Uimhir 4 de 1929.
ACHT PRÍMH-CHISTE, 1929.
[26adh Márta, 1929.]
£530,177 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1929.
1.—Féadfidh an tAire Airgid suim Chúig Chéad agus Triocha Míle, Céad agus Seacht bPúint Sheachtód do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a naoi fichead.
£7,570,125 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1930.
2.—Féadfidh an tAire Airgid suim Seacht Milleon, Cúig Céad agus Seachtó Míle, Céad agus Cúig Púint ar Fhichid do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a deich fichead.
Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.
3.—(1) Féadfidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Ocht Milleon, Céad Míle, Trí Chéad agus Dhá Phunt d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coiníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.
(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna a tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.
(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna a tabharfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.
Gearr-theideal.
4.—Féadfar an tAcht Prímh-Chiste, 1929, do ghairm den Acht so.