Uimhir 41 de 1960.
AN tACHT IOMPAIR, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
An Chanáil Ríoga a dhúnadh.
1.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “an Chanáil” an Chanáil Ríoga.
(2) Féadfaidh an Bord an Chanáil nó aon chuid di a dhúnadh in aghaidh loingseoireachta.
(3) Ní dhúnfaidh an Bord an Chanáil ná aon chuid di mura mbeidh an Bord, dhá mhí ar a laghad sula ndéanfaidh sé sin, tar éis fógra á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i cibé nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an Chanáil nó an chuid sin agus is cuí leis an mBord.
(4) Ní dhéanfaidh dúnadh na Canáile nó aon choda di an Bord a scaoileadh ó aon oibleagáidí (lena n-áirítear oibleagáidí maidir le tuiliú a chosc nó le siltean) a bheidh ar an mBord maidir leis an gCanáil nó leis an gcuid, seachas an oibleagáid í a choimeád ar oscailt agus ar staid cheart chun loingseoireachta.
(5) Tar éis an Chanáil nó aon chuid di a dhúnadh féadfaidh an Bord agus an t-údarás bóthair ar laistigh dá limistéar feidhmiúcháin atá aon droichead thar an gCanáil nó thar an gcuid comhaontú a dhéanamh chun an droichead agus an oibleagáid é a chothabháil a aistriú chun an údaráis bhóthair sin, agus féadfaidh sé an comhaontú sin a chur i gcrích.
(6) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineann le húdarás bóthair feidhmeanna an údaráis sin faoi fho-alt (5) den alt seo.
(7) Ní bheidh feidhm ag alt 23 den Acht Iompair, 1958, maidir leis an gCanáil.
Gearrtheideal.
2.—Féadfar an tAcht Iompair, 1960, a ghairm den Acht seo.