Uimhir 4 de 1938.
ACHT NA SIOPAÍ (COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA), 1938.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938, do ghairm den Acht so.
(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire, go gcnerálta no i dtaobh aon Choda no forála áirithe, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla agus d'fhorálacha deifriúla den Acht so.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
foluíonn an abairt “trádáil mhion-díola no gnó mion-díola” gnó bearbóra no gruagaire, leabhair no tréimhseacháin do thabhairt ar iasacht ar luach saothair, gnó geall-bhrócaera, úrúcháin no deochanna meisciúla do dhíol, agus mion-díola tré cheant, ach ní fholuíonn sí cláir ná clár-liostaí do dhíol in amharclanna no in áiteanna eile siamsa;
cialluíonn an abairt “siopa mór-dhíola” aon áitreabh i seilbh deighleálaí no ceannaí mhór-dhíola ina gcoimeádtar earraí chun a mór-dhíolta le custuiméirí thagann go dtí an t-áitreabh;
foluíonn an focal “siopa”—
(a) aon áitreabh ina mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun críche na trádála mion-díola no an ghnótha mhion-díola san;
(b) aon áitreabh ina nglactar earraí díreach o chustuiméirí chun iad do chur á ndathú, á nglanadh, á ndeisiú, á n-atharú no á nigheachán, gan an méid sin (más aon mhéid é) den áitreabh san d'áireamh ná húsáidtear chun na n-earraí sin do ghlacadh amhlaidh;
(c) aon tsiopa mór-dhíola;
(d) aon stóras a bhíonn ar seilbh—
(i) chun crícheanna trádála mion-díola no gnótha mhion-díola, ag an duine go mbíonn an trádáil mhion-díola no an gnó mion-díola san ar siúl aige, no
(ii) ag deighleálaí no ceannaí mór-dhíola chun crícheanna an ghnótha bhíonn ar siúl aige i siopa mór-dhíola;
(e) tigh ósta;
cialluíonn an abairt “tigh ósta” aon áitreabh atá oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus a húsáidtear bona fide, mar thigh ósta agus seomraí codlata ann do thaistealaithe agus gan iad á n-úsáid ach mar sheomraí codlata den tsórt san;
cialluíonn an abairt “tigh úrúcháin” tigh ósta no aon áitreabh atá oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid, agus a húsáidtear, mar thigh bídh no mar chafé no mar shiopa tae (pe'ca tá an t-áitreabh san ceadúnaithe chun deochanna meisciúla do mhiondíol ann no ná fuil);
cialluíonn an abairt “áitreabh ceadúnuithe” aon áitreabh (nach tigh úrúcháin) atá ceadúnuithe chun deochanna meisciúla do mhion-díol ann;
nuair a húsáidtear an focal “dílseánach” maidir le siopa, cialluíonn sé an duine go mbíonn gnó ar siúl aige sa tsiopa san;
cialluíonn an abairt “obair thionnscail” obair thionnscail do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936);
cialluíonn an abairt “ball den fhuirinn”—
(a) nuair a húsáidtear í maidir le siopa (seachas tigh úrúcháin), aon duine dheineann obair ar bith (pe'ca gheibheann sé págh as a sheirbhísí no ná faghann) do dhílseánach an tsiopa san agus gur sa tsiopa san no ina thimpealas a bhíonn an obair sin á dhéanamh ar fad no nach mór ar fad agus gur obair í bhaineann ar fad no nach mór ar fad le freastal ar chustuiméirí no le horduithe do ghlacadh no le hearraí do chur amach no le hearraí do phacáil no do dhí-phacáil, agus nach obair thionnscail í, agus
(b) nuair a húsáidtear í maidir le siopa is tigh úrúcháin, aon duine dheineann obair ar bith (pe'ca gheibheann sé págh as a sheirbhísí no ná faghann) do dhílseánach an tsiopa san, agus gur obair í bhaineann leis an ngnó bhíonn ar siúl ann (seachas obair chléireachais no obair a bhaineann le bainistí an tsiopa san) agus gur sa tsiopa san no ina thimpealas a bhíonn an obair sin á dhéanamh ar fad no nach mór ar fad, agus nach obair thionnscail í;
nuair a húsáidtear an focal “gaol” maidir le dílseánach siopa, cialluíonn sé duine—
(a) is bean chéile, fear céile, athair, máthair, leas-athair, no leas-mháthair an dílseánaigh sin, no is sean-athair, sean-mháthair, mac, inghean, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, drifiúr, leas-driotháir no leasdrifiúr don dílseánach san, agus
(b) atá á chothabháil ag an dílseánach san agus a chomhnuíonn in éintigheas leis;
cialluíonn an focal “mion-aoiseach” duine go bhfuil ceithre bliana déag slán aige agus ná fuil ocht mbliana déag slán aige;
cialluíonn an abairt “obair shiopa” obair (laistigh no lasmuich de shiopa) a bhaineann no ghabhann leis an ngnó bhíonn ar siúl i siopa, ach ní fholuíonn sí obair a deintear maidir le siopa mórdhíola no le stóras a bhíonn ar seilbh ag deighleálaí no ceannaí mór-dhíola, seachas—
(a) obair a deintear laistigh den áitreabh, no
(b) obair a deintear maidir le hearraí do bhailiú no do sheachadadh, no le freastal ar chustuiméirí, no le teachtaireachtaí d'iompar no le dul ar theachtaireachtaí;
nuair a húsáidtear an focal “bliain” gan choinníoll, cialluíonn sé an tréimhse idir meán oíche an tSathairn deiridh de Mhí na Nodlag agus meán oíche an tSathairn deiridh den chéad Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin;
nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche, cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlighidh agus Cirt fén Acht so agus i ngach cás eile cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
(2) Chun crícheanna an Achta so tuigfear ball d'fhuirinn shiopa do bheith ar fostú i bhfostaíocht dílseánaigh an tsiopa san.
(3) Chun crícheanna an Achta so tuigfear duine is ball d'fhuirinn shiopa do bheith ag déanamh oibre siopa ar feadh aon tréimhse (seachas eatraimh le hagaidh béilí no sosa) a bheidh sé i láthair (agus nach contrárdha d'ordú o dhílseánach an tsiopa san é) sa tsiopa san agus a bheidh a sheirbhísí ar fáil ag an dílseánach san.
(4) Má bhíonn trádála no gnóthaí deifriúla ar siúl ag an duine céanna i bpáirteanna deifriúla d'áitreabh ar bith, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur siopa aon pháirt den áitreabh san ina mbíonn aon tsaghas áirithe trádála mion-díola no gnótha mhiondíola ar siúl.
An tAcht do bhaint le háiteanna ina mbíonn agus le feithiclí o n-a mbíonn trádáil mhion-díola ar siúl.
3.—Bainfidh forálacha an Achta so le háit ar bith ina mbíonn no le feithicil ar bith o n-a mbíonn aon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola ar siúl fé is dá mba shiopa an áit no an fheithicil sin agus, chó fada agus théigheann aon áit no feithicil den tsórt san, fé is dá mb'é an duine ag á mbíonn an trádáil mhion-díola no an gno mion-díola ar siúl dílseánach an tsiopa san.
Gan an tAcht do bhaint le nithe áirithe.
4.—(1) Ní bhainfidh éinní atá san Acht so le haon aonach a bheidh ar siúl go dleathach, ná le haon bhasár ná díolachán bronntanas chun crícheanna déirciúla no eile ná deintear aon bhrabús prío-bháideach asta, ná le haon leabharlainn nach chuige bheirtear leabhair no tréimhseacháin ar iasacht inti chun crícheanna sochair seachas brabús do dhéanamh i gcóir cuspóra dhaoncharadaigh no dhéirciúíl éigin (le n-a n-áirmhítear aon chuspóir creidimh no oideachais) no i gcóir aon chlub no fundúireachta nach chun crícheanna sochair a bhíonn sé féin ar siúl.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go follusach, ní bheidh feidhm ag an Acht so maidir le—
(a) ball d'fhuirinn shiopa is gaol do dhílseánach an tsiopa san, ná
(b) ball d'fhuirinn shiopa ina mbíonn gnó Post-Oifige ar siúl ar n-a cheapadh ag an Aire Puist agus Telegrafa, ná
(c) duine (seachas ball d'fhuirinn shiopa) dheineann obair shiopa do dhílseánach an tsiopa san agus is gaol don dílseánach san, ná
(d) freastalaithe ar charranna úrúcháin bóthair iarainn ná carranna úrúcháin bóthair iarainn.
Pionóisí mar gheall ar chiontaí.
5.—Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so, seachas cionta dá bhforáltar pionós speisialta leis an Acht so, dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair—
(a) más ball d'fhuirinn shiopa an duine sin, fíneáil do chur air—
(i) nach mó ná dhá phunt másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná deich scillinge in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus
(ii) nach mó ná cúig púint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, no
(b) maran ball d'fhuirinn shiopa an duine sin, fíneáil do chur air—
(i) nach mó ná deich bpúint másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san, agus
(ii) nach mó ná fiche punt másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é agus fós (más cionta leanúnach an cionta san) fíneáil bhreise nách mó ná ceithre púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.
Ciontaí cóluchtaí corpruithe.
6.—Má dheineann cólucht corpruithe cionta fé aon alt den Acht so agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú no le ceadú éinne, no gur cuireadh a dhéanamh in usacht le haon fhaillí i bpáirt éinne, is stiúrthóir no bainisteoir ar an gcólucht chorpruithe sin no is rúnaí no oifigeach eile dhó, tuigfear an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí no an t-oifigeach eile sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus féadfar imeachta do bhunú ina choinnibh agus é phionósú dá réir sin.
Ciontaí do chúiseamh.
7.—(1) Féadfaidh an tAire cionta ar bith fé aon alt den Acht so (ach amháin Cuid VI) do chúiseamh.
(2) Cionta ar bith fé aon alt den Acht so (ach amháin Cuid VI) a dhéanfaidh dílseánach siopa maidir le ball d'fhuirinn an tsiopa san féadfaidh an ball san no aon oifigeach de cheárd-chumann chláruithe dar comhalta an ball san é chúiseamh.
Cionntapacht mar chosaint.
8.—Má cúisítear duine in aon chionta fé aon alt atá i gCuid III no i gCuid IV den Acht so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú chun sástachta na cúirte gur os a cóir a triailfear an cionta san gur ghá, no gur cheart do réir réasúin, an sárú adeirtear do rinneadh ar an alt san do dhéanamh de bhíthin tóiteán, tuile, stoirm, éigean no aon chionntapacht eile do thárlachtaint no do bheith ag bagairt no coinne réasúnta do bheith leis an gcéanna.
Breacacháin chun crícheanna Codanna II, III agus IV.
9.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú breacachán san Acht so) a cheangal ar gach duine is dílseánach ar shiopa breacacháin, i dtaobh na nithe sin is dóich leis is gá chun Codanna II, III agus IV den Acht so d'fhoirfheidhmiú go cuibhe agus a luadhfar san ordú san, do choimeád sa tsiopa san maidir le gach ball d'fhuirinn an tsiopa san, agus, más oiriúnach leis é, féadfaidh leis an ordú san a chur mar cheangal na breacacháin sin do bheith í bhfuirm áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén alt so leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).
(3) Má thárlann aon uair a bheidh ordú breacachán i bhfeidhm go dteipfidh ar dhílseánach shiopa no go bhfailleoidh no go ndiúltóidh déanamh do réir éilithe an orduithe sin no go gcuirfidh in aon bhreacachán, is gá don dílseánach san do réir an orduithe sin do choimeád, aon iontráil a bheidh bréagach in aon phonc táchtach agus a fhios aige an céanna do bheith bréagach, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le dílseánach siopa más gaolta don dílseánach san na baill uile d'fhuirinn an tsiopa san.
Comhachta cigire don Aire fé Choda I, II, III agus IV.
10.—(1) Féadfaidh cigire, chun forálacha Codanna I, II, III agus IV den Acht so d'fhoirfheidhmiú, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) dul isteach gach tráth réasúnta in aon tsiopa no in aon pháirt de;
(b) a cheangal ar dhílseánach an tsiopa san no ar ionadaí an dílseánaigh sin aon bhreacacháin do thabhairt ina láthair is gá don dílseánach san do réir orduithe bhreacachán do choimeád, agus na breacacháin sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh d'iontrála ionta.
(2) Má dheineann duine ar bith—
(a) cosc no bac do chur ar chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an gcigire sin leis an alt so, no
(b) diúltú d'aon bhreacachán do thabhairt i láthair a cheanglóidh cigire air go dleathach do thabhairt i láthair, no
(c) aon bhreacachán a bheidh bréagach in aon phonc táchtach agus a fhios aige é bheith bréagach do thabhairt i láthair chigire no a chur fé ndeár é thabhairt ina láthair no a cheadú go feasach é thabhairt ina láthair,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.
(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine bheidh ceaptha ag an Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.
Achmaireacht den Acht do thaisbeáint.
11.—(1) Déanfaidh an té is dílseánach ar shiopa an achmaireacht orduithe den Acht so, agus í sa bhfuirm orduithe, do thaisbeáint, i nGaedhilg agus i mBéarla, sa tsiopa san ina leithéid sin d'ionad go bhféadfaidh na baill d'fhuirinn an tsiopa san í léigheamh go saoráideach.
(2) Má theipeann ar dhílseánach siopa déanamh do réir a n-éilítear leis an alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le dílseánach siopa más gaolta don dílseánach san na baill uile d'fhuirinn an tsiopa san.
Rialacháin.
12.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus nach ní no rud a húdaruíter leis an Acht so d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlighidh agus Cirt.
Orduithe do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.
13.—Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Costaisí.
14.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so (ach amháin Cuid VI dhe) do chur i bhfeidhm.
Athghairm.
15.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
CUID II.
Srian le Mion-Aoisigh d'Fhostu.
Toirmeasc ar dhaoine fé bhun ceithre bliana déag d'aois d'fhostú i siopaí.
16.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa duine ar bith fé bhun ceithre bliana déag d'aois d'fhostú chun obair shiopa do dhéanamh.
(2) Ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa leigint do dhuine ar bith atá fé bhun ceithre bliana déag d'aois agus is gaol don dílseánach san obair shiopa do dhéanamh ach amháin mar phost pháirt-aimsire.
(3) Má fhostuíonn dílseánach siopa duine contrárdha don alt so beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an duine sin freisin ciontach i gcionta fén alt so.
Cruthúnas ar aois mhionaoiseach roimh iad d'fhostú.
17.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa mionaoiseach ar bith d'fhostú chun obair shiopa do dhéanamh mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar deimhniú beireatais no fianaise shásúil eile i dtaobh aoise an mhion-aoisigh sin do thabhairt don dílseánach san.
(2) Pé uair is gá deimhniú beireatais mhion-aoisigh chun crícheanna an ailt seo beidh an mion-aoiseach san no a thuismitheoir no a chaomhnóir, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh a bheidh sa bhfuirm sin agus ina mbeidh na mion-innste sin a ordóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus ar tháille de shé pingne d'íoc, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil bheireatais an mhion-aoisigh sin i gclár na mbeireatas agus í fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no dhuine eile ag á mbeidh coimeád an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ag á mbeidh coimeád an chláir fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce ar iad d'iarraidh.
(3) Má fhostuíonn dílseánach siopa mion-aoiseach contrárdha don alt so beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus beidh an mion-aoiseach san freisin ciontach i gcionta fén alt so.
Srian le huimhir nea-chuibhe de mhion-aoisigh d'fhostú.
18.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—
(a) an t-ordú san do chur i mbaint le siopaí d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte in aon líomatáiste luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san, agus
(b) a thoirmeasc mion-aoisigh d'fhostú mar bhaill d'fhuirinn aon tsiopa den aicme sin sa líomatáiste sin.
(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—
(a) an t-ordú san do chur i mbaint le siopaí d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a bheidh suidhte i líomatáiste luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san, agus
(b) na siopaí sin do roinnt, do réir na huimhreach de dhaoine fásta bheidh ar fostú mar bhaill d'fhuirinn gach siopa fé leith acu san, i pé grádanna agus i pé méid grádanna is dóich leis an Aire is ceart, agus
(c) a thoirmeasc aon mhion-aoisigh de bhreis ar an uimhir a ceapfar leis an ordú san alos aon ghráid áirithe d'fhostú mar bhaill d'fhuirinn aon tsiopa bheidh sa ghrád san.
(3) Féadfaidh ordú fén alt so baint le níos mó ná aon aicme amháin de shiopaí agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann maidir leis na haicmí deifriúla de shiopaí le n-a mbainfidh an t-ordú san.
(4) Féadfar a fhoráil le haon ordú fén alt so, más ceart san dar leis an Aire, go dtuigfear, chun gach críche no aon chríche (fé mar a luadhfar san ordú san) de chrícheanna an orduithe sin, dílseánach siopa is duine fásta do bheith ina bhall d'fhuirinn an tsiopa san.
(5) Nuair a bheidh an uimhir de bhaill fhásta d'fhuirinn shiopa á déanamh amach chun crícheanna orduithe fén alt so áirmheofar aon daoine fásta is gaolta do dhílseánach an tsiopa san agus is baill d'fhuirinn an tsiopa san.
(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).
(7) Má dheineann an té is dílseánach ar shiopa le n-a mbainfidh ordú fén alt so bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire éinní contrárdha don ordú san sa mhéid go mbainfe sé leis an siopa san beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(8) San alt so—
ní fholuíonn an focal “mion-aoiseach” aon phríntíseach a bheidh, le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so, ar fostú fé dhintiúirí chuireann mar cheangal air fónamh mar phríntíseach ar feadh tréimhse nach giorra ná trí bliana ná aon phríntíseach a bheidh, le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so no dá éis sin, ar fostú mar phríntíseach fé rialacha ar n-a ndéanamh ag coiste príntíseachta fén Acht Príntíseachta, 1931 (Uimh. 56 de 1931), ach foluíonn sé aon mhion-aoiseach (seachas aon phríntíseach den tsórt san) is gaol do dhílseánach siopa agus oibríonn go rialálta mar bhall d'fhuirinn an tsiopa san;
cialluíonn an abairt “duine fásta” duine ná fuil fé bhun ocht mbliana déag d'aois.
(9) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hordú do dhéanamh fén alt so, sé sin le rá:—
(a) sara ndeinidh an tAire an t-ordú san cuirfidh fé ndeár dréacht den ordú san d'ullamhú agus cuirfidh fé ndeár fógra do chur san Iris Oifigiúil agus sna páipéirí nuachta san is dóich leis is ceart agus a léightear sa líomatáiste go mbeifear ar intinn an t-ordú beartuithe do bhaint leis, fógra—
(i) ina ndéarfar é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus
(ii) ina luadhfar téarmaí an dréacht-orduithe sin, agus
(iii) ina n-iarrfar ar gach páirtí le n-a mbainfidh aon chúis is oiriúnach leo do phlé leis fé cheann aimsire áirithe i dtaobh an dréacht-orduithe sin;
(b) ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú san in aon chás go ceann na haimsire áirithe sin;
(c) i gcionn na haimsire áirthe sin féadfaidh an tAire, tar éis dó aon chúis a pléidhfear leis fé cheann na haimsire áirithe sin do bhreithniú, an t-ordú san do dhéanamh do réir téarmaí an dréachta san, gan atharú no gus na hatharuithe sin is dóich leis is ceart.
(10) Má deintear ordú fén alt so beidh san ina fhianaise prima facie go ndearnadh forálacha fo-ailt (9) den alt do chólíonadh go cuibhe.
CUID III.
Uaireanna Oibre agus Trathanna i gcoir Beili.
Srian le mionaoisigh d'fhostú istoíche ar obair shiopa.
19.—(1) Déanfar eatramh d'aon uair dhéag a chluig ar a laighead as a chéile do lomháil, i ngach tréimhse de cheithre huaire fichead a chluig idir meán lae lá áirithe agus meán lae an lá ina dhiaidh sin, do mhion-aoiseach a bheidh ar fostú chun obair shiopa do dhéanamh agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, beidh na huaireanna o n-a 10 p.m. go dtí n-a 6 a.m. ina gcuid den eatramh san.
(2) An t-eatramh d'aon uair dhéag a chluig as a chéile luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ní gá, i gcás mionaoisigh ná fuil fé bhun sé bliana déag d'aois, go mbeadh mar chuid de—
(a) an uair a chluig idir 5 a.m. agus 6 a.m. más buachaill an mion-aoiseach san agus go mbíonn sé ag obair i gcaitheamh na huaire a chluig sin maidir le bainne no arán no páipéirí nuachta do chruinniú no do sheachadadh, ná
(b) na huaireanna a chluig idir 10 p.m. agus 12 a chlog meán oíche más buachaill an mion-aoiseach san agus go mbíonn sé ag obair idir na huaireanna a chluig sin maidir le béilí do riaradh ar chustuiméirí chun a gcaithte san áitreabh agus maidir leis sin amháin, ná
(c) má bhíonn an mion-aoiseach san ag obair maidir le haon trádáil mhion-díola no gnó mion-díola deintear in amharclainn agus go mbeidh taibhiú ar siúl san amharclainn sin a thosnóidh roimh a 10 a chlog p.m. agus a chríochnóidh tar éis a 10 a chlog p.m. agus tráth nach déanaí ná 1 a chlog a.m., na huaireanna a chluig a bheidh an taibhiú san ar siúl.
(3) Má deintear éinní contrárdha d'fhorálacha an ailt seo maidir le mion-aoiseach ar bith, beidh an té is fostóir ar an mionaoiseach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(4) San alt so foluíonn an focal “amharclann” aon áit a húsáidtear chun pictiúirí no éifeachtaí eile radhairc do thaisbeáint le cinematograf no le gléas oiriúnach eile.
(5) Beidh feidhm ag an alt so maidir le mion-aoiseach a dheineann obair shiopa go rialálta do dhílseánach siopa agus is gaol don dílseánach san.
Uaireanna oibre sa ló agus sa tseachtain, agus págh breis-aimsire.
20.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa leigint d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san leanúint d'obair shiopa do dhéanamh dó tar éis an ama in aon lá bheidh aon uair dhéag a chluig obair shiopa curtha isteach (pe'ca don dílseánach san amháin é no don dílseánach san agus do dhaoine eile) ag an mball san an lá san.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa leigint d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san leanúint d'obair shiopa do dhéanamh dó tar éis an ama in aon tseachtain a bheidh an tréimhse sin acu so leanas is oiriúnach sa chás curtha isteach (pe'ca don dílseánach san amháin é no don dílseánach san agus do dhaoine eile) ag an mball san, sé sin le rá:—
(a) más tigh ósta an siopa san, sé huaire caogad a chluig obair shiopa sa tseachtain sin, no
(b) in aon chás eile, ocht n-uaire is dachad a chluig obair shiopa sa tseachtain sin.
(3) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh dílseánach siopa leigint d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san atá sé bliana déag d'aois no os a chionn obair shiopa do dhéanamh dó in aon tseachtain ar feadh tréimhse is sia ná sé huaire caogad a chluig más tigh ósta an siopa san no ar feadh tréimhse is sia ná ocht n-uaire is dachad a chluig in aon chás eile, ach gan an méid uair a chluig d'obair shiopa dhéanfaidh an ball san (pe'ca don dílseánach san amháin é no don dílseánach san agus do dhaoine eile) do dhul—
(a) más tigh ósta an siopa san—
(i) thar sé huaire seascad a chluig in aon tseachtain, ná
(ii) thar dhá chéad agus ceithre huaire is dachad a chluig in aon tréimhse de cheithre seachtaine i ndiaidh a chéile, ná
(iii) thar dhá mhíle agus naoi gcéad uair a chluig in aon bhliain, no
(b) in aon chás eile—
(i) thar seasca uair a chluig in aon tseachtain, ná
(ii) thar dhá chéad agus sé huaire déag a chluig in aon tréimhse de cheithre seachtaine i ndiaidh a chéile, ná
(iii) thar dhá mhíle agus sé chéad uair a chluig in aon bhliain.
(4) Más rud é—
(a) go lomhálfar lá saoire iomlán do bhall d'fhuirinn shiopa, mar chuid dá shaoire bhliantúil, in aon tseachtain (seachas seachtain ina lomhálfar lá saoire iomlán dó gach lá seachtaine dhi más siopa trádála nea-speisialta an siopa san no, in aon chás eile, seachtain ina lomhálfar lá saoire iomlán dó gach lá dhi), no
(b) go lomhálfar lá saoire iomlán do bhall d'fhuirinn shiopa trádála nea-speisialta ar lá saoire puiblí no go lomhálfar lá saoire iomlán dó fé sna forálacha de Chuid IV den Acht so bhaineann le laetheanta saoire cúitimh do thabhairt do bhaill d'fhóirne siopaí trádála nea-speisialta bhíonn ag obair ar laetheanta saoire puiblí,
tuigfear, chun crícheanna fo-alt (2) agus (3) den alt so, an ball san do dhéanamh ocht n-uaire a chluig oibre siopa an lá lomhálfar an lá saoire iomlán san.
Sa bhfo-alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “siopa trádála nea-speisialta” atá léi i gCuid IV den Acht so.
(5) I gcás obair thionnscail do bheith á dhéanamh ag ball d'fhuirinn shiopa ar feadh tréimhse ar bith, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, obair shiopa do bheith á dhéanamh ag an mball san ar feadh na tréimhse sin.
(6) Má leigeann dílseánach siopa d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san obair shiopa do dhéanamh dó ar feadh uimhir d'uaireanna a chluig in aon tseachtain tar éis uimhir d'uaireanna a chluig d'obair shiopa de bhreis ar shé caogad, más tigh ósta an siopa san, no uimhir d'uaireanna a chluig d'obair shiopa de bhreis ar ocht is dachad, in aon chás eile, do bheith curtha isteach ag an mball san sa tseachtain sin (pe'ca don dílseánach san amháin é no don dílseánach san agus do dhaoine eile), tuigfear gur aontuigh an dílseánach san págh breis-aimsire d'íoc leis an mball san, in aghaidh gach uaire a chluig den bhreis sin, do réir ráta an uair a chluig is ionann agus an gnáth-ráta seachtainiúil, ar n-a áireamh do réir uaireanna a chluig, agus é méaduithe cúig fichead per cent. ar a laighead.
(7) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, le hordú fén bhfo-alt so, aon cheann de sna forálacha den alt so bhaineann le huaireanna a chluig do leasú maidir le siopaí d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is oiriúnach leis) in aon líomatáiste luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san, agus sa chás san faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an leasuithe sin a bheidh éifeacht ag an alt so maidir leis na siopaí sin, ach san fé réir oibriú aon orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fé fho-alt (9) den alt so.
(8) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (7) den alt so no fén bhfo-alt so do cheiliúradh no do leasú.
(9) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon cheann de sna forálacha den alt so bhaineann le huaireanna a chluig do leasú maidir le gach siopa no le siopaí d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is oiriúnach leis) in aon líomatáiste luadhfar no go luadhfar a theoranta san ordú san agus a dhearbhú go mbeidh feidhm ag an leasú san in aghaidh tréimhse áirithe, agus sa chás san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, ar feadh na tréimhse áirithe sin, sé sin le rá:—
(a) is fé réir an leasuithe sin a bheidh éifeacht ag an alt so maidir leis na siopaí sin,
(b) má bhíonn ordú fé fho-alt (7) den alt so i bhfeidhm agus go mbainfidh an t-ordú san le haon tsiopaí le n-a mbainfidh an t-ordú san fén bhfo-alt so, beidh oibriú an orduithe sin fén bhfo-alt san (7) ar fiunraoi ar feadh na tréimhse áirithe sin.
(10) Pé uair a bheidh beartuithe ag an Aire ordú do dhéanamh fé fho-alt (7) no fé fho-alt (8) den alt so raghaidh, sara ndeinidh an t-ordú san—
(a) i gcomhairle le haon chomhlachaisí atá ionadathach do dhilseánaigh shiopaí go bhfuiltear ar intinn an t-ordú san do bhaint leo, más dóich leis an Aire na comhlachaisí sin do bheith ann, agus
(b) i gcomhairle le aon chomhlachaisí atá ionadathach do bhaill d'fhóirne na siopaí sin, más dóich leis an Aire na comhlachaisí sin do bheith ann.
(11) Má dheineann dílseánach siopa éinní contrárdha don alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(12) Ní háirmheofar aon eatramh a lomhálfar i rith aon lae nuair a beifear á dhéanamh amach cé méid uair a chluig oibre siopa do rinneadh an lá san.
Fostaíocht ina sealaí
21.—(1) Fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le heatraimh le haghaidh béilí, ní déanfar uaireanna fostaíochta baill d'fhuirinn shiopa (seachas tigh úrúcháin no leabhar-bhoth bóthair iarainn ar árdán bhóthair iarainn no comhgarach dó) do roinnt ar dháta ar bith i mbreis agus dhá sheal, agus ní lugha ná ceithre huaire a chluig an tréimhse bheidh idir aon dá sheal den tsórt san.
(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, na forálacha d'fho-alt (1) den alt so bhaineann leis an méid seal ina bhféadfar uaireanna fostaíochta baill d'fhuirinn shiopa do roinnt lá ar bith, agus na forálacha den fho-alt san a bhaineann le faid na tréimhse idir sealaí, no na forálacha san araon, do leasú maidir le siopaí (seachas tithe úrúcháin no leabhar-bhotha bóthair iarainn ar árdáin bhóthair iarainn no comhgarach dóibh) d'aicme áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) i líomatáiste áirithe, agus sa chás san faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an leasuithe sin a bheidh éifeacht ag an bhfo-alt san maidir leis na siopaí sin.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).
(4) Má deintear éinní contrárdha don alt so alos aon bhaill d'fhuirinn shiopa, beidh dílseánach an tsiopa san ciontach i gcionta fén alt so.
Eatraimh le haghaidh béilí.
22.—(1) Déanfar eatraimh le haghaidh béilí do lomháil do gach ball d'fhuirinn shiopa do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.
(2) Má deintear éinní contrárdha don alt so alos aon bhaill d'fhuirinn shiopa, beidh dílseánach an tsiopa san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le ball d'fhuirinn shiopa is leabhar-bhoth bóthair iarainn ar árdán bhóthair iarainn no comhgarach dó.
Fógraí i dtaobh uaireanna oibre, etc.
23.—(1) Déanfaidh dílseánach siopa go mbíonn daoine ar bith ar fostú aige mar bhaill d'fhuirinn an tsiopa san a luadh i bhfógra (dá ngairmtear fógra i dtaobh uaireanna oibre sa Chuid seo den Acht so), a bheidh sa bhfuirm orduithe agus a coimeádfar ar síor-thaisbeáint in áit so-fheicse sa tsiopa san ina bhféadfaidh na daoine sin é léigheamh go caothúil, cadiad na huaireanna a chluig a bheidh na daoine sin ag obair de thurus na huaire agus cadiad na heatraimh le haghaidh sosa agus béilí lomhálfar de thurus na huaire do sna daoine sin.
(2) Féadfaidh dílseánach siopa o am go ham fógra nua i dtaobh uaireanna oibre do chur in ionad sean-fhógra i dtaobh uaireanna oibre, ach ní dhéanfaidh san mara mbeidh sé tar éis a chur in úil, ocht n-uaire is dachad a chluig ar a laighead roimh theacht i ngníomh don fhógra nua san i dtaobh uaireanna oibre, do gach duine fé leith de sna baill d'fhuirinn an tsiopa san 'na n-atharófar na n-uaireanna oibre leis an bhfógra nua san i dtaobh uaireanna oibre go bhfuil ar intinn aige fógra nua i dtaobh uaireanna oibre do chur in ionad an tsean-fhógra, agus cadiad téarmaí an fhógra nua san i dtaobh uaireanna oibre.
(3) Má dheineann dílseánach siopa éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha don alt so, beidh an dílseánach san ciontach gcionta fén alt so.
(4) Ní bhainfidh an t-alt so le dílseánach aon tsiopa más gaolta don dílseánach san na baill uile d'fhuirinn an tsiopa san.
E bheith d'oblagáid ar dhílseánaigh shiopaí déanamh do réir fógra i dtaobh uaireanna oibre.
24.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhílseánach siopa leigint d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san obair shiopa do dhéanamh dó ar feadh aon uaireanna a chluig lá ar bith seachas na huaireanna oibre bheidh luaidhte in aghaidh an lae sin alos an bhaill sin sa bhfógra i dtaobh uaireanna oibre bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an siopa san.
(2) Má dheineann dílseánach siopa éinní contrárdha don alt so beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(3) Má cúisítear dílseánach siopa i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an dílseánach san dá chruthú chun sástachta na cúirte gur os a cóir a triailfear an cionta san gur ghá an sárú adeirtear do rinneadh ar an alt so de dheascaibh ball no baill d'fhuirinn an tsiopa san do bheith breoite no de dheascaibh cúise eile ná raibh coinne léi.
Rátaí páigh atá anois ann do bhuan-choimeád.
25.—(1) Más rud é, chun déanamh do réir na Coda so den Acht so, go ndéanfar na huaireanna oibre bheidh ann díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so maidir le haon bhall d'fhuirinn shiopa do laigheadú no d'atharú ar shlí eile, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní déanfar ráta an tuarastail, an pháigh, no an luach saothair eile (gan áireamh do dhéanamh ar phágh bhreis-aimsire ná ar aon íocaíochtaí as obair do thosnú níos luaithe no obair do chríochnú níos déanaí ná baill eile d'fhuirinn an tsiopa san a bhíonn ar fostú in obair den tsamhail chéanna) is iníoctha leis an mball san díreach roimh an tosach feidhme sin do laigheadú ná d'atharú ar shlí eile chun dochair don bhall san de bhíthin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre an bhaill sin agus dá bhíthin sin amháin;
(b) ní dhéanfaidh an laigheadú no an t-atharú san ar na huaireanna oibre deireadh do chur leis an gconnradh seirbhíse gur fé bheidh an ball san ar fostú amhlaidh díreach roimh an tosach feidhme sin ná ní dhéanfaidh dochar don chonnradh san, agus leanfaidh gach connradh den tsórt san i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin gus na hatharuithe sin amháin is gá chun déanamh do réir na Coda so den Acht so, agus go sonnrách gus an atharú ná déanfar, d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre, an meán-tuilleamh seachtainiúil (gan áireamh do dhéanamh ar phágh bhreis-aimsire ná ar aon íocaíochtaí as obair do thosnú níos luaithe no obair do chríochnú níos déanaí ná baill eile d'fhuirinn an tsiopa san a bhíonn ar fostú in obair den tsamhail chéanna) is iníoctha i ngnáth-sheachtain iomlán oibre leis an mball san fén gconnradh san do laigheadú;
(c) gach có-aontú, idir dílseánaigh shiopaí no cólucht is ionadathach do dhílseánaigh shiopaí ar thaobh agus baill d'fhóirne siopaí no cólucht is ionadathach do bhaill d'fhóirne siopaí ar an taobh eile, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus le n-a rialálfar no srianfar ráta an tuarastail, an pháigh, no an luach saothair eile is iníoctha leis an mball san, leanfa sé i bhfeidhm (fé réir téarmaí aon chó-aontuithe den tsórt san ina dhiaidh sin) tar éis an tosach feidhme sin d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre ach san gus an atharú go bhfanfaidh gach ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh ceaptha no go mbeidh modh a áirmhithe ceaptha leis an gcó-aontú san, agus gach srian le haon ráta tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh sa chó-aontú san, gan atharú ina mhéid ná maidir le n-a mhéid;
(d) gach ráta minimum tuarastail, páigh, no luach saothair eile bheidh ceaptha le reacht no fé údarás reachtúil agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh, má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh leis an mball san, leanfaidh (fé réir téarmaí aon chó-aontuithe go mbeidh an ball san no cólucht is ionadathach don bhall san agus do bhaill eile d'fhóirne siopaí páirteach ann), tar éis an tosach feidhme sin, de bheith i bhfeidhm agus gan atharú maidir le n-a mhéid d'ainneoin an laigheaduithe no an atharuithe sin ar uaireanna oibre.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (1) den alt so maidir le gach ordú a dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so ag ceapadh uaireanna oibre, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe go ndéanfar gach tagairt atá sa bhfo-alt san do thosach feidhme na Coda so den Acht so do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar thagairt do theacht i ngníomh don ordú san agus go ndéanfar gach tagairt atá sa bhfo-alt san i dtaobh déanamh do réir na Coda so den Acht so do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar thagairt do chólíonadh an orduithe sin.
(3) Bainfidh an t-alt so freisin le págh ar n-a áireamh tré thagairt díreach do dhéanamh don uimhir d'uaireanna a chluig a hoibríodh, ach san gus an atharú go ndéanfar, chun crícheanna na bainte sin, gach foráil atá san alt so, agus gurb é a ciall go bhfanfaidh ráta páigh no ráta minimum páigh no srian le ráta páigh gan atharú, do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar fhoráil go ndéanfar an ráta páigh in aghaidh na huaire a chluig do choigeartú no d'atharú i slí go bhfanfaidh an meán-tuilleamh seachtainiúil gan atharú.
CUID IV.
Laetheanta Saoire.
“Siopa trádála Domhnaigh”, “siopa trádála speisialta” agus “siopa trádála nea-speisialta”.
26.—So Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “siopa trádála Domhnaigh” siopa (seachas tigh úrúcháin no áitreabh ceadúnuithe) ina mbíonn gnó ar siúl de ghnáth ar an Domhnach;
cialluíonn an abairt “siopa trádála speisialta” siopa—
(a) is tigh úrúcháin, no
(b) is áitreabh ceadúnuithe, no
(c) is siopa trádála Domhnaigh, no
(d) is leabhar-bhoth bóthair iarainn ar ardán bhóthair iarainn no comhgarach dó;
cialluíonn an abairt “siopa trádála nea-speisialta” siopa nach siopa trádála speisialta.
“Bliain fhostaíochta”.
27.—(1) Sa Chuid seo den Acht so, nuair a húsáidtear an abairt “bliain fhostaíochta” i dtaobh baill d'fhuirinn shiopa cialluíonn sí tréimhse bhliana dar tosach an lá is déanaí chuaidh an ball san i bhfostaíocht dílseánaigh an tsiopa san no aon lá cinn bhliana don lá san.
(2) I gcás—
(a) únaeracht ghnótha bheidh ar siúl i siopa d'aistriú tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí i gcaitheamh bliana fostaíochta duine ar bith do bhí ina bhall d'fhuirinn an tsiopa san díreach roimh an aistriú san, agus
(b) an duine sin do leanúint de bheith ina bhall d'fhuirinn an tsiopa san tar éis an aistrithe sin,
tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so (le n-a n-áirmhítear fo-alt (1) den alt so) an duine sin do bheith ar fostú mar bhall d'fhuirinn an tsiopa san, ag an duine (dá ngairmtear an dílseánach nua sa bhfo-alt so) chun a n-aistreofar an gnó san, i dtosach na bliana fostaíochta san agus as san amach, ach má lomháladh saoire bhliantúil in aghaidh na bliana fostaíochta san don duine sin roimh an aistriú san tuigfear chun na gcrícheanna san gurb é an dílseánach nua do lomháil an tsaoire bhliantúil sin dó.
“Fostaíocht leanúnach”.
28.—Má thárlann briseadh i bhfostaíocht bhaill d'fhuirinn shiopa le dílseánach an tsiopa san de bhíthin breoiteachta an bhaill sin, de bhíthin na hoibre ina mbeidh sé ar fostú amhlaidh do stad go sealadach, de bhíthin laigheaduithe shealadaigh ar mhéid sheachtainiúil na hoibre sin, no de bhíthin aon chúise sealadaighe eile nach é gníomh no faillí an bhaill sin fé ndeár í tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta leanúnaighe leis an dílseánach san do réir bhrí aon ailt den Chuid seo den Acht so d'áireamh, an ball san do bheith i bhfostaíocht an dílseánaigh sin faid a lean an briseadh sin más rud é, agus amháin más rud é, go ndearnadh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) an ball san do dhul, nuair a bhí deireadh leis an mbriseadh sin, thar n-ais i bhfostaíocht leis an dílseánach san, agus
(b) gan an ball san do bheith ar fostú ag déanamh oibre siopa faid a lean an briseadh sin, agus
(c) gan an briseadh sin do leanúint níos sia ná mí.
Léiriú na n-abairtí “lá saoire iomlán do lomháil” agus “leath-lá saoire do lomháil”.
29.—(1) Tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so dílseánach siopa do lomháil lae shaoire iomláin lá áirithe do bhall d'fhuirinn an tsiopa san más rud é, agus amháin más rud é, ná leigfidh an dílseánach san don bhall san aon obair do dhéanamh dó an lá san.
(2) Tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so dílseánach siopa do lomháil leath-lae shaoire lá áirithe do bhall d'fhuirinn an tsiopa san más rud é, agus amháin más rud é, ná leigfidh an dílseánach san don bhall san aon obair do dhéanamh dó an lá san tar éis an ama gurb é an t-am ceaptha é maidir leis an mball san.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “an t-am ceaptha”—
(a) maidir le ball d'fhuirinn shiopa is tigh úrúcháin, 3 a chlog p.m. no an tráth a bheidh cúig huaire a chluig caithte tar éis an ama do thosnuigh an duine sin ar obair an lá bheidh i gceist sa tsiopa san, pe'ca aca san is luaithe, agus
(b) maidir le ball d'fhuirinn aon tsiopa eile, 1.30 a chlog p.m.
Laetheanta saoire puiblí.
30.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, is lá saoire puiblí, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gach lá acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) Lá Nodlag nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an 27adh lá de Mhí na Nodlag, agus
(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus
(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thuitfidh ar lá den tseachtain no, nuair a thuitfidh ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin, agus
(d) Luan Cásca, Luan Cincíse, agus an chéad Luan de Lúnasa.
(2) Pé uair a déanfar, in aon bhliain áirithe, lá do cheapadh fén Acht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 (Uimh. 56 de 1924), chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lae luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tuigfear, an bhliain sin, an lá ceapfar amhlaidh do bheith curtha sa bhfo-alt san in ionad an lae luaidhtear amhlaidh agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá déir sin.
(3) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so, fo-alt (1) den alt so do leasú, alos aon líomatáiste áirithe, in aon tslí no slite acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) tríd an 1adh lá d'Eanar, no an 6adh lá d'Eanar, do chur in ionad an lae is lá saoire puiblí de bhuadh míre (b) den fho-alt san (1),
(b) tré Dhéardaoin Deasgabhála do chur in ionad Luain Chásca,
(c) tré Fhéile Chorp Críost no an 29adh lá de Mheitheamh do chur in ionad Luain Chincíse,
(d) tríd an 15adh lá de Lúnasa do chur in ionad an chéad Luain de Lúnasa,
agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san alos aon líomatáiste áirithe, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, is fé réir an leasuithe sin a bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt so maidir le siopaí ar bith sa líomatáiste sin.
(4) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).
Págh alos laetheanta saoire.
31.—(1) I gcás dílseánach siopa do lomháil saoire bliantúla ar bith do réir an Achta so d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san, íocfaidh an dílseánach san leis an mball san, alos gach lae den tsaoire bhliantúil sin, tuarastal no págh do réir an ráta gur dá réir a bhí luach saothair an bhaill sin iníoctha díreach roimh thosach na saoire bliantúla san.
(2) I gcás—
(a) dílseánach siopa do lomháil lae shaoire iomláin (seachas lá saoire iomlán is cuid de shaoire bhliantúil) lá ar bith d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san do réir na Coda so den Acht so, no
(b) dílseánach siopa thrádála nea-speisialta do lomháil lae shaoire iomláin ar lá saoire puiblí d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san,
ní dhéanfaidh an dílseánach san éinní do bhaint de thuarastal no de phágh an bhaill sin alos an lae shaoire iomláin sin.
(3) San alt so déanfar an abairt “tuarastal no págh” do léiriú maidir le ball d'fhuirinn shiopa mar abairt ná foluíonn págh breis-aimsire ná aon íocaíocht as obair do thosnú níos luaithe no obair do chríochnú níos déanaí ná baill eile d'fhuirinn an tsiopa san a bhíonn ar fostú in obair den tsamhail chéanna.
(4) Chun críche an ailt seo folóidh an abairt “tuarastal no págh,” i gcás baill d'fhuirinn shiopa dá lomhálfar saoire bhliantúil agus do bhí, díreach roimh thosach na saoire bliantúla san, i dteideal cothú no lóistín no iad araon d'fháil mar chuid dá luach saothair, an tsuim sin maidir leis an gcéanna a dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa líomatáiste ina mbeidh an siopa san a cheapadh, cheal có-aontuithe, ar iarratas ón mball san (a bheidh sa bhfuirm orduithe agus go ndéanfar, deich lá ar a laighead sara n-éistfear an t-iarratas, cóip de do sheirbheáil i bpearsain no tré leitir chláruithe ar dhílseánach an tsiopa san no ar a ionadaí agus ar chléireach na cúirte dúithche) agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar an iarratas san.
(5) Féadfaidh an tAire Dlighidh agus Cirt rialacháin do dhéanamh ag ordú na fuirme dá dtagartar sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo mar fhuirm orduithe.
Feidhm theoranta ag Cuid IV maidir le freastalaithe ar charranna úrúcháin bóthair iarainn.
32.—An méid sin den Chuid seo den Acht so bhaineann le saoire bhliantúil ball d'fhóirne siopaí agus le págh in aghaidh saoire bliantúla, beidh feidhm aige maidir le freastalaithe ar charranna úrúcháin bóthair iarainn, agus chun crícheanna na feidhme sin—
(a) tuigfear freastalaí ar charr úrúcháin bhóthair iarainn do bheith ina bhall d'fhuirinn shiopa thrádála speisialta, agus
(b) tuigfear gur dílseánach ar shiopa thrádála speisialta an chuideachta bhóthair iarainn ag á mbeidh freastalaí ar charr úrúcháin bhóthair iarainn ar fostú.
Leath-laetheanta saoire seachtainiúla ball d'fhóirne siopaí (seachas tithe úrúcháin agus áitreabhacha ceadúnuithe) agus laetheanta saoire iomlána cúitimh in ionad leath-laetheanta saoire seachtainiúla ball d'fhóirne tithe úrúcháin agus áitreabhacha ceadúnuithe.
Leath-laetheanta saoire seachtainiúla ball d'fhóirne siopaí (seachas tithe úrúcháin agus áitreabhacha ceadúnuithe).
33.—(1) Déanfaidh dílseánach siopa, is siopa trádála nea-speisialta no siopa trádála Domhnaigh, leath-lá saoire do lomháil do gach ball fé leith d'fhuirinn an tsiopa san ar lá seachtaine amháin (nach lá is lá saoire puiblí más siopa trádála nea-speisialta an siopa san) i ngach seachtain (seachas seachtain is cuid de choicíos lae shaoire phuiblí) agus i ngach coicíos lae shaoire phuiblí.
(2) Déanfaidh dílseánach siopa, is siopa trádála nea-speisialta no siopa trádála Domhnaigh, fógra sa bhfuirm agus sa tslí orduithe do thabhairt, alos gach seachtaine (seachas seachtain is cuid de choicíos lae shaoire phuiblí) agus alos gach coicíse lae shaoire phuiblí, tráth nach déanaí ná an Satharn roimh an seachtain sin no roimh an gcoicíos lae shaoire phuiblí sin (do réir mar a bheidh) do gach ball fé leith d'fhuirinn an tsiopa san a bheidh ar fostú aige an Satharn san, fógra á luadh cadé an lá seachtaine sa tseachtain sin no sa choicíos lae shaoire phuiblí sin (do réir mar a bheidh) ar a bhfuil beartuithe aige leath-lá saoire do lomháil don bhall san do réir fo-ailt (1) den alt so, agus má deintear teip i ndéanamh do réir an fho-ailt seo no má lomháltar leath-lá saoire sa tseachtain sin no sa choicíos lae shaoire phuiblí sin ar lá seachtaine ar bith seachas an lá seachtaine luadhfar sa bhfógra san, tuigfear, chun crícheanna an fho-ailt sin (1), nach fén bhfo-alt san (1) do lomháladh aon leath-lá saoire do lomháladh don bhall san sa tseachtain sin no sa choicíos lae shaoire phuiblí sin.
(3) I gcás iomlán na tréimhse de shaoire bhliantúil a lomhálfar do bhall d'fhuirinn shiopa thrádála nea-speisialta do bheith in aon tseachtain amháin, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) den alt so maidir leis an seachtain sin.
(4) I gcás iomlán na tréimhse de shaoire bhliantúil a lomhálfar do bhall d'fhuirinn shiopa thrádála Domhnaigh do bheith i dhá sheachtain, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) den alt so maidir leis na seachtainí sin.
(5) I gcás na tréimhse de shaoire bhliantúil a lomhálfar do bhall d'fhuirinn shiopa thrádála nea-speisialta do bheith i dhá seachtain, ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt so ach maidir leis an seachtain sin acu san a roghnóidh dílseánach an tsiopa san, agus ní lá de chuid na tréimhse sin de shaoire bhliantúil an lá luadhfar i bhfógra fén bhfo-alt san (2) sa tseachtain a roghnófar amhlaidh.
(6) I gcás na tréimhse de shaoire bhliantúil a lomhálfar do bhall d'fhuirinn shiopa thrádála Domhnaigh do bheith i dtrí seachtaine, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná ag fo-alt (2) den alt so maidir leis an dara seachtain acu san,
(b) ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt so ach maidir leis an gcéad sheachtain no leis an tríú seachtain acu san, do réir mar a roghnóidh dílseánach an tsiopa san, agus ní lá de chuid na tréimhse sin de shaoire bhliantúil an lá luadhfar i bhfógra fén bhfo-alt san (2) sa tseachtain a roghnófar amhlaidh.
(7) Má theipeann ar dhílseánach aon tsiopa, is siopa trádála nea-speisialta no siopa trádála Domhnaigh, no má dhiúltann no má fhaillíonn déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
(8) San alt so cialluíonn an abairt “coicíos lae shaoire phuiblí” maidir le haon tsiopa an tseachtain ina mbeidh lá is lá saoire puiblí don tsiopa san, agus an tseachtain díreach roimhe sin.
(9) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “leath-lá saoire reachtúil” lá ar a lomhálfar leath-lá saoire do réir an ailt seo.
Laetheanta saoire cúitimh do bhaill d'fhóirne tithe úrúcháin agus áitreabhacha ceadúnuithe in ionad leathlaetheanta saoire seachtainiúla.
34.—(1) Déanfaidh dílseánach siopa, is tigh úrúcháin no áitreabh ceadúnuithe, an uimhir sin de laetheanta saoire iomlána do lomháil do gach ball fé leith d'fhuirinn an tsiopa san a chuirfidh in áirithe ná fuighidh an ball san—
(a) níos lugha ná dhá lá saoire iomlána ar laetheanta seachtaine i ngach mí fé leith ina raibh an ball san ar fostú go leanúnach aige, ná
(b) níos lugha ná sé cinn fhichead de laetheanta saoire iomlána ar laetheanta seachtaine i ngach tréimhse de dhá mhí dheág, ag tosnú an 1adh lá d'Eanar, ina raibh an ball san ar fostú go leanúnach aige.
(2) Má lomháltar dhá leath-lá saoire in aon mhí do bhall d'fhuirinn shiopa, tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, gur lomháladh aon lá saoire iomlán amháin don bhall san sa mhí sin.
(3) Má lomháltar saoire bhliantúil do bhall d'fhuirinn shiopa, is tigh úrúcháin no áitreabh ceadúnuithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur lomháil dílseánach an tsiopa san aon lá saoire iomlán amháin don bhall san sa mhí ina dtosnóidh an tsaoire bhliantúil sin;
(b) ní tuigfear aon pháirt de lá is cuid den tsaoire bhliantúil sin do bheith ina leath-lá saoire chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so.
(4) Má theipeann ar dhílseánach siopa, is tigh úrúcháin no áitreabh ceadúnuithe, no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
Laetheanta saoire cúitimh do bhaill d'fhóirne siopaí bhíonn ag obair ar an Domhnach agus do bhaill d'fhóirne siopaí trádála nea-speisialta bhíonn ag obair ar laetheanta saoire puiblí.
Laetheanta saoire cúitimh do bhaill d'fhóirne siopaí bhíonn ag obair ar an Domhnach.
35.—(1) Mara lomhálaidh dílseánach siopa lá saoire iomlán ar an Domhnach in aon tseachtain do bhall d'fhuirinn an tsiopa san, lomhálfaidh an dílseánach san dó ar lá éigin (nach lá ar a lomhálfaidh an dílseánach san lá saoire iomlán no leath-lá saoire dhó do bhun aon fhorála eile den Chuid seo den Acht so) sa tseachtain sin—
(a) lá saoire iomlán má dheineann an ball san obair shiopa ar feadh níos mó ná ceithre huaire a chluig ar an Domhnach san, no
(b) leath-lá saoire, má dheineann an ball san obair shiopa ar feadh tréimhse is sia ná dhá uair a chluig ach nach sia ná ceithre huaire a' chluig.
(2) I gcás—
(a) ball d'fhuirinn shiopa do bheith i dteideal leath-lae shaoire in aon tseachtain fén alt so, agus
(b) dílseánach an tsiopa san do lomháil lae shaoire iomláin don bhall san ar lá sa tseachtain sin is leath-lá saoire reachtúil maidir leis an mball san,
tuigfear gur lomháil an dílseánach san leath-lá saoire don bhall san fén alt so ar an lá san.
(3) Má theipeann ar dhílseánach siopa no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
Laetheanta saoire cúitimh do bhaill d'fhóirne siopaí trádála nea-speisialta bhíonn ag obair ar laetheanta saoire puiblí.
36.—(1) Mara lomhálaidh dílseánach siopa thrádála nea-speisialta lá saoire iomlán ar lá saoire puiblí do bhall d'fhuirinn an tsiopa san, no má lomhálann sé lá saoire iomlán ar lá saoire puiblí don bhall san ach gur do bhun an ailt deiridh sin roimhe seo dhéanfa sé amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) lomhálfaidh an dílseánach san lá saoire iomlán don bhall san ar lá seachtaine éigin (nach lá saoire puiblí eile ná lá ar a lomhálfaidh an dílseánach san lá saoire iomlán no leath-lá saoire dhó do bhun aon fhorála eile den Chuid seo den Acht so) laistigh de cheithre lá déag tar éis an lae shaoire phuiblí sin;
(b) má scuireann an ball san, sara mbeidh an ceithre lá déag san caithte, de bheith i bhfostaíocht an dílseánaigh sin agus ná beifear tar éis an lae shaoire iomláin sin do lomháil don bhall san an tráth san, íocfaidh an dílseánach san leis págh aon lae amháin ar n-a áireamh do réir an ráta bhainfeadh leis an gcás dá mba lá de shaoire bhliantúil an lá saoire puiblí sin.
(2) Má theipeann ar dhílseánach siopa thrádála nea-speisialta no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
Saoire Bhliantúil Ball d'Fhóirne Siopaí.
Saoire bhliantúil ball d'fhóirne siopaí.
37.—(1) Lomhálfaidh dílseánach siopa do gach ball d'fhuirinn an tsiopa san i ngach bliain iomláin fhostaíochta bheidh curtha isteach ag an mball san agus ina raibh sé go leanúnach i bhfostaíocht an dílseánaigh sin agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh ocht gcéad déag uair a chluig ar a laighead sa bhfostaíocht san—
(a) ceithre cinn déag de laetheanta saoire iomlána as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil san Acht so), más siopa trádála speisialta an siopa san, no
(b) sé cinn de laetheanta saoire iomlána as a chéile (dá ngairmtear saoire bhliantúil freisin san Acht so), más siopa trádála nea-speisialta an siopa san.
(2) I gcás pearsa is dílseánach ar shiopa thrádála speisialta agus ar shiopa thrádála nea-speisialta d'fhostú duine ar bith mar bhall d'fhuirinn shiopa amháin acu san ar feadh aon choda de bhliain fhostaíochta bheidh á cur isteach ag an duine sin agus mar bhall d'fhuirinn an tsiopa eile acu san ar feadh aon choda eile den bhliain fhostaíochta san, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an duine sin do bheith ina bhall d'fhuirinn an tsiopa thrádála speisialta san ar feadh na bliana fostaíochta san no ar feadh na coda san di ina mbeidh sé i bhfostaíocht an dílseánaigh sin.
(3) I gcás duine bheidh ar fostú mar bhall d'fhuirinn shiopa do scur, tráth ar bith seachas i ndeireadh bliana fostaíochta bheidh curtha isteach ag an duine sin, de bheith i bhfostaíocht dílseánaigh an tsiopa san mar bhall d'fhuirinn an tsiopa san agus an duine sin do bheith i bhfostaíocht an dílseánaigh sin ar feadh aon mhí iomláin amháin ar a laighead sa bhliain fhostaíochta san agus é d'oibriú ar feadh céad go leith uair a chluig ar a laighead sa mhí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) más siopa trádála speisialta an siopa san agus nár lomháil an dílseánach san, roimh an scur san, ceithre cinn déag de laetheanta saoire iomlána as a chéile don duine sin alos na gcodanna den bhliain fhostaíochta san ina raibh sé ar fostú amhlaidh, íocfaidh an dílseánach san leis an duine sin ar an scur san—
(i) págh dhá lá (ar n-a áireamh do réir an ráta do bhainfeadh leis an gcás dá mba lá de shaoire bhliantúil a lomhálfaí díreach roimh an scur san an lá san) alos gach tréimhse iomláine de dhá mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh trí chéad uair a chluig ar a laighead, agus
(ii) págh dhá lá (ar n-a áireamh mar adubhradh) alos na tréimhse (más ann di) sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san is giorra ná dhá mhí ach nach giorra ná mí agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh céad go leith uair a chluig ar a laighead;
(b) más siopa trádála nea-speisialta an siopa san agus nár lomháil an dílseánach san, roimh an scur san, sé cinn de laetheanta saoire iomlána as a chéile don duine sin alos na coda den bhliain fhostaíochta san ina raibh sé ar fostú amhlaidh, íocfaidh an dílseánach leis an duine sin ar an scur san—
(i) págh aon lae amháin (ar n-a áireamh mar adubhradh) alos gach tréimhse iomláine de dhá mhí sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh trí chéad uair a chluig ar a laighead, agus
(ii) págh aon lae amháin (ar n-a áireamh mar adubhradh) alos na tréimhse (más ann di) sa chuid sin den bhliain fhostaíochta san is giorra ná dhá mhí ach nach giorra ná mí agus ina mbeidh sé tar éis oibriú ar feadh céad go leith uair a chluig ar a laighead.
(4) Féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, rialacháin do dhéanamh ag atharú, maidir leis na baill uile d'fhóirne siopaí no le haon aicmí no aicme áirithe ball d'fhóirne siopaí, gach ceann no aon cheann de sna tréimhsí d'ocht gcéad déag uair a chluig, de thrí chéad uair a chluig, agus de chéad go leith uair a chluig a luaidhtear i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt so tré pé tréimhsí no tréimhse eile, is dóich leis an Aire is ceart, do chur in ionad na dtréimhsí no na tréimhse sin, agus pé uair a bheidh aon rialacháin den tsórt san i bhfeidhm beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na baill d'fhóirne siopaí no leis na haicmí no an aicme ball d'fhóirne siopaí le n-a mbainfidh na rialacháin sin fé is dá ndeintí na tréimhsí sin, no pé ceann no cinn acu dá ndéanfaidh na rialacháin sin deifir, d'atharú sa tslí bheidh luaidhte sna rialacháin sin.
(5) Ní déanfar, i gcás baill d'fhuirinn shiopa thrádála speisialta, aon lá ar a lomhálfar lá saoire iomlán don bhall san do réir aon ailt eile atá sa Chuid seo den Acht so d'áireamh mar lá saoire bliantúil, ach má thagann aon lá den tsórt san idir laetheanta de shaoire bhliantúil tuigfear na laetheanta san do bheith as a chéile d'ainneoin an lae sin do theacht eatortha.
(6) Ní déanfar, i gcás baill d'fhuirinn shiopa thrádála neaspeisialta, aon lá, is Domhnach no lá saoire puiblí no is lá ar a lomhálfar lá saoire iomlán don bhall san do réir aon ailt eile atá sa Chuid seo den Acht so, d'áireamh mar lá de shaoire bhliantúil, ach má thagann aon lá den tsórt san idir laetheanta de shaoire bhliantúil tuigfear na laetheanta san do bheith as a chéile d'ainneoin an lae sin do theacht eatortha.
(7) I gcás ball d'fhuirinn aon tsiopa is ball den Fhórsa Cúltaca d'Fhórsaí Cosanta na hÉireann do bheith as láthair o n-a fhostaíocht chun bheith i láthair agus a dhualgas do chólíonadh, mar bhall den tsórt san, ag aon tréineáil tionnscnaimh, tréineáil bhliantúil no slógadh tástála tuigfear, chun aon tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe do réir bhrí an ailt seo d'áireamh, an ball san do bheith sa bhfostaíocht san aige le linn é bheith as láthair amhlaidh, agus dá réir sin déanfar, chun crícheanna an ailt seo, an tréimhse do bhí sé as láthair amhlaidh d'áireamh sa tréimhse fostaíochta no fostaíochta leanúnaighe sin.
(8) Bainfidh an t-alt so le bliain fhostaíochta reatha, le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so, gach duine bheidh, le linn an tosach feidhme sin, ina bhall d'fhuirinn shiopa, agus beidh éifeacht ag an alt so maidir leis an mbliain fhostaíochta san agus maidir leis an duine sin fé is dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm i dtosach na bliana fostaíochta san, ach san fé réir na n-atharuithe—
(a) má théigheann an bhliain fhostaíochta san in éag laistigh de mhí tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, go dtuigfear go ndearna dílseánach an tsiopa san do réir an ailt seo má lomhálann sé don duine sin, ar dháta nach déanaí ná trí mhí tar éis deireadh na bliana fostaíochta san, an tsaoire bhliantúil sin chun a mbeidh teideal ag an duine sin fén alt so alos na bliana fostaíochta san, agus
(b) más siopa trádála speisialta an siopa san agus go mbeidh an dílseánach san, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, tar éis lá saoire iomlán amháin no níos mó do lomháil don duine sin sa bhliain fhostaíochta san ba shaoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh gur lugha ná ceithre cinn déag na laetheanta saoire iomlána san no ná rabhadar as a chéile no gur lugha ná ceithre cinn déag iad agus ná rabhadar as a chéile, go dtuigfear na laetheanta saoire iomlána san do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ná beidh teideal ag an duine sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) laetheanta saoire iomlána as a chéile tar éis an tosach feidhme sin is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) laetheanta gur lugha-de ná ceathair déag an méid laetheanta saoire iomlána do lomháladh amhlaidh, agus
(c) más siopa trádála nea-speisialta an siopa san agus go mbeidh an dílseánach san, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, tar éis lá saoire iomlán amháin no níos mó do lomháil don duine sin sa bhliain fhostaíochta san ba shaoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo mara mbeadh gur lugha ná sé cinn na laetheanta saoire iomlána san no ná rabhadar as a chéile no gur lugha ná sé cinn iad agus ná rabhadar as a chéile, go dtuigfear na laetheanta saoire iomlána san do lomháladh amhlaidh do bheith ina saoire bhliantúil chun crícheanna an ailt seo agus ná beidh teideal ag an duine sin, maidir leis an mbliain fhostaíochta san, ach chun an méid sin (más aon mhéid é) laetheanta saoire iomlána as a chéile tar éis an tosach feidhme sin is có-ionann leis an méid (más aon mhéid é) laetheanta gur lugha-de ná sé an méid laetheanta saoire iomlána do lomháladh amhlaidh.
(9) Má theipeann ar dhílseánach siopa íoc do dhéanamh le haon bhall d'fhuirinn an tsiopa san in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an mball san fén alt so féadfaidh an ball san an t-airgead san do bhaint den dílseánach san mar fhiacha gnáth-chonnartha.
(10) Má theipeann ar dhílseánach siopa saoire bhliantúil do lomháil d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
Am na saoire bliantúla.
38.—(1) An t-am in aon bhliain fhostaíochta ina lomhálfaidh dílseánach siopa saoire bhliantúil do bhall d'fhuirinn an tsiopa san a bheidh i dteideal saoire bliantúla fén gCuid seo den Acht so isé an dílseánach san a cheapfaidh é.
(2) Má thárlann, in aon bhliain fhostaíochta bhaill d'fhuirinn shiopa, go mbeidh oiread san den bhliain fhostaíochta san caithte ná beidh, más siopa trádála speisialta an siopa san, ach ceithre lá déag oibre dhi gan caitheamh no ná beidh, más siopa trádála nea-speisialta an siopa san, ach sé lá oibre dhi gan caitheamh agus ná beidh dílseánach an tsiopa san tar éis saoire bhliantúil do lomháil an uair sin don bhall san, féadfaidh an ball san, má bhíonn sé i dteideal saoire bliantúla fén Acht so, fanúint as láthair o n-a chuid oibre don dílseánach san ar feadh na gceithre lá déag san no na sé lá san (do réir mar a bheidh) agus ní tuigfear, de bhíthin é d'fhanúint as láthair amhlaidh, é do dhéanamh aon bhriseadh ar a chonnradh seirbhíse leis an dílseánach san, agus íocfaidh an dílseánach san leis an mball san alos na gceithre lá déag san no na sé lá san (do réir mar a bheidh) an méid a dhlighfeadh sé d'íoc dá lomhálfadh sé na ceithre lá déag san no an sé lá san mar shaoire bhliantúil.
(3) Má dheineann dílseánach siopa in aon bhliain fhostaíochta tréimhse saoire bliantúla do lomháil do bhall d'fhuirinn an tsiopa san níos túisce ná an ceithre lá déag oibre deiridh den bhliain fhostaíochta san, más siopa trádála speisialta an siopa san, no níos túisce ná an sé lá oibre deiridh den bhliain fhostaíochta san más siopa trádála nea-speisialta an siopa san, agus má fhágann an ball san fostaíocht an dílseánaigh sin roimh dheireadh na bliana fostaíochta san, ní bheidh an dílseánach san i dteideal, i dtaobh na saoire bliantúla san do lomháil amhlaidh, tréimhse an fhógra is gá chun deireadh do chur leis an bhfostaíocht san do ghiorrú ná an págh ná an sochar eile do laigheadú chun a mbeidh teideal ag an mball san le linn dó an fhostaíocht san d'fhágaint.
(4) Má theipeann ar dhílseánach siopa íoc do dhéanamh le haon bhall d'fhuirinn an tsiopa san in aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an mball san fén alt so féadfaidh an ball san an t-airgead san do bhaint den dílseánach san mar fhiacha gnáth-chonnartha.
(5) San alt so cialluíonn an abairt “laetheanta oibre” laetheanta is ionáirmhithe mar laetheanta de shaoire bhliantúil chun crícheanna na Coda so den Acht so.
Fógra i dtaobh ama na saoire bliantúla.
39.—(1) Déanfaidh dílseánach siopa ar a gceangailtear leis an gCuid seo den Acht so saoire bhliantúil do lomháil do bhall d'fhuirinn an tsiopa san fógra i scríbhinn i dtaobh an lae thosnóidh an tsaoire bhliantúil sin do thabhairt don bhall san. agus bhéarfaidh an fógra san dó ceithre lá déag ar a laighead roimh an lá san.
(2) Féadfar fógra bhéarfar do bhall d'fhuirinn shiopa do réir an ailt seo do thabhairt tríd an bhfógra san da shíneadh chun an bhaill sin no tríd an bhfógra san do chur ar taisbeáint in ionad fheiceálach ar a mbeidh teacht ag an mball san sa tsiopa san.
(3) Gach dílseánach siopa ar a gceangailtear leis an alt so an fógra san a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do thabhairt d'aon bhall d'fhuirinn an tsiopa san agus ar a dteipfidh no fhailleoidh an fógra san do thabhairt do réir an ailt seo d'aon bhall den tsórt san ar aon ócáid ar a gceangailtear air amhlaidh san do thabhairt uaidh beidh sé ciontach i gcionta fen alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.
Srian le ball d'fhuirinn shiopa d'oibriú ar laetheanta saoire iomlána ná ar leathlaetheanta saoire.
40.—(1) Ní bheidh sé dleathach do bhall d'fhuirinn shiopa aon obair shiopa ná obair thionnscail do dhéanamh do dhuine ar bith ar luach saothair—
(a) tráth ar bith aon lá a lomhálfar lá saoire iomlán dó fén Acht so, ná
(b) aon lá a lomhálfar leath-lá saoire dhó fén Acht so, tar éis an ama thosnóidh an leath-lá saoire sin.
(2) Má dheineann ball d'fhuirinn shiopa éinní contrárdha don alt so beidh an ball san ciontach i gcionta fén alt so.
CUID V.
Pagh Ball d'Fhoirne Siopai do Rialail.
Bord Páigh Shiopa.
Bord Páigh Shiopa do bhunú.
41.—(1) Ar theacht i bhfeidhm don Chuid seo den Acht so bunófar bord (dá ngairmtear an Bord san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Bord Páigh Shiopa chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.
(2) Trí baill a bheidh ar an mBord, eadhon—
(a) cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so), agus
(b) dhá ghnáth-bhall.
(3) Ainmneoidh an tAire baill an Bhúird o am go ham do réir mar is gá.
(4) Beidh duine amháin de sna gnáth-bhaill ina dhuine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach do dhílseánaigh shiopaí, agus beidh an gnáth-bhall eile ina dhuine is dóich leis an Aire do bheith ionadathach do bhaill d'fhóirne siopaí.
(5) Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.
(6) Maran éag eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach gnáth-bhall den Bhord i seilbh oifige ar feadh na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, a cheapfaidh an tAire le linn é d'ainmniú ach beidh sé ion-ath-ainmnithe.
(7) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh do ghnáth-bhall den Bhord go dtabharfar mar bhreith air é bheith in a fhéimhí no go ndéanfa sé socrú no réiteach le n-a chreidmheasóirí, no go ndaorfaidh cúirt údaráis inniúil chun príosúntachta no chun piantseirbhíse é, no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí sa Stát no go mbeidh sé as láthair o gach suidhe den Bhord ar feadh tréimhse de thrí mhí gan cead ón Aire, beidh sé dí-cháilithe chun bheith i seilbh oifige gnáth-bhaill den Bhord.
(8) Pé uair a chifear don Aire ná beidh ar chumas baill den Bhord a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh go ceann tamaill de dheascaibh breoiteachta no mar gheall ar leorréasún eile, féadfaidh an tAire duine do cheapadh chun gníomhú mar bhall ar feadh na tréimhse sin (nach sia ná faid an mhíchumais sin) is ceart dar leis, agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar bhall den Bhord beidh sé, ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, ina bhall den Bhord in ionad an bhaill sin a céad-luaidhtear.
(9) An trí bhall le chéile is quorum ag aon chruinniú den Bhord.
Rialacháin i gcóir imeachta an Bhúird.
42.—(1) Déanfaidh an Bord rialacháin chun a n-imeachta do rialú agus féadfaid, leis na rialacháin sin, socrú do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) amanna agus áiteanna cruinnithe an Bhúird;
(b) na daoine dá dtabharfar fógra i dtaobh cruinnithe an Bhúird;
(c) an fhuirm agus an tslí ina gcuirfear nithe fé bhráid an Bhúird agus ina dtabharfar fianaise dhóibh agus, go sonnrách, ce'ca viva voce no i scríbhinn a bhéarfar an fhianaise sin dóibh;
(d) daoine chuir nithe fé bhráid an Bhúird, no thug fianaise don Bhord, i scríbhinn do theacht i láthair chun a gceistnithe viva voce;
(e) éinne do leigint isteach chun cruinnithe an Bhúird no do dhúnadh amach uatha;
(f) na nithe sin a chífear don Bhord do bheith riachtanach no oiriúnach chun a ngnótha do dhéanamh sa cheart.
(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag rialacháin a déanfar fén alt so mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leo.
Comhachta an Bhúird.
43.—(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhord fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an mBord gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm ar n-a sighniú ag duine no níos mó de bhaill an Bhúird có-ionann agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta a bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teach i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.
(2) Má thárlann d'éinne—
(a) faillí do thabhairt i dteacht i láthair an Bhúird agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no
(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Bord air do réir dlí a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht agus fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Bord air do réir dlí a thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt go gceanglóidh an Bord air do réir dlí í fhreagairt, no
(c) éinní eile do dhéanamh ba dhísbeagadh cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Bord agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,
féadfaidh an Bord cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa chúirt sin do dhísbeagadh.
(3) Beidh teideal ag finné i láthair an Bhúird chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.
Rátaí Minimum Páigh.
Iarrataisí ar rátaí minimum páigh do cheapadh.
44.—(1) I gcás—
(a) ball d'fhuirinn shiopa dá rá go bhfuil a phágh ró-bheag, agus
(b) gan aon rialacha fén gCuid seo den Acht so ag ceapadh páigh mhinimum agus a bhaineann leis an mball san do bheith i bhfeidhm,
féadfaidh an ball san no duine adeir é bheith ionadathach don aicme ball d'fhóirne siopaí le n-a mbaineann an ball san iarratas (dá ngairmtear iarratas um págh minimum sa Chuid seo den Acht so) do chur chun an Aire á iarraidh go gceapfaí ráta minimum páigh don aicme sin ball d'fhóirne siopaí bheidh sa líomatáiste luadhfar san iarratas san.
(2) Duine ar bith a bheidh ag déanamh iarratais um págh minimum bhéarfaidh uaidh, má iarrann an tAire san air, na mioninnste no an t-eolas san is dóich leis an Aire is gá chun an iarratais do bhreithniú agus mara ndeintear do réir éinní áirithe éileoidh an tAire fén bhfo-alt so féadfaidh an tAire diúltadh don iarratas do bhreithniú.
An tAire do bhreithniú iarrataisí um págh minimum agus dá gcur fé bhráid an Bhúird.
45.—Ar an Aire d'fháil iarratais um págh minimum alos aicme áirithe ball d'fhóirne siopaí bheidh i líomatáiste áirithe déanfaidh, ach san fé réir forálacha fo-ailt (2) den alt deiridh sin roimhe seo, san t-iarratas san do bhreithniú, agus, más deimhin leis bunús do bheith leis an iarratas san agus, maran duine den aicme sin do rinne an t-iarratas san, gur dóich leis an t-iarratasóir do bheith ionadathach don aicme sin, iarrfaidh ar an mBord rátaí minimum páigh do cheapadh don aicme sin ball d'fhóirne siopaí bheidh sa líomatáiste bheidh luaidhte san iarratas san.
Rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh.
46.—(1) Má iarrann an tAire ar an mBord rátaí minimum páigh do cheapadh d'aon aicme áirithe ball d'fhóirne siopaí bheidh in aon líomatáiste áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Bord fiosrú i dtaobh abhair an iarratais sin, ach sara dtosnóid ar an bhfiosrú san foillseoid, i bpáipéar nuachta éigin a léightear sa líomatáiste sin, fógra á rá go bhfuilid ar intinn an fiosrú san do dhéanamh agus á iarraidh ar dhaoine go bhfuil leas acu sa scéal fianaise do chur fé n-a mbráid, agus breithneoid aon fhianaise cuirfear fé n-a mbráid amhlaidh;
(b) ar an bhfiosrú san do bheith críochnuithe déanfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh don aicme sin ball d'fhóirne siopaí bheidh sa líomatáiste sin, agus féadfaid leis na rialacha san rátaí minimum deifriúla do cheapadh do ghrúpaí deifriúla (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an mBord is ceart) den aicme sin ball d'fhóirne siopaí agus alos cineálacha deifriúla (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an mBord is ceart) de sna siopaí sin sa líomatáiste sin.
(2) Má rinneadh roimh an Acht so do rith, no má deintear dá éis sin, có-aontú do shighniú ag cólucht no cóluchtaí no thar ceann cóluchta no cóluchtaí atá sáthach ionadathach, dar leis an Aire, do dhílseánaigh shiopaí d'aicme áirithe i líomatáiste áirithe agus ag cólucht no cóluchtaí no thar ceann cóluchta no cóluchtaí atá sáthach ionadathach, dar leis an Aire, d'aicme áirithe ball d'fhóirne na siopaí sin, có-aontú tré n-a ndeintear rátaí tuarastail, páigh no luach saothair eile is iníoctha leis na baill sin do rialáil no do shrianadh, agus má dheineann páirtí amháin no níos mó de pháirtithe an chó-aontuithe sin an có-aontú san a chur chun an Aire agus a iarraidh air go gcuirfí fé bhráid an Bhúird é fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, an có-aontú san do chur fé bhráid an Bhúird no diúltadh d'é do chur fé n-a mbráid, agus, má chuireann an tAire an có-aontú san fé bhráid an Bhúird amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Bord fiosrú i dtaobh abhair an chó-aontuithe sin, ach sara dtosnóid ar an bhfiosrú san foillseoid, i bpáipéar nuachta éigin a léightear sa líomatáiste sin, fógra á rá go bhfuilid ar intinn an fiosrú san do dhéanamh agus á iarraidh ar dhaoine go bhfuil leas acu sa scéal fianaise do chur fé n-a mbráid, agus breithneoid aon fhianaise cuirfear fé n-a mbráid amhlaidh;
(b) ar an bhfiosrú san do bheith críochnuithe déanfaidh an Bord ní amháin acu so leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaid, fé réir forálacha an Achta so, rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh (is ionann agus na rátaí páigh a bheidh luaidhte sa chó-aontú san) don aicme sin, is dóich leis an mBord is ceart agus a luadhfaid sna rialacha san, de bhaill d'fhóirne siopaí den aicme sin is dóich leis an mBord is ceart agus a luadhfaid sna rialacha san agus a bheidh sa líomatáiste sin is dóich leis an mBord is ceart agus a luadhfaid no go luadhfaid a theoranta sna rialacha san, no
(ii) tuairisceoid don Aire gurb é a dtuairim ná fuil sé oiriúnach na rialacha san do dhéanamh.
Rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh do leasú agus do cheiliúradh.
47.—(1) Féadfaidh duine ar bith a iarraidh ar an Aire a chur fé ndeár aon rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh agus a bheidh i bhfeidhm do leasú ar shlite áirithe no do cheiliúradh.
(2) Má deintear iarratas chun an Aire fé fho-alt (1) den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) más deimhin leis an Aire an t-iarratasóir do bheith ina dhuine atá ionadathach do chion substainteach de bhaill d'fhóirne siopaí no de dhílseánaigh shiopaí le n-a mbaineann na rialacha is abhar don iarratas san, cuirfidh an tAire an t-iarratas fé bhráid an Bhúird;
(b) in aon chás eile féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin, an t-iarratas do chur fé bhráid an Bhúird no diúltadh d'é chur fé n-a mbráid.
(3) Má deintear iarratas fén alt so, i dtaobh aon rialacha ag ceapadh rátaí minimum páigh agus a bheidh i bhfeidhm, do chur fé bhráid an Bhúird, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Bord fiosrú i dtaobh an iarratais sin, ach sara dtosnóid ar an bhfiosrú san foillseoid, i bpáipéar nuachta éigin a léightear sa líomatáiste le n-a mbaineann na rialacha san, fógra á rá go bhfuilid ar intinn an fiosrú san do dhéanamh agus a iarraidh ar dhaoine go bhfuil leas acu sa scéal fianaise do chur fé n-a mbráid, agus éistfid aon fhianaise cuirfear fé n-a mbráid amhlaidh;
(b) más dóich leis an mBord, ar an bhfiosrú san do bheith críochnuithe, nár cheart na rialacha san do leasú ná do cheiliúradh, tuairisceoidh an Bord don Aire dá réir sin;
(c) más dóich leis an mBord, ar an bhfiosrú san do bheith críochnuithe, gur cheart na rialacha san do leasú no do cheiliúradh déanfaidh an Bord, fé réir forálacha an Achta so, rialacha ag leasú no ag ceiliúradh (fé mar is oiriúnach leo) na rialacha san a ceadluaidhtear.
Fógra i dtaobh bheith ar intinn rialacha do dhéanamh.
48.—Cuirfidh an Bord fé ndeár, sara ndéanfaid aon rialacha fén gCuid seo den Acht so, dréacht de sna rialacha beartuithe d'ullamhú agus cuirfid fé ndeár, sara ndéanfaid na rialacha san, fógra ag luadh téarmaí an dréachta san do chur i bpáipéar nuachta éigin a léightear sa líomatáiste go mbeifear ar intinn na rialacha san do bhaint leis, agus breithneoid aon chúiseanna i dtaobh na dtéarmaí sin a pléidhfear leo tráth nach déanaí ná deich lá fichead tar éis an fhógra san d'fhoillsiú.
Rialacha do dhaingniú.
49.—(1) Aon rialacha dhéanfaidh an Bord fén gCuid seo den Acht so cuirfear fé bhráid an Aire iad chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus leis sin, tar éis dó na rialacha san do bhreithniú, déanfaidh an tAire ordú ag daingniú na rialacha san gan atharú no gus na hatharuithe sin ortha (tré chur leo no fágaint ar lár no atharú) is oiriúnach leis tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, agus ar an ordú san do dhéanamh tiocfaidh na rialacha san, fé réir na n-atharuithe sin (más aon cheann é) a bheidh déanta ag an Aire ortha, i ngníomh ar an dáta san (nach luaithe ná dáta an orduithe sin) a luadhfar san ordú san.
(2) Beidh i ngach ordú déanfar fén alt so cóip de sna rialacha le n-a mbainfidh.
(3) Má dheineann an tAire ordú fén alt so ag daingniú aon rialacha, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
Cruthú ar rialacha.
50.—Má deintear, in aon imeachta fén gCuid seo den Acht so, cóip d'ordú fén alt deiridh sin roimhe seo, ag daingniú aon rialacha bheidh déanta fén gCuid seo den Acht so, do thabhairt i láthair, beidh san, má bheireann an chóip sin le tuisgint gurb í Oifig an tSoláthair d'fhoillsigh í, ina fianaise prima facie ar na rialacha san do dhéanamh agus ar a mbeidh ionta.
Toirmeasc ar phágh fé bhun rátaí minimum d'íoc.
51.—(1) Má bhíonn aon rialacha i bhfeidhm de thurus na huaire ag rialáil rátaí minimum páigh, íocfaidh dílseánach siopa le gach ball fé leith d'fhuirinn an tsiopa san le n-a mbainfidh na rátaí sin págh do réir ráta nach lugha ná an ráta minimum oiriúnach fé sna rialacha san gan aon asbaint do bhaint as.
(2) Má dheineann dílseánach siopa éinní contrárdha don alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(3) In aon imeachta i gcoinnibh dílseánaigh shiopa fén alt so is ar an dílseánach san a bheidh a chruthú gur íoc sé págh do réir ráta nach lugha ná an ráta minimum.
(4) Má ciontuítear dílseánach siopa i gcionta fén alt so féadfaidh an chúirt, i dteanta an phionóis fhorchuirfidh an chúirt, a ordú don dílseánach san íoc do dhéanamh leis an mball d'fhuirinn an tsiopa san gur ina thaobh do rinneadh an cionta sa tsuim sin a chífear don chúirt a bheith dlite ag an dílseánach san don bhall san alos páigh; agus is do réir an ráta mhinimum is iníoctha fé sna rialacha ag rialáil rátaí minimum páigh agus a bhainfidh leis an mball san a háirmheofar an págh, ach ní dhéanfaidh an chomhacht chun a ordú págh d'íoc fén bhforáil seo baint o aon cheart a bheidh ag an duine sin chun págh do bhaint amach tré imeachta ar bith eile.
(5) Aon chó-aontú déanfar chun págh d'íoc contrárdha don alt so no chun staonadh o fheidhm do bhaint as aon cheart chun íoc páigh do réir an ailt seo d'fhoirfheidhmiú, beidh sé gan bhrí.
(6) Chun crícheanna an ailt seo foluíonn an focal “asbaint” asbaintí le haghaidh no alos éinní in aon chor (seachas asbaintí fén National Insurance Act, 1911, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, no fén Unemployment Insurance Act, 1920, mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, no fén Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935), mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, no asbaintí a húdaruítear le haon Acht a bhaint de phágh alos síntiúisí d'aon chiste aois-liúntais no ciste soláthair eile), agus d'ainneoin gur asbaintí iad is féidir a bhaint go dleathach de phágh fé fhorálacha na Truck Acts, 1831 to 1896, agus is gcás ball d'fhuirinn shiopa do dhéanamh aon íocaíochta, is íocaíocht a húdaruítear d'fhostóir a ghlacadh fé alt 1 den Truck Act, 1896, le n-a fhostóir tuigfear, chun crícheanna na forála san roimhe seo, gur bhain an fostóir an méid sin as págh.
Breacacháin ar phágh.
52.—(1) Má bhíonn aon rialacha ag rialáil rátaí minimum páigh i bhfeidhm agus go mbainfid le ball d'fhuirinn shiopa áirithe, beidh sé de dhualgas ar dhílseánach an tsiopa san na breacacháin sin do choimeád sa tsiopa san is gá chun a thaisbeáint go bhfuiltear ag cólíonadh na rialacha san maidir leis an mball san, agus leigint do chigire na breacacháin sin d'iniúchadh gach tráth réasúnta agus cóipeanna do dhéanamh díobh.
(2) Más rud é—
(a) go dteipfidh ar dhílseánach siopa no go bhfailleoidh na breacacháin sin do choimeád sa tsiopa san is gá do réir an ailt seo do choimeád, no go ndiúltóidh do leigint do chigire na breacacháin sin d'iniúchadh no cóipeanna do dhéanamh díobh aon tráth réasúnta, no
(b) go ndéanfaidh an dílseánach san, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach do chur sna breacacháin sin,
beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so.
(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn aige ón Aire chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.
Saoirsí.
53.—Ní bheidh feidhm ag forálacha na Coda so den Acht so maidir le haon bhall d'fhuirinn shiopa bheidh ar fostú mar phríntíseach fé rialacha ar n-a ndéanamh ag coiste príntíseachta fén Acht Príntíseachta, 1931 (Uimh. 56 de 1931).
CUID VI.
Socru le hAghaidh Slainte agus Compoird Bhall d'Fhoirne Siopai.
Mínithe chun crícheanna Coda VI.
54.—Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “údarás sláintíochta” an t-údarás sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;
cialluíonn an abairt “oiriúnach dóthanach,” maidir le haon tsiopa no páirt de shiopa, oiriúnach dhóthanach ag féachaint do sna cúrsaí agus do sna coinníollacha bhaineann leis an siopa no leis an bpáirt sin.
Forálacha i dtaobh socruithe sláintíochta no eile i siopaí.
55.—(1) Gach páirt de shiopa ina mbeidh daoine ar fostú ag dílseánach an tsiopa san chun obair shiopa do dhéanamh—
(a) beidh meáin oiriúnacha dóthanacha aeriúcháin ann agus coimeádfar aeriúchán oiriúnach dóthanach ar bun ann;
(b) beidh meáin oiriúnacha dóthanacha ann chun teodhacht réasúnta do choimeád ar bun agus coimeádfar teodhacht réasúnta ar bun ann.
(2) I ngach siopa, nach siopa go mbeidh ordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (6) den alt so i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire, beidh leithreasaí sláintíochta oiriúnacha dóthanacha le haghaidh daoine bheidh ar fostú sa tsiopa no timpeall an tsiopa agus coimeádfar i dtreo iad.
(3) I ngach páirt de shiopa ina mbeidh daoine ar fostú chun obair shiopa do dhéanamh beidh meáin oiriúnacha dóthanacha soillsiúcháin agus coimeádfar gach páirt den tsórt san den tsiopa san soillsithe go hoiriúnach dóthanach.
(4) I ngach siopa, nach siopa go mbeidh ordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (7) den alt so i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire, beidh saoráidí oiriúnacha dóthanacha nigheacháin le haghaidh daoine bheidh ar fostú sa tsiopa no timpeall an tsiopa agus coimeádfar i dtreo iad.
(5) Má chaitheann aon daoine bheidh ag déanamh obair shiopa aon bhéilí i siopa, beidh saoráidí oiriúnacha dóthanacha ann chun na mbéilí sin do chaitheamh.
(6) Más deimhin leis an údarás sláintíochta do cheanntar shláintíochta i dtaobh siopa ar bith sa cheanntar san—
(a) é bheith réasúnta, toisc easba slí no toisc cúrsaí speisialta eile bhaineann leis an siopa san, an siopa san do shaoradh o sna hoblagáidí forchuirtear le fo-alt (2) den alt so, agus
(b) cóiríocht oiriúnach dhóthanach shláintíochta do bheith ar fáil go caothúil ar shlí eile,
féadfaidh an t-údarás sláintíochta san le hordú (dá ngairmtear ordú saoirse san alt so) an siopa san do shaoradh o sna hoblagáidí sin.
(7) Más deimhin leis an údarás sláintíochta do cheanntar shláintíochta i dtaobh siopa ar bith sa cheanntar san—
(a) é bheith réasúnta, toisc easba slí no toisc cúrsaí speisialta eile bhaineann leis an siopa san, an siopa san do shaoradh o sna hoblagáidí forchuirtear le fo-alt (4) den alt so, agus
(b) saoráidí oiriúnacha dóthanacha nigheacháin do bheith ar fáil go caothúil ar shlí eile,
féadfaidh an t-údarás sláintíochta san le hordú (dá ngairmtear freisin ordú saoirse san alt so) an siopa san do shaoradh o sna hoblagáidí sin.
(8) Má bhíonn ordú saoirse i dtaobh aon tsiopa i bhfeidhm féadfaidh an t-údarás sláintíochta do rinne an t-ordú san, féadfaid, le hordú (dá ngairmtear ordú cealúcháin san alt so) ina luadhfar forais a dhéanta, an t-ordú saoirse sin do chealú.
(9) Má dheineann údarás sláintíochta ordú cealúcháin i dtaobh siopa ar bith, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) seirbheálfaidh an t-údarás sláintíochta cóip den ordú san ar dhílseánach an tsiopa san agus, mara ndeintear aon athchomharc i gcoinnibh an orduithe sin fén gcéad mhír ina dhiaidh seo, tiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm i gcionn lae is fiche tar éis dáta seirbheála na cóipe sin;
(b) féadfaidh an dílseánach san, fé cheann an lae is fiche sin, athchomharc do dhéanamh chun an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe i gcoinnibh an orduithe chealúcháin sin;
(c) má deintear an t-athchomharc san go cuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) tar éis don Aire sin an scéal do bhreithniú déanfa sé, fé mar is dóich leis is ceart, ordú (dá ngairmtear ordú daingniúcháin san alt so) ag daingniú an orduithe chealúcháin sin no ordú ag ceiliúradh an orduithe chealúcháin sin;
(ii) ní thiocfaidh an t-ordú cealúcháin sin i bhfeidhm mara ndeinidh an tAire sin ordú daingniúcháin, agus sa chás san tiocfaidh an t-ordú cealúcháin sin i bhfeidhm an seachtú lá tar éis dáta an orduithe dhaingniúcháin.
(10) Má chítear d'údarás sláintíochta do cheanntar shláintíochta go ndearnadh, i gcás siopa ar bith sa cheanntar san, sárú ar fho-alt (1), ar fho-alt (2), ar fho-alt (3), ar fho-alt (4), no ar fho-alt (5) den alt so, déanfaidh an t-údarás sláintíochta san, le fógra (dá ngairmtear fógra oibreacha san alt so) a seirbheálfar ar dhílseánach an tsiopa, a cheangal air pé ní luadhfar sa bhfógra do dhéanamh, fé cheann na haimsire sin a ceapfar leis an bhfógra, chun a chur in áirithe go ndéanfar do réir an fho-ailt sin.
(11) Más rud é—
(a) go mbeidh údarás sláintíochta tar éis fógra oibreacha do sheirbheáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ar dhílseánach siopa, agus
(b) gur tionóntachán do réir bhrí an Achta um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931), an siopa san, agus
(c) gurb é an dílseánach san is tionónta ar an siopa san, agus
(d) gur gá, chun an ní is gá do réir an fhógra san do dhéanamh, aon obair do dhéanamh is feabhsú do réir bhrí an Achta san,
beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) beidh feidhm ag forálacha an Achta san fé is dá mb'é bheadh sa bhfógra oibreacha san ná fógra fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, á cheangal ar an dílseánach san obair do dhéanamh is feabhsú do réir bhrí an Achta san;
(ii) má bhíonn tiarna tighe an tsiopa san tar éis geallúint oibre sláintíochta do sheirbheáil, fé réim agus do réir ailt 13 den Acht san mar a cuirtear i mbaint é amhlaidh, ar an dílseánach san agus go mbeidh an dílseánach san tar éis cóip den gheallúint oibre sláintíochta san do sheirbheáil fén alt san 13 ar an údarás sláintíochta san, tuigfear chun críche fo-ailt (12) den alt so gur sheir bheáil an t-údarás sláintíochta san an fógra oibreacha san ar an tiarna tighe sin agus tuigfear nár seirbheáladh ar an dílseánach san é.
(12) Pé uair a seirbheálfar no a tuigfear gur seirbheáladh fógra oibreacha ar dhuine ar bith agus go dteipfidh ar an duine sin no go bhfailleoidh déanamh do réir éilithe an fhógra san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air, no, i gcás ciontuithe ina dhiaidh sin alos an éilimh chéanna, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt no cúig púint in aghaidh gach lae o am an chéad chiontuithe alos an éilimh sin, pe'ca aca san is mó.
(13) Má cúisítear duine i gcionta fén alt so beidh sé ina chosaint a chruthú ná dearnadh aon tsárú ar fho-alt (1), ar fho-alt (2), ar fho-alt (3), ar fho-alt (4) no ar fho-alt (5) (do réir mar a bheidh) den alt so, no go ndearnadh, fé cheann aimsire réasúnta tar éis aon fhógra oibreacha do sheirbheáil, do réir éilithe an fhógra san sa mhéid gur ghá san chun a chur in áirithe go ndéanfaí do réir forálacha an fho-ailt sin.
(14) Nuair is gá do réir an ailt seo scríbhinn do sheirbheáil ar dhílseánach siopa, díreofar an scríbhinn sin chun an dílseánaigh sin agus seirbheálfar ar an dílseánach san í i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) tré n-a seachadadh don dílseánach san;
(b) tré n-a fágaint ag an seoladh ag á bhfuil gnáth-chomhnaí ar an dílseánach san;
(c) tré n-a cur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha agus í dírithe chun an dílseánaigh sin ag an seoladh ag á bhfuil gnáth-chomhnaí air.
Chun crícheannan an fho-ailt seo tuigfear gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnáth-chomhnaí ar chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus tuigfear gur ina bpríomh-áit no ina bpríomh-oifig ghnótha sa Stát a bhíonn gnáth-chomhnaí ar gach cólucht corpruithe agus ar gach cólucht neamh-ionchorpruithe.
(15) Ordú dhéanfaidh údarás sláintíochta fén alt so beidh sé fé n-a séala agus dílse-dheimhneofar é le sighniú a bpríomhoifigigh fheidhmiúcháin no a fhir ionaid dleathaigh, agus gach fógra thiocfaidh o údarás sláintíochta fén alt so beidh sé fé láimh a bpríomh-oifigigh fheidhmiúcháin no a fhir ionaid dleathaigh.
(16) Féadfar aon scríbhinn a dhéanfaidh údarás sláintíochta no thiocfaidh uatha fén alt so do chruthú tré chóip di do thabhairt i láthair a bheidh deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag an duine bheireann le tuisgint gurb é príomh-oifigeach feidhmiúcháin an údaráis sláintíochta san no a fhear ionaid dleathach é.
Suidheacháin do bhaill bhaineannacha d'fhóirne siopaí.
56.—(1) Má bhíonn baill bhaineannacha d'fhuirinn shiopa ar fostú ag freastal ar chustuiméirí in aon tseomra sa tsiopa san, beidh sé de dhualgas ar dhílseánach an tsiopa san na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) suidheacháin (nach lugha a líon ná ceann in aghaidh gach trí ball baineannach den fhuirinn a bheidh ar fostú sa tseomra san) do chur ar fáil do sna baill bhaineannacha san laistiar den chuntar no i pé áit eile bheidh oiriúnach chuige sin;
(b) leigint do sna baill bhaineannacha den fhuirinn a bheidh ar fostú amhlaidh na suidheacháin sin d'úsáid pé uair ná cuirfidh an úsáid sin isteach ar a gcuid oibre;
(c) fógra do thabhairt sa tslí orduithe agus sa bhfuirm orduithe i dtaobh forálacha míre (b) den fho-alt so.
(2) Má theipeann ar dhílseánach siopa no má fhaillíonn no má dhiúltann déanamh do réir na n-oblagáidí forchuirtear air leis an alt so, beidh an dílseánach san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar trí púint do chur air, másé an chéad chionta fén alt so aige é, agus fíneáil ná raghaidh thar cúig púint másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é.
Cigirí.
57.—(1) Fé réir forálacha Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), déanfaidh údarás sláintíochta pé cigirí agus pé méid cigirí cheadóidh no ordóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do cheapadh chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus tuigfear gach cigire ceapfar amhlaidh do bheith ina oifigeach sláintíochta do réir bhrí ailt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus beidh feidhm ag forálacha an ailt sin dá réir sin.
(2) Má cheaduíonn an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe é, féadfaidh údarás sláintíochta, in ionad no i dteanta cigirí do cheapadh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, pé dualgaisí i dtaobh na Coda so den Acht so do chur in éifeacht is dóich leis an údarás sláintíochta san do bheith ceart agus a cheadóidh an tAire sin do dháiliú ar aon oifigeach sláintíochta don údarás sláintíochta san fé alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus déanfaidh aon oifigeach den tsórt san ar a mbeidh na dualgaisí sin dáilithe amhlaidh na dualgaisí sin do chólíonadh agus tuigfear, má dhearbhuíonn an tAire sin é, é bheith ina chigire ar n-a cheapadh ag an údarás sláintíochta san chun crícheanna na Coda so den Acht so.
(3) Léireofar tagairtí sa chéad alt ina dhiaidh seo den Acht so do chigire d'údarás sláintíochta mar thagairtí do dhuine do cheap no tuigfear do cheap an t-údarás sláintíochta san fén alt so ina chigire chun crícheanna na Coda so den Acht so.
Comhachta cigirí d'údaráis sláintíochta.
58.—(1) Féadfaidh cigire d'údarás sláintíochta, d'fhonn a fháil amach an bhfuiltear ag déanamh do réir forálacha na Coda so den Acht so no ná fuiltear, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, laistigh de cheanntar an údaráis sláintíochta san, sé sin le rá:—
(a) dul isteach aon tráth réasúnta de ló no d'oíche in aon tsiopa sa cheanntar san;
(b) an siopa san no aon pháirt de d'iniúchadh;
(c) gach tástáil agus gach ní do dhéanamh is dóich leis is gá chuige sin.
(2) Má chuireann éinne cosc no bac le cigire d'údarás sláintíochta agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an gcigire sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Cuid VI d'fhoirfheidhmiú.
59.—Beidh sé de dhualgas ar an údarás sláintíochta forálacha na Coda so den Acht so d'fhoirfheidhmiú agus na comhachta dílsítear ionta leis an gCuid sin d'fheidhmiú.
Fiosrúcháin áitiúla.
60.—(1) Pé uair a bronntar comhacht ar an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe leis an gCuid seo den Acht so chun aon ordú do dhéanamh no chun éinní eile do dhéanamh, féadfaidh an tAire sin, sara bhfeidhmighidh an chomhacht san, fiosrúchán áitiúil do dhéanamh i dtaobh an ní is abhar d'fheidhmiú na comhachta san.
(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so fé mar atá feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear ann agus chun crícheanna na feidhme bheidh ag an Airtiogal san 32 maidir le gach fiosrúchán áitiúil a déanfar fén alt so léireofar an tagairt atá i bhfo-airtiogal (3) den Airtiogal san 32 do chomhairlí agus d'údaráis eile le n-a mbaineann an scéal mar thagairt a fholuíonn tagairt do dhaoine ar bith eile le n-a mbaineann an scéal.
Ciontaí fé Chuid VI do chúiseamh.
61.—Má deintear aon chionta fé aon alt atá sa Chuid seo den Acht so féadfaidh an t-údarás sláintíochta don cheanntar ina ndearnadh an cionta san é chúiseamh.
Costaisí fé Chuid VI.
62.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe fén gCuid seo den Acht so.
(2) Costaisí ar bith fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén gCuid seo den Acht so cruinneofar agus íocfar iad fé mar a chruinnítear agus a híoctar na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus, i gcás bord sláinte do cheanntar sláinte contae, muirearófar iad go cothrom ar an gceanntar sláinte contae sin ar fad.
CEAD SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibidil | Gearr-Theideal | Méid na hAthghairme |
2 Geo. V., c. 3. | Shops Act, 1912 | Ailt 1, 2, 3, fo-alt (2) d'Alt 11, fo-alt (6) d'Alt 21, an Chéad Sceideal, agus an Cúigiú Sceideal. |
2 agus 3 Geo. V., c. 24. | Shops Act, 1913 | An tAcht iomlán. |
DARA SCEIDEAL.
Rialacha um Eatraimh le hAghaidh Beili.
1. Socrófar eatraimh le haghaidh béilí i slí go gcuirfear in áirithe—
(a) ná beidh duine ar bith ag obair ar feadh níos mó ná sé huaire a chluig gan eatramh tríocha nóimeat ar a laighead do lomháil le n-a linn, agus
(b) go mbeidh trí huaire a chluig ar a laighead idir gach dhá eatramh le haghaidh béilí.
2. (1) Gan dochar do Riail I, má bhíonn na huaireanna o 11.30 a.m. go dtí 2.30 p.m. ina gcuid de sna huaireanna oibre, lomhálfar eatramh uair a chluig ar a laighead le haghaidh dinnéir agus tosnóidh an t-eatramh san idir na huaireanna san.
(2) Más rud é—
(a) go mbeidh na huaireanna o 11.30 a.m. go dtí 2.30 p.m. ina gcuid de sna huaireanna oibre, agus
(b) (i) go lomhálfar eatramh aon lá do dhuine bheidh ar fostú mar bhall d'fhuirinn tighe úrúcháin no áitreibh cheadúnuithe, eatramh nach giorra ná uair a chluig agus é socair i slí go gcríochnóidh se ar 11.30 a.m. ar a luaithe no go dtosnóidh sé ar 2.30 p.m. ar a dhéanaí, no
(ii) go lomhálfar, do dhuine bheidh ar fostú mar bhall d'fhuirinn aon tsiopa (nach tigh úrúcháin ná áitreabh ceadúnuithe) i mbaile mór ina mbíonn margadh uair sa tseachtain ar a mhinicí, eatramh, agus é socair sa tslí chéanna, aon lá bheidh margadh sa bhaile mór san, no
(iii) go lomhálfar, do dhuine bheidh ar fostú mar bhall d'fhuirinn shiopa (nach tigh úrúcháin ná áitreabh ceadúnuithe) i mbaile mór ina mbíonn aonach bliantúil, eatramh, agus é socair sa tslí chéanna, an lá bheidh an t-aonach bliantúil sin sa bhaile mór san,
tuigfear go ndearnadh do réir forálacha míre (i) den Riail seo maidir leis an duine sin an lá san.
3. Gan dochar do Riail 1, má bhíonn na huaireanna o 4 p.m. go dtí 7.30 p.m. ina gcuid de sna huaireanna oibre, lomhálfar eatramh leath-uair a chluig ar a laighead idir na huaireanna san le haghaidh tae.
TRIU SCEIDEAL.
Pionoisi mar Gheall ar Chiontai Airithe.
I gcás céad-chionta fén alt a bhaineann leis an scéal fíneáil nach mó ná deich bpúint no i gcás aon chionta den tsórt san ina dhiaidh sin fíneáil nach mó ná cúig púint fhichead.