Imeachtaí Coiriúla mar gheall ar Leabhal
An giúiré a bheith inniúil chun fíorasc ginearálta a thabhairt i dtriail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal.
5.—(1) I ngach triail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal a dhéanamh nó a fhoilsiú nach dtaifeadfar pléadáil neamhchiontachta ina leith, féadfaidh an giúiré fíorasc ginearálta ciontachta nó neamhchiontachta a thabhairt ar an ábhar go léir a cuireadh i saincheist sa díotáil, agus ní iarrfaidh an chúirt ar an ngiúiré ná ní threoróidh dóibh an duine a cúisíodh a fháil ciontach ar an gcruthú amháin gur fhoilsigh sé an páipéar ar cúisíodh gur leabhal é agus go raibh leis an bpáipéar sin an chiall a cuireadh ina leith sa díotáil.
(2) I ngach triail den sórt sin déanfaidh an chúirt, de réir a rogha, a tuairim agus a treorú a thabhairt don ghiúiré ar an ábhar a bheidh i saincheist amhail mar a dhéantar i gcásanna coiriúla eile.
(3) Ní oibreoidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo chun giúiré a chosc ó fhíorasc speisialta a chinneadh, dá rogha féin, amhail mar a dhéantar i gcásanna coiriúla eile.
Pléadáil gurbh fhíor na hábhair a cúisíodh i dtriail mar gheall ar leabhal clúmhillteach agus gurbh é leas an phobail iad a fhoilsiú.
6.—Sa triail ar aon díotáil mar gheall ar leabhal clúmhillteach, i gcás an duine a cúisíodh do dhéanamh pléadáil mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo, féadfar fírinne na n-ábhar a cúisíodh a fhiosrú ach ní bheidh sin in ionannas le cosaint, murarbh é leas an phobail é go ndéanfaí na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú; agus, chun go mbeidh teideal ag an gcosantóir fianaise i dtaobh fírinne na n-ábhar sin a cúisíodh a thabhairt mar chosaint ar an díotáil sin, ní foláir don duine a cúisíodh, ina phléadáil sa díotail sin, fírinne na n-ábhar sin a cúisíodh a líomhnú, sa tslí is gá i gcás fírinniú a phléadáil i gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh agus fairis sin a líomhnú gurbh é leas an phobail é na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú, agus an fíoras nó na fíorais áirithe a líomhnú a thug gurbh é leas an phobail é go ndéanfaí na hábhair sin a cúisíodh a fhoilsiú, agus féadfaidh an t-ionchúisitheoir freagra a thabhairt go ginearálta ar an bpléadáil sin, á séanadh go hiomlán; agus más rud é, tar éis na pléadála sin, go gciontófar an duine a cúisíodh ar an díotáil sin, féadfaidh an chúirt, ag tabhairt a pianbhreithe di, a bhreithniú an méadú nó maolú ar a chiontacht an phléadáil sin agus an fhianaise a tugadh á cruthú nó á bréagnú: ar choinníoll—
(a) nach ndéanfar i gcás ar bith gan fírinniú a phléadáil amhlaidh fiosrú i dtaobh fírinne na n-ábhar a cúisíodh sa leabal líomhanta a gearánadh sa díotáil sin;
(b) i dteannta fírinniú a phléadáil amhlaidh, go bhféadfaidh an duine a cúisíodh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh;
(c) nach gcuirfidh aon ní san alt seo ó chion aon chosaint, ná nach ndéanfaidh dochar d'aon chosaint, faoin bpléadáil neamhchiontachta a mbeidh an duine a cúisíodh inniúil ar a déanamh faoin bpléadáil sin in aon díotáil mar gheall ar leabhal clúmhillteach.
Fianaise ón duine a cúisíodh ag frisnéisiú cás prima facie gur ghníomhaire dó a rinne an foilsiú.
7.—Aon uair a tharlóidh, i dtriail ar dhíotáil mar gheall ar leabhal a fhoilsiú, a ndearnadh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh ina leith, go dtabharfar fianaise a shuífidh i gcoinne an duine a cúisíodh toimhde go ndearnadh an foilsiú trí ghníomh aon duine eile le húdarás uaidh, beidh an duine a cúisíodh inniúil ar a chruthú gur gan údarás ná toiliú uaidh nó gur i ganfhios dó a rinneadh an foilsiú agus nach trí easpa cúraim nó aireachais mar ba chuí aige féin a tharla sé.
Ordú ó Bhreitheamh ag teastáil chun dílseánach páipéir nuachta, etc., a ionchúiseamh.
8.—Ní thosófar aon ionchúiseamh coiriúil i gcoinne aon dílseánaigh, foilsitheora nó eagarthóra ná i gcoinne aon duine atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar aon leabhal a foilsíodh ann gan ordú ó Bhreitheamh den Ard-Chúirt ina shuí in camera a bheith tugtha agus faighte roimh ré, agus déanfar gach iarratas ar ordú den sórt sin ar fhógra a thabhairt don duine cúisithe, agus tabharfar caoi dósan éisteacht a fháil i gcoinne an iarratais.
Fiosrú i dtaobh leabhal a bheith chun leasa an phobail nó a bheith fíor.
9.—Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar chúiseamh a éisteacht i gcoinne dílseánaigh, foilsitheora, eagarthóra nó aon duine atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar leabhal a foilsíodh ann, fianaise a ghlacadh i dtaobh an foilsiú a bheith chun leasa an phobail, i dtaobh na hábhair a cúisíodh sa leabhal a bheith fíor, i dtaobh an tuairisc a bheith cothrom agus cruinn agus arna foilsiú gan mhailís agus i dtaobh aon ní a d'fhéadfadh an duine a cúisíodh a thabhairt i bhfianaise mar chosaint, faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile nó in aon slí eile, ina thriail ar dhíotáil, agus más é tuairim an Bhreithimh, tar éis an fhianaise sin a éisteacht, go bhfuil toimhde láidir nó toimhde dhóchúil ann go ndéanfadh an giúire ar an triail an duine a cúisíodh a éigiontú, féadfaidh sé an cás a dhíbheadh.
Forálacha maidir le ciontú achomair mar gheall ar leabhal.
10.—Más é tuairim Breithimh den Chúirt Dúiche, ar chúiseamh a éisteacht i gcoinne dílseánaigh, foilsitheora, eagarthóra nó aon duine eile atá freagrach i bhfoilsiú páipéir nuachta mar gheall ar leabhal a fhoilsiú ann, nach raibh sa leabhal, ar a shon gur taispeánadh go raibh an duine cúisithe ciontach ann, ach leabhal de chineál mionchúiseach agus go bhféadfar an cion a leorphionósú de bhua na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, cuirfidh an Breitheamh faoi deara an cúiseamh a chur i scríbhinn agus a léamh don duine a cúisíodh agus fiafróidh sé de ansin an mian leis go dtrialfeadh giúiré é nó an dtoilíonn sé leis an gcás a thriail go hachomair, agus, má thoilíonn an duine sin leis an gcás a thriail go hachomair, féadfaidh sé é a chiontú go hachomair, agus fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna um Dhlínse Achomair.
Pionós mar gheall ar leabhal clúmillteach a fhoilsiú go mailíseach.
11.—Gach duine a fhoilseoidh go mailíseach aon leabhal clúmhillteach dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Pionós mar gheall ar leabhal is feasach a bheith bréagach a fhoilsiú go mailíseach.
12.—Gach duine a fhoilseoidh go mailíseach aon leabhal clúmhillteach, agus a fhios aige é a bheith bréagach dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.
Pionós mar gheall ar leabhal diamhaslach nó graosta a chlóbhualadh nó a fhoilsiú.
13.—(1) Gach duine a chumfaidh, a chlóbhuailfidh nó a fhoilseoidh aon leabhal diamhaslach nó graosta dlífear, ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile nó pianseirbhís go ceann téarma nach faide ná seacht mbliana a chur air.
(2) (a) I ngach cás ina gciontófar duine i leabhal diamaslach a chumadh, a chlóbhualadh nó a fhoilsiú, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh chun na cóipeanna go léir den leabhal a bheidh i seilbh an duine sin, nó i seilbh aon duine eile a bheidh ainmnithe san ordú chun a úsáide, a urghabháil agus a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil i slánchoimeád, i cibé slí a ordófar san ordú ar fhianaise faoi mhionn a bheith tugtha roimhe sin chun sástacht na cúirte go bhfuil cóipeanna den leabhal sin i seilbh an duine eile sin chun úsáide an duine a ciontaíodh.
(b) Ar ordú a dhéanamh faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh comhalta ar bith den Gharda Síochána agus é ag gníomhú faoin ordú sin dul isteach, le héigean más gá, agus cuardach a dhéanamh le haghaidh aon chóipeanna den leabhal sin in aon fhoirgneamh, teach nó aon áit eile leis an duine a ciontaíodh nó leis an duine eile sin a bheidh ainmnithe san ordú, agus féadfaidh sé gach cóip den leabhal a gheobhaidh sé ansin a urghabháil agus a thabhairt chun bealaigh agus a choinneáil sa tslí a ordaíodh san ordú sin.
(c) Más rud é, in aon chás den sórt sin, go ndéanfar an ciontú a neamhniú de thoradh achomhairc, déanfar aon chóipeanna den leabhal a urghabhadh faoi ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a thabhairt ar ais saor ó mhuirear don duine nó do na daoine ónar urghabhadh iad.
(d) Más rud é, in aon chás den sórt sin, nach dtaiscfear achomharc nó go ndaingneofar an ciontú de thoradh achomhairc, déanfar, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chun na cúirte a rinne an t-ordú sin, aon chóipeanna den leabhal a urghabhadh faoi ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an chúirt sin.
CUID III
Imeachtaí Sibhialta mar gheall ar Chlúmhilleadh
Léiriú (Cuid III).
1926, umih. 45.
1960, Umih. 10.
1863, c.112.
14.—(1) Sa Chuid seo—
tá le “craoladh” an bhrí chéanna atá le “foirleatha” san Acht
Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (dá ngairtear Acht 1926 san alt seo) agus forléireofar an briathar “craoladh” da réir sin;
tá le “stáisiún craolacháin” an bhrí chéanna atá le “stáisiún foirleatha” in Acht 1926, arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960;
tá le “raidió-theileagrafaíocht” an bhrí chéanna atá le “radiothelegrafaíocht” in Acht 1926.
(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'fhocail a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt d'amharc-íomhánna, gothaí agus modhanna eile chun ciall a chur in iúl.
(3) Má dhéantar focail a chraolfar le raidió-theileagrafaíocht a tharchur san am céanna le teileagraf mar mhínítear sin leis an Telegraph Act, 1863, de réir ceadúnais arna dheonú ag an Aire Poist agus Telegrafa, beidh feidhm ag forálacha na Coda seo amhail is dá mba chraoladh le raidió-theileagrafaíocht an tarchur.
Ráitis chraolta.
15.—Chun críocha dhlí an leabhail agus na béadchainte áireofar craoladh focal le raidió-theileagrafaíocht mar fhoilsiú i mbuanfhoirm.
Focail a chuirfidh mígheanmnaíocht nó adhaltranas i leith duine a bheith inchaingne gan damáiste speisialta.
16.—Focail a labhrófar agus a fhoilseofar agus a chuirfidh mígheanmhaíocht nó adhaltranas i leith aon mhná nó chailín ní gá damáiste speisialta chun iad a dhéanamh inchaingne.
Tairiscint apalachta a bheith inghlactha i bhfianaise de mhaolú ar dhamáistí i gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh.
17.—In aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, is dleathach don chosantóir (tar éis fógra i scríbhinn faoina bheith ar intinn aige sin a dhéanamh, a tugadh go cuí don ghearánaí an tráth a comhadaíodh nó a seachadadh an phléadáil sa chaingean) a chur i bhfianaise, de mhaolú ar dhamáistí, go ndearna sé apalacht a ghabháil leis an ngearánaí nó a thairiscint dó mar gheall ar an gclúmhilleadh sin sular tosaíodh an chaingean, nó chomh luath ina dhiaidh sin agus a bhí caoi aige ar é a dhéanamh, i gcás an chaingean a bheith tosaithe sula raibh caoi aige an apalacht sin a ghabháil nó a thairiscint.
Tuairiscí páipéir nuachta agus tuairiscí craolta ar imeachtaí i gcúirt a bheith faoi phribhléid.
18.—Aon tuairisc chothrom chruinn a fhoilseofar in aon nuachtán nó a chraolfar le raidió-theileagrafaíocht mar chuid d'aon chlár nó seirbhís a sholáthrófar trí stáisiún craolacháin sa Stát nó i dTuaisceart Éireann ar imeachtaí a éisteadh go poiblí os comhair aon chúirte a bunaíodh le dlí agus ag a mbeidh údarás breithiúnach á fheidhmiú aici sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, beidh sí faoi phribhléid más i gcomhaimsir leis na himeachtaí sin a fhoilseofar nó a chraolfar í.
(2) Ní údaróidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo aon ábhar diamhaslach nó graosta a fhoilsiú nó a chraoladh.
Béadchaint a bhaineann le clú duine ina oifig, ina ghairm nó ina ghnó.
19.—I gcaingean mar gheall ar bhéadchaint i leith focal a rachadh chun dímheas a tharraingt ar an ngearánaí in aon oifig, gairm, slí bheatha, ceird nó gnó a bhí aige nó a bhí á sheoladh aige tráth an fhoilsithe, ní gá damáiste speisialta a líomhnú ná a chruthú, cibé acu i ndáil lena oifig, lena ghairm, lena slí bheatha, lena cheird, nó lena ghnó a dúradh na focail i dtaobh an ghearánaí nó nach ea.
Clúmhilleadh teidil, etc.
20.—(1) I gcaingean mar gheall ar chlúmhilleadh teidil, clúmhilleadh earraí nó bréag mhailíseach eile, ní gá damáiste speisialta a líomhnú ná a chruthú—
(a) más rud é go rachadh na focail ar ar bunaíodh an chaingean chun damáiste i gcúrsaí airgid a dhéanamh don ghearánaí agus gur i scríbhinn nó i mbuanfhoirm eile a foilsíodh iad; nó
(b) más rud é go rachadh na focail sin chun damáiste i gcúrsaí airgid a dhéanamh don ghearánaí maidir le haon oifig, gairm, slí bheatha, ceird nó gnó a bhí aige nó a bhí á sheoladh aige tráth an fhoilsithe.
(2) Beidh feidhm ag alt 15 den Acht seo chun críocha fho-alt (1) den alt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha dhlí an leabhail agus an chlúmhillte.
Clúmhilleadh neamhbheartaithe.
21.—(1) Duine a d'fhoilsigh focail a líomhnaítear a bheith ina gclúmhilleadh ar dhuine eile, féadfaidh sé, má éilíonn sé gur go neamhurchóideach a d'fhoilsigh sé na focail maidir leis an duine eile sin, tairiscint sásaimh a dhéanamh faoin alt seo, agus in aon chás den sórt sin—
(a) má ghlacann an páirtí éagóraithe leis an tairiscint agus go gcomhlíonfar í go cuí, ní thionscnóidh an páirtí sin aon imeachtaí, ná ní leanfaidh sé d'aon imeachtaí, mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i gcoinne an duine a rinne an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist (ach gan dochar d'aon chúis chaingne i gcoinne aon duine eile a bhí freagrach i gcomhpháirt san fhoilsiú sin);
(b) mura nglacfaidh an páirtí éagóraithe leis an tairiscint, ansin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo, is cosaint é, in aon imeachtaí aige mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i gcoinne an duine a rinne an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, a chruthú gur go neamhurchóideach a rinne an cosantóir na focail a gearánadh a fhoilsiú maidir leis an ngearánaí agus go ndearnadh an tairiscint a luaithe ab fhéidir tar éis don chosantóir fógra a fháil go raibh siad nó go bhféadfaidís a bheith ina gclúmhilleadh ar an ngearánaí, agus nár tarraingíodh siar an tairiscint.
(2) Ní foláir é a bheith sainráite i dtairiscint sásaimh faoin alt seo gur chun críocha an ailt seo a dhéantar é, agus ní foláir mionnscríbhinn a bheith ag gabháil leis a shonróidh na fíorais ar a bhfuil a sheasamh ag an duine atá á dhéanamh chun a thaispeáint gur go neamhurchóideach a foilsíodh na focail atá i gceist maidir leis an bpáirtí éagóraithe; agus chun críocha cosanta faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ní bheidh aon fhianaise, seachas fianaise ar fhíorais a shonrófar sa mhionnscríbhinn, inghlactha thar ceann an duine sin chun a chruthú gur mar sin a foilsíodh na focail.
(3) Is tuigthe gurb é is tairiscint sásaimh a dhéanfar faoin alt seo ann tairiscint—
(a) In aon chás, chun ceartú oiriúnach ar na focail a gearánadh, maraon le leor-apalacht don pháirtí éagóraithe i dtaobh na bhfocal sin, a fhoilsiú nó páirt a ghlacadh ina bhfoilsiú;
(b) i gcás cóipeanna de dhoiciméad nó de thaifead ina raibh na focail sin a bheith dáilte ag an duine nó go bhfios don duine a dhéanfaidh an tairiscint, chun cibé bearta a dhéanamh is féidir leis de réir réasúin lena chur in iúl do dhaoine dár dáileadh cóipeanna amhlaidh go líomhnaítear na focail a bheith ina gclúmhilleadh ar an bpáirtí éagóraithe.
(4) I gcás ina nglacfaidh an páirtí éagóraithe le tairiscint sásaimh faoin alt seo—
(a) déanfar aon cheist i dtaobh na mbeart a bheidh le déanamh i gcomhlíonadh na tairisceana mar a ghlacfar léi amhlaidh, mura gcomhaontóidh na páirtithe ar na bearta sin, a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte agus a chinneadh aici nó, má tionscnaíodh imeachtaí sa Chúirt Chuarda maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda agus a chinneadh aici, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte sin ar an gceist sin;
(b) ar chumhacht na cúirte chun orduithe a dhéanamh i dtaobh costais in imeachtaí ag an bpáirtí éagóraithe i gcoinne an duine a dhéanfaidh an tairiscint maidir leis an bhfoilsiú a bheidh i gceist, nó in imeachtaí maidir leis an tairiscint faoi mhír (a) den fho-alt seo, áireofar cumhacht chun a ordú go mbeidh ar an duine a dhéanfaidh an tairiscint costais a íoc leis an bpáirtí éagóraithe ar fhoras slánaíochta maraon le haon chaiteachais faoina ndeachaigh nó faoina rachaidh an páirtí sin go réasúnach de dhroim an fhoilsithe a bheidh i gceist;
agus mura dtionscnófar aon imeachtaí mar a dúradh, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón bpáirtí éagóraithe, aon ordú den sórt sin a dhéanamh le haghaidh íoc na gcostas nó na gcaiteachas sin mar a dúradh a d'fhéadfaí a dhéanamh sna himeachtaí sin.
(5) Chun críocha an ailt seo áireofar focail a bheith foilsithe ag duine amháin (dá ngairtear an foilsítheoir san fho-alt seo) go neamhurchóideach i dtaobh duine eile i gcás, agus sa chás sin amháin, ina mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta, is é sin le rá—
(a) nach raibh sé ar intinn ag an bhfoilsitheoir iad a fhoilsiú i dtaobh agus i leith an duine eile sin, agus nárbh eol dó imthosca a bhféadfaí a thuiscint iad a bheith ag tagairt dó; nó
(b) nach raibh na focail clúmhillteach de réir a gcuma, agus nárbh eol don fhoilsitheoir imthosca as a bhféadfaí a thuiscint iad a bheith ina gclúmhilleadh ar an duine eile sin,
agus i gceachtar cás gur ghlac an foilsitheoir gach cúram réasúnach maidir leis an bhfoilsiú; agus déanfar aon tagairt san fho-alt seo don fhoilsitheoir a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt d'aon seirbhíseach nó gníomhaire don fhoilsitheoir a raibh baint aige lena raibh san fhoilsiú.
(6) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo i gcás ina gcruthóidh an páirtí éagóraithe gur bhain damáiste speisialta dó.
(7) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le foilsiú ag duine ar bith ar fhocail nach é féin a n-údar mura gcruthóidh sé nach le mailís a scríobh an t-údar na focail.
Fírinniú.
22.—I gcaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail ina mbeidh dhá chúiseamh ar leithligh nó níos mó i gcoinne an ghearánaí, ní chlisfidh cosaint fhírinnithe de dhroim amháin nach gcruthófar fírinne gach cúisimh, más rud é nach ndéanfaidh na focail nár cruthaíodh a bheith fíor díobháil ábhartha do chlú an ghearánaí ag féachaint d'fhírinne na gcúiseamh eile.
Imchaint dhlisteanach.
23.—I gcaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail a bheidh go páirteach ina líomhaintí fíorais agus go páirteach ina nochtadh tuairime, ní chlisfidh cosaint gurbh imchaint dhlisteanach a bhí iontu ar an aon chúis nár cruthaíodh gach líomhain fíorais, más imchaint dhlisteanach an nochtadh tuairme ag féachaint don méid a cruthaíodh de na fíorais a líomhnaíodh nó dar tagraíodh sna focail a gearánadh.
Tuairiscí áirithe páipéir nuachta agus craolacháin a bheith faoi phribhléid shrianta.
1888, c. 64.
24.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh foilsiú a dhéanfar i bpáipéar nuachta, nó craoladh a dhéanfar le raidió-theileagrafaíocht mar chuid d'aon chlár nó seirbhís a sholáthraítear trí stáisiún craolacháin sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ar aon tuairisc nó ábhar eile den sórt a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, faoi phribhléid mura gcruthófar gur le mailís a rinneadh an foilsiú nó an craoladh sin.
(2) I gcaingean mar gheall ar leabhal i leith foilsiú nó craoladh aon tuairisce nó ábhair den sórt a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní cosaint iad forálacha an ailt seo má chruthaítear gur iarr an gearánaí ar an gcosantóir ráiteas réasúnach mar mhíniú nó mar bhréagnú a fhoilsiú sa pháipéar nuachta ina ndearnadh an foilsiú bunaidh nó a chraoladh ón stáisiún craolacháin óna ndearnadh an craoladh bunaidh, cibé acu é, agus gur dhiúltaigh nó gur fhailligh sé é sin a dhéanamh, nó go ndearna sé é ar chuma nár leor nó nach raibh réasúnach ag féachaint do na himthosca uile.
(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chosnaíonn foilsiú nó craoladh aon ábhair a dtoirmisctear le dlí é a fhoilsiú nó a chraoladh, ná aon ábhair nach de chúram an phobail agus nach é leas an phobail é a fhoilsiú nó a chraoladh.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a theorannaíonn nó a laghdaíonn aon phribhléid a bheidh ar marthain (ar shlí seachas de bhua alt 4 den Law of Libel Amendment Act, 1888) díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.
Comhaontuithe i leith slánaíochta.
25.—Ní neamhdhleathach do chomhaontú chun aon duine a shlánú i gcoinne dliteanais shibhialta mar gheall ar leabhal maidir le foilsiú aon ábhair, murab eol don duine sin tráth an fhoilsithe gurbh ábhar clúmhillteach é, agus nach gcreideann sé go réasúnach go bhfuil cosaint mhaith ann ar aon chaingean a thionscnófaí mar gheall air.
Fianaise i dtaobh damáistí eile a ghnóthaigh an gearánaí.
26.—In aon chaingean mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh féadfaidh an cosantóir fianaise a thabhairt do mhaolú ar dhamáistí gur ghnóthaigh an gearánaí damáistí, nó gur thionscain sé caingne ag iarraidh damáistí, mar gheall ar leabhal nó clúmhilleadh i leith focail a fhoilsiú arb ionann éifeacht dóibh agus do na focail ar ar bunaíodh an chaingean, nó gur ghlac sé, nó gur chomhaontaigh sé glacadh, le cúiteamh i leith aon fhoilsithe den sórt sin.
Oibleagáid ar dhílseánaigh áirithe páipéar nuachta a bheith cláraithe faoin Registration of Business Names Act, 1916.
27.—(1) Ní foláir dílseánach gach páipéir nuachta ag a bhfuil áit ghnó sa Stát, mura cuideachta a claraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, an dílseánach sin, agus nach gá faoi fhorálacha an Registration of Business Names Act, 1916, a bheith cláraithe faoin Acht sin maidir le gnó seolta an pháipéir nuachta sin, a bheith cláraithe mar a ordaítear leis an Acht sin, agus beidh feidhm ag an Acht sin maidir leis an dílseánach sin amhail mar atá feidhm aige maidir le gnólacht nó le duine dá dtagraítear in alt 1 den Acht sin.
(2) Déanfar gach tagairt atá san Registration of Business Names Act, 1916, don Acht sin a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo.
(3) San alt seo ciallaíonn “páipéar nuachta” aon pháipéar ina mbíonn nuacht phoiblí nó tuairimí ar nuacht phoiblí, nó ar fógraí a bhíonn ann ar fad nó go formhór, agus a chlóbhuailtear lena dhíol agus a fhoilsítear sa Stát go tréimhsiúil nó i gcodanna nó in uimhreacha i gceann tréimhsí nach faide ná sé lá is fiche.
Cosaint.
28.—Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difir don dlí a bhaineann le leabhal coiriúil.
AN CHEAD SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Cuid I
Achtanna ó Pharlaimint na hÉireann
Seisiún agus Caibidil | Teideal |
28 Hen. 8, c. 7 (Ir.). | An Act of Slaunder. |
2 Geo. 1, c. 20 (Ir.). | An Act to limit the time for Criminal Prosecutions for words spoken. |
33 Geo. 3, c. 43 (Ir.). | An Act to remove doubts respecting the functions of juries in cases of libel. |
Cuid II
Achtanna ó Pharlaimint Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann a bhí ann le déanaí
Seisiún agus Caibidil | Teideal |
60 Geo. 3 & 1 Geo. 4, c. 8. | Criminal Libel Act, 1819. |
3 & 4 Vic., c. 9 | Parliamentary Papers Act, 1840. |
6 & 7 Vic., c. 96. | Libel Act, 1843. |
8 & 9 Vic., c. 75. | Libel Act, 1845. |
32 & 33 Vic., c. 24. | Newspapers Printers and Reading Rooms Repeal Act, 1869. |
44 & 45 Vic., c. 60. | Newspaper Libel and Registration Act, 1881. |
51 & 52 Vic., c. 64. | Law of Libel Amendment Act, 1888. |
54 & 55 Vic., c. 51. | Slander of Women Act, 1891. |
AN DARA SCEIDEAL
Ráitis a bheidh faoi Phribhléid Shrianta
Cuid I
Ráitis a bheidh faoi Phribhléid gan Miniú ná Bréagnú
1. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag teach aon reachtais (lena n-áirítear fo-reachtais nó reachtais chónaidhme) le haon Stát ceannasach iasachta nó ag aon chomh lacht is cuid den reachtas sin nó aon chomhlacht arna cheapadh go cuí ag reachtas nó feadhmannas an Stáit sin nó faoi chun fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh ní a mbaineann tábhacht phoiblí leis.
2. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag eagras idirnáisiúnta a bhfuil an Stát nó an Rialtas ina chomhalta de nó ag aon chomhdháil idirnáisiúnta a gcuireann an Rialtas ionadaí chuici.
3. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí poiblí ag an gCúirt Cheartais Idirnáisiúnta agus ag aon bhinse breithiúnach nó eadránach eile a bheidh ag cinneadh ábhar a bheidh faoi dhíospóid idir Stáit.
4. Tuairisc chothrom chruinn ar aon imeachtaí os comhair cúirte (lena n-áirítear armchúirt) a mbeidh dlínse á hoibriú aici faoi dhlí aon reachtais (lena n-áirítear fo-reachtais nó reachtais chónaidhme) le haon Stát ceannasach iasachta.
5. Cóip chothrom chruinn d'aon chlár, nó sliocht cothrom cruinn as aon chlár, a bheidh á choimeád de bhun aon dlí agus a bheidh ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal nó d'aon doiciméad eile is gá de réir dlí a bheith ar oscailt lena iniúchadh ag an bpobal.
6. Aon fhógra nó fógrán a fhoilseoidh aon chúirt sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó aon Bhreitheamh nó oifigeach de chuid cúirte den sórt sin nó a fhoilseofar lena n-údarás.
Cuid II
Ráitis a bheidh faoi phribhléid faoi réir a Minithe nó a mBréagnaithe
1. Tuairisc chothrom chruinn ar chinntí nó ar bhreith ó aon chomhlachas acu seo a leanas, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann a cuireadh ar bun é, nó ó aon choiste nó comhlacht ceannais d'aon chomhlachas acu, is é sin le rá:
(a) comhlachas chun cleachtadh aon ealaíne, eolaíochta, creidimh nó léinn nó suim in aon ní díobh sin a chur ar aghaidh nó a spreagadh, agus é de chumhacht aige óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar chúrsaí is ábhar suime nó is cúram don chomhlachas nó ar ghníomhartha nó iompar aon daoine a bheidh faoi réir an rialaithe nó an bhreithnithe sin;
(b) comhlachas chun leasanna aon cheirde, gnó, tionscail nó gairme, nó leasanna na ndaoine a bhíonn ag gabháil d'aon cheird, gnó, tionscal nó gairm nó a mbíonn sin á sheoladh acu, a chur ar aghaidh nó a chaomhnú agus é de chumhacht ag an gcomhlachas óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann leis an gceird, leis an ngnó, leis an tionscal nó leis an ngairm sin nó ar bhearta nó iompar na ndaoine sin;
(c) comhlachas chun leasanna aon chluiche, spóirt nó caitheamh aimsire a chur ar aghaidh nó a chaomhnú a dtugtar cuireadh do dhaoine den phobal nó a ligtear isteach iad chun a imeartha nó a chleachta, agus é de chumhacht ag an gcomhlachas sin óna chóiriú rialú nó breithniú a dhéanamh ar dhaoine a mbíonn baint acu leis an gcluiche, leis an spórt nó leis an gcaitheamh aimsire sin nó a ghlacann páirt ann;
más cinneadh nó breith é a bhaineann le duine is comhalta den chomhlachas nó atá, de bhua aon chonartha, faoi rialú an chomhlachais.
2. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú poiblí a thionólfar sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, más cruinniú bona fide é agus go dtionólfar go dleathach é chun críche dleathaí agus chun aon ábhar is cúram don phobal, a chur ar aghaidh nó a phlé, cibé acu a ligfear an pobal i gcoitinne isteach chun an chruinnithe nó nach ligfear isteach ach daoine áirithe.
3. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag aon chruinniú a thionólfaidh nó ar aon ócáid a shuífidh—
(a) aon údarás áitiúil, nó aon choiste d'údarás áitiúil nó d'údaráis áitiúla, agus aon údarás comhréire, nó aon choiste de i dTuaisceart Éireann;
(b) aon Bhreitheamh a bheidh ag gníomhnú ar shlí seachas mar chúirt ag oibriú údaráis bhreithiúnaigh agus aon duine comhréire a bheidh ag gníomhú amhlaidh i dTuaisceart Éireann;
(c) aon choimisiún, binse, coiste nó duine a ceapadh, sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, chun críocha aon fhiosrúcháin faoi údarás reachtúil;
(d) aon duine a cheap údarás áitiúil chun fiosrúchán áitiúil a dhéanamh de bhun Acht ón Oireachtas agus aon duine a cheap údarás comhréire i dTuaisceart Éireann chun fiosrúchán áitiúi a dhéanamh de bhun údaráis reachtúil;
(e) aon bhinse, bord, coiste nó comhlacht eile a bunaíodh le húdarás reachtúil nó faoi, agus a bheidh ag feidhmiú feidhmeanna faoi údarás reachtúil, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann é;
nach cruinniú ná suí nach ligfear ionadaithe na nuachtán ná daoine eile den phobal isteach chuige.
4. Tuairisc chothrom chruinn ar na himeachtaí ag cruinniú ginearálta, cibé acu sa Stát nó i dTuaisceart Éireann é, d'aon chuideachta nó comhlachas a bunaíodh, a cláraíodh nó a deimhníodh le húdarás reachtúil nó faoi, nó a corpraíodh le cairt, agus nach é atá ann, i gcás cuideachta sa Stát, cuideachta phríobháideach de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, nó i gcás cuideachta i dTuaisceart Éireann, cuideachta phríobháideach de réir bhrí na reachtanna maidir le cuideachtaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ansin.
5. Cóip, nó tuairisc nó coimriú a bheidh cothrom agus cruinn, d'aon fhógra nó ábhar eile a eisíodh mar eolas don phobal ó aon roinn Rialtais nó údarás áitiúil nó ó choimisinéir an Gharda Síochána, nó thar a gceann, nó ó roinn, údarás nó oifigeach comhréire i dTuaisceart Éireann nó thar a gceann.