[EN]

Uimhir 41 de 1947.


[EN]

ACHT AN GHARDA SHÍOCHÁNA (PINSIN), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSIN, LIÚNTAIS AGUS AISCÍ DE CHUID NO I LEITH COMHALTAÍ NO SEAN-CHOMHALTAÍ ÁIRITHE DEN GHARDA SÍOCHÁNA A CHOIGEARTÚ. [17ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]páigh bhliantúil.

tá leis an abairt “páigh bhliantúil” an bhrí atá léi san Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1930, ach ní fholaíonn sí bónas éigeandála is iníoctha faoi aon cheann de na hOrduithe Páighe;

[EN]Orduithe Páighe

ciallaíonn an abairt “na hOrduithe Páighe” an tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1943 (R. & O.R., Uimh. 111 de 1943), an tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1944 (R. & O.R., Uimh. 90 de 1944), an tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1945 (R. & O.R., Uimh. 25 de 1945), an tOrdú um Páigh an Gharda Shíochána, 1946 (R. & O.R., Uimh. 9 de 1946);

Orduithe Pinsean.

ciallaíonn an abairt “na hOrduithe Pinsean” Orduithe Pinsean Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, agus Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942.

[EN]

Páigh bhliantúil shean-chomhalta den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse lú Iúil, 1940, go dtí 31ú Nollaig, 1944, a roinnt ina cuid bhunaidh agus ina cuid bhónais.

2.—I gcás sean-chomhalta den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Iúil, 1940, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, is tuigthe a pháigh bhliantúil ar dháta a scortha de bheith ina chomhalta den tsórt sin a bheith comhdhéanta de chuid bhunaidh (dá ngairmtear páigh bhunaidh bharúlach san Acht seo) agus cuid bhónais do réir threoir-uimhir chostais mhaireachtana 185 agus is iad cionúireachta is cuid bhunaidh agus is cuid bhónais amhlaidh faoi seach ná na cionúireachta a bhí ann an tráth sin i gcás stát-sheirbhísigh ar chomhionann le páigh bhliantúil an tsean-chomhalta comhshuim a luach saothair bhunaidh agus a bhónais chostais mhaireachtana (gan bónas éigeandála d'áireamh).

[EN]

Páigh bhliantúil sheanchomhalta den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse lú Eanáir, 1945, go dtí 31ú Deireadh Fómhair, 1946, a roinnt ina cuid bhunaidh agus ina cuid bhonais.

3.—I gcás sean-chomhalta den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Eanair, 1945, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, is tuigthe a pháigh bhliantúil ar dháta a scortha de bheith ina chomhalta den tsórt sin a bheith comhdhéanta de chuid bhunaidh (dá ngairmtear páigh bhunaidh bharúlach san Acht seo) agus de chuid bhónais do réir threoiruimhir chostais mhaireachtana 210 agus is iad cionúireachta is cuid bhunaidh agus is cuid bhónais amhlaidh faoi seach ná na cionúireachta a bhí ann an tráth sin i gcás stát-sheirbhísigh ar chomhionann le páigh bhliantúil an tsean-chomhalta comhshuim a luach saothair bhunaidh agus a bhónais chostais mhaireachtana (gan bónas éigeandála d'áireamh).

[EN]

Pinsin, liúntais agus aiscí do chomhaltaí áirithe den Gharda Síochána a choigeartú.

4.—(1) I gcás pinsean nó liúntas a deonadh, faoi aon cheann de na hOrduithe Pinsean, do shean-chomhalta, nó i leith seanchomhalta, den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Iúil, 1940, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, a bheith i gcúrsa a íoctha an lú lá de Shamhain, 1946, féadfar méid aon phinsin nó liúntais dob iníoctha, faoi aon cheann de na hOrduithe Pinsean, leis an sean-chomhalta sin nó ina leith d'athrú i slí go n-údarófar a íoc in aghaidh aon tréimhse dar thosach an lú lá de Shamhain, 1946, nó lá dá éis sin, amhail is dá mbeadh a pháigh bhliantúil comhionann le pé suim acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) suim—

[EN]

(i) a pháighe bunaidh barúlaí, agus

[EN]

(ii) bónais arna ríomh do réir na treoir-uimhreach costais mhaireachtana a bhí ann ar dháta a scortha de bheith ina chomhalta den tsórt sin,

[EN]

(b) suim—

[EN]

(i) a pháighe bunaidh barúlaí, agus

[EN]

(ii) bónais arna ríomh do réir threoir-uimhir chostais mhaireachtana 270.

[EN]

(2) I ngach cás inar deonadh, faoi aon cheann de na hOrduithe Pinsean, aisce do shean-chomhalta, nó i leith sean-chomhalta, den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Iúil, 1940, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, féadfar athrú a dhéanamh i slí go n-údarófar íoc an deontais a déanfaí dá mba rud é, díreach sar ar scoir sé de bheith ina chomhalta den tsórt sin, go raibh páigh bhliantúil á fháil aige ba chomhionann leis an tsuim is lú de na suimeanna a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(3) Nuair a beifear ag déanamh íocaíochta faoin alt seo cuirfear san áireamh íocaíochta a rinneadh cheana.

[EN]

Pinsin agus liúntais do chomhaltaí áirithe den Gharda Síochána in aghaidh na tréimhse ón lú Iúil, 1940, go dtí an 31ú Nollaig, 1944, a choigeartú.

5.—(1) I gcás pinsean nó liúntas a deonadh, faoi aon cheann de na hOrduithe Pinsean, do shean-chomhalta, nó i leith seanchomhalta, den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána i rith na tréimhse dar thosach an 1ú lá d'Iúil, 1940, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, a bheith i gcúrsa a íoctha an lú lá d'Eanáir, 1945, féadfar méid aon phinsin nó liúntais dob iníoctha, faoi aon cheann de na hOrduithe Pinsean, leis an sean-chomhalta sin nó ina leith d'athrú i slí go n-údarófar a íoc in aghaidh na tréimhse dar thosach an lú lá d'Eanáir, 1945, agus dar chríoch an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, amhail is dá mbeadh a pháigh bhliantúil comhionann le pé suim acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) suim—

[EN]

(i) a pháighe bunaidh barúlaí, agus

[EN]

(ii) bónais arna ríomh do réir na treoir-uimhreach costais mhaireachtana a bhí ann ar dháta a scortha de bheith ina chomhalta den tsórt sin,

[EN]

(b) suim—

[EN]

(i) a pháighe bunaidh barúlaí, agus

[EN]

(ii) bónais arna ríomh do réir threoir-uimhir chostais mhaireachtana 210.

[EN]

(2) Nuair a beifear ag déanamh íocaíochta faoin alt seo cuirfear san áireamh íocaíochta a rinneadh cheana.

[EN]

An treoir-uimhir chostais mhaireachtana agus an bónas chun críocha alt 4 agus 5 den Acht seo.

6.—Chun críocha alt 4 agus 5 den Acht seo,

[EN]

(a) is tuigthe gurbh é ba threoir-uimhir chostais mhaireachtana ar an dáta ar ar scoir sean-chomhalta den Gharda Síochána de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána ná an treoir-uimhir ar dá réir a híocfaí bónas costais mhaireachtana le stát-sheirbhísigh ar an dáta sin dá mba ná dearnadh aon cheann de na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (Bónas a Dhéanamh Seasmhach), 1940 go 1945;

[EN]

(b) an bónas a ríofar do réir aon treoir-uimhir chostais mhaireachtana ríofar é amhail is dá mbé an bónas costais mhaireachtana é dob iníoctha le Stát-Sheirbhíseach ar chomhionann a thuarastal bunaidh le páigh bhunaidh bharúlach an tsean-chomhalta sin.

[EN]

Meán-ráta bliantúil páighe comhaltaí nó sean-chomhaltaí áirithe den Gharda Síochána.

7.—Aon chomhalta nó sean-chomhalta den Gharda Síochána a scoir de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána tar éis an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946, is tuigthe, chun meánmhéid bliantúil a pháighe d'fhionnadh, gur híocadh é, i gcaitheamh tréimhse dar críoch an dáta sin a bhaineas leis chun na críche sin, ar mheán-ráta bhliantúil pháighe arna ríomh tríd an méid páighe iarbhír a fuair sé in aghaidh na tréimhse sin d'áireamh do réir meán-ráta bhliantúil agus tríd an ráta deiridh sin a roinnt ina pháigh bhunaidh bharúlach agus ina chuid bhónais sa tslí atá leagtha síos in alt 3 den Acht seo, agus trí bhónas arna ríomh do réir threoir-uimhir chostais mhaireachtana 270 a chur, sa tslí atá leagtha amach i mír (b) d'alt 6 den Acht seo, leis an bpáigh bhunaidh bharúlach a fionnfar amhlaidh.

[EN]

Seirbhís bhriste sa Gharda Síochána.

8.—Má dheimhníonn an tAire Dlí agus Cirt i scríbhinn, ar iarratas a dhéanamh dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis an tAcht seo a rith, gur mar gheall ar chúrsaí polataíochta amháin a scoir comhalta nó sean-chomhalta den Gharda Síochána de bheith ina chomhalta den Gharda Síochána ar dháta sonraithe, is tuigthe gur seirbhís cheadaithe, chun críocha Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1942, tréimhse dar thús dáta tosnuithe na seirbhíse leanúnaí aige a chríochnaigh ar an dáta sonraithe sin agus dar chríoch an dáta ar a ndearnadh an comhalta nó an sean-chomhalta sin a cheapadh nó a liostáil ina chomhalta den Gharda Síochána tar éis an dáta sonraithe sin.

[EN]

Costais.

9.—Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

10.—Féadfar Acht an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947, a ghairm den Acht seo.