Uimhir 43 de 1935.
ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1935.
Alt 4 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933, do leasú.
1.—Déanfar agus deintear leis seo alt 4 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tríd an abairt “31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935,” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil an abairt sin i bhfo-alt (1) den alt san 4, agus tríd an abairt “31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937,” do chur isteach i ngach cás in ionad na habairte scriostar amach amhlaidh, agus
(b) tríd an abairt “1adh lá d'Eanar, 1936,” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil an abairt sin i bhfo-alt (2) den alt san 4, agus tríd an abairt “1adh lá d'Eanar, 1938,” do chur isteach i ngach cás in ionad na habairte scriostar amach amhlaidh.
Gearr-theideal agus luadh.
2.—(1) Féadfar Acht na mBóthar Iarainn, 1935, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1935, do ghairm d'Achtanna na mBóthar Iarainn, 1924 go 1933, agus den Acht so le chéile.