[EN]

Uimhir 4 de 1936.


[EN]

ACHT UM CHUANTA, DUGANNA AGUS PIARANNA (ÉILITHE), 1936.


ACHT CHUN AN DLÍ DO LEASÚ BHAINEAS LEIS NA hÉILITHE GEARRTAR I gCUANTA AGUS I nDUGANNA AGUS AR PHIARANNA AGUS CHUN ACHTACHÁN ÁIRITHE BHAINEAS LEIS NA hÉILITHE SIN D'ATH-GHAIRM CHUN NA CRÍCHE SIN. [14adh Márta, 1936.] ACHTUIGHEADH OIREACH AS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Harbours, Docks, and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920, d'athghairm.

1.—Deintear leis seo an Harbours, Docks, and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920, d'athghairm ach amháin go leanfaidh fo-alt (5) d'alt 1 de, mar atá san leasuithe le fo-alt (3) d'alt 51 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus alt 2 dhe, mar atá san leasuithe amhlaidh, agus ailt 3 agus 4 de, go leanfaid san, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 6 den Acht san no san Acht um Dhlithe atá ag dul in Eug, 1935 (Uimh. 46 de 1935), agus go dtí go gcinnfidh an tOireachtas a mhalairt, i bhfeidhm chun crícheanna an athscrúduithe fé fho-alt (2) d'alt 3 den Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha) (Uimh. 2), 1923 (Uimh. 16 de 1923), ar na horduithe luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san ach ní chun críche ar bith eile.

[EN]

Orduithe áirithe do bhuanú.

2.—Gach ordú do rinneadh fén Harbours, Docks, and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, tuigfear an tAire Tionnscail agus Tráchtála dá dhéanamh ar an dáta atá air (d'ainneoin an dáta san do bheith roimh dháta rithte an chéad Achta eile luaidhtear) fé fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934 (Uimh. 2 de 1934), agus bainfidh an tAcht san le gach ordú den tsórt san agus beidh feidhm agus éifeacht ag gach ordú den tsórt san dá réir sin.

[EN]

An tAcht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha) (Uimh. 2), 1923, d'athghairm go leathrananach.

3.—Athghairmtear leis seo alt 2 den Acht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha) (Uimh. 2), 1923 (Uimh. 16 de 1923), agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadfar an tAcht um Chuanta, Duganna agus Piaranna (Eilithe), 1936, do ghairm den Acht so.