[EN]

Uimhir 42 de 1959


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1959.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CÁIN IONCAIM (LENA nÁIRÍTEAR FORCHÁIN). [22 Nollaig, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

1.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna Cánach Ioncaim agus an tAcht seo a léamh agus a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

[EN]

Tosach feidhme Coda III.

2.—Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1960.

CUID II.

Cáin Ioncaim i leith Díolaíochtaí áirithe.

[EN]

Léiriú (Cuid II).

3.—Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus folaíonn tagairtí do dhíolaíochtaí a íoc tagairtí d'íocaíochtaí ar cuntas díolaíochtaí ;

[EN]

ciallaíonn “fostaí” aon duine a fhaigheann díolaíochtaí ;

[EN]

ciallaíonn “fostóir” aon duine a íocann díolaíochtaí ;

[EN]

ciallaíonn “cárta asbhainte cánach” cárta asbhainte cánach san fhoirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé doiciméad eile ar comhréir le cárta asbhainte cánach a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim in aon chás áirithe ;

[EN]

ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dár tosach an 6ú lá d'aon mhí ó Aibreán go Márta (agus an dá mhí sin a áireamh) in aon bhliain mheasúnachta.

[EN]

Feidhm.

4.—Baineann an Chuid seo den Acht seo le gach saghas díolaíochtaí ach amháin díolaíochtaí—

[EN]

(a) is díolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht d'aon aicme ar de chineál í gur tharla, maidir leis an mbliain 1958-59, go raibh cáin ar dhíolaíochtaí ó oifig nó fostaíocht den aicme sin inasbhainte, nó gur measadh cáin den sórt sin a bheith inasbhainte, as na díolaíochtaí faoi aon Riail, seachas Riail 7, de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E,

[EN]

(b) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fhostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht agus nach so-oibrithe, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim ag féachaint do chúinsí na hoifige nó na fostaíochta, cáin a bhaint astu faoi threoir forálacha an Achta seo, nó

[EN]

(c) díolaíochtaí ar chuir na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fhostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht de chuid duine i gcúrsa trádála, ceirde nó gairme agus atá curtha, nó le cur, i gcuntas le linn brabúis nó gnóchan na trádála, na ceirde nó na gairme sin a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim.

[EN]

Foras ríofa agus modh bailithe cánach ioncaim ar dhíolaíochtaí airithe.

5.—(1) Déanfar cáin ioncaim in aghaidh na bliana 1960-61 nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo a ríomh ar mhéid na ndíolaíochtaí sin in aghaidh na bliana agus ní ar shlí eile.

[EN]

(2) Nuair a dhéanfar, i rith na bliana 1960-61 nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin, aon íoc ar scór aon díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, déanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-íoc cáin ioncaim a asbhaint nó a aisíoc faoi réir na Coda seo den Acht seo agus faoi réim agus de réir na rialachán faoin gcéanna d'ainneoin—

[EN]

(a) nach mbeidh an cháin forchurtha in aghaidh na bliana nó nach mbeidh aon mheasúnacht déanta i leith na ndíolaíochtaí nuair a dhéanfar an t-íoc, nó

[EN]

(b) gurb éard iad na díolaíochtaí, go hiomlán nó go páirteach, díolaíochtaí in aghaidh bliana measúnachta éigin (lena n-áirítear bliain roimh an mbliain 1960-61) seachas an bhliain mheasúnachta a dhéanfar an t-íoc.

[EN]

Rialacháin.

6.—(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin i dtaobh cáin ioncaim i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú, is cáin ioncaim in aghaidh na bliana 1960-61 nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin nó is cáin in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin a bheidh gan íoc agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ar seo roimhe seo, feadfaidh foráil a bheith sna rialacháin sin—

[EN]

(a) chun a cheangal ar aon fhostóir a dhéanfaidh aon íoc ar scór díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo cáin, arna ríomh faoi threoir an ráta cánach ioncaim in aghaidh na bliana agus aon liúntas, asbhaintí agus faoiseamh is iomchuí i gcás an fhostaí mar léireofar sin ó na sonraí a bheidh ar an gcárta asbhainte cánach a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith an fhostaí, a asbhaint nó a aisíoc nuair a dhéanfaidh sé an t-íoc, agus chun daoine ar a mbeidh de cheangal aon asbhaint nó aisíoc den sórt sin a dhéanamh a chur faoi fhreagracht, i gcás asbhainte (cibé acu a bheidh sé déanta nó nach mbeidh), cuntas a thabhairt i méid na cánach do na Coimisinéirí Ioncaim agus an méid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, i gcás aisíoca, teideal a thabhairt dóibh, má bhítear tar éis é a dhéanamh, go ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é a íoc leo nó creidmheas a thabhairt dóibh ann ;

[EN]

(b) go dtabharfar ar aird do dhaoine, agus go n-iniúchfaidh daoine, a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim pá-leatháin agus doiciméid agus taifid eile chun a dheimhniú dóibh féin go bhfuil cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo asbhainte nó aisíoctha nó á hasbhaint nó á haisíoc go cuí agus go bhfuil cuntas tugtha nó á thabhairt inti go cuí ;

[EN]

(c) chun cáin i leith díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus nár asbhaineadh nó nár gnóth aíodh ar shlí eile i rith na bliana a bhailiú agus a ghnóthú, cibé acu trí asbhaint ó dhíolaíochtaí a íocfar in aon bhliain ina dhiaidh sin nó ar shlí eile é ;

[EN]

(d) i dtaobh achomharc maidir le hábhair a éireoidh faoi na rialacháin agus nárbh ábhar achomhairc ar shlí eile ;

[EN]

(e) chun cáin de réir an ráta chaighdeánaigh a asbhaint sna cásanna nó sna haicmí cásanna sin dá bhforálfar leis na rialacháin ;

[EN]

(f) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar sna rialacháin gur fostóir den sórt sin é ;

[EN]

(g) chun a cheangal ar gach fostóir a bheidh ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus a rachaidh thar na teorainneacha a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo clár dá fhostaithe a choimeád agus a chothabháil i cibé slí a shonrófar sna rialacháin, agus, ar na Coimisinéirí Ioncaim dá cheangal sin air trí fhógra, an clár a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra ;

[EN]

(h) chun daoine nach fostóirí a áireamh mar fhostóirí i cibé cásanna nó aicmí de chásanna dá bhforálfar leis na rialacháin.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag rialacháin faoin alt seo d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach ní dhéanfaidh siad difir d'aon cheart achomhairc a bheadh ag duine ar leith ó na rialacháin.

[EN]

(3) (a) Ullmhófar cártaí asbhainte cánach chun a áirithiú, a oiread agus is inoibrithe sin—

[EN]

(i) go ndéanfar an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana measúnachta i leith aon díolaíochtaí a asbhaint as na díolaíochtaí a íocfar i rith na bliana sin, agus

[EN]

(ii) gur cáin í an cháin is inasbhainte nó is inaisíoctha nuair a dhéanfar aon íoc ar scór díolaíochtaí go mbeidh an chomhréir chéanna idir an cháin ghlan iomlán a bheifear tar éis a asbhaint ó thús na bliana measúnachta agus an cháin iomlán is iníoctha in aghaidh na bliana sin agus a bheidh idir an chuid sin den bhliain dar críoch dáta an íoca agus an bliain iomlán.

[EN]

(b) I mír (a) den fho-alt seo—

[EN]

forléireofar aon tagairt don cháin iomlán is iníoctha in aghaidh bliana mar thagairt don cháin iomlán (gan forcháin a áireamh) a mheasfar a bheith iníoctha in aghaidh na bliana i leith na ndíolaíochtaí, faoi réir asbhainte sealadaí i leith liúntas agus faoiseamh agus, freisin, más gá, faoi réir suim a chur leis an méid measta sin (lena n-áirítear nialas) i leith méideanna a bheidh gan íoc ar chuntas cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin (lena n-áirítear aon bhliain roimh an mbliain 1960-61) agus asbhaint a dhéanamh as i leith suimeanna a ró-íocadh ar cuntas aon chánach ioncaim den sórt sin ;

[EN]

déanfar an tagairt don cháin ghlan iomlán a asbhainfear a fhorléiriú mar thagairt don cháin iomlán a asbhainfear i rith na bliana de bhua rialachán a dhéanfar faoin alt seo, lúide aon cháin a aisíocfar de bhua aon rialachán den sórt sin.

[EN]

(c) Nuair a bheidh aon mheastachán á dhéanamh de bhun mír (b) den fho-alt seo, féadfar a ghlacadh, maidir le haon íoc ar scór díolaíochtaí, go bhfuil an chomhréir chéanna idir na díolaíochtaí a bheidh sa chuid den bhliain mheasúnachta dar críoch an dáta a dhéanfar an t-íoc agus na díolaíochtaí in aghaidh na bliana sin go léir atá idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain iomlán.

[EN]

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile den alt seo, féadfar, nuair a dhéanfar méid i leith liúntas, asbhaintí agus faoiseamh a lua ar chárta asbhainte cánach, an méid a mhéadú go dtí méid oiriúnach is mó ná sin agus é a lua dá réir sin, agus, maidir le méid na cánach nach n-asbhainfear an bhlíain mheasúnachta de thoradh an lua sin, déanfar, i mbliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, an coigeartú is iomchuí chun é a ghnóthú.

[EN]

(5) (a) Is iad na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna (f) agus (g) d'fho-alt (1) den alt seo díolaíochtaí de réir ráta is ionann agus £6 sa tseachtain, nó i gcás fostaí a bhfuil fostaíocht eile aige, £1 sa tseachtain.

[EN]

(b) I gcás fostaithe a íoctar in aghaidh na míosa nó in aghaidh tréimhsí is sia ná mí, déileálfar leis na tagairtí i mír (a) den fho-alt seo do ráta £6 sa tseachtain agus do ráta £1 sa tseachtain mar thagairtí do ráta £26 sa mhí agus do ráta £4 10s. sa mhí faoi seach.

[EN]

(6) Nuair a bheidh asbhaint le déanamh aon bhliain mheasúnachta as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo ar scór cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1960-61, ní dhéanfaidh an fostóir, an bhliain chéadluaite sin, aon aisíoc cánach ioncaim de bhun rialachán faoin alt seo.

[EN]

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Pionóis.

7.—(1) Má fhágann aon duine gan comhlíonadh aon fhoráil i rialacháin faoin Acht seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach, nó aon phá-leatháin nó taifid nó doiciméid eile a thabhairt ar aird, dlífear pionós fiche punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamchomhlíonaidh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

[EN]

(2) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí dlí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) ina bhfágfaidh aon duine gan comhlíonadh aon fhoráil i rialachain faoin Acht seo a cheanglaíonn air aon tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a chur isteach,

[EN]

(b) ina gceanglaíonn an fhoráil comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

[EN]

(c) go leanfaidh an duine sin ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó gan an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin a chur isteach,

[EN]

measfar, chun críocha fo-alt (1) den alt seo, gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach amháin an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.

[EN]

(4) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú—

[EN]

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas ón gcosantóir tuairisceán, ráiteas, fógra nó deimhniú a shonrófar i rith tréimhse a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár chuir an cosantóir an tuairisceán, an ráiteas, an fógra nó an deimhniú sin isteach i rith na tréimhse sin,

[EN]

(b) Beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur cuireadh tuairisceán nó doiciméad eile chun an chosantóra lá a shonrófar ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an tuairisceán nó an doiciméad eile sin sa ghnáth-chúrsa,

[EN]

(c) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear dó i mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Us.

8.—I gcás nach ndéanfar aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCuid seo den Acht seo agus aon rialacháin faoin gCuid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim a íoc amhlaidh, íocfaidh an fostóir ús simplí ar an méid leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ríomhfar an t-ús sin ó dheireadh na tréimhse a shonrófar sna rialacháin chun an méid a íoc agus de réir aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí a bheidh an méid gan íoc.

[EN]

Ioc trí stampaí.

9.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh á chumasú d'fhostóir a mbeidh de cheangal air cáin a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo an cháin is inasbhainte a íoc, faoi réir údarás a bheith aige de thuras na huaire ó na Coimisinéirí Ioncaim sin a dhéanamh, trí stampaí a ghreamóidh an fostóir a dhéanfaidh an asbhaint de stampaleabhair a sholáthróidh na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(2) I gcás ina dtabharfar údarás mar adúradh chun íoc a dhéanamh trí stampaí, ní bheidh de cheangal ar an bhfostóir cáin a aisíoc a asbhaineadh roimhe sin as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus a tuilleadh i bhfostaíocht faoi féin nó i bhfostaíocht roimhe sin.

[EN]

(3) Na tagairtí atá in alt 6 den Acht seo do chártaí asbhainte cánach glacfar leo, maidir le cásanna ina n-údaraítear mar adúradh stampa-leabhair a úsáid, mar thagairtí do na leabhair sin.

[EN]

(4) In aon chás ina dtarlóidh, maidir le stampa-leabhar a gceanglaítear le rialacháin faoin alt seo é a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim i rith tréimhse áirithe, nach gcuirfear chucu amhlaidh é, nó, má chuirtear, nach mbeidh dóthain stampaí air, déanfar an cháin nó an iarmhéid cánach (de réir mar a bheidh) arb é modh a híoctha stampaí a ghreamú den leabhar, a áireamh, chun críocha alt 8 agus alt 11 den Acht seo, mar cháin a bhfuil an fostóir faoi dhliteanas ina leith faoi threoir na míosa nó na míonna cánach ioncaim iomchuí, agus ús faoin alt sin 8 a ríomh amhail ó dheireadh na tréimhse sin.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag forálacha (lena n-áirítear pian-fhorálacha) an Stamp Duties Management Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, maidir le stampaí dá dtagraítear san alt seo.

[EN]

(6) Ach amháin maidir leis na hábhair áirithe dá ndéanfaidh siad foráil, ní dhéanfaidh rialacháin faoin alt seo difir d'oibriú aon rialachán faoi alt 6 den Acht seo.

[EN]

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Muirear i leith cánach i gcás méaduithe áirithe.

10.—(1) I gcás—

[EN]

(a) oifig nó fostaíocht a bheith ag duine sa bhliain 1959-60 i gcúinsí go bhfuil na díolaíochtaí ón oifig nó ón bhfostaíocht sin inmheasúnaithe faoi threoir méid na ndíolaíochtaí sin in aghaidh na bliana 1958-59, agus

[EN]

(b) gur mó díolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta sin in aghaidh na bliana 1959-60 ná díolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta sin in aghaidh na bliana 1958-59,

[EN]

ansin, faoi réir fo-alt (2) den alt seo, déanfar méid na breise a chur leis an ioncam ón oifig nó ón bhfostaíocht arna ríomh chun críocha cánach ioncaim in aghaidh na bliana 1959-60, agus a mhuirearú i leith cánach (lena n-áirítear forcháin) dá réir sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon bhreis—

[EN]

(a) ó ardú céime sa ghnáth-chúrsa,

[EN]

(b) ó ghnáth-oibriú scála bhreisithigh díolaíochtaí,

[EN]

(c) ó ragobair ar íocadh aisti de réir gnáth-rátaí, ná le haon ghnáth-bhreis eile dá samhail sin.

[EN]

Gnóthú.

1918, c. 40.

1923, Uimh. 21.

1924, Uimh. 27.

1958, Uimh. 25.

11.—(1) (a) Na forálacha d'aon achtachán a bhaineann le cáin ioncaim a muirearaíodh faoi Sceideal E a ghnóthú beidh feidhm acu maidir le gnóthú aon mhéid cánach a dhlífidh fostóir faoin gCuid seo den Acht seo agus aon rialacháin faoi gCuid sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim amhail is dá mbeadh an méid sin arna mhuirearú ar an bhfostóir faoi Sceideal E.

[EN]

(b) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht mír (a) den fho-alt seo, tugann an fo-alt sin feidhm d'fhorálacha alt 162 den Income Tax Act, 1918, alt 7 den Acht Airgid, 1923, ailt 11 agus 38 den Acht Airgid, 1924, agus alt 54 den Acht Airgeadais, 1958.

[EN]

(c) Beidh feidhm ag forálacha, mar a thugtar feidhm dóibh leis an bhfo-alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe a shonrófar le rialacháin faoi alt 6 den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar imeachtaí a bhunú chun an méid iomlán a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar adúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim áirithe gan na méideanna a dhlífidh sé a íoc a shonrú trí gach fostaí a lua agus gan na fostaithe lena mbainfidh a shonrú, agus chun críocha na n-imeachtaí is aon chás caingin aonair amháin nó aon ábhar gearáin amháin an méid iomlán sin; ach ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo imeachtaí faoi leith a bhunú chun gach méid de na méideanna faoi seach a ghnóthú a dhlífidh an fostóir a íoc mar adúradh faoi threoir aon mhíosa cánach ioncaim agus a fhostaithe faoi seach.

[EN]

(3) In imeachtaí a bhunófar de bhua an ailt seo chun aon mhéid cánach a ghnóthú—

[EN]

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go bhfuil méid sonraithe cánach dlite ón gcosantóir agus iníoctha aige ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, air sin a bheith dlite agus iníoctha amhlaidh, agus

[EN]

(b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar adúradh agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalart, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(4) Aon tagairt atá sna fo-ailt roimhe seo den alt seo do mhéid cánach folaíonn sí tagairt d'ús is iníoctha sa chás a bheidh i gceist faoi alt 8 den Acht seo.

[EN]

Tosaíocht i gcás féimheachta, etc.,

1889, c. 60.

1908, c. 69.

12.—(1) Aireofar ar na fiacha a mbeidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, tosaíocht íoca acu ar na fiacha eile go léir agus maoin féimhigh, féichiúnaí chomhshocraíochta, nó dhuine d'éag agus é dócmhainneach á ndáileadh, an méid a bheidh gan íoc de dhliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí déag díreach roimh an dáta a rinneadh ordú breithnithe an fhéimhigh, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an fhéichiúnaigh, nó, de réir mar a bheidh, a d'éag an duine agus é dócmhainneach.

[EN]

(2) Aireofar ar na fiacha a mbeidh, faoi alt 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908, tosaíocht íoca acu ar na fiacha eile go léir agus cuideachta á foirceannadh, an méid a bheidh gan íoc de dhliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí déag díreach roimh an dáta a thosófar ar an bhfoirceannadh nó dáta an ordaithe fhoirceannaidh, de réir mar bheidh.

[EN]

(3) I gcás ina gceapfar glacadóir thar ceann sealbhóirí aon bhintiúr i gcuideachta a bheidh urraithe le muirear foluaineach, nó go nglacfaidh na sealbhóirí bintiúr sin seilbh, nó go nglacfar seilbh thar a gceann, ar aon mhaoin a bheidh sa mhuirear nó faoi réir an mhuirir, áireofar ar na fiacha a mbeidh, faoi ailt 107 agus 209 den Companies (Consolidation) Act, 1908, tosaíocht íoca acu ar aon éileamh ar phríomhshuim nó ús i leith bintiúr, an méid a bheidh gan íoc de dhliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí déag díreach roimh an dáta a cheapfar an glacadóir nó a ghlacfar seilbh mar adúradh, de réir mar bheidh.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “dliteanas an fhostóra in aghaidh na tréimhse dhá mhí déag” na suimeanna uile a dhligh fostóir faoin Acht seo agus faoi aon rialacháin faoin Acht seo a asbhaint as díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo agus a d'íoc sé i rith na tréimhse dhá mhí déag a luaitear san alt seo arna laghdú d'aon mhéideanna a dhligh sé faoin Acht seo agus faoi aon rialacháin faoin Acht seo a aisíoc i rith na tréimhse céanna agus faoi réir an t-ús is iníoctha faoi alt 8 den Acht seo a chur leo.

[EN]

Forálacha forlíontacha.

1921, c. 32.

1958, Uimh. 25.

1954, Uimh. 22.

13.—(1) Ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal E in aghaidh na bliana 1960-61 ná aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin a dhéanamh maidir le díolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo ach amháin i gcás—

[EN]

(a) ina n-éileoidh an duine is inmheasúnaithe, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire cánach laistigh de chúig bliana ó dheireadh na bliana measúnachta, go ndéanfar measúnacht,

[EN]

(b) nach ionann méid na ndíolaíochtaí a íocfar an bhliain mheasúnachta agus méid na ndíolaíochtaí a mbeidh sé le meas gurb iad na díolaíochtaí iad in aghaidh na bliana sin, nó

[EN]

(c) a mbeidh cúis ann lena cheapadh go mbeadh na díolaíochtaí, dá ndéanfaí iad a mheasúnú, le cur i gcuntas agus ríomh á dhéanamh ar ioncam iomlán dhuine chun críocha forchánach, a dhlífidh forcháin a íoc nó a dhlífeadh forcháin a íoc dá ndéanfaí measúnacht i leith na ndíolaíochtaí.

[EN]

(2) Maidir leis an mbliain 1960-61 agus gach bliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 32 den Finance Act, 1921, amhail agus dá gcuirfí “Schedule E” in ionad “Case VI of Schedule D”.

[EN]

(3) I gcás ina n-íocfaidh fostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim aon mhéid cánach a d'asbhain sé as díolaíochtaí de bhun na Coda seo den Acht seo agus aon rialachán faoin gCuid sin, beidh sé saor, urscaoilte ón tsuim is ionann agus an íocaíocht amhail is dá mbeadh sé tar éis an tsuim sin a íoc iarbhír leis an bhfostaí.

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm maidir leis an mbliain 1960-61 ná le haon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin ag Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E.

[EN]

Forálacha speisialta don bhliain 1960-61.

14.—(1) Aon rialacháin faoin gCuid seo den Acht seo—

[EN]

(a) ní cheanglóidh siad asbhaint chánach ná aisíoc cánach a dhéanamh nuair a íocfar díolaíochtaí a íocfar roimh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, agus

[EN]

(b) maidir le hasbhaintí agus aisíoca cánach a bheidh le déanamh nuair a íocfar díolaíochtaí a íocfar i rith na tréimhse dar tosach an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1961, beidh forálacha iontu chun a áirithiú, nuair a bheidh meas á dhéanamh chun críocha fo-alt (3) d'alt 6 den Acht seo, ar an gcáin iomlán is iníoctha i leith díolaíochtaí in aghaidh na bliana 1960-61, go dtabharfar aird ar na forálacha ina dhiaidh seo den fho-alt seo.

[EN]

(2) (a) Baineann an fo-alt seo—

[EN]

(i) le haon duine a bheidh ag fáil díolaíochtaí in imeacht na bliana 1960-61 go léir, agus

[EN]

(ii) le haon duine eile a bheidh ag fáil díolaíochtaí in imeacht na bliana 1960-61, ar choinníoll go mbeidh sa chuid den bhliain sin a bhfaighidh sé díolaíochtaí ina haghaidh (lena n-áirítear cuid ar tréimhsí neamhleanúnacha í) seasca lá nó níos mó sa chéad sé mhí den bhliain sin agus seasca lá nó níos mó sa sé mhí dheiridh di.

[EN]

(b) Ní hiníoctha, i gcás duine lena mbaineann an fo-alt seo, leath na glan-chánach in aghaidh na bliana 1960-61 is inchurtha i leith na ndíolaíochtaí.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir leis an gcuid sin, más aon chuid é, de na díolaíochtaí a bheadh, dá mba dhíolaíochtaí iad in aghaidh na bliana 1959-60 agus go mbeadh na cúinsí mar a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 10 den Acht seo, le cur, faoin alt sin, leis an ioncam a ríomhfar chun críocha cánach in aghaidh na bliana 1959-60.

[EN]

(4) (a) Chun críocha fo-alt (2) den alt seo, measfar gurb í an cháin ghlan is inchurtha i leith díolaíochtaí an méid cánach dob iníoctha ag an duine in aghaidh na bliana 1960-61 dá mba rud é—

[EN]

(i) gurb é a aon-ioncam méid iomlán na ndíolaíochtaí ó gach foinse, arna ríomh de réir mír (b) den fho-alt seo,

[EN]

(ii) gur deonaíodh dó na faoisimh phearsanta uile a mbeadh teideal aige chucu ar iad a éileamh go cuí, agus

[EN]

(iii) nach raibh aon asbhaint le déanamh as na díolaíochtaí arna ríomh mar adurádh, nuair a bhí a ioncam iomlán á ríomh.

[EN]

Sa mhír seo, tá an bhrí chéanna le “faoisimh phearsanta” atá leis in alt 9 den Acht Airgeadais, 1958, faoi réir áireamh a dhéanamh freisin ar aon fhaoiseamh faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1954, ar aon asbhaint faoi Riail 9 den na Rialacha is infheidh mithe maidir le Sceideal E agus ar aon asbhaint i leith caithimh agus cuimilte nó seanórthachta aon inneallra nó gléasra is inlamháilte faoi Riail 6 nó 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

[EN]

(b) Nuair a bheidh méid iomlán na ndíolaíochtaí ó gach foinse déanta amach, déanfar, chun críocha mír (a) den fho-alt seo, an t-iomlán sin a laghdú de mhéid aon asbhaintí i leith íocaíochtaí a rinne an duine nó a bhanchéile nó i leith caillteanas, is asbhaintí a bheidh le déanamh as na díolaíochtaí nuair a bheifear ag ríomh ioncaim iomláin an duine in aghaidh na bliana 1960-61, agus déanfar, chun na críche sin, aon asbhaintí a bheidh le déanamh nuair a bheifear ag ríomh an ioncaim iomláin, agus ar féidir a n-áireamh mar asbhaintí a rinneadh go hiomlán nó go páirteach as ioncam seachas na díolaíochtaí, a áireamh, an oiread agus is féidir, mar asbhaintí a bheidh le déanamh as an ioncam eile sin.

[EN]

(5) I gcás ina dtarlóidh, de bhun iarratais faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta, go mbeidh fearchéile agus banchéile araon inmhuirir i leith díolaíochtaí, déanfar an cháin ghlan is inchurtha i leith díolaíochtaí an fhearchéile agus an bhanchéile faoi seach a ríomh, chun críocha fo-alt (4) den alt seo, de réir fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1958, ach is é an faoiseamh iomlán ó cháin a thabharfar don fhearchéile agus don bhanchéile faoin alt seo an faoiseamh céanna a thabharfaí dá mbeifí gan an t-iarratas faoin Riail sin 17 a dhéanamh agus measfar go bhfolaíonn gach ceann de na tagairtí d'fhaoiseamh i bhfo-alt (3) den alt sin 9 tagairt d'fhaoiseamh faoin alt seo.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

forléireofar aon tagairt do dhíolaíochtaí mar thagairt do dhíolaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo ;

[EN]

forléireofar aon tagairt do cháin mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt d'fhorcháin.

CUID III.

Leasuithe Ginearálta.

[EN]

Liúntas pearsanta.

1920, c. 18.

15.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, trí “a deduction of three hundred and ninety-four pounds” a chur in ionad “a deduction of three hundred and ten pounds” agus “a deduction of two hundred and thirty-four pounds” a chur in ionad “a deduction of one hundred and fifty pounds”.

[EN]

(2) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag an éilitheoir chun laghdú dhá chéad tríocha is ceithre phunt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnachta, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte dhá chéad caoga is naoi bpunt in ionad na hasbhainte dhá chéad tríocha is ceithre phunt sin.

[EN]

(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 18 den Finance Act, 1920, a leasú trí “three-fourths” a chur in ionad “nine-tenths”.

[EN]

Liúntas ioncaim thuillte.

1951, Uimh. 15.

1952, Uimh. 14.

16.—(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920 ;

[EN]

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purposes of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the Income Tax Acts of a sum equal to one-fourth of that income, but not exceeding, in the case of any individual, the sum of four hundred and fifty pounds.”

[EN]

(2) Forléireofar alt 4 den Acht Airgeadais, 1951, agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí tagairt d'fho-alt (1) den alt seo isteach i bhfo-alt (2) in ionad na tagairte d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgeadais, 1952.

[EN]

Préimheanna árachais shaoil, etc.

1953, Uimh. 21.

1958, Uimh. 25.

17.—(1) Baineann an t-alt seo le préimheanna is iníoctha ar pholasaithe árachais nó ar chonarthaí i leith blianachtaí siarainne is polasaithe nó conarthaí a rinneadh tar éis an 22ú lá de Mheitheamh, 1916, agus freisin le suimeanna dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní in alt 32 den Income Tax Act, 1918, ní dheonófar aon fhaoiseamh faoin alt sin i leith aon phréimhe nó suime eile lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

(3) Aon duine dá mbeadh faoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, inlamháilte mura mbeadh fo-alt (2) den alt seo, i leith préimhe nó suime, nó i leith coda de phréimh nó de shuim, lena mbaineann an t-alt seo, beidh, má dhéanann sé éileamh chuige sin ar an modh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim agus má chuireann sé isteach tuairisceán san fhoirm fhordaithe ar a ioncam iomlán, teideal aige, d'fhonn an méid den ioncam a mbeidh cáin (gan forcháin a áireamh) inmhuirir air ina leith a dhéanamh amach, chun asbhaint a dhéanamh as a ioncam inmheasúnaithe is comhionann—

[EN]

(a) i gcás inar polasaí nó conradh dá dtagraítear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1953, an polasaí nó an conradh a bheidh i gceist, le dhá dtrian de mhéid na préimhe a mbeadh faoiseamh inlamháilte ina leith mar adúradh tar éis éifeacht a thabhairt d'aon sriantachtaí a bheidh iomchuí de réir míreanna (a), (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt sin 32, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, le leath méid na préimhe nó na suime eile a mbeadh faoiseamh inlamháilte amhlaidh ina leith.

[EN]

(4) Beidh éifeacht maidir le hasbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais nó le hasbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Finance Act, 1920.

[EN]

(5) Déantar leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958, a leasú mar a leanas:

[EN]

(i) i mír (a) d'fho-alt (2) cuirfear isteach “nó faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”;

[EN]

(ii) i bhfo-alt (6) cuirfear isteach “faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”.

[EN]

(6) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais shaoil a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'asbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo.

[EN]

Athghairm.

1920, c. 18.

1932, Uimh. 20.

1952, Uimh. 14.

1959, Uimh. 18.

18.—Athghairtear leis seo alt 23 den Finance Act, 1920, fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1952, agus fo-alt (2) d'alt 1 den Acht Airgeadais, 1959.