[EN]

Uimhir 42.


[EN]

ACHT TALMHAN, 1923.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN nDLÍ A BHAINEAS LE SEALBHUÍOCHT AGUS ÚNAEREACHT TALMHAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [9adh Lúnasa, 1923.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.—AIRGEADAS.

[EN]

Comhacht chun Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú.

1.—(1) Chun soláthar do dhéanamh chun íoctha na suimeanna a bheidh le n'íoc i mBannaí fén Acht so beidh comhacht ag an Aire Airgid, nuair is gá é agus fé mar is gá chun na críche sin, Bannaí dá ngairmfear Bannaí Talmhan 4½ per cent. do bhunú agus do thabhairt amach, de pé tomhasanna (nách lú in aon chás ná púnt) a cheapfidh an tAire.

[EN]

(2) Tabharfidh na Bannaí ús do réir ceathair go leith per cent. per annum dá n-ainm-luach, ús a bheidh iníoctha ina chó-choda leath-bhliantúla ar pé uaire i ngach bliain a ceapfar leis na Rialacháin fé n-a dtabharfar amach iad.

[EN]

(3) Beidh na Bannaí ionfhuascailte ar par maraon le híoc gach riaráiste úis, agus déanfidh an tAire Airgid socruithe i gcóir a bhfuascailte le tarraicí féiltiúla, agus féadfa sé rialacháin do dhéanamh i gcóir tarrac na mBannaí sin. Socrófar leis na rialacháin sin i dtaobh fuascailt do dhéanamh láithreach ar Bhannaí a haistreófar le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais in íoc Diúitéthe Báis no i bhfuascailt blianachtaí talamhcheannaigh a bheidh ina muirear ar thailte a thiocfidh i seilbh Coimisiún na Talmhan fén Acht so:

[EN]

Ach, aon uair tar éis deich mbliana fichead a bheith caithte o tugadh amach iad, féadfar, marar fuascladh cheana iad, aon Bhannaí d'fhuascailt ar par pé uair agus le tarraicí no ar pé slí eile a ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(4) As Ciste na mBannaí Talmhan a bunófar fén Acht so isea a híocfar an t-ús ar na Bannaí Talmhan agus na suimeanna theastóidh chun Bannaí Talmhan d'fhuascailt do réir na bhforálacha san roimhe seo, agus marar leor an céanna beidh a muirear agus a n-íoc ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ar a thora fáis mar chéad-mhuirear air i ndiaidh aon mhuirearacha a bunuíodh roimh rith an Achta so. Aon tsuimeanna a híocfar mar sin as an bPrímh-Chiste áireofar iad mar roimh-íoc sealadach le ciste na mBannaí Talmhan, agus déanfar suas iad as an gCiste Urraíochta.

[EN]

(5) Chun fuascailte na mBannaí cuirfar i leataoibh i gCiste na mBannai Talmhan i ndeire gach leath-bhliana méid an úis agus na n-íocaíocht is iníoctha i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, ag Coimisiún na Talmhan, do réir na bhforálacha anso ina dhiaidh seo, maraon le haon tsuimeanna a íocfidh ceannathóirí tionóntacha i bhfuascailt blianachtaí ceannaigh is iníoctha fén Acht so, agus fós aon tsuimeanna a íocfidh ceannathóir in airgead nuair a dhíolfidh Coimisiún na Talmhan leis aon talamh a dílseofar ionta fén Acht so, ach na méideanna so a leanas do bhaint asta:—

[EN]

(a) méid an úis a bheidh ar na Bannaí a tugadh amach amhlaidh, agus a bheidh de thurus na huaire gan íoc;

[EN]

(b) an méid a theastóidh, má theastuíonn sé, chun lán-íoctha aon Bhannaí a haistríodh fén Acht so, le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais, in íoc diúitéthe báis no i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh.

[EN]

Le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a déanfar roimhíocanna.

2.—(1) D'ainneoin éinní in aon achtachán eile isé cuma ina n-íocfar an t-airgead ceannaigh a íocfidh Coimisiún na Talmhan le díoltóirí do réir connartha ceannaigh déanacha mar a mínítear ina dhiaidh seo anso iad ná tré thabhairt-amach Bannaí Talmhan 4½ per cent. gurb ionann a n-ainm-luach agus an tAirgead Ceannaigh agus a bheidh ag iompar úis o dháta an talamh ceannuithe do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan.

[EN]

(2) Déanfidh an díoltóir, i gcúrsaí idir an díoltóir agus Coimisiún na Talmhan, Bannaí Talmhan a tabharfar amach do réir an ailt seo do ghlaca mar chó-ionannas a gcothruim den airgead ceannaigh, agus éinne 'na mbeidh comhacht aige chun díol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, bíodh nách únaer amuich is amach é, féadfa sé connra ceannaigh déanach do dhéanamh bíodh gur i mBannaí, do réir an ailt seo, a bheidh an t-airgead ceannaigh le n-íoc agus nách in airgead.

[EN]

I mBannaí Talmhan 4½ per cent. a híocfar leasanna uachtaracha agus muirir eile.

3.—Déanfar praghas fuascailte gach leasa uachtaraigh, leasa eadarghabhálaigh, ualaigh agus éilimh eile i gcoinnibh airgid ceannaigh a híocfar le Bannaí Talmhan 4½ per cent., no is iníoctha as na leasanna, na hualaigh agus na héilithe sin, maraon le riaráiste uile agus ús uile na leasanna, na n-ualach agus na n-éilithe sin agus costaisí díola an díoltóra agus costaisí teideal a dhéanamh chun na leasanna, na n-ualach agus na n-éilithe sin, sa mhéid go mbeidh an céanna iníoctha as an airgead ceannaigh, déanfar iad d'íoc agus do ghlana tré aistriú do dhéanamh, chun an té 'na mbeidh teideal aige chucha agus as na Bannaí Talmhan a bheidh ag seasamh don airgead ceannaigh, ar Bhannaí Talmhan is ionann ainm-luach leo, agus tuigfar an íocaíocht san do bheith ina shásamh sa mhéid a bheidh ainm-luach na mBannaí Talmhan a haistríodh amhlaidh.

[EN]

Ag socrú praghas fuascailte leasanna uachtaracha dho, tabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais aire don phraghas a fuair an díoltóir ar na tailte as a ngluaiseann na leasanna uachtaracha san.

[EN]

Cosc ar ús pionósach ar mhorgáistí an fhaid a bheidh an díol gan críochnú.

4.—I gcás an úirlis le n-ar bunuíodh aon mhorgáiste, muirear, no ualach, 'na bhfuil a íoc nó a mhuirear ar airgead ceannaigh tailte a tógadh fén Acht, do bheith á fhoráil go nglacfar ús ar ráta luíoduithe má íoctar go tapaidh, go dtí go gcríochnófar an díol ní bheidh aon ús is aoirde ná san dlite ná ionbhainte amach mar gheall ar riaráiste úis ná mar gheall ar aon fhaillí ná moill ar ús d'íoc ar an morgáiste, an muirear no an ualach san.

[EN]

Ciste Costaisí.

5.—(1) Chun cúiteamh do dhéanamh le díoltóirí, i bpáirt no go hiomlán, i gcostaisí an díola maraon le costaisí únaerí leasanna uachtaracha agus leasanna eadarghabhálacha, ualathóirí agus lucht éilithe eile i gcoinnibh an airgid cheannaigh a roimhíocfar fén Acht so, bunófar Ciste Costaisí a raghaidh suas go dtí 2 per cent. den airgead ceannaigh go léir a roimh-íocfar fén Acht so.

[EN]

Soláthróidh an tAire Airgid an Ciste sin tré Bhannaí Talmhan 4½ per cent. do thabhairt amach nuair is gá é agus fé mar is gá, agus déanfar o am go ham an t-ús ar na Bannaí do shúncáil i mBannaí Talmhan 4½ per cent. agus do chur leis an gCiste Costaisí.

[EN]

(2) Beidh iníoctha leis an díoltóir, as an gCiste Costaisí, pé suim i mBannaí Talmhan 4½ per cent. a dheimhneóidh an Coimisinéir Breithiúntais a bheith réasúnta tar éis an méid oibre a dineadh i dtaobh an díola agus an chuma in ar dineadh é do chur san áireamh:

[EN]

Ach go dtí go mbeidh dílsiú déanta ar gach talamh le díoltóir a bhí le tógaint no le dílsiú ar an lá ceaptha fén Acht so, ní déanfar aon íocaíocht fén alt so ach le hordú an Choimisineura Bhreithiúntais agus sa mhéid a ordóidh sé sin.

[EN]

Deire leis an bpercentáiste.

6.—Ní bhainfidh forálacha Ailt 48 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le cás aon tailimh, fé thionónta no gan tionónta, a cheannóidh Coimisiún na Talmhan no a dílseofar ionta fén Acht so no dá bhua.

[EN]

Féadfidh an Stát airgead a híocadh tré earráid d'fháil thar n-ais.

7.—Aon airgead, bannaí, stoc no urrúsanna d'íoc Coimisiún na Talmhan leis an duine éagcórtha no a roinneadar air tré earráid dlí no dul amú i dtaobh na firinne, féadfidh Coimisiún na Talmhan é d'fháil thar n-ais fé is dá mba fiacha a bheadh ag dul don Stát é.

[EN]

Ioc i mBannaí.

8.—Chun íoc i mBannaí Talmhan 4½ per cent. do réir forálacha an Achta so, áireofar i ngach cás méid an airgid cheannaigh agus méid gach íocaíochta a bheidh le déanamh as an airgead san, áireofar iad go dtí an púnt is goire dhóibh.

[EN]

Aisíoc roimhíocanna.

9.—(1) Fé réir forálacha an Achta so, déanfar gach roimh-íoc a déanfar do réir connra cheannaigh dhéanaigh, déanfar é d'aisíoc, ar an gcuma agus na tráthanna a ordóidh an tAire Airgid, le blianacht cheannaigh a háireofar do réir 4¾ per cent. dá mhéid.

[EN]

(2) Íocfar an bhlianacht cheannaigh go dtí go mbeidh déanta amach ar an gcuma a ordóidh an tAire Airgid go bhfuil aisíoc déanta in iomlán an roimh-íoca 'na raibh sé iníoctha mar gheall air.

[EN]

(3) Ní bhainfidh forálacha an Ordú um an Rialtas Sealadach (Aistriú Feidhmeanna), 1922, le blianachtaí ceannaigh is iníoctha mar gheall ar roimh-íocanna a dineadh fén Acht so.

[EN]

(4) An té 'na mbeidh air blianacht cheannaigh d'íoc, féadfa sé an bhlianacht san, no aon chuid de a bheidh gan íoc aon uair, d'fhuascailt i bpáirt no go hiomlán tré íoc do dhéanamh in airgead le Coimisiún na Talmhan i pé méid a déanfar amach do réir Rialacha a dhéanfidh an tAire Airgid.

[EN]

Bunú Ciste Bannaí Talmhan.

10.—(1) Bunófar fé chúram an Aire Airgid Ciste Bannaí Talmhan as a n-íocfar ús gach Banna a tabharfar amach fén Acht so, agus ina theanta san na suimeanna is gá chun Bannaí d'fhuascailt fén Acht so.

[EN]

(2) Cimeádfidh an tAire Airgid cuntaisí ar fháltas agus ar chaiteachas Ciste na mBannaí Talmhan maidir le caipital agus ioncum agus iniúchfidh an tArd-Scrúdóir na cuntaisí sin agus nuair a bheid iniúchta leagfar fé bhráid an Oireachtais iad.

[EN]

(3) Chun crícheanna an Achta so cimeádfidh Coimisiún na Talmhan pé cuntaisí agus pé mion-innste agus iontrála ionta a ordóidh an tAire Airgid agus soláthróid na cuntaisí sin don Aire Airgid fé mar a bheid agus nuair a bheid ag teastáil uaidh. agus iniúchfar na cuntaisí sin ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(4) Féadfidh an tAire Airgid aon fharasbár a bheidh i gcreidiúint do chuntas caipitail no ioncuim Chiste na mBannaí Talmhan do shúncáil go sealadach ar pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

Iocaíochtanna a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan.

11.—(1) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannai Talmhan ús do réir ceathair go leith per cent. per annum ar ainm-luach gach Banna a thabharfidh an tAire Airgid amach do Choimisiún na Talmhan fén Acht so agus ná deimhneóidh an tAire Airgid a bheith aisíoctha.

[EN]

(2) I gcás tailimh a dílseofar ionta fén Acht so, íocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan, i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, go dtí go scuirfidh na blianachtaí ceannaigh a bheidh ina muirear ar an talamh de bheith iníoctha, íocfid do réir cúig scillinge per cent. per annum—

[EN]

(a) de riail-phraghas an tailimh i gcás tailimh thionóntuithe maraon leis an mbreis (má bhíonn ann) a bheidh curtha leis an airgead ceannaigh mar gheall ar riaráiste cíosa socruithe ón lá ceaptha amach;

[EN]

(b) de mhéid na roimh-íocanna a déanfar i dtaobh an tailimh, i gcás tailimh nea-thionóntuithe, ón dáta ar a mbeidh na roimh-íocanna san aisiníoctha, agus, sa mhéid ná beidh an talamh san díolta laistigh de thréimhse cúig mblian tar éis an lae cheaptha, de mhéid praghas an tailimh sin ón am a bheidh an tréimhse sin caithte go dtí go mbeidh na tailte aithdhíolta;

[EN]

(c) d'ainm-luach gach Banna a tabharfar amach mar chabhair don phraghas agus i gcóir an Chiste Costaisí o dháta na mBannaí sin do thabhairt amach go dtí go ndeimhneoidh an tAire Airgid an céanna do bheith aisíoctha.

[EN]

(3) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan, i gcóir an Chiste Fiach-Luíoduithe, do réir cúig scillinge per cent. per annum—

[EN]

(a) d'ainm-luach gach Banna a tabharfar amach i gcóir praghas Cearta Spóirt agus Iascaigh a cheannuíodar fén Acht so o dháta na mBannaí sin do thabhairt amach go dtí go ndeimhneoidh an tAire Airgid an céanna do bheith aisíoctha;

[EN]

(b) de mhéid na roimh-íocanna a dhéanfid le húnaerí blúiríocha tailimh nea-thionóntuithe i gcontaethe ceanntracha nea-chumhanga agus blúiríocha a ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun fuascailte cíosanna Feirm-dhílse no cíosanna eile, leasanna uachtaracha, agus muirearacha ón dáta ar a dtabharfar amach Bannaí Talmhan i gcóir na roimh-íocanna san go dtí go mbeidh na roimh-íocanna aisíoctha.

[EN]

(4) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannai Talmhan gach suim a gheobhaid chun fuascailte blianachtaí ceannaigh is iníoctha fén Acht so, agus gach suim a íocfid ceannathóirí nuair a dhíolfidh Coimisiún na Talmhan aon talamh a dílsíodh ionta fén Acht so.

[EN]

(5) Má bhíonn na híocaíochta bliantúla san dachad lá i riaráiste aon uair cuirfar mar mhuirear ar an gCiste Urraíochta, agus déanfar suas láithreach as, an méid a bheidh i riaráiste.

[EN]

(6) Aon íocaíochtanna a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan fé sna fo-ailt deiridh sin déanfar iad pé tráthanna i ngach bliain a ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

(7) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas íocfar gach bliain le Coimisiún na Talmhan suim is leor chun íoctha an úis agus an chiste fiach-luíoduithe ar na Bannaí a tabharfar amach fén Acht so mar chabhair don phraghas agus i gcóir an Chiste Costaisí.

[EN]

Bunú Ciste Blianachtai Ceannaigh

12.—(1) Isé an tAire Airgid a fheidhmeoidh feasta na comhachta a faisnítear in alt 6 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, a bheith infheidhmithe ag Fear Ionaid an Rí no ag an gCisteán agus ní bheidh gá leis an bhfógra a foráltar le fo-alt (2) den alt san.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní contrárdha dho atá san Ordú um an Rialtas Sealadach (Aistriú Feidhmeanna), 1922, sa mhéid ná fuilid íoctha isteach sa Stát-Chiste cheana íocfar isteach i gCiste dar teideal. “Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh,” a bunófar fé chúram an Aire Airgid, na suimeanna go léir, a bailíodh no a baileófar tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1923, mar gheall ar bhlianachtaí ceannaigh in aisíoc roimh-íocanna a dineadh no a déanfar i Saorstát Éireann do réir connartha ceannaigh fén Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, no fé aon Acht Talamh-Cheannaigh is déanaí ná san ach an tAcht so, agus íocfidh an tAire Airgid o am go ham amach as, leis an údarás ceart, chun creidiúna do Chuntas Ceannach na Talmhan no do Chiste Ceannach Talmhan na hÉireann, pe'ca aca é, suim a bheidh có-ionann leis na blianachtaí a bheidh ag teacht dlite mar gheall ar na roimh-íocanna roimhráite.

[EN]

Chun crícheanna an ailt seo tuigfar blianachtaí ceannaigh do bheith ag folú úis is iníoctha mar gheall ar roimh-íoc mar adubhradh.

[EN]

(3) Ná forálacha a bhain go dtí so le haon easnamh ar chuntas Ceannach na Talmhan no ar Chiste Ceannach Talmhan na hÉireann do dhéanamh suas bainfid, ón 1adh lá d'Abrán, 1923, le cás Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

[EN]

(4) Beidh comhacht ag an Aire Airgid chun aon cheartuithe do dhéanamh is gá a dhéanamh de bharr an ailt seo maidir leis an Stát-Chiste agus Ciste na mBlianachtaí Ceannaigh agus an Ciste Urraíochta i gcás gnóthaí i rith na tréimhse ón 1adh lá d'Abrán, 1923, go dtí dáta rithte an Achta so.

[EN]

Deire leis an teora chontae le roimh-íocanna.

13.—An teora a foráltar leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh i dtaobh na roimh-íocanna a féadfar a dhéanamh in aon chontae áirithe ní bhainfe sí le haon roimh-íocanna a déanfar do réir an Achta so.

[EN]

Fuascailt Bhlianachtaí Ceannaigh i gcásanna áirithe.

14.—I gcás, fén Acht so, Coimisiún na Talmhan do thógaint tailimh atá fé bhlianacht thalamh-cheannaign, ansan sa chás san déanfar an bhlianacht i gcóir aisíoc an roimh-íoca bhunaidh d'áireamh, agus deighleálfar leis, mar éileamh i gcoinnibh airgid a roimh-íocfar fén Acht so chun an talamh do cheannach.

[EN]

Coláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath.

15.—(1) Na forálacha d'fho-ailt (1), (2), agus (3) d'alt 39 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le n-a bhforáltar suim £5,000 per annum d'íoc leis an iontaobhaí puiblí chun cuntais Choláiste na Trionóide, Baile Atha Cliath, agus na slite ina n-úsáidfar an t-airgead san, scuirfid d'éifeacht do bheith acu agus bainfid na forálacha so a leanas leis an gcás, ina n-ionad:—

[EN]

(2) Íocfar suim £3,000 per annum leis an gColáiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(3) Na súncála a sheasuíonn do mhéaduithe ar an airgead a híocadh leis an iontaobhaí puiblí amhlaidh agus nár theastuigh chun cailliúint ioncuim do dhéanamh suas don Choláiste agus an t-ús fáis ar na súncála san, aistreofar iad chun an Aire Airgid agus chun pé oifigeach don Choláiste a ainmneoidh Cólucht Rialúcháin an Choláiste chun na críche sin.

[EN]

(4) Na dividenda agus an t-ioncum a thiocfidh as na súncála a haistreofar amhlaidh úsáidfidh an Coláiste iad ar pé cuma agus chun pé crícheanna a chífar don Choláiste a bheith oiriúnach.

[EN]

(5) Na súncála a haistreofar amhlaidh féadfar iad d'atharú o am go ham le toil agus cead an Aire Airgid.

[EN]

(6) Féadfidh an Coláiste o am go ham, le toil an Aire Airgid, na súncála a haistreofar amhlaidh, no aon tsúncála eile a bheidh de thurus na huaire ag seasamh dóibh, do dhíol i bpáirt no go hiomlán agus an t-airgead a thiocfidh as an díol san do chur chun pé crícheanna a chífar don Choláiste a bheith oiriúnach agus a cheadóidh an tAire Airgid.

[EN]

Deontas Fássaothrúchán na hÉireann.

16.—Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a bheidh i gcreidiúint do chuntas Deontas Fás-saothrúchán na hÉireann ar dháta rithte an Achta so.

[EN]

Comhacht chun Rialacha do dhéanamh.

17.—Beidh comhacht ag an Aire Airgid chun rialacha do dhéanamh chun forálacha na coda so den Acht so do chur in éifeacht agus chun pé forálacha atá in aon achtachán a ritheadh roimh an Acht so, agus a bhaineann le hAirgeadas Talamh-Cheannaigh, do chur in oiriúint do riachtanaisí an Achta so.

[EN]

CUID II.—CEANNACH TALMHAN.

[EN]

Cosc le connartha nách connartha fén Acht so.

18.—Tar éis rithte an Achta so ní fágfar i dtaisce ag Coimisiún na Talmhan aon chonnra ceannaigh idir thiarna talmhan agus tionónta chun gabháltas do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ach amháin connartha ceannaigh idir Choimisiún na Talmhan agus daoine a cheannuigh uatha.

[EN]

Riaráiste cíosa.

19.—(1) I gcás gach gabhaltais le n-a mbaineann an tAcht so beidh cíos agus riaráiste cíosa suas go dtí an lá gála deiridh roimh dháta rithte an Achta so agus an lá gála féin d'áireamh beid gan bheith iníoctha ag an tionónta agus tar éis rithte an Achta so ní tosnófar ná ní leanfar de ná ní feidhmeofar aon imeachta i gcoinnibh an tionónta chun riaráiste cíosa do bhaint amach.

[EN]

Beidh iníoctha ag an tionónta le Coimisiún na Talmhan suim dá ngairmfear “riaráiste cíosa socruithe” ina dhiaidh seo anso agus a déanfar amach mar a foráltar sa bhfo-alt so a leanas.

[EN]

(2) Isé rud a bheidh ina riaráiste cíosa socruithe ná suim is ionann agus an cíos agus an riaráiste cíosa go léir a bhí dlíte ar an lá gála deiridh roimh rith an Achta so mar gheall ar chíos ón gcéad lá gála sa bhliain 1920 ach 25 per cent. do bhaint as: Ach aon íocaíochtanna a dhin an tionónta tar éis an dara lá gála sa bhliain 1920 cuirfar iad i gcoinnibh an chíosa a tháinig dlite ón gcéad lá gála sa bhliain sin. Aon íoc cíosa a dineadh in aon chás in ar gnáth gála reatha tuigfar gur dineadh é mar gheall ar an gcéad ghála tar éis an ghála gur dineadh é mar gheall air.

[EN]

(3) Láithreach tar éis rithte an Achta so a bheidh riaráiste cíosa socruithe iníoctha, maidir le hoiread de agus ná raghaidh thar 75 per cent. den chíos bhliantúil agus, maidir leis an bhfuíolach, más ann do, ar pé dáta no dátaí roimh an lá ceaptha a ordóidh Coimisiún na Talmhan: Ach in aon chás nách lú ná riaráiste trí mblian atá dlite agus go n-iarrfidh an tionónta ar an gcuma orduithe go ndéanfar amhlaidh cuirfar riaráiste cíosa socruithe leath-bhliana leis an airgead ceannaigh agus aisíocfar é tré bhlianacht cheannaigh a háireofar do réir 4¾ per cent don riaráiste leath-bhliana san agus a déanfar a chur agus a chódhlúthú le blianacht cheannaigh rialta an ghabháltais.

[EN]

(4) Isé Coimisiún na Talmhan a dhéanfidh do réir rialacha a dhéanfid féin, riaráiste cíosa socruithe do bhailiú agus cuntas do thabhairt air don duine no do sna daoine i dteideal chuige: Ach nuair a bheid ag íoc an méid a bhaileoid bainfidh Coimisiún na Talmhan cáin ioncuim as ar dtúis maraon le pé suim chun costaisí bailiúcháin d'íoc a mheasfidh Coimisiún na Talmhan a bheith cóir réasúnta.

[EN]

(5) In aon chás in ar dhin tiarna talmhan aon airgead do thógaint no do bhaint amach tar éis an 28adh lá de Bhealtaine, 1923, fé aon bhreith no aithne, no dá deascaibh, in aon imeachta i gcoinnibh tionónta gabháltais le n-a mbaineann an tAcht so chun cíos do bhaint de no é do chaitheamh amach, ansan—

[EN]

(a) más roimh an 3adh lá d'Iúl, 1923, a tógadh no a baineadh amach an t-airgead san agus gur mó an méid ba chíos de ná an tsuim a dhéanfadh riaráiste cíosa socruithe mara mbeadh san; no

[EN]

(b) más ar an 3adh lá d'Iúl, 1923, no ina dhiaidh, a tógadh no a baineadh amach an t-airgead san, agus gur mó an t-iomlán (agus cíos, costaisí agus caiteachas d'áireamh) ná an tsuim a dhéanfadh riaráiste cíosa socruithe mara mbeadh san;

[EN]

cuirfear an difríocht idir an gcíos san no an t-iomlán san (agus cíos, costaisí agus caiteachas d'áireamh), pé'ca aca é, agus an tsuim a dhéanfadh riaráiste cíosa socruithe mara mbeadh san, cuirfar í i gcoinnibh an airgid a bheidh iníoctha ag an tionónta in ionad cíosa fé mar a foráltar ina dhiaidh seo anso agus luíodófar dá réir an íocaíocht chó-réire a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan.

[EN]

Iocaíocht in ionad cíosa.

20.—(1) I gcás gach gabháltais le n-a mbaineann an tAcht so ní bheidh cíos iníoctha ag an tionónta in aghaidh aon tréimhse tar éis an lá gála deiridh roimh dháta rithte an Achta so. On lá gála deiridh roimh dháta rithte an Achta so beidh iníoctha ag an tionóna le Coimisiún na Talmhan in ionad cíosa suim bhliantúil is ionann agus

[EN]

75 per cent. den chíos bhliantúil a bhí ar an ngabháltas le linn rithte an Achta so

[EN]

suim dá ngairmtear “íocaíocht in ionad cíosa” ina dhiaidh seo anso.

[EN]

(2) Isiad Coimisiún na Talmhan a dhéanfidh, do réir rialacha a dhéanfid féin, íocaíocht in ionad cíosa do bhailiú.

[EN]

(3) Leanfidh íocaíocht in ionad cíosa de bheith iníoctha suas go dtí an lá ceaptha.

(4) On lá gála deiridh roimh dháta rithte an Achta so suas go dtí an lá ceaptha, beidh suim is ionann agus an méid a bheidh le bailiú mar íocaíocht in ionad cíosa, beidh sí iníoctha ag Coimisiún na Talmhan leis an duine no na daoine i dteideal chun an chéanna, tar éis cáin ioncuim do bhaint aisti agus pé méid a mheasfidh Coimisiún na Talmhan a bheith cóir réasúnta i gcóir costaisí an bhailithe sin. Ina có-choda leath-bhliantúla agus do réir rialacha a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan isea a híocfar an tsuim sin tar éis baint aisti mar adubhradh.

(5) Aon duine áirithe atá i dteideal chun cíosa gabháltais no gabháltaisí d'fháil maran leor a leas chun comhacht do thabhairt do chun díol le tionóntaí fé sna hAchtanna Talamh Cheannaigh, luíodófar do réir 25 per cent aon chíos is iníoctha aige leis an ngar-thiarna talmhan uachtarach as an ngabháltas no gabháltáisí, agus más gá é chun a dhéanamh amach cadé an cíos is iníoctha ag an duine sin as na tailte a dhineann suas an gabháltas no na gabháltaisí, déanfidh Coimisiún na Talmhan aon chíos is iníoctha aige do roinnt fé mar is cheart sa chás. Bainfidh forálacha dá samháil sin leis an scéal agus déanfar luíoduithe cothromúla i gcás aon chíosanna uachtaracha is iníoctha ag aon tiarnaí talmhan uachtaracha ná fuil leas acu is leor chun teideal do thabhairt dóibh chun díol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa do bhaint amach.

21.—(1) Chun riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabh artha céanna atá ag tíarna talmhan chun cíosa d'fháil chó maith leis na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamhioctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

(2) Más rud é, de bhárr báis tionónta gabháltais no de bhárr é bheith as láthair no de bhárr éinní eile, gur deacair a fháil amach cé ann go bhfuil tionóntacht ghabháltais dilsithe féadfidh Coimisiún na Talmhan, má tá an tionónta marbh agus ná fuil aon ionadaí pearsanta dleathach don tionónta san ann ná aon ionadaí pearsanta dleathach 'na bhfuil a sheirbhís ar fáil, féadfid duine ar bith do cheapa chun bheith ina riarthóir don tionónta mharbh, gan cead do dul thar crícheanna aon imeachta fén Acht so i dtaobh an ghabháltais suas go dtí an lá ceaptha, agus má tá an tionónta as láthair no más dó leo gur gá é mar gheall ar éinní eile féadfid duine ar bith d'ainmniú chun bheith in’ ionadaí don tionónta chun na gcrícheanna roimhráite. Beidh ceart ag an duine a ceapfar no a hainmneofar amhlaidh, faid a bheidh sé ag gníomhú mar sin, beidh ceart aige in aghaidh gach éinne profidí an ghabháitais do ghlaca no na cíosanna is iníoctha ag fo-thionónta an ghabháltais, agus beidh air riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa is iníoctha fé fhorálacha an Achta so d'íoc le Coimisiún na Talmhan.

[EN]

(3) Chun riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa do bhailiú féadfidh Coimisiún na Talmhan, más oiriúnach leo é, fostú do dhéanamh ar aon ghníomhaire talmhan, atúrnae no cléireach talmhan a ainmneoidh an gar-thiarna talmhan no, mara ndéanfar an t-ainmniú san, a thoghfid féin amach ar pé téarmaí, i dtaobh luach saothair agus éinní eile, a leagfid amach le rialacháin a dhéanfid féin.

[EN]

Mion-innste ar chíosanna, etc., do sholáthar.

22.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach tiarna talmhan agus ar gach duine a gheibheann cíosanna agus profidí thar a cheann mion-innste do thabhairt do Choimisiún na Talmhan laistigh den aimsir orduithe agus sa bhfuirm orduithe fé mar a theastóidh uatha chun riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa do bhailiú, agus beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan a chur ar éinne a íocann cíos le héinne eile ar ghabháltas pé mion-innste a ordóid amhlaidh do thabhairt dóibh ar an ngabháltas.

[EN]

(2) Más rud é ná tabharfidh éinne áirithe uaidh laistigh den aimsir orduithe aon eolas a hordófar do a sholáthar fén alt so no go soláthróidh sé aon eolas is eol do bheith bréagach in aon phonc táchtach, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air ar a fháil ciontach ar slí an achmair.

[EN]

(3) Isé Coimisiún na Talmhan a dhéanfidh, do réir rialacha a dhéanfid féin, aon cheist do réiteach a eireóidh idir thionónta agus tiarna talmhan i dtaobh cruinneas aon mhion-innste a soláthruíodh do réir an ailt seo, ach amháin i gcás gabháltais fé chíos cúirte ná beidh dul thar an mbreacthachán a cuireadh i dtaisce i gCoimisiún na Talmhan i dtaobh éinní air ach amháin, i gcás gur roimh an 1adh lá d'Abrán, 1899, a socruíodh an cíos cúirte, go gcuimhneofar ar an gceartú a foráltar leis an Acht um Rialtas Áitiúil, 1898, nuair a beifear ag socrú méid an chíosa agus gurb é an Coimisinéir Breithiúntais a réiteoidh aon cheist i dtaobh connra cíosa luíoduithe do bheith ina chonnra cíosa nua dáiríribh no aon cheist i dtaobh an méid as a mbainfar an 25 per cent. agus riaráiste cíosa socruithe agus íocaíocht in ionad cíosa á ndéanamh amach agus ní bheidh dul thar breith an Choimisineura san.

[EN]

Cíos agus riaráiste cíosa fo-thíonóntachtaí.

23.—(1) I gcás gabháltas le n-a mbaineann an tAcht so de bheith fo-churtha ar cíos i bpáirt no go hiomlán luíodófar do réir 25 per cent., ón lá gála deiridh roimh dháta rithte an Achta so, an cíos is iníoctha ag aon fho-thionónta le tionónta an ghabháltais sin.

[EN]

(2) Ní bheidh teideal ag aon tionónta aon tsuim do bhaint d'fho-thionónta mar gheall ar riaráiste cíosa, a bheidh níos mó ná suim a déanfar amach ar an gcuma gcéanna ina bhfuil riaráiste cíosa socruithe le déanamh amach fén Acht so.

[EN]

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon fho-chur ar cíos a déanfar chun innír no chun féaraíochta no chun curadóireachta go sealadach no chun áise sealadaí no i gcóir riachtanais shealadaigh.

[EN]

Tailte do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha.

24.—(1) Fé réir forálacha an Achta so agus d'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile dílseoidh gach talamh fé thionónta pé áit ina luíonn sé agus gach talamh gan tionónta a luíonn in aon chontae ceanntracha cumhanga agus pé talamh gan tionónta atá suidhte in aon áit eile agus a fhógróidh Coimisiún na Talmhan, roimh an lá ceaptha, a bheith ag teastáil chun cumhangracht do leigheas no chun aith-dhíol tailimh fé thionónta do chur in usacht, dílseoid i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha de bhua an Achta so, agus ar an bpraghas a socrófar fén Acht so no dá réir, fé mar a dhílseoidís maidir le modh a ndílsithe agus na nithe a thiocfaidh as, dá ndéanfí orduithe dílsiúcháin ina dtaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ar an lá ceaptha do réir connartha ceannaigh déanacha a dhéanfadh Coimisiún na Talmhan leis na daoine sin fé seach gur leo an leas is lú a bhaineas leis an talamh agus gur leas é is féidir a dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an fo-alt deiridh sin le—

[EN]

(a) aon talamh a ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ná a bheidh i gceist ar an lá ceaptha i gconnra ceannaigh a dineadh fútha agus a lóisteáladh i gcúram Choimisiún na Talmhan roimh dháta rithte an Achta so; ná

[EN]

(b) aon talamh ná fuil a fhurmhór fé churadóireacht no fé fhéar no cuid de fé churadóireacht agus cuid fé fhéar ar dháta rithte an Achta so, ná aon talamh a dhineann suas gabháltas agus gur mar áit chomhnaithe is mó a cuireadh ar cíos é agus gurb áit chomhnaithe fós é ar dháta rithte an Achta so; ná

[EN]

(c) aon phíosa tailimh nea-thionóntuithe atá in’ fhearann oighreachta, in’ fheirm baile, ina pháirc, ina gháirdín, no in’ fhaiche súgraidh, ná aon ghabháltas gur gnáth é ar seilbh ag duine mar gheall ar an bhfearann oighreachta, feirm baile, páire, gairdín no faiche súgraidh sin; ná

[EN]

(d) aon phíosa tailimh nea-thionóntuithe atá có-dhéanta no ina chuid de thalamh a ceannuíodh fé fhorálacha Acht na hEaglaise Eireannaí, 1869, ar shuim nár mhó ná dhá mhíle púnt; ná

[EN]

(e) aon ghabháltas ná píosa tailimh nea-thionóntuithe atá no a bheidh do réir deabhraimh luachmhar no úsáideach go maith mar thalamh foirgneoireachta, dar le Coimisiún na Talmhan; ná

[EN]

(f) aon talamh atá dílsithe sa Stát no in aon Roinn Rialtais ná atá i gcimeád ar iontaoibh don chéanna ná atá ar seilbh ag aon údarás puiblí no áitiúil (ar aon tslí eile seachas mar thionóntuithe dho) chun crícheanna a gcomhachtanna agus a ndualgaisí mar údarás den tsórt san, ná atá ar seilbh ag aon chorparáid chun crícheanna oibre bóthairiarainn, bóthair traim, duga, canalách, uisce, geas, leictreachais no oibre puiblí eile; ná

[EN]

(g) aon “tearmann,” mar a mínítear é le hAcht an tSiosóin 38 agus 39 Victoria, Caibideal 42, atá anois no a bheidh ina dhiaidh seo i gcimeád no ar seilbh ag aon “daoine eaglaiseacha” mar a mínítear leis an Acht gcéanna.

[EN]

(3) D'ainneoin éinní atá sna fo-ailt deiridh sin má dhineann Coimisiún na Talmhan, roimh an lá ceaptha, a fhaisnéis ar an gcuma orduithe go bhfuil aon talamh áirithe pé áit ina luíonn sé, a gearradh amach roimhe seo anso o oibriú an ailt seo air (agus nách talamh é den tsórt adeirtar i gclás (f) d'fho-alt (2) den alt so), go bhfuil sé ag teastáil chun cumhangracht do leigheas, ansan dílseoidh an talamh san i gCoimisiún na Talmhan do réir an ailt seo.

[EN]

(4) Má fhaisníonn Coimisiún na Talmhan i dtaobh aon tailimh den tsórt adeirtar i gclás (a) d'fho-alt (2) den alt so go bhfuil sé ag teastáil chun cumhangracht do leigheas beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

[EN]

(a) más cuid den ghabháltas an talamh 'na bhfaisneofar san ina thaobh féadfidh únaer no tionónta an ghabháltais, laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe, a éileamh go ndéanfar an fhaisnéis chéanna i dtaobh an ghabháltais uile agus sa chás san déanfidh Coimisiún na Talmhan an fhaisnéis sin a dtaobh an ghabháltais uile no neachtar aca tarrac siar ón gcuid sin a ghlaca mar a bhí beartuithe acu,

[EN]

(b) má dhineann únaer no tionónta an tailimh fhaisnithe laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe a éileamh ortha san do dhéanamh, soláthróidh Coimisiún na Talmhan don únaer no don tionónta san chó luath agus is féidir é gabháltas nua a bheidh chó hoiriúnach céanna don únaer no don tionónta san, agus nách lú a luach ná an talamh faisnithe, do réir tuairim Choimisiún na Talmhan ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha (gan dochar don cheart chun athchomhairc chun an Choimisineura Bhreithiúntais, agus ní bheidh dul thar a bhreith sin). Na forálacha atá san Acht so chun ualaí agus cearta d'aistriú ar mhalairtiú gabháltaisí le connra bainfid le haon mhalairtiú tailte a deanfar fén bhfo-alt so.

[EN]

(5) Ní dhéanfidh Coimisiún na Talmhan gan cead ón únaer talamh do thógaint uaidh fé sna comhachtanna a bronntar ortha le fo-alt (3) den alt so agus talamh eile gan tógaint acu sa chomhursanacht chéanna agus é oiriúnach chun cumhangracht do leigheas agus nách talamh é den tsórt 'na ndintar eisceacht de i bhfo-alt (2) den alt so agus gur talamh é is féidir do Choimisiún na Talmhan a thógaint gan na comhachtanna speisialta a tugtar leis an bhfo-alt san d'fheidhmiú.

[EN]

(6) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “feirm baile” feirm a húsáidtear chun áise no chun tairbhe d'áit comhnaithe an únaera agus mar gheall air, agus nách mar ghnáth-fheirm chun profid amháin é.

[EN]

(7) Ní bheidh sé d'oblagáid ar Choimisiún na Talmhan de bharr éinní san Acht so talamh nea-thionóntuithe do thógaint más talamh fé choill cuid de no más dó le Coimisiún na Talmhan go ndéanfadh sé dochar é do thógaint chó fada is bhaineann le cosaint tailimh fé choill agus le leas na foraoiseachta, agus i gcás aon tailte atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so do bheith timpalluithe ar fad, no geall leis, le talamh fé adhmad, no coillte do bheith ortha, eadhon cuid de chuid únaer na dtailte ndílsithe sin, féadfidh an t-únaer, más maith leis é a chur ar-Choimisiún na Talmhan an t-adhmad, na tailte no na coillte sin do thógaint.

[EN]

(8) Einne 'na ngoillfidh air aon bhreith a thabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais ar aon cheist dlí a eireoidh fén alt so féadfa sé athchomhare a dhéanamh chun na Cúirte Athchomhaire i gcoinnibh na breithe sin, ach ní bheidh dul thar aon bhreith a thabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais ar aon cheist praghais.

[EN]

Praghas an tailimh.

25.—(1) Maidir le talamh tionóntuithe, isé praghas a bheidh ar gach gabháltas ná suim caipitalach dá ngairmtear “an riailphraghas” ina dhiaidh seo anso agus a bheidh mór a dóthin chun ús do réir 4¾ per cent. per annum uirri do bheith chó mór le blianacht cheannaigh rialta an ghabháltais fé mar déanfar amach é do réir an chéad sceidil don Acht so maraon le cabhair ón Stát i gcóir an phraghais, cabhair a háireofar do réir 10 per cent. den riail-phraghas agus a cuirfar leis an riail-phraghas.

[EN]

(2) Maidir le talamh nea-thionóntuithe mara socruítear é le connra isé praghas a bheidh air ná pé méid a shocróidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) no a shocróidh an Coimisinéir Breithiúntais de bharr athchomhaire i gcoinnibh Choimisiún na Talmhan agus nuair a beifear ag socrú na suime sin tabharfar aire don méid is fiú an talamh, le ceart, do Choimisiún na Talmhan agus don únaer fé seach.

[EN]

Fo-thionóntachtaî.

26.—(1) I gcás fo-chur ar cíos do bheith déanta ar ghabháltas de thalamh thionóntuithe atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, no ar chuid de, agus nách chun innír, chun féaraíochta ná chun curadóireachta go ceann tamaill é, ná chun áise sealadaí ná i gcóir riachtanais shealadaigh, ansan, chun crícheanna forálacha an Achta so, maidir leis an riail-phraghas agus le haith-dhíolacháin a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

[EN]

(a) má tá an gabháltas go léir ar seilbh ag fo-thionónta, áireofar an cíos is iníoctha ag an bhfo-thionónta mar chíos is iníoctha ar an ngabháltas agus áireofar an fo-thionónta mar thionónta don ghabháltas;

[EN]

(b) má tá an gabháltas go léir ar seilbh ag beirt fhothionóntaí no níos mó, déanfar an chuid atá ar seilbh ag gach fo-thionónta fé leith d'áireamh mar ghabháltas fé leith agus é ar seilbh ar an gcíos is iníoctha as an bhfothionóntacht agus áireofar an fo-thionónta mar thionónta don chuid sin;

[EN]

(c) má tá cuid den ghabháltas ar seilbh ag an tionónta agus go bhfuil an chuid eile dhe ar seilbh ag fo-thionónta no fo-thionóntaí, déanfar an chuid atá ar seilbh ag an tionónta d'áireamh mar ghabháltas fé leith agus é ar seilbh ar chuid roinnte den chíos is iníoctha ar an ngabháltas go léir, agus is do réir an luacha ionrátuithe a déanfar an roinnt sin ar an gcíos no (mara bhfuil rátú fé leith déanta ar an gcuid sin) do réir mar a chinnfidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) agus áireofar an tionónta mar thionónta don chuid sin agus áireofar a bhfuil den chuid eile den ghabháltas ar seilbh ag aon fhothionónta, áireofar é mar ghabháltas fé leith agus é ar seilbh ar an gcíos is iníoctha as an bhfo-thionóntacht, agus áireofar an fo-thionónta mar thionónta dho;

[EN]

(d) i gcás cuid de ghabháltas do bheith fo-churtha ar cíos agus gur talamh í de shaghas is dó le Coimisiún na Talmhan nách ceart d'áireamh mar ghabháltas fé leith chun na gcrícheanna roimhráite, féadfidh Coimisiún na Talmhan déanamh leis an ngabháltas fé mar a bheadh an chuid gan bheith fo-churtha ar cíos ná ar seilbh ag an bhfo-thionónta.

[EN]

(2) Chun crícheanna an ailt seo, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt a cúig déag den Acht Talmhan Éireannach, 1903, ach “an Coimisinéir Breithiúntais” do chur in ionad “the Land Commission” agus “an Díoltóir” in ionad “the owner of the Estate.”

[EN]

Íocfar dividenda agus ús ar an airgead ceannaigh faid a bheidh sé gan roinnt amach.

27.—I gcás tailimh a bheidh dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, déanfar na dividenda as na Bannaí Talmhan a sheasuíonn don airgead ceannaigh d'íoc le Coimisiún na Talmhan faid a bheidh an t-airgead san gan roinnt amach, agus íocfidh Coimisiún na Talmhan ús do réir 4½ per cent. per annum ar oiread den airgead ceannaigh agus bheidh de thurus na huaire gan roinnt, íocfid leis an díoltóir é no le pé duine no daoine eile a chífar do Choimisiún na Talmhan a bheith i dteideal chuige.

[EN]

Connartha ceannaigh déanacha tionóntaí.

28.—(1) Tuigfar tionónta gach gabháltais de thalamh thionóntuithe a bheidh dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, agus le n-a mbainfidh an t-alt so, tuigfar ar an lá ceaptha é do bheith tar éis connra ceannaigh déanach do dhéanamh chun an gabháltas do cheannach o Choimisiún na Talmhan ar an riail-phraghas.

[EN]

(2) On lá ceaptha go dtí an chéad lá gála tar éis an gabháltas a bheith dílsithe sa tionónta beidh iníoctha ag an tionónta le Coimisiún na Talmhan suim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh rialta an ghabháltais agus an bhlianacht bhreise (más ann dí) mar gheall ar riaráiste cíosa socruithe a cuirfar leis an airgead ceannaigh. Chun an tsuim bhliantúil sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

(3) Ar an lá gála ar a mbeidh an chéad thráth-chuid den tsuim bhliantúil sin iníoctha aige, beidh iníoctha ag an tionónta le Coimisiún na Talmhan suim bhreise is ionann agus cion den tsuim bhliantúil sin i gcóir na tréimhse idir an lá gála san agus an lá ar a mbeidh na céad dividenda eile iníoctha i dtaobh Bannaí Talmhan a tabharfar amach fén Acht so. Chun an tsuim bhreise sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

(4) Déanfidh Coimisiún na Talmhan gach gabháltas le n-a mbaineann an t-alt so do dhílsiú sa tionónta le hórdú dílsiúcháin no ar a mhalairt de shlí.

[EN]

(5) O am an ghabháltais do dhílsiú sa tionónta agus ina dhiaidh sin agus chun gach críche, fé mar a bheadh sí ina híocaíocht ar cuntas blianachta ceannaigh isea deighleálfar le gach íocaíocht a dhéanfidh an tionónta tar éis an lae cheaptha ar cuntas na suime bliantúla is iníoctha aige le Coimisiún na Talmhan fén alt so.

[EN]

(6) Ní bhainfidh an t-alt so le—

[EN]

(a) aon ghabháltas gur mó ná trí míle púnt a riail-phraghas; ná

[EN]

(b) aon ghabháltas atá ar seilbh chun tairbhe ag tionónta gur leis, ar an lá ceaptha, tailte gur dineadh, chun iad do cheannach, roimh-íocanna fé aon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, marar fuascladh iad, más mó ná £3,000 an t-iomlán a thiocfadh as oiread a chur leis an riail-phraghas agus a gheobhfí tré chaipitalú do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. do dhéanamh ar na blianachtaí bunaidh is iníoctha ar cuntas na roimh-íocanna san; ná

[EN]

(c) aon ghabháltas 'na bhfaisneoidh Coimisiún na Talmhan ’na thaobh ná fuil sé chun leasa don phuiblíocht an gabháltas d'aith-dhíol leis an tionónta mar adubhradh, pe'ca mar gheall ar fheabhsú an ghabháltais a bheith riachtanach agus indéanta no mar gheall ar a mhalairt; ná

[EN]

(d) aon ghabháltas is dó le Coimisiún na Talmhan ba chóir a choinneáil chun feabhasuithe no méaduithe no chun é d'úsáid i gcúrsaí cumhangracht do leigheas;

[EN]

gabháltaisí 'na ngairmtear gabháltaisí coinnithe díobh go léir san Acht so.

[EN]

Comhachta Choimisiún na Talmhan i dtaobh gabháltaisí coinnithe.

29.—I gcás gach gabháltais a choinneoidh Coimisiún na Talmhan—

[EN]

(1) Beidh seilbh ag Coimisiún na Talmhan agus féadfid feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna comhachta is infheidhmithe acu i dtaobh gabháltaisí ar Estáití atá dílsithe ionta, comhachta ar a n-áirítear comhachta chun an gabháltas go léir no cuid de d'ath-shealbhú pe'ca cuid d'Estát an gabháltais no nách ea agus pe'ca tá sé fé chíos cúirte no ná fuil; agus ag féidhmiú na gcomhacht roimhráite dhóibh tabharfid aire don ghá atá le cumhangracht do leigheas, don mhaith a dhéanfadh sé soláthar bidh na tíre do mhéadú, agus don chuma in ar húsáideadh na gabháltaisí.

[EN]

(2) Nuair a dhéanfidh Coimisiún na Talmhan cuid de ghabháltas d'ath-shealbhú féadfid an cíos a bhí iníoctha ar an ngabháltas ar dháta rithte an Achta so do roinnt ar an gcuid a hath-shealbhuíodh agus ar an gcuid eile den ghabháltas ar an gcuma is gá do réir cirt sa chás.

[EN]

(3) Ar dhéanamh aon iarratais do Choimisiún na Talmhan chun gabháltas d'ath-shealbhú no i dtaobh a leithéid, déanfidh an Coimisinéir Breithiúntais amháin na comhachta atá ag an gCúirt fé alt a cúig den Acht Dlí Thalmhan (Éirinn), 1881, d'fheidhmiú agus ní bheidh dul thar a bhreith.

[EN]

An cúiteamh is iníoctha leis an tionónta socrófar é ar an mbása ar a socrúití praghasanna ath-shealbhaíochta roimhe seo fén alt san agus ag socrú an phraghais do tabharfidh an Coimisinéir Breithiúntais aire d'íocaíochtanna d'íoc an tionónta le Coimisiún na Talmhan fén Acht so.

[EN]

Isé cuma ina n-íocfar an cúiteamh is iníoctha leis an tionónta ná le Bannaí Talmhan 4½ per cent. gurb ionann a n-ainmluach agus an cúiteamh agus íocfar agus glanfar gach éileamh ar an gcúiteamh cho maith is dá mb'éileamh é ar airgead ceannaigh a híocfí le Bannaí Talmhan 4½ per cent fén Acht so

[EN]

(4) Beidh suim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh rialta an ghabháltais agus an bhlianacht bhreise (más ann di) mar gheall ar riaráiste cíosa socruithe a cuireadh leis an airgead ceannaigh, beidh sí iníoctha ag tionónta gach gabháltais choinnithe le Coimisiún na Talmhan ón lá ceaptha—

[EN]

(a) má aith-dhíoltar an gabháltas iomlán leis an tionónta, go dtí an chéad lá gála tar éis dílsiú an ghabháltais;

[EN]

(b) má ath-shealbhuíonn Coimisiún na Talmhan an gabháltas, go dtí dáta an ath-shealbhuithe sin;

[EN]

(c) má aith-dhíoltar cuid den ghabháltas leis an tionónta no má ath-shealbhuíonn Coimisiún na Talmhan í, go dtí pé dáta a cheapfidh Coimisiún na Talmhan ach amháin go ndéanfar ar an tsuim sin pé roinnt no athrú a ordóidh Coimisiún na Talmhan roimh an dáta san.

[EN]

Chun an tsuim bhliantúil sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

(5) Beidh suim bhreise iníoctha ag an tionónta le Coimisiún na Talmhan ar an lá gála ar a mbeidh an chéad thráth-chuid den tsuim bhliantúil sin iníoctha aige, suim bhreise is ionann agus cion den tsuim bhliantúil sin, mar gheall ar an tréimhse idir an lá gála san agus an lá ar a mbeidh na céad dividenda eile iníoctha i dtaobh Bannaí Talmhan a tabharfar amach fén Acht so. Chun an tsuim bhreise sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

(6) Má aith-dhíoltar an gabháltas iomlán leis an tionónta, ansan, ó am an ghabháltais do dhílsiú ann agus ina dhiaidh sin agus chun gach críche, fé mar a bheadh sí ina híocaíocht ar cuntas blianachta ceannaigh isea deighleálfar le gach íocaíocht a dhéanfidh an tionónta tar éis an lae cheaptha ar cuntas na suime bliantúla is iníoctha aige le Coimisiún na Talmhan fén alt so.

[EN]

I ngach cás eile, o am aon chuid den ghabháltas do dhílsiú i gceannathóir agus ina dhiaidh sin deighleálfar le pé cion de sna híocaíochta roimhráite a ordóidh Coimisiún na Talmhan, deighleálfar leo chun gach críche fé mar a bheidís ina n-íocaíochta mar gheall ar bhlianacht cheannaigh a cuirfí ina muirear ar an gcuid sin den ghabháltas.

[EN]

Teora le roimhíocanna.

30.—Chun críche aon aith-dhíola, isé teora a bheidh leis an méid a roimh-íocfar i ngach cás ná £3,000, ach féadfar dul thar an teorainn sin pé faid a chífar do Choimisiún na Talmhan a bheith ceart in aon chás ina bhfuil sé oiriúnach, dar le Coimisiún na Talmhan, an tsuim a bheadh le roimh-íoc do bheith níos mó ná £3,000.

[EN]

Roimh íocanna chun paistí talmhan do cheannach.

31.—(1) Féadfar roimh-íocanna d'íoc leis na daoine no na cóluchtaí seo a leanas chun paistí talmhan do cheannach o Choimisiún na Talmhan:—

[EN]

(a) Duine atá ina thionónta no in’ únaer do ghabháltas is dó le Coimisiún na Talmhan ná tugann slí bheatha dho.

[EN]

(b) Duine a dhin connra le Coimisiún na Talmhan chun a ghabháltas do mhalairtiú.

[EN]

(c) Duine a bhí, laistigh de 25 bliana roimh rith an Achta Talmhan Éireannaigh, 1903, ina thionónta do ghabháltas le n-a mbaineann na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus a caitheadh amach as an ngabháltas san de bharr imeachta a bunuíodh ag á thiarna talmhan no thar a cheann san, no i gcás an duine sin do bheith marbh, duine a ainmneoidh Coimisiún na Talmhan mar ionadaí pearsanta dho.

[EN]

(d) Duine atá in’ oibrí agus, tré dhíol aon tailte fé fhorálacha na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, gur baineadh de an fhostaíocht a bhí aige ar na tailte sin.

[EN]

(e) Iontaobhuithe chun na gcrícheanna a luaidhtear in alt 4 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, mar a leathnuitear leis an Acht so.

[EN]

(f) Aon duine no cólucht eile le n-ar cheart roimh-íoc do dhéanamh dar le Coimisiún na Talmhan.

[EN]

Ag togha daoine amach fén mír seo dhóibh féadfidh Coimisiún na Talmhan aire do thabhairt do chásanna daoine gur dineadh iad féin no na daoine tháinig rompa do chaitheamh amach as a ngabháltaisí de bharr imeachta a bunuíodh ag an tiarna talmhan no thar a cheann, agus gur daoine iad ná fuil áirithe i mír (c) thuas.

[EN]

(2) Nuair a bheidh Coimisiún na Talmhan ag socrú i dtaobh oiriúnaíocht iarratasóirí fén alt so ní foláir dóibh deimhin a dhéanamh de go bhféadfid na hiarratasóirí sin an talamh d'oibriú agus go bhfuilid chun é sin do dhéanamh agus ná déanfid é dhíol, é chur ar cíos ná é shanna. Sa chonnra a déanfar idir an iarratasóir agus Coimisiún na Talmhan chun paiste talmhan do cheannach forálfar i ngach cás ná dílseofar an paiste san iarratasóir maran deimhin le Coimisiún na Talmhan go bhfuil sé á oibriú aige do réir slite cearta eirmeoireachta agus, maran deimhin le Coimisiún na Talmhan go bhfuil san amhlaidh, féadfid seilbh an phaiste d'éileamh agus do bhaint amach saor agus glan o aon éileamh ón iarratasóir.

[EN]

(3) Fé réir forálacha an ailt seo, bainfidh na hAchtanna Talamh-Cheannaigh le díol paiste talmhan do réir an ailt seo cho maith is dá mba gabháltas é agus gurb é an ceannathóir ba thionónta dho agus é á cheannach, agus folóidh an focal “holding” sna hAchtanna san paiste talmhan 'nar dineadh do réir an ailt seo roimh-íoc chun go gceannófí é.

[EN]

(4) Scuirfidh Alt 17 den Acht Talmhan Éireannaigh, 1909, d'éifeacht do bheith aige ach amháin i dtaobh díol aon phaistí talmhan gur dineadh aon chonnartha ceannaigh ina dtaobh roimh rith an Achta so, agus, lasmuich den chás an, léireofar mar thagairt don alt so aon tagairt a dintar in aon achtachán don alt san.

[EN]

Talamh neathionóntuithe d'aith-dhíol leis na húnaerí.

32.—Sá chás go ndineann únaer paiste de thalamh neathionóntuithe, atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, an céanna d'úsáid agus do shaothrú mar ghnáthfheirm do réir slite cearta feirmeoireachta; ansan

[EN]

(a) maran mó ná £3,000 praghas an phaiste maraon le luach aon tailte eile i seilbh an únaera fé mar a dhin Coimisiún na Talmhan amach é déanfidh Coimisiún na Talmhan, má éilíonn an t-únaer ortha é agus maran dó leo gur ceart é choinneáil chun feabhasuithe no méaduithe no chun é d'úsáid i gcúrsaí cumhangracht do leigheas, déanfid an paiste d'aith-dhíol leis an únaer ar an bpraghas san má thóg sé air féin, roimh an lá ceaptha, é cheannach ar an bpraghas san; agus

[EN]

(b) más mó ná £3,000 praghas an phaiste sin maraon le luach aon tailte eile i seilbh an únaera fé mar a dhin Coimisiún na Talmhan amach é féadfidh Coimisiún na Talmhan é go léir d'aith-dhíol leis an únaer ar an bpraghas san no neachtar acu aon chuid de ar phraghas 'na mbeidh idir é agus an praghas san an cothrom céanna atá idir luach na coda den phaiste agus luach an phaiste iomlán fé mar a dhin Coimisiún na Talmhan amach é, ach ní raghaidh an roimh-íoc thar £3,000 in aon chás maran dó le Coimisiún na Talmhan go bhfuil sé oiriúnach go raghadh, agus íocfidh an t-únaer in airgead le Coimisiún na Talmhan aon difríocht (más ann di) idir an méid a bheidh le roimh-íoc agus an praghas.

[EN]

Gabháltaisí coinnithe d'aithdhíol le tionóntaí.

33.—I gcás gabháltas a choinneoidh Coimisiún na Talmhan mara bhfeidhmeoidh Coimisiún na Talmhan a gcomhachtanna ath-shealbhaíochta no mara bhfeidhmeoid a gcomhachtanna ath-shealbhaíochta ach i dtaobh cuid den ghabháltas, ansan má dhin an tionónta an gabháltas d'úsáid agus do shaothrú mar ghnáth-fheirmeoir do réir slite cearta feirmeoireachta, aith-dhíolfidh Coimisiún na Talmhan leis an tionónta (má éilionn seisean ortha é dhéanamh) an gabháltas ar an riail-phraghas no aon chuid neamh-aith-shealbhuithe dhe ar an gcuid chothromúil sin den phraghas san is ionchurtha chun na críche sin fé mar a dhin Coimisiún na Talmhan amach í, agus chun críche an cheannaigh déanfid roimh-íoc nách mó ná pé suim ná raghaidh thar £3,000 dá gcuirtí léi an méid a gheobhfí de bharr caipitalú do réir ceathair agur trí cheathrú per cent. do dhéanamh ar na blianachtaí bunaidh a bheadh iníoctha ar na roimh-íocanna, dá mbeadh a leithéidí ann agus ná fuasclóifí iad, roimh-íocanna a bheadh déanta cheana féin fé aon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun tailte is leis an tionónta ar dháta an aith-dhíola san do cheannach, déanfidh Coimisiún na Talmhan an roimh-íoc san maran dó leo go bhfuil sé oiriúnach dul thar an £3,000 san, agus íocfidh an tionónta in airgead le Coimisiún na Talmhan an difríocht (más ann di) idir an méid a bheidh le roimh-íoc agus an praghas.

[EN]

Dilsiú gabháltaisí athshocruithe.

34.—(1) Má dhineann tionónta aon ghabháltais a bheidh coinnithe ag Coimisiún na Talmhan diúltú do chonnra do dhéanamh chun an gabháltas do cheannach, no chun gabháltas nua a bheidh co-dhéanta de chuid den ghabháltas bhunaidh do cheannach, no chun gabháltas nua a bheidh co-dhéanta d'iomlán an ghabháltais bhunaidh, no cuid de, agus de thalamh eile do cheannach, ar an bpraghas go mbeidh Coimisiún na Talmhan ullamh ar é roimh-íoc, féadfidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha), tar éis an fógra orduithe do sheirbheáil ar an tionónta agus aon agóidí ina choinnibh uaidh do bhreithniú féadfid ordú do dhéanamh á rá gur cheannaigh an tionónta an gabháltas bunaidh no an gabháltas nua, pe'ca acu é, ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coiníollacha a luadhfar san ordú, agus leis sin tuigfar gur dhin an tionónta connra ceannaigh ar an dáta orduithe chun an gabháltas bunaidh no an gabháltas nua, pe'ca acu é, do cheannach ar an bpraghas agus ar na téarmaí agus na coiníollacha a luadh amhlaidh, agus críochnófar an ceannach dá réir sin.

[EN]

(2) Luighfidh athchomharc chun an Choimisineura Bhreithiúntais i gcoinnibh aon ordú a déanfar fén alt so, agus beidh comhacht aige sin chun an t-ordú do chlaochló no do dhaingniú, no chun aon ordú a dhéanamh d'fhéadfadh Coimisiún na Talmhan a dhéanamh.

[EN]

Aith-dhíol fearann oighreachta.

35.—Má thógann Coimisiún na Talmhan aon talamh o únaer fén Acht so féadfid aon fhearann oigreachta no talamh eile atá ar seilbh aige agus atá in aice leis an talamh san do cheannach ar an bpraghas is dó leo a gheobhfí air dá ndíolfí é, agus sa chás san féadfid iomlán an tailimh sin no aon chuid de d'aith-dhíol leis fé mar a bheadh sé ina dhuine 'na bhféadfí roimh-íocanna do dhéanamh leis chun paiste talmhan do cheannach fén Acht so.

[EN]

Bainfidh forálacha fo-altanna (4) agus (5) d'alt 3 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le haon aith-dhíol a déanfar fén alt so.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun talamh neathionóntuithe do cheannach.

36.—Aon talamh nea-thionóntuithe is dó le Coimisiún na Talmhan is gá a cheannach chun paistí talmhan do sholáthar i gcóir aon duine no cólucht díobh san gur féidir roimh-íocanna do dhéanamh leo fé fhorálacha an Achta so, féadfidh Coimisiún na Talmhan é cheannach ar pé praghas ar a socrófar idir únaer an tailimh nea-thionóntuithe sin agus Coimisiún na Talmhan, praghas a bheidh iníoctha i mBannaí Talmhan 4½ per cent. gur ionann a n-ainmluach agus é, agus nuair a bheidh an talamh san dílsithe i gCoimisiún na Talmhan beidh sé fé réir na bhforálacha go léir san Acht so a bhaineas le paistí talmhan do sholáthar i gcóir na ndaoine no na gcolúcht roimhráite.

[EN]

Comhacht chun aon phortach do thógaint.

37.—Ar na comhachta a bheidh ag Coimisiún na Talmhan fén Acht so chun aon talamh nea-thionóntuithe do cheannach, beidh comhacht chun aon phortach do cheannach mar sin chun móin do sholáthar i gcóir sealbhóirí talmhan i gcomhursanacht an phortaigh sin, pe'ca tá ceart portaig ag daoine uile seachas an t-únaera ann no ná fuil agus pe'ca dineadh no ná dineadh roimhíoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh chun tailte ar a bhfuil an portach san do cheannach agus, má dineadh, pe'ca fuascladh é no nár fuascladh. Ag feidhmiú na gcomhacht a tugtar fén alt so tabharfidh Coimisiún na Talmhan aire chuibhe do riachtanaisí réasúnta an únaera.

[EN]

Fuascailt o chíosanna feirmdhílse no cíosanna eile.

38.—I gcás paiste de thalamh nea-thionóntuithe atá suidhte i gcontae gan ceanntair chumhanga do bheith ar seilbh fé dheontas feirm-dhílse, no fé léas síor-ionathnuachainte ar feadh saolta no blianta, no fé léas ar feadh téarma de bhlianta 'na raibh 60 no níos mó dhíobh gan caitheamh ar dháta rithte an Achta so, agus má iarann an t-únaer roimh-íoc ar Choimisiún na Talmhan ar an gcuma orduithe chun fuascailt a dhéanamh ar an gcíos a bunuíodh no a cuireadh ar cosnamh leis an deontas feirm-dhílse no leis an léas no ar pé cuid chothromúil de is iníoctha ar an bpaiste, tar éis éisteacht le gach n-aon le n-a mbaineann roinnfidh an Coimisinéir Breithiúntais an cíos más gá an roinnt sin do dhéanamh agus roinnfe sé aon chíos uachtarach a bheidh ann, agus ordóidh sé fuascailt a dhéanamh ar an gcíos no ar an gcuid roinnte dhe, pe'ca acu é, agus ar gach leas is aoirde ná san agus socróidh sé praghas a bhfuascailte. Is le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a roimh-íocfar agus a híocfar an praghas fuascailte a socrófar amhlaidh, maraon le pé costaisí a lomhálfidh an Coimisinéir Breithiúntais, agus roinnfa sé an céanna fé is dá mb'airgead ceannaigh tailimh a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so a bheadh i bpraghas fuascailte an chíosa agus an méid a roimh-íocfar beidh sé ion-aisíoctha ag únaer an phaiste talmhan tré bhlianacht (a bheidh ina muirear ar an bpaiste talmhan agus a féadfar a bhaint amach fé mar a bainfí blianacht cheannaigh amach) a háireofar do réir 4¾ per cent. ar mhéid an roimh-íoca agus i gcás an paiste talmhan do bheith ar seilbh fé léas gheobhaidh an t-únaer agus beidh aige estát ar bith-dhílse ann in ionad an téarma a cuireadh sa léas.

[EN]

Leasanna uachtaracha ar ghabháiltaisí ceannaithe d'fhuascailt.

39.—I gcás gabháltaisí a dílsíodh i gceannthóir fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh aon uair fé leas uachtarach no muirear, ordóidh an Coimisinéir Breithiúntais, ar iarratas an únaera agus tar éis éisteacht le gach n-aon le n-a mbaineann, ordóidh sé fuascailt a dhéanamh ar an leas no ar an muirear san agus ar gach leas is aoirde ná iad agus socróidh sé praghas a bhfuascailte. In ainneoin na bhforálacha atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Acht Ceannach Talmhan (Éirinn), 1891, is le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a roimh-íocfar agus a híocfar an praghas fuascailte a socrófar amhlaidh, maraon le pé costaisí a lomhálfidh an Coimisinéir Breithiúntais, agus roinnfa sé an céanna fé is dá mb' airgead ceannaigh tailimh a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so a bheadh i bpraghas fuascailte an chíosa. Beidh an roimh-íoc ion-aisioctha ag únaer an ghabháltais tré bhlianacht a háireofar do réir 4¾ per cent. ar mhéid an roimhíoca agus féadfar an bhlianacht san do bhaint amach fé mar a bainfí amach blianacht cheannaigh.

[EN]

Conus a gheobhfar amach cad iad na tailte a dílseofar i gCoimisiún na Talmhan.

40.—(1) Gach éinne 'na bhfuil teideal aige chun cíosanna agus profidí aon tailimh le n-a mbaineann an tAcht so no a íocann aon chíos ar na tailte sin no a fhaghann no a íocann na cíosanna agus na profidí sin, no cíos thar ceann éinne eile, beidh sé de dhualgas air, ar a iarraidh sin air do Choimisiún na Talmhan, pé mion-innste i dtaobh an tailimh do thabhairt i scríbhinn do Choimisiún na Talmhan i pé fuirm agus iad deimhnithe ar pé cuma laistigh de pé aimsir a ordóidh Coimisiún na Talmhan le fógra speisialta no generálta.

[EN]

(2) Foillseoidh Coimisiún na Talmhan o am go ham liostai sealadacha de sna tailte a dílseofar i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha, oiread díobh is ná déanfar eisceachtaí dhíobh mar gheall ar agóid dleathach, maraon le fógra i dtaobh na slí ina bhféadfar agus i dtaobh na haimsire gur laistigh di a féadfar agóidí do chur i gcoinnibh an liost mar gheall ar aon talamh áirithe do chur air no gan a chur air.

[EN]

(3) Breithneóidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) gach agóid a déanfar go cuibhe, agus beidh ceart ann chun athchomhare do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais agus ní bheidh dul thar a bhreith ach amháin i gcás ina bhforáltar a mhalairt san Acht so.

[EN]

(4) Foillseoidh Coimisiún na Talmhan liost deiridh de thailte nár lóisteáladh aon agóid ina dtaobh agus, o am go ham agus fé mar a dhéanfid agus nuair a dhéanfid an socrú deiridh ar agóidí i gcoinnibh tailte eile, foillseoid liost deiridh de sna tailte sin, agus nuair a foillseofar liost deiridh ar an gcuma san, pe'ca tar éis an lae cheaptha no roimhe, beidh sé in'fhianaise dhochlaoite gur dineadh no go ndéanfar na tailte a bheidh áirithe air do dhílsiú de bhua an Achta so ar an lá ceaptha.

[EN]

(5) Má dhineann éinne d'aon ghnó faillí do thabhairt in aon eolas do thabhairt uaidh, no diúltú d'aon eolasa thabhairt uaidh, laistigh den am orduithe agus go bhfuil air é do thabhairt uaidh fén alt so, no aon eolas do thabhairt uaidh agus a fhios aige é do bheith bréagach in aon phonc de, féadfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúnt is dachad, no príosúntacht i dteanta no d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nách sia ná trí mhí, do chur air ar a fháil ciontach ar an slí achmair.

[EN]

(6) Aon Chigire no duine eile a cheapfidh Coimisiún na Talmhan féadfa sé, tar éis fógra do chur tríd an bpost chun an té a dheabhruíonn a bheith in’ únaer no ina shealbhóir d'aon talamh áirithe, féadfa sé dul isteach ar an talamh agus gach fiarfaí a dhéanamh is gá a dhéanamh chun a chur i gcumas Choimisiún na Talmhan méid agus cineál an tailimh sin do dhéanamh amach, agus pé mion-eolaisí eile ina thaobh a theastóidh uatha chun crícheanna an Achta so.

[EN]

(7) Má dhineann aon ghníomhaire talmhan, aturnae, no cléireach talmhan, a hainmníodh le cead Choimisiún na Talmhan dualgaisí fén alt so do chó-líona thar ceann únaera aon talmhan, féadfar pé luach saothair a ordóidh Coimisiún na Talmhan agus a cheadóidh an tAire Airgid d'íoc leis agus is mar chuid de chostaisí Coimisiún na Talmhan a híocfar an luach saothair sin.

[EN]

(8) I gcás aon talamh do dhíol, má bhí gníomhaire ar fostú mar bhainisteoir ar an estát gur chuid de an talamh a díoladh, le toil únaera an tailimh féadfar pé suim a cheadóidh Coimisiún na Talmhan d'íoc leis an ngníomhaire i mBannaí Talmhan amach as an airgead ceannaigh nuair a scuirfe sé de bheith ag gníomhú mar ghníomhaire den tsórt san.

[EN]

(9) Aon fhógra no liost gur gá fén alt so é d'fhoillsiú is san Iris Oifigiúil a foillseofar é agus ar pé cuma is dó le Coimisiún na Talmhan is fearr chun é do chur os cóir na puiblíochta.

[EN]

Comhachta ag Coimisiún na Talmhan ar atúrnaethe agus ar ghníomhairí.

41.—(1) I gcás éinne—

[EN]

(a) do dhéanamh faillí ar aon eolas, mapa, mion-innsint, no scríbhinn do sholáthar gurb é a dhualgas fén Acht so é do sholáthar, no, do réir tuairim an Choimisineura Bhreithiúntais do dhéanamh faillí ar an dualgas san do chó-líona ar chuma shásúil; no

[EN]

(b) do dhéanamh d'aon ghnó faillí ar no diúltú de theideal do chruthú no fianaise ar theideal do thabhairt i lathair; no

[EN]

(c) do dhéanamh faillí ar aon imeachta do phróiseacht le dícheall agus le héifeacht chuibhe;

[EN]

beidh sé dleathach don Choimisinéir Breithiúntais atúrnae, gniomhaire talmhan, innleoir, no suirbhéir do cheapa chun gníomhú sa ghnó agus chun orduithe Coimisiún na Talmhan do chó-líona agus beidh ag an atúrnae, gníomhaire talmhan, innleoir no suirbhéir sin gach comhacht agus bheadh aige dá ndéanfadh an duine sin roimhráite é d'fhostú.

[EN]

(2) Iocfidh Coimisiún na Talmhan le haon atúrnae, gníomhaire talmhan, innleoir, no suirbhéir den tsórt san a fostófar amhlaidh pé costaisí agus luach saothair a cheadóidh an Coimisinéir Breithiúntais agus féadfidh Coimisiún na Talmhan iad do bhaint den té gur mar gheall ar a fhaillí ba ghá an íocaíocht san do dhéanamh.

(3) I gcás atúrnae, gníomhaire talmhan, innleoir, no suirbhéir, a cheap an t-únaer, do bheith gan aon imeachta áirithe do phróiseacht le dícheall agus le héifeacht chuibhe dar leis an gCoimisinéir Breithiúntais beidh comhacht ag an gCoimisinéir Breithiúntais an t-atúrnae, gníomhaire talmhan, innleoir no suirbhéir sin do chur chun siúil agus pé duine no daoine is oiriúnach leis do cheapa in áit an duine a cuireadh chun siúil mar sin, agus beidh údaráis agus comhachta ag an duine no na daoine a ceapfar amhlaidh agus beidh teideal acu chun costaisí agus luach-saothair chó maith díreach is dá mb'é an t-únaer a cheapfadh iad.

[EN]

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh móna.

42.—Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh móna ar phortaigh ar ghabháltaisí leathanófar iad i dtreo go mbeidh ortha comhacht chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh móna ar aon phortach, pe'ca ag an únaer amháin atá ceart móna air no nách ea, agus comhacht chun mínithe teoranna an líomatáiste ar a bhféadfidh an t-únaer móin do bhaint agus chun rialacháin do dhéanamh le n-a dtabharfar agus le n-a míneofar cirt chun dul tré aon talamh go dtí an portach agus tríd i gcóir móna.

[EN]

Comhacht chun cirt slí do sholáthar.

43.—Ar na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun airgead do chaitheamh le feabhsú tailimh a díoladh no a haontuíodh a dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh beidh comhacht chun cirt slí chun an tailimh sin, no uaidh, do sholáthar in aon áit gur gá é, agus chun na críche sin féadfid, ar an gcuma orduithe, orduithe do dhéanamh le n-a dtabharfar agus le n-a míneofar na cirt slí sin agus le n-a socrófar an cúiteamh (más ann do) a híocfar le húnaer an tailimh ar a mbeidh na cirt slí a tugadh no a míníodh.

[EN]

Bancánachtaí, etc., do chosaint.

44.—(1) Má chítar don Choimisinéir Breithiúntais tiarna talmhan no, i gcás tailimh nea-thionóntuithe, únaer do bheith freagarthach, roimh an lá ceaptha i nglana no i gcoinneáil suas, i bpáirt no go hiomlán, do dhéanamh ar aon chúrsa uisce, draen bancánacht no obair eile, in'aonar do no i bpáirt le daoine eile, fé théarmaí connra tionóntachta no ar aon tslí eile, féadfa sé a ordú go n-aistreofar as na Bannaí Talmhan a sheasuíonn don airgead ceannaigh, agus go n-úsáidfar ar pé slí a forálfar ina dhiaidh seo anso, oiread Bannaí Talmhan agus is leor chun pé ioncum do thabhairt is dó leis is gá chun an cúrsa uisce, draen, bancánacht no obair eile sin do chimeád glan agus do choinneáil suas as san amach do réir na freagarthachta a fuair sé a bheith ar an seana-thiarna talmhan no ar an sean-únaer.

[EN]

(2) Aistreofar chun an Iontaobhaí Phuiblí aon Bhannaí Talmhan a hordófar a aistriú agus a úsáid amhlaidh, agus cuirfar an t-ioncum chun no i gcabhair chun an cúrsa uisce, draen, bancánacht, no obair eile do ghlana no do choinneáil suas do réir scéime a cheapfidh Coimisiún na Talmhan, agus féadfa siad-san má chítar gur ceart é, údarás do thabhairt chun na Bannaí Talmhan, no na súncála a bheidh de thurus na huaire ag seasamh don chéanna no d'aon chuid díobh, do dhíol agus chun colann an airgid a gheobhfar de bharr an díola san do chur chun no i gcabhair chun an obair sin d'ath-thógaint.

[EN]

(3) Beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan chun réiteach do dhéanamh ar gach ceist a bhainfidh le cúrsaí uisce, draenacha agus bancánachtaí, agus le n-a nglana agus le n-a gcoinneáil suas, agus chun cirt, oblagáidí agus freagarthachtaí gach duine ina dtaobh do mhíniú no do leaga amach.

[EN]

(4) Beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan chun dul isteach ar aon tailte chun cursaí uisce, draenacha, bancánachtaí no oibreacha do ghlana, do dheisiú, do choinneáil suas no d'athnuachaint, agus chun ithir agus abhar do thógaint asta agus nithe do dhéanamh ortha fé mar a theastóidh chun na gcrícheanna san.

[EN]

(5) Beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan chun suim do chaitheamh, fé mar is maith leo, chun no i gcabhair chun aon chúrsa uisce, draen, bancánacht no obair eile d'ath-thógaint. pé suim go ndéanfidh an tAire Airgid, ar iarratas uatha san, í do cheadú agus do roimh-íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, agus oiread den tsuim sin agus dheimhneoidh Coimisiún na Talmhan chuige sin beidh sé ionaisíoctha tré bhlianacht no blianachtaí a cuirfar mar mhuirear ar aon talamh a dheimhneóidh Coimisiún na Talmhan a bheith tar éis tairbhiú de bharr an chaiteachais sin, agus san fé mar a roimh-íocfían tsuim sin chun an talamh do cheannach do réir connartha cheannaigh dhéanaigh agus déanfar an bhlianacht san do chó-dhlúthú, sa mhéid gur féidir é, le h-aon bhlianacht Talamh-Cheannaigh a bheidh ar an talamh an uair sin.

[EN]

Cirt spóirt, iascach agus minearáil.

45.—(1) Ar dhílsiú aon tailte i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so, dílseoidh gach ceart spóirt mar a mínitear é i bhfo-alt (2) d'alt 13 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, maraon le pé cirt spóirt a bheidh ina leasanna uachtaracha, agus le gach iascach a bhaineann leis na tailte sin, dílseoid i gCoimisiún na Talmhan fé aon léas a bheidh ann an uair sin fé mar aontódh an t-únaer no na húnaerí iad do dhíol ar pé praghas a shocróidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) cheal réitigh no a shocróidh an Coimisinéir Breithiúntais de bharr athchomhairc i gcoinnibh Coimisiún na Talmhan, agus nuair a beifar ag socrú an phraghais sin, aire do thabhairt don méid is fiú na cirt spóirt agus an t-iascach, le ceart, do Choimisiún na Talmhan agus don únaer no do sna húnaeríféseach:

[EN]

Ach i gcás tailimh thionóntuithe tuigfar nách fiú trácht ar an méid is fiú na cirt spóirt nach cirt iascaigh ná iascach.

[EN]

(2) Sa chás go dtuigfar connra ceannaigh déanach do bheith déanta ag tionónta gabháltais de thalamh thionóntuithe chun an gabháltas do cheannach o Coimisiún na Talmhan fén Acht so dílseofar ann maraon leis an ngabháltas na cirt spóirt ar an ngabháltas agus os a chionn lasmuich de chirt iascaigh agus d'iascach.

[EN]

(3) Le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a híocfar airgead ceannaigh gach cirt spóirt agus gach iascaigh den tsórt san.

[EN]

(4) Beidh comhacht ag Coimisiún na Talmhan chun rialacháin do dhéanamh ag bronna agus ag míniú cearta chun gabháil treasna aon tailte agus tríotha go habhainn no loch ar bith agus fan bhruacha no bord aon abhann no locha den tsórt san, cearta is dó le Coimisiún na Talmhan is gá no is oiriúnach chun aon chirt iascaigh a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so d'úsáid agus do shealbhú go ceart.

[EN]

(5) Ar dhílsiú aon tailimh fén Acht so is i Saorstát Éireann amháin a dhílseoidh an ceart chun mianadóireachta agus chun minearáil do thógaint agus chun tochailt agus cuardach do dhéanamh chun mineráil d'fháil ar an talamh san no fé, maraon le pé cirt mineráil atá ina leasanna uachtaracha:

[EN]

Ach ní bhainfidh an fo-alt so—

[EN]

(a) le haon mhianach ná coireál atá á oibriú no á shaothrú ag an únaer no ag á léasaí ar an lá ceaptha;

[EN]

(b) le haon chloich, gairbhéal, gainimh ná cré:

[EN]

Agus fós sa chás go ndéanfar aon chirt den tsórt san, a bheidh dílsithe i Saorstát Éireann, d'fho-chur ar cíos no do chur fé léas no do dhíol aon uair ina dhiaidh seo, an té 'na mbeadh teideal aige chúcha dá mba ná beidís dílsithe amhlaidh beidh teideal aige chun scair d'aon chíos, airgead ceannaigh no glan-phrofid eile a gheobhfar as an gcéanna d'fháil, pé scair a shocróidh an tOireachtas ina dhiaidh seo.

[EN]

Saoráidí chun gabháltaisí do mhalairtiú

46.—(1) Chun feabhsú gabháltaisí do chur in usacht, beidh comhacht ag únaer cláruithe aon ghabháltais, pe'ca mar lánúnaer no mar páirt-únaer a bheidh sé cláruithe, beidh comhacht aige chun connra do dhéanamh le Coimisiún na Talmhan fén alt so chun malairt gabháltaisí do dhéanamh agus féadfar an connra do chur in éifeacht ar an gcuma a foráltar leis an alt so.

[EN]

(2) Déanfidh an t-únaer cláruithe an gabháltas d'aistriú chun Coimisiún na Talmhan agus déanfidh Coimisiún na Talmhan, mar mhalairt air sin, gabháltas nua do sholáthar do tré phaiste talmhan do dhíol leis fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh no tré ghabháltas a ceannuíodh fé sna hAchtanna san d'aistriú chuige.

[EN]

(3) Déanfidh aistriú an ghabháltais bhunaidh chun Coimisiún na Talmhan, o dháta cláruithe an aistrithe sin, estát ar bithdhilse sa ghabháltas do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan fé sna hualaí a háirítear in alt a seacht is dachad den Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891 (lasmuich de dhiúité comharbais agus de dhiúité estáit), oiread díobh agus bheidh ar an ngabháltas ar an dáta san, agus fé aon ualach a cruthnuíodh fé aon Acht a bhaineann le Bord na nOibreacha, ach beidh an gabháltas saor o gach ualach agus ceart eile, cláruithe no nea-chláruithe, 'na mbeidh baint acu leis an ngabháltas an uair sin (maraon le diúité comharbais agus diúité estáit agus aon ualaí eile gur ceaduíodh gan iad d'fháil amach nuair a bhí an chéad chlárú á dhéanamh), agus ón dáta san amach beidh gach ualach agus gach ceart den tsórt san aistrithe chun an ghabháltais nua gan úirlis aistrithe ná ordú.

[EN]

(4) Sa chás go ndéanfar an gabháltas nua do sholáthar tré ghabháltas a ceannuíodh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh d'aistriú chun an únaera chláruithe, déanfar an gabháltas d'aistriú chuige fé sna hualaí a háirítear in alt a seacht is dachad den Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891 (lasmuich de dhiúité comharbais agus de dhiúité estáit), oiread díobh agus beidh ar an ngabháltas ar dháta an aistrithe, agus fé sna hualaí agus na cirt a haistríodh ón ngabháltas bunaidh, ach beidh an gabháltas nua saor o gach ualach agus gach ceart eile, cláruithe no nea-chláruithe (maraon le diúité comharbais agus diúité estáit agus aon ualaí eile gur ceaduíodh gan iad d'fháil amach nuair a bhí an chéad chlarú á dhéanamh ar an ngabháltas nua).

[EN]

(5) Ar an aon dáta amháin a clárofar Coimisiún na Talmhan mar únaerí don ghabháltas bhunaidh agus an t-únaer cláruithe mar únaer don ghabháltas nua agus beidh sé de dhualgas ar Choimisiún na Talmhan na cláruithe do chur á ndéanamh agus gach ní do dhéanamh is gá a dhéanamh chun na críche sin.

[EN]

(6) Na forálacha atá san alt so i dtaobh únaer cláruithe gabháltais bainfid, sna cásanna so a leanas, leis na daoine seo a leanas (sé sin le rá):—

[EN]

(a) Má bhaineann Cuid IV. den Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891, leis an ngabháltas agus go bhfuil an t-únaer cláruithe (a cláruíodh mar lán-únaer) marbh, le n'ionadaí pearsanta dleathach;

[EN]

(b) Más duine ná fuil aois infheadhma aige an t-únaer no más gealt no duine nách slán meabhair é, le haon duine a bheidh ag déanamh ionadaíochta dho chun aon cheann de chrícheanna an Achta Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn) 1891; agus

[EN]

(c) Má cheapann an Chúirt Chontae ionadaí d'únaer cláruithe chun crícheanna an ailt seo, leis an ionadaí sin.

[EN]

(7) Beidh comhacht ag an gCúirt Chontae chun ionadaí do cheapa d'únaer cláruithe gabháltais chun crícheanna an ailt seo nuair a chífar don Chúirt, ar iarratas a theacht o Choimisiún na Talmhan no o éinne le n-a mbaineann an scéal, gur duine ná comhnuíonn i Saorstát Éireann an t-únaer cláruithe no duine nách fios ce'ca beo no marbh é, agus go raghadh sé chun tairbhe do sna daoine go bhfuil cál acu chun an ghabháltais é do mhalairtiú ar ghabháltas nua fén alt so. Féadfar iarrataisí chun na Cúirte Contae agus an gnás agus an nós-imeachta a bhaineann leo do regealáil le rialacha Cúirte.

[EN]

Seana-chomh. arthaí Cuimhne

47.—An míniú a tugtar ar sheana-chomharthaí cuimhne in alt 14 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, folóidh sé aon chomhartha cuimhne go mbeadh suim ag ársadóirí ann dar le Coimisiún na Talmhan agus má dhineann Coimisiún na Talmhan faisnéis gur mar sin atá folóidh sé ionad an chomhartha agus pé cuid den talamh comhngarach do is gá chun díobháil do a chosc agus chun teacht air do thabhairt.

[EN]

CUID III.—BANC NAISIÚNTA NA TALMHAN, TEORANTA.

[EN]

Cad leis go mbainfidh an Chuid seo den Acht so.

48.—Ní bhainfidh forálacha Cuid II. den Acht so, ach amháin mar a foráltar sa Chuid seo den Acht so, le haon tailte a cheannaigh comhar-chumann feirmeoireachta (dá ngairmtear Cumann sa Chuid seo den Acht so) no cólucht d'iontaobhaithe, le roimh-íocanna a dhin Banc Náisiúnta na Talmhan, Teoranta (dá ngairmtear an Banc sa Chuid seo den Acht so), agus atá, ar dháta rithte an Achta so, fé mhuirear aisíoc na roimh-íocanna san no aisíoc aon choda dhíobh.

[EN]

Dílsiú i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha.

49.—Dílseoidh gach talamh a cheannuigh Cumann no cólucht d'iontaobhaithe, le roimh-íoc a dhin an Banc, má bhionn aon chuid den roimh-íoc gan íoc, dílseoidh sé i gCoimisiún na Talmhan an lá ceaptha ar an bpraghas a socrófar fé sna forálacha atá sa Chuid so den Acht so fé mar a dhílseodh, maidir le modh an dílsithe agus na nithe thiocfidh as, dá ndéanfí orduithe dílsiúcháin ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ar an lá ceaptha, do réir connartha ceannaigh déanacha a dhéanfadh Coimisiún na Talmhan leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe.

[EN]

Eolas a éileoidh Coimisiún na Talmhan ar an mBanc.

50.—Tabharfidh an Banc i scríbhinn do Choimisiún na Talmhan mion-innste ar na tailte a ceannuíodh amhlaidh, ar an gcuid den airgead ceannaigh (más ann do) d'fhág an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe acu mar éarlais, ar an roimh-íoc a dhineadar chun na tailte sin do cheannach, ar an méid atá amuich acu mar gheall ar an roimh-íoc san, agus ar na leasanna uachtaracha agus na muirir eile (más ann dóibh) gur fútha a cheannuigh an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe na tailte, maraon le pé mion-innste eile a éileoidh agus a ordóidh Coimisiún na Talmhan, agus lóisteálfa siad le Coimisiún na Talmhan pé dintiúirí, scríbhinní agus mapaí is gá chun fírinne na mion-innste a soláthruíodh amhlaidh do chruthú.

[EN]

Déanfidh Coimisiún na Talmhan fógraíocht i dtaobh na dtailte a tógfar.

51.—Foillseoidh Coimisiún na Talmhan o am go ham fógraí ina mbeidh mion-innste ar na tailte a ceannuíodh amhlaidh, agus ar na leasanna uachtaracha agus na muirir eile, maraon leis an muirear chun aisíoctha an roimh-íoca atá amuich ag an mBanc, gur fútha do ceannuíodh na tailte, agus leagfar amach sna fógraí sin an aimsir gur laistigh di a féadfar agus an cuma ina bhféadfar agóidí do chur i gcoinnibh na bhfógraí sin, mar gheall ar aon tailte áirithe d'aireamh ionta no d'fhágaint gan áireamh ionta no mar gheall ar aon leas uachtarach no muirear den tsórt san roimhráite d'fhágaint ar lár ionta no do mhíthuairisciú.

[EN]

Chun an praghas ceannaigh do dhéanamh amach.

52.—Breithneoidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) gach agóid a dineadh go cuibhe, agus beidh ceart ann chun athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais agus ní bheidh dul thar a bhreith sin. Más deimhin leis an gCoimisinéir Breithiúntais go raibh ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe, roimh dháta rithte an Achta so, teideal maith chun na dtailte a ceannuíodh amhlaidh, agus san saor o ualaí lasmuich den mhuirear le n-ar cuireadh in áirithe go n-aisíocfí an roimh-íoc atá amuich ag an mBanc agus lasmuich d'aon leasanna uachtaracha no d'aon Bhlianachtaí Talamh-Cheannaigh, gheobha sé amach cadiad na leasanna uachtaracha a ghluaiseann as na tailte sin agus socróidh sé praghas fuascailte gach leasa uachtaraigh agus blianachta den tsórt san, agus gheobha sé amach, leis, an méid atá dlite mar gheall ar cholainn airgid (gan creidiúint a thabhairt i dtaobh na héarlaise, más ann di, a lóisteáil an Cumann no an cólucht d'Iontaobhaithe sa Bhanc) agus ús ar cuntas an mhuirir le n-ar cuireadh in áirithe go n-aisíocfí an roimh-íoc atá dlite don Bhanc, agus socróidh sé praghas na dtailte do réir pé suim is leor mar fhuascailt agus mar íoc i ngach leas uachtarach agus blianacht den tsórt san agus sa mhuirear le n-ar cuireadh in áirithe go n-íocfí an roimh-íoc atá dlite don Bhanc agus i pé costaisí a lomhálfa sé. Tar éis don Bhanc éarlais den tsórt roimhráite do lóisteáil le Coimisiún na Talmhan, íocfar ar an lá ceaptha, i mBannaí Talmhan 4½ per cent., an praghas a dineadh amach amhlaidh ach íocfidh an Stát an t-aonú cuid déag de.

[EN]

Forálacha dtaobh éarlaisí o Chumann no o chólucht d'iontaobhaithe.

53.—Nuair a fágfar an éarlais ag Coimisiún na Talmhan súncálfa siad-san í agus íocfar an t-ioncum as na súncála san, sa mhéid ná teastóidh sé chun cúiteamh a dhéanamh le Coimisiún na Talmhan ar thráth-choda neamh-íoctha de bhlianachtaí ceannaigh (más ann dóibh) ar cuntas an roimh-íoca a dineadh fén gCuid seo den Acht so leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe a chéad-fhág an éarlais ag an mBanc, íocfar é leis an gCumann san no leis an gcólucht san d'iontaobhaithe go dtí go n-úsáidfidh Coimisiún na Talmhan an éarlais ar a mhalairt de chuma no go dtí go n-aisíocfar é i bpáirt no go hiomlán leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe fé sna forálacha so a leanas, eadhon:—

[EN]

a) Aon uair sara ndeimhneofar an roimh-íoc do bheith aisíoctha, mara mbeidh Coimisiún na Talmhan sásta leis an urraíocht a dineadh ar an gcéanna, no má leigeadh do sna blianachtaí ceannaigh tuitim i riaráiste, beidh sé dleathach do Choimisiún na Talmhan an éarlais d'úsáid i bpáirt no go hiomlán i bhfuascailt pro tanta an roimh-íoca;

[EN]

(b) Más deimhin le Coimisiún na Talmhan nách gá an éarlais mar urraíocht ar an roimh-íoc beidh sé dleathach aon tráth do Choimisiún na Talmhan an éarlais iomlán no cuid di d'aisíoc leis an gCumann no leis an gcólucht d'Iontaobhaithe a chéad-fhág an céanna ag an mBanc no le n-a gcomharbhaí dleathacha;

[EN]

(c Nuair a deimhneofar gur aisíocadh oiread den roimh-íoc agus is ionann le luach na héarlaisí a fhanfidh ag Coimisiún na Talmhan, agus má bhíonn Coimisiún na Talmhan sásta leis an urraíocht ar an gcuid neafhuascailte den roimh-íoc, aisíocfar leis an gCumann no leis an gcólucht d'iontaobhaithe, a chéad-fhág an éarlais ag an mBanc, no le n-a gcomharbaí dleathacha, pé cuid den éarlais ná húsáidfar fé sna míreanna deiridh sin.

[EN]

Coiníollacha athdhíolacháin leis na Cumainn.

54.—Fé réir na bhforálacha anso ina dhiaidh seo, tuigfar gur dhin gach Cumann no cólucht d'iontaobhaithe, a bhí ar an lá ceaptha i seilbh na dtailte a ceannuíodh agus a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan amhlaidh fé fhorálacha na Coda so den Acht so, tuigfar gur dhineadar connra ceannaigh déanach le Coimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha chun na tailte do cheannach uatha san ar phraghas is ionann agus deich n-aonú cuid déag den phraghas a socruíodh fé fhorálacha an ailt deiridh sin.

[EN]

Beidh iníoctha ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe le Coimisiún na Talmhan suim bhliantúil a háireofar do réir 4¾ per cent. den tsuim 'na dtuigfar an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe do bheith tar éis connra do dhéanamh chun na tailte do cheannach uirri, sé sin, ón lá ceaptha go dtí an chéad lá gála tar éis dílsiú na dtailte sa Chumann no sa chólucht d'iontaobhaithe, no go dtí go dtiocfidh stad agus críochnú ar an gcál atá ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe chun na dtailte.

[EN]

Chun an tsuim bhliantúil sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráthchoda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

Ar an lá gála ar a mbeidh an chéad thráth-chuid den tsuim bhliantúil sin iníoctha ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe, beidh iníoctha acu le Coimisiún na Talmhan suim breise is ionann agus cion den tsuim bhliantúil sin, i gcóir na tréimhse idir an lá gála san agus an lá ar a mbeidh na céad dividenda eile iníoctha de bharr Bannaí Talmhan a tabharfar amach fén Acht so. Chun an tsuim bhreise sin do bhaint amach beidh ag Coimisiún na Talmhan na cabhartha céanna atá acu chun tráth-choda neamh-íoctha de bhlianacht cheannaigh do bhaint amach.

[EN]

O am an phaiste talmhan do dhílsiú ionta agus ina dhiaidh sin agus chun gach críche, fé mar a bheadh sí ina híocaíocht ar cuntas blianachta ceannaigh isea deighleálfar le gach íocaíocht a dhéanfidh Cumann no cólucht d'iontaobhaithe tar éis an lae cheaptha ar cuntas na suime bliantúla is iníoctha le Coimisiún na Talmhan fén alt so.

[EN]

Dílsiú na dtailte sna Cumainn.

55.—(1) Más deimhin le Coimisiún na Talmhan gur dineadh na tailte a ceannuíodh agus a dílsíodh i gCoimisiún na Talmhan amhlaidh do bhainistí sa cheart, ar shlite dea-fheirmeoireachta, agus go bhfuil an Cumann no an cólucht d'iontaobhaithe bunuithe sa cheart fé sna rialacha le n-a rialuítar Cumainn den tsórt san, no fén Dintiúir Iontaobhais le n-ar ceapadh na hiontaobhaithe sin agus le n-a raibh Coimisiún na Talmhan sásta, agus gur dhineadar a ngnóthaí do réir na rialacha no an dintiúra san, agus nár dhineadar agus nár cheaduíodar aon ghníomh 'na bhféadfí glana suas gnótha no scur do dhéanamh ar an gCumann no an cólucht d'iontaobhaithe d'fhógairt gnóbhriste no neamh-fhiach-acfuinneach, déanfar tar éis an lae cheaptha, na tailte do dhílsiú sa Chumann no sa chólucht d'iontaobhaithe le hordú dílsiúcháin no ar a mhalairt de chuma.

[EN]

(2) Más rud é nách deimhin le Coimisiún na Talmhan gur có-líonadh na coiníollacha deiridh sin agus go bhfaisneoid san ar an gcuma orduithe, ansan stadfidh agus críochnóidh ar fad an cál a bhí ag an gCumann no ag an gcólucht d'iontaobhaithe chun na dtailte, agus coinneoidh Coimisiún na Talmhan na tailte, chó maith is dá mba tailte nea-thionóntuithe iad a dílseofí i gCoimisiún na Talmhan fé fhorálacha Cuid II. den Acht so.

[EN]

Neambaint Ciste na gCostaisí.

56.—Na forálacha atá i gCuid I. den Acht so i dtaobh Ciste na gCostaisí, ní bhainfid le himeachta fén gCuid seo den Acht so.

[EN]

CUID IV.—CLARU ÁITIÚIL AR THEIDIL.

[EN]

Rialacha i dtaobh clárú dhéanamh tar éis gabháltaisí do mhalairtiú.

57.—(1) Féadfar rialacha do dhéanamh fé alt a ceathair déag is cheithre fichid den Acht Chlárathacht Áitiúil Teideal (Éirinn), 1891 (dá ngairmtear Acht 1891 sa Chuid seo den Acht so) rialacha le n-a regealálfar an nós-imeachta a cleachtfar i gcúrsaí clárú do dhéanamh ar thailte le n-a ndeighleálfar fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le malairtiú gabháltaisí, agus rialacha le n-a leagfar amach pé modh clárathachta agus le n-a ndéanfar ar aon achtachán a bhaineann le clárú pé oiriúnuithe no atharuithe is gá chun na forálacha roimhráite do chur in éifeacht.

[EN]

(2) Ní bhainfidh Alt a trí déag is cheithre fichid d'Acht 1891 (a bhaineann le conus a cuirfar an Ciste Arachais) le cailliúint a thiocfidh as éinní do dhéanamh i bhfeidhmiú na bhforálacha roimh-ráite den Acht so ná i bhfeidhmiú na rialacha a déanfar fén alt so.

[EN]

Comhacht chun tailte do chlárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

58.—(1) Sa chás nár dineadh clárú ar únaereacht tailimh ’na bhfuil sé oblagáideach fé Acht 1891 é do chlárú, féadfidh Coimisiún na Talmhan no Coimisinéirí Oibreacha Puiblí na hÉireann na mion-innste orduithe do thabhairt do Chlárathóir na dTeideal i dtaobh an tailimh sin cho maith le hainm an duine a chífar dóibh a bheith i seilbh an tailimh sin, agus leis sin déanfidh an t-údarás clárathachta an duine sin do chlárú mar únaer don talamh san fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

[EN]

(2) An chéad chlárú a déanfar ar aon duine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé theideal shealbhach, beidh an éifeacht chéanna aige a bhíonn ag an gcéad chlárú a dintar ar dhuine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé Acht 1891, ach amháin ná déanfidh clárú fé theideal shealbhach difir ná dochar d'fheidhmiú aon estáit, cirt ná leasa atá i gcoinnibh teidil an chéad únaera chláruithe no a luíoduíonn é, no a bheidh ar bith no a fhéadfadh eirghe agus an chéad chlárú san á dhéanamh.

[EN]

(3) An chéad chlárú a déanfar ar aon duine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé theideal mhaoluithe beidh an éifeacht chéanna aige a bhíonn ag an gcéad chlárú a dintar ar dhuine mar lán-únaer no mar pháirt-únaer fé Acht 1891, ach amháin ná déanfidh clárú fé theideal mhaoluithe difir ná dochar d'fheidhmiú aon estáit, cirt ná leasa a chífar ón gclár a bheith saor o éifeacht clárathachta.

[EN]

(4) Féadfidh an t-únaer cláruithe agus pé daoine eile a bheidh orduithe a iarraidh ar an údarás clárathachta aon uair an lánteideal chun na dtailte do dhéanamh amach, agus na hualaí atá ortha agus na cirt agus an cál atá ag daoine chucha d'iontráil ar an gclár, pé méid díobh nár dhin clárú na húnaereachta, fé theideal shealbhach no mhaoluithe, difir ná dochar dóibh, agus leis sin déanfidh an t-údarás clárathachta na hualaí, na cirt agus na cálanna san d'fháil amach agus d'iontráil ar an gclár, agus cuirfe sé ar neamh-ní ar an gclár an clárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach, agus leis sin beidh ag an gclárú an éifeacht chéanna a bhíonn ag an gclárú a dintar ar lán-únaer no ar pháirt-únaer fé Acht 1891.

[EN]

Ar scrúdú aon iarratais áirithe, má fachtar nách féidir ach clárú fé theideal mhaoluithe do dhéanamh, féadfar clárú fén dteideal san do dhéanamh.

[EN]

(5) Féadfar rialacha fé Acht 1891 do dhéanamh chun intinn an ailt seo do chur in éifeacht agus isé rud a chialluíonn an focal “orduithe” san alt so ná orduithe leis na rialacha san. Ní bheidh táillí oifige len-íoc as an gcéad chlárú a déanfar ar aon teideal fén alt so.

[EN]

(6) An chomhacht atá ag an gCúirt no ag Coimisiún na Talmhan fé fho-alt (2) d'alt a ceathair déag ar fhichid d'Acht 1891, agus fé fho-alt (3) d'alt a dó den Acht Dlí Thalmhan (Éirinn), 1896, chun earráidí a dineadh i gclárú tailimh do cheartú, agus chun an clár agus an t-ordú dílsiúcháin no an fiat do cheartú más dó leo gur féidir an earráid do cheartú gan díobháil d'éinne, folóidh sí comhacht chun an dá shaghas ceartuithe sin do dhéanamh d'ainneoin díobháil do theacht as do dhuine éigin, ar pé téarmaí agus coiníollacha a chífar don Chuirt no do Choimisiún na Talmhan a bheith cothrom agus beidh cúiteamh sa díobháil sin ar cheann acu más gá é.

[EN]

Combacht chun talamh a tógadh fé Achtanna na nOibrithe do chlárú fé theideal mhaoluithe no shealbhach.

59.—Sa chás gur dineadh aon uair talamh do thógaint fé Achtanna na nOibrithe (Éirinn), 1883 go 1919, déanfidh an t-údarás clárathachta, ar iarratas ar an gcuma orduithe o aon chólucht puiblí a dheabhróidh a bheith i seilbh an tailimh sin, an cólucht puiblí sin do chlárú mar únaerí don talamh san fé theideal shealbhach no mhaoluithe, agus na forálacha den Chuid seo den Acht so a bhaineann le daoine a clárófar amhlaidh fén alt san bainfid le clárú fén alt so.

[EN]

Tar éis bháis d'únaer an talamh a haithdhíoladh leis do thuitim.

60.—D'ainneoin forálacha fo-ailt (6) d'alt a trí den Acht Talmhan Éireannach, 1903, gach talamh a haith-dhíoladh no a haith-dhíolfar ina dhiaidh seo le húnaer an tailimh sin fé fhorálacha an ailt sin, no a haith-dhíolfar le húnaer an tailimh sin fén Acht so beidh sé fé réir na bhforálacha de Chuid IV. d'Acht 1891 a bhaineann le talamh saor-choinneála cláruithe do thuitim chun daoine.

[EN]

Clárú ar únaer ainmnithe.

61.—Sá chás ina ndéanfidh Coimisiún na Talmhan duine d'ainmniú chun bheith in'únaer ar ghabháltas fé sna comhachta a bronntar le fo-alt (1) (c) d'alt a ceathair déag is dachad den Acht Talmhan Éireannach, 1903, clárofar an duine sin mar únaer ar an ngabháltas fé réir pé éilithe agus muirir a bhainfadh le hestát no leas ionadaí pearsanta an únaera mhairbh, agus leis sin féadfidh na daoine eile na bhfuil cál acu chun na ngabháltaisí a iarraidh ar an údarás clárathachta ar an gcuma orduithe a chur fé ndeár go ndéanfar eolas do chur ar a n-éilithe agus iad do chlárú mar mhuirir ar an ngabháltas.

[EN]

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun aith-dhíol sara gclárófar a dteideal.

62.—D'ainneoin aon fhorálacha ina choinnibh sin atá sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, in Achtanna Bhórd na gCeanntar gCumhang (Éirinn), no in Acht 1891, féadfidh Coimisiún na Talmhan aon tailte a dílsíodh ionta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, no mar chomharbaí do Bhórd na gCeanntar gCumhang in Éirinn, féadfid iad d'aith-dhíol gan a bheith cláruithe mar únaerí ortha fé Acht 1891.

[EN]

Má éagann ceannathóir sara ndintar dílsiú ná clárú.

63.—(1) Más rud é, sara bhfeidhmítear ordú dílsiúcháin no fiat, go dtiocfidh an bás ar an duine gurb ann a cialluítear a dílsítear na tailte a luaidhtear san Ordú no sa bhFiat san, ní bheidh an tOrdú no an Fiat san gan brí dá dheascaibh sin, ach beidh sé éifeachtúil chun na tailte sin do dhílsiú, agus tuigfar go raibh sé riamh á ndílsiú, in ionadaí pearsanta an duine sin (tar éis a cheaptha) chun pé úsáidí agus ar pé iontaobhaisí a bheadh gearrtha amach do sna tailte sin dá mbeidís dílsithe sa duine sin díreach roimh bhás do.

[EN]

(2) An chéad chlárú a déanfar ar thalamh 'na bhfuil sé oblagáideach fé Acht 1891 é do chlárú, beidh sé agus tuigfar go raibh sé riamh in' iontráil dleathach ar na tailte a dineadh ar an gclár fén Acht san, agus beidh san amhlaidh d'ainneoin an t-únaer a bheith marbh ar dháta an chéad chláruithe sin agus an té ’na mbeidh teideal aige chun na dtailte ar fháil bháis don únaer sin a fuair bás iontrálfar ar an gclár é mar únaer nuair a hiarriar san ar an údarás clárathachta.

[EN]

CUID V.—GENERALTA.

[EN]

Cosc le cíosanna cúirte do cheapa.

64.—Tar éis rithte an Achta so ní cuirfar ar an liost chun é d'éisteacht ná ní cuirfar ar fíl aon iarratas ná connra chun cíos cúirte do cheapa fé sna hAchtanna Dlí Thalmhan (Éirinn) i gcóir aon ghabháltais.

[EN]

Cosc le fo-roinnt agus le cur ar cíos.

65.—(1) Sa chás ina ndéanfidh Coimisiún na Talmhan roimhíoc, tar éis dáta rithte an Achta so, chun gabháltas no paiste talmhan do cheannach, ní dhéanfidh únaer an ghabháltais no an phaiste talmhan san an céanna d'fho-roinnt ná do chur ar cíos gan cead o Choimisiún na Talmhan agus gach fo-roinnt no cur ar cíos 'na dtabharfar fé contrárdha don bhforáil seo beidh sé gan brí in aghaidh cách agus ar dhéanamh a leithéide dílseoidh an gabháltas no an paiste talmhan i gCoimisiún na Talmhan más maith leo féin é.

[EN]

(2) I gcás aon ghabháltais atá fé aon mhuirir mar gheall ar bhlianacht i bhfabhar do Bhórd na nOibreacha, blianacht a cruthnuíodh do réir Acht na dTiarnaí agus na dTionóntaí, 1870, déanfar ath-ghairm ar oiread den 44adh alt agus den 45adh alt den Acht san agus choisceann aistriú, sana, fo-roinnt no fo-chur ar cíos do dhéanamh, gan cead ón mBórd, ar ghabháltas fé mhuirear den tsórt a luaidhtear sna hailt sin, agus adeir, má sáruítear an cosc san, go gcáinficfar na gabháltaisí chun an Bhúird, agus déanfar ath-ghairm, leis, ar oiread d'alt 2 d'Acht na dTiarnaí agus na d'Tionóntaí (Éirinn), 1872, agus bhaineann le gabháltaisí do dhíol in ionad iad do cháinfice, agus na coisceanna le fo-roinnt agus le cur ar cíos atá i bhfo-alt (1) den alt so bainfid le gach gabháltas den tsórt san fé mar a bheidís sna hAchtanna san de 1870 agus de 1872, ach san ar feadh na haimsire sin amháin 'na mbeidh gan íoc aon chuid den bhlianacht atá de mhuirear ar an ngabháltas san.

[EN]

(3) Sa chás ina ndéanfidh an t-únaer a gabháltas d'fho-roinnt ar feadh tréimhse teoranta mar oiriúnaíocht dá theaghlach no ar aon chúis eile den tsórt san, féadfidh Coimisiún na Talmhan o am go ham, le rialacháin ghenerálta, údarás do thabhairt don údarás clárathachta clárú do dhéanamh ar an té a dhéanfidh éileamh fé aon instruim a dhin an t-únaer agus le n-ar cruthnuíodh an fho-roinnt shealadach san agus tuigfar iad do bheith ag aontú le haon fho-roinnt a cuireadh in éifeacht tré n-a clárú do réir na rialachán san.

[EN]

Gabháltaisí do chur le chéile.

66.—(1) Féadfidh Coimisiún na Talmhan le cead o únaer cláruithe dhá ghabháltas no níos mó, atá fé bhlianachtaí ceannaigh, na gabháltaisí agus na blianachtaí do chur le chéile do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

[EN]

(2) In aon chás ina dtuigtar, do réir fo-alt (3) d'alt 67 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, gurb aon ghabháltas amháin gabháltas atá fé bhlianacht cheannaigh agus roinnt tailimh atá fé mhuirear chuid de bhlianacht cheannaigh eile, tuigfar gurb aon bhlianacht cheannaigh amháin an bhlianacht cheannaigh agus an chuid de bhlianacht cheannaigh eile agus cuirfar le chéile íad do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Airgid.

[EN]

Comhacht chun ionadaí ceannathóra d'ainmniú.

67.—Sa chás gur dhin tionónta gabháltais no go dtuigfar gur dhin sé connra ceannaigh agus, de dheascaibh tionónta d'fháil bháis no do bheith ar iarraidh no ar aon chúis eile, gur deacair a fháil amach cé ann go bhfuil tionóntacht an ghabháltais dílsithe, féadfidh Coimisiún na Talmhan duine d'ainmniú chun bheith in’ ionadaí don tionónta chun crícheanna an díola, agus féadfid an gabháltas do dhílsiú ann dá réir sin, ach an cál a dílseofar amhlaidh beidh sé ina ghreamú ar chál an tionónta agus an ionadaí in ar dílsíodh an gabháltas, agus beidh sé fé réir aon chearta no cothroma a thiocfidh as é do bheith ina ghreamú amhlaidh.

[EN]

Daoine fé mhíchumas.

68.—Gach éinne go dtuigfar, chun crícheanna an Achta so, connra ceannaigh do bheith déanta aige, tuigfar go raibh ar a chumas an connra san do dhéanamh in ainneoin é do bheith fé bhun aoise infheadhma no ina gheilt, no fé aon mhí-chumas eile fé n-a raibh sé.

[EN]

Roimh-íocanna le hiontaobhaithe i gcóir curadóireachta.

69.—(1) Leathanófar forálacha altanna 4 agus 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, agus forálacha alt 18 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, i dtreo go mbeidh curadóireacht ar ní de sna nithe 'na bhféadfar roimh-íocanna do dhéanamh ina gcóir fé sna hailt sin agus beidh sé dleathach don Aire um Thalmhaíocht scéimeanna do leasú agus do chur le chéile chun an churadóireacht do chur ar áireamh na nithe sin.

[EN]

(2) Beidh gan éifeacht pé méid d'alt 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, le n-a n-éilítear forálacha i dtaobh athchomharcanna chun an Lord Lieutenant do chur in aon scéim den tsórt san agus pé méid d'aon scéim le n-a ndintar forálacha i dtaobh athchomharcanna den tsórt san, agus na comhachta eile adeirtar sna hailt sin a bheith infheidhmithe ag an Lord Lieutenant agus ag Roinn na Talmhaíochta isé an tAire um Thalmhaíocht a fheidhmeoidh iad i gcás gach scéime atá ann cheana cho maith le cás roimh-íocanna agus scéimeanna a thiocfidh.

[EN]

(3) Einne ar a ngoillfidh aon ghníomh no faillí a dhin aon iontaobhaithe agus scéim chun úsáide tailimh acu á chur in éifeacht, scéim a cumadh no a ceaduíodh fé alt 20 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, féadfa sé imeachta do bhunú sa Chúirt Chontae, le bille síbhialta cothruim, chun iontaobhaisí na scéime do chur i bhfeidhm, agus leathfidh údarás na Cúirte Contae chun na n-imeachta san in ainneoin luach bliantúil an tailimh fé sna hiontaobhaisí do bheith os cionn deich fichead púnt.

[EN]

(4) Beidh sé dleathach do Chomhairle Chontae-Bhuirge no do Chomhairle Bhaile-Cheanntair no do Choimisinéirí Baile aon phaiste talmhan do cheannach fé alt 4 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, chun aon chríche dá luaidhtear san alt san fé mar a leathnuíodh le fo-alt (1) den alt so é, ach amháin chun crícheanna Achtanna na nOibrithe (Éirinn), 1883 go 1896, agus féadfidh aon Chomhairle no Coimisinéirí Baile den tsórt san gníomhú mar iontaobhaithe chun na gcrícheanna san agus féadfid roimh-íocanna d'fháil chun an ceannach do dhéanamh, agus bainfidh forálacha alt 18 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, le haon cheannach den tsórt san fé mar a bheadh Comhairlí Contae-Bhuirge, Comhairlí Baile-Cheanntair agus Coimisinéirí Baile luaidhte san alt san.

[EN]

Na suimeanna theastóidh chun íoctha na dtráth-choda den bhlianacht cheannaigh a bheidh ar thailte a cheannóidh Comhairle Chontae-Bhuirge no Comhairle Bhaile-Cheanntair fén alt so, is amach as ráta na mbocht a híocfar iad, agus amach as ráta an bhaile i gcás tailte a cheannóidh Coimisinéirí Baile fén alt so.

[EN]

An lá ceaptha.

70.—Chun crícheanna an Achta so isé an lá ceaptha ná pé lá no laethanta a cheapfidh Coimisiún na Talmhan agus féadfar laethanta difriúla do cheapa i gcóir forálacha difriúla agus crícheanna difriúla an Achta so agus i gcóir gabháltaisí difriúla no grúpaí difriúla de ghabháltaisí agus paistí difriúla de thalamh nea-thionóntuithe no grúpaí difriúla de phaistí talmhan nea-thionóntuithe.

[EN]

Caillfidh forálacha áirithe de sheanachtacháin a n-éifeacht.

71.—(1) Tar éis rithte an Achta so, imeoidh an éifeacht as fo-alt (3) d'alt 72 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, agus as fo-alt (1) d'alt 29 agus as fo-alt (3) d'alt 30 den Acht Talmhan Éireannach, 1909, maidir le feabhsuithe a bheidh déanta ag Bord na gCeanntar gCumhang no Coimisiún na Talmhan.

[EN]

(2) Cho fada is théigheann talamh a cheannaigh Coimisiún na Talmhan no Bord na gCeanntar gCumhang fé aon Acht roimh an Acht so, caillfidh forálacha fo-ailt (3) d'alt 36 agus fo-ailt (2) d'alt 72 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, caillfid a n-éifeacht, tar éis rithte an Achta so, sa mhéid go mbainid le híocaíocta ar cuntas ciste fiach-luíoduithe tar éis cúig bliana bheith caithte o am talamh do dhílsiú i gCoimisiún na Talmhan no o am Bord na gCeanntar gCumhang do cheannach talmhan.

[EN]

Comhachta do Bhord na nOibreacha chun blianachtaí do roinnt.

72.—Na comhachta a bronnadh ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (3) d'alt 38 den Acht Dlí Thalmhan (Éirinn), 1896, mar a leathnuíodh é le fo-alt (1) d'alt 67 den Acht Talmhan Éireannach, 1903, comhachta chun blianacht do roinnt no fiachas blianachta do bhaint de chuid de ghabháltas, féadfidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí iad d'fheidhmiú i dtaobh blianachta a cuireadh ina muirear ar ghabháltas in aisíoc roimhíoca a dhin na Coimisinéirí sin chun an gabháltas san do cheannach do réir Acht na dTiarnaí agus na dTionóntaí (Éirinn), 1870.

[EN]

Mínithe.

73.—(1) San Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, isé rud a chialluíonn “connartha ceannaigh déanacha” ná connartha a dhin Coimisiún na Talmhan no a dineadh leo no a tuigtar a dhineadar no a tuigtar a dineadh leo ar dháta rithte an Achta so no dá éis sin:

[EN]

Ach áireofar gur connartha ceannaigh a dineadh roimh dháta rithte an Achta so agus nách connartha ceannaigh déanacha aon chonnartha ceannaigh a déanfar aon uair tar éis do Choimisiún na Talmhan aith-dhíol do dhéanamh ar thalamh a cheannuigh Coimisiún Talmhan na hÉireann no Bord na gCeanntar gCumhang in Éirinn no d'aontuíodar a cheannach, roimh dháta rithte an Achta so.

[EN]

(2) Isé rud a chialluíonn an focal “talamh tionóntuithe” ná talamh ar seilbh fé chonnra tionóntachta nách deontas feirmdhílse, ná léas síor-ionathnuachainte ar feadh saolta no blianta, ná léas ar feadh téarma de bhlianta 'na bhfuil trí fichid no níos mó dhíobh gan caitheamh ar dháta rithte an Achta so, ná cur ar cíos chun innir, chun féaraíochta, no chun curadóireachta go ceann tamaill, no chun áise sealadaí, no i gcóir riachtanais shealadaigh, agus is dá réir sin a léireofar an focal “talamh nea-thionóntuithe”:

[EN]

Ach sa chás gur dhin talamh tionóntuithe, mar a mínítear thuas é, de thalamh de bharr connra tionóntachta nárb athnuachaint ar sheana-thionóntacht agus a dineadh ar an gcéad lá de Mheán Fhomhair naoi gcéad déag a dó fichead, no dá éis sin, ansan—

[EN]

(a) más i gcontae ceanntracha cumhanga don ghabháltas, tuigfar an tionóntacht do bheith gan brí i gcoinnibh Coimisiún na Talmhan má fhaisníonn Coimisiún na Talmhan amhlaidh roimh an lá ceaptha agus dílseoidh an gabháltas i gCoimisiún na Talmhan mar thalamh nea-thionóntuithe agus beidh iníoctha leis an tionónta pé cúiteamh a fhaisneoidh an Coimisinéir Breithiúntais a bheith ag dul do mar gheall ar aon tsuimeanna a chaith sé le feabhsuithe. Le Bannaí Talmhan 4½ per cent. a híocfar an cúiteamh san; agus

[EN]

(b) más in aon áit eile don ghabháltas is mar thalamh tionóntuithe a háireofar an talamh chun críche na bhforálacha san den Acht so le n-a ndílsítear talamh tionóntuithe i gCoimisiún na Talmhan, ach amháin i gcúrsaí a phraghais, ach ní díolfar é fén Acht so leis an tionónta mara ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan gur chuaidh cruthnú na tionóntachta chun leasa don tír. Má dheimhníonn Coimisiún na Talmhan amhlaidh déanfar amach an praghas fé mar a bheadh an talamh ina thalamh thionóntuithe, ach mara ndeimhneoidh Coimisiún na Talmhan amhlaidh déanfar amach an praghas fé mar a bheadh an talamh ina thalamh nea-thionóntuithe.

[EN]

(3) Ciallóidh an focal “na hAchtanna Talamh-Cheannaigh” an ní a chialluíonn sé san Acht Talmhan Éireannach, 1909, ach amháin go bhfolóidh sé, in aon áit ina lomhálann an cóthéacs é, aon Acht a ritheadh in a dhiaidh sin agus atá i bhfeidhm anois agus 'nar ceart, do réir a théarmaí, é do léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus leis an Acht so, agus ciallóidh an focal “na hAchtanna Dlí Thalmhan” agus “Achtanna Bhórd na gCeanntar gCumhang (Éirinn)” an ní a chialluíonn sé san Acht Talmhan Éireannach, 1909.

[EN]

(4) Isé rud a chialluíonn an focal “cumhangracht do leigheas” ná talamh do sholáthar chun furtacht do thabhairt do dhuine no do dhaoine go bhfuil gabháltas no gabháltaisí acu ná tugann slí bheatha dhóibh no do dhuine no do dhaoine gur tógadh a ghabháltas no a ngabháltaisí chun furtacht do thabhairt do dhaoine go bhfuil gabháltaisí acu ná tugann slí bheatha dhóibh.

[EN]

Comhacht don Ard-Chomhairle chun achtacháin d'oiriúnú.

74.—Chun an tAcht so do chur in éifeacht féadfidh an Ard-Chomhairle, le h-Ordú, pé oiriúnuithe is dó leo is riachtanach no is ceart do dhéanamh ar aon achtachán, i dtaobh Ceannach Talmhan in Éirinn, a ritheadh sarar ritheadh an tAcht so, maraon le hoiriúnuithe ar achtacháin a bhaineann le díolacháin éstáití fé mar is gá chun an céanna do chur i mbaint le díolacháin gabháltaisí no paistí de thalamh nea-thionóntuithe.

[EN]

Deire do chur le deacrachtaí.

75.—Má bhaineann aon deacracht le n-a dhéanamh amach cadé an talamh a dílsítear i gCoimisiún na Talmhan de bhua an Achta so, no le héinní eile chun an tAcht so do chur in éifeacht, féadfidh an Ard-Chomhairle, le hOrdú, údarás do thabhairt do Choimisiún na Talmhan chun gach ní do dhéanamh is dó leo is gá no is oiriúnach a dhéanamh chun an tAcht so do chur in éifeacht, agus beidh éifeacht ag aon Ordú den tsórt san fé mar a hachtófaí san Acht so é.

[EN]

Comhacht chun rialacha do dhéanamh.

76.—Féadfidh Coimisiún na Talmhan, tar éis comhairle do ghlaca le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorpruithe na hÉireann, rialacha do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht, agus mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, isé rud a chialluíonn an téarma “orduithe” san Acht so ná orduithe le rialacha a déanfar fén alt so:

[EN]

Ar choinníoll i gcomhnaí go leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, sa mhéid go mbainid le leigheas cumhangrachta, aon Rialacha Cúirte a déanfar chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht, agus má dhineann aon Tigh díobh, laistigh de lá is fiche tar éis na Rialacha Cúirte sin do leaga ar an mbord, rún do rith chun na Rialacha Cúirte sin do chur ar nea-mbrí, beidh na Rialacha Cúirte sin ar nea-mbrí, ach ní dhéanfidh an nea-mbríochaint sin díth dleathachta ná dochar d'aon rud ná éinní a dineadh roimhe sin fé sna Rialacha Cúirte sin.

[EN]

Airgead do sholáthar chun an tAcht so do chur in éifeacht.

77.—Gach airgead a theastóidh o Choimisiún na Talmhan chun a gcomhachta d'fheidhmiú fén Acht so no ar aon tslí eile chun an tAcht so do chur in éifeacht, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas isea a híocfar é, oiread agus cheadóidh an tAire Airgid (ach amháin sa mhéid go bhforáltar go speisialta leis an Acht so a leithéid d'airgead do sholáthar ar a mhalairt de shlí).

[EN]

Ath-ghairmeanna.

78.—Na hAchtanna a luaidhtear sa dara sceideal don Acht so ath-ghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den sceideal san.

[EN]

Gearr-Theideal agus Léiriú.

79.—Féadfar an tAcht Talmhan, 1923, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna Dlí Thalmhan, na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus Achtanna Bhord na gCeanntar gCumhang (Éirinn), agus féadfar é do luadh i dteannta na nAcht san.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

RIAIL-BHLIANACHT CHEANNAIGH.

CUID I.

Gabháltaisí fé Chíosanna Cúirte.

I gcás gach gabháltais isé méid a bheidh sa riail-bhlianacht cheannaigh ná méid is ionann agus oiread áirithe fén gcéad den chíos chúirte is iníoctha ar an ngabháltas, eadhon,

(a) i gcás cíosanna a socruíodh roimh 16adh Lúnasa, 1911

65 per cent.

(b) i gcás cíosanna a socruíodh tar éis an 15adh Lúnasa, 1911

70 per cent.

Acht i gcás gabháltais atá fé chíos cúirte a socruíodh tré réiteach nuair a cuireadh thar n-ais ann tionónta a caitheadh amach as no gur caitheadh amach as an té a bhí i dteideal roimhe, déanfar, ar a iarraidh sin don tiarna talmhan no don tionónta laistigh den aimsir orduithe agus ar an gcuma orduithe, déanfar an riail-bhlianacht cheannaigh do shocrú do réir forálacha Chuid II. den sceideal so fé is dá mba nár chíos cúirte an cíos.

CUID II.

Gabháltaisí fé chíosanna nách Cíosanna Cúirte.

1. I gcás gach gabháltais le n-a mbaineann an chuid seo den sceideal so isé méid a bheidh sa riail-bhlianacht cheannaigh ná—

(a) an méid ar a réiteofar má réitíonn an tiarna talmhan agus an tionónta ina thaobh ar an slí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe; agus

(b) mara réiteoidh an tiarna talmhan agus an tionónta ina thaobh, pé méid a shocróidh Coimisiún na Talmhan (ach gan an Coimisinéir Breithiúntais d'áireamh ortha) ach go bhféadfar athchomharc do dhéanamh chun an Choimisineura Bhreithiúntais ina choinnibh agus ní bheidh dul thar a bhreith sin.

2. Socróidh Coimisiún na Talmhan an bhlianacht ar thuairisc a gCigire agus gan an chúis d'éisteacht i gCúirt, agus tabharfid aire do chineál agus do shuidheamh an ghabháltais, don dáta ar ar thosnaigh an tionóntacht, don chíos is iníoctha fén tionóntacht, agus do gach ní a bhaineann leis an gcás.

3. Baineann an chuid seo den sceideal so le gach gabháltas (a) atá, ar dháta rithte an Achta so, fé chíos nách cíos cúirte agus (b) atá no a bheidh dílsithe, mar thalamh thionóntuithe, i gCoimisiún na Talmhan fén Acht so.

AN DARA SCEIDEAL.

Siosón agus Caibideal.

Gearr-Theideal.

Méid na hAth-ghairmo.

54 & 55 Vic. C. 48

An tAcht um Cheannach Talmhan (Éirinn), 1891.

Alt 37, fo-alt (3)

3 Ed. VII. C. 23

Acht Deontas Fássaothrúchán na hÉireann, 1903.

An tAcht go léir.

3 Ed. VII. C. 37

An tAcht Talmhan Éireannach, 1903.

Alt 49, na focail “or any purchaser from them.”

Alt 53.

Alt 54, fo-alt (1) (c) na focail “or vested in more than one person,” agus

fo-altanna (2), (3) agus (4).

Alt 56, fo-alt (3).

6 Ed. VII. C. 37

Acht na nOibrithe (Éirinn), 1906.

Alt 19. O sna focail “Provided that” go deire an Ailt.

7 Ed. VII. C. 38

An tAcht Talmhan Éireannach, 1907.

Alt 2.

7 Ed. VII. C. 56

Acht na dTionóntaí Dísheilbhithe (Éirinn), 1907.

Alt 3.

9 Ed. VII. C. 42

An tAcht Talmhan Éireannach, 1909.

Alt 16, fo-alt (1).