[EN]

Uimhir 42 de 1925.


[EN]

ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ, 1925.


ACHT CHUN CUR-AR-ATHLÓ GO dTÍ AN BHLIAIN 1928 DO DHÉANAMH AR NA CÉAD TOGHACHÁIN REACHTÚLA EILE CHUN CÓLUCHTAÍ ÁITIÚLA GUR DINEADH INA dTAOBH, LEIS AN ACHT CHUN TOGHACHÁIN ÁITIÚLA DO CHUR AR ATH-LÓ, 1922, NO FÉ, DO RÉIR MAR A LEASUÍODH É LE REACHTÚCHÁN INA DHIAIDH SIN, NA TOGHACHÁIN REACHTÚLA DEIRIDH DO CHUR AR ATH-LÓ, AGUS CHUN SOCRUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH DE BHARR AN CHUR-AR-ATHLÓ SAN. [29adh Mí na Nodlag, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :— [EN]

Cé leis go mbaineann an tAcht so.

1.—Baineann an tAcht so le gach comhairle, bord coimisinéirí, bord caomhnóirí, no cólucht áitiúil eile gur cuireadh toghachán reachtúil a mball ar ath-ló leis an Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 (Uimh. 4 de 1922), no fén Acht san, mar a leasuíodh le reachtúchán ina dhiaidh sin é.

[EN]

Toghacháin do bhí le bheith ann i 1926 do chur ar ath-ló.

2.—Cuirtar ar ath-ló leis seo go dtí an bhliain 1928 gach toghachán reachtúil do bhaill de chólucht áitiúil le n-a mbaineann an tAcht so agus a comórfí sa bhliain 1926 mara mbeadh an tAcht so.

[EN]

Aireamh tréimhsí oifige no ama.

3.—Athghairmtear leis seo alt 7 den Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922 (Uimh. 4 de 1922) agus ina ionad san, maidir le gach tréimhse oifige no tréimhse eile ama (lasmuich de thréimhsí a bhaineann leis an gcéad chruinniú tar éis toghacháin reachtúla) is gá, do réir dlí, a áireamh o dháta no tré dhul siar go dtí dáta toghacháin reachtúla a cuireadh ar ath-ló leis an Acht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1922, no fén Acht san, mar a leasuíodh le reachtúchán ina dhiaidh sin é, achtuítear leis seo, i gcás gach cóluchta áitiúla le n-a mbaineann an tAcht so, gur ón dáta ar ar comóradh an toghachán san a háireofar an tréimhse sin agus nách ón dáta ar a gcomórfí an toghachán san dá mba ná rithfí an tAcht san.

[EN]

Toghacháin mhéaraí buirgí.

4.—(1) I rith na tréimhse o am rithte an Achta so go dtí go gcomórfar na toghacháin reachtúla a cuirtar ar ath-ló leis an Acht so, ní bhainfidh fo-ailt (10) agus (11) d'alt 94 den Local Government (Ireland) Act, 1898, le comhairle bhuirge le n-a mbaineann an tAcht so, agus in ionad na bhfo-alt san bainfidh na forálacha so a leanas den alt so le gach comhairle den tsórt san ar feadh na tréimhse sin.

[EN]

(2) Comórfar cruinniú cinn ráithe de gach comhairle den tsórt san um nóin gach 30adh lá de Mheitheamh i rith na tréimhse sin agus fós pé uair ar pé trí laetheanta eile roimh an 15adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin a shocróidh an chomhairle ag an gcruinniú cinn ráithe an 30adh lá de Mheitheamh.

[EN]

(3) Sé céad ghnó a déanfar ag gach cruinniú cinn ráithe den tsórt san an 30adh lá de Mheitheamh ná an méara do thogha, agus an méara a bheidh le dul as oifig imeoidh sé as oifig agus tiocfidh an méara nua-thofa in oifig an 30adh lá san de Mheitheamh no chó luath ina dhiaidh sin agus dhéanfidh an méara nua-thofa faisnéis ag glaca na hoifige.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—Féadfar an tAcht chun Toghacháin Áitiúla do chur ar Ath-ló, 1925, do ghairm den Acht so.