[EN]

Uimhir 47 de 1947.


[EN]

AN tACHT SEIRBHÍSÍ SLÁINTE (FORÁLA AIRGEADAIS), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DEONTAIS A THABHAIRT I LEITH SEIRBHÍSÍ SLÁINTE, AGUS I gCÓIR NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [27ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá leis an abairt “údarás sláinte” an bhrí atá léi sa Príomh-Acht;

[EN]Seirbhís sláinte.

ciallaíonn an abairt “seirbhís sláinte” aon tseirbhís, maidir le caomhnadh nó feabhsú sláinte na ndaoine agus aireachasú agus cóireáil aon bhreoiteachta agus éiglíochta, a riaras údaráis áitiúla;

[EN]comhúdarás.

ciallaíonn an focal “comhúdarás” aon chomhlucht is—

[EN]

(a) comhbhord ospidéil mheabhair-ghalar, nó

[EN]

(b) bord cúnaimh, nó

[EN]

(c) bord cúnaimh phoiblí, nó

[EN]

(d) comhchoiste bainistí faoi na hAchta Eitinne, 1908 go 1945, nó

[EN]

(e) Bord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath, nó

[EN]

(f) an bord atá le bunú faoi alt 13 d'Acht Ospidéil Fhiabhrais Chorcaighe, 1935 (Uimh. 44 de 1935), nó

[EN]

(g) aon chomhchomhlucht atá le bunú faoi alt 101 den Phríomh-Acht;

[EN]An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Sláinte;

[EN]mion-fháltais.

ciallaíonn an focal “mion-fháltais”—

[EN]

(a) íocaíochta ag othair íocacha,

[EN]

(b) íocaíochta i leith seirbhísí a tugadh,

[EN]

(c) fáltas as toradh feirme, toradh garraí agus aon toradh eile, scartach agus stóir a dhíol,

[EN]

(d) táillí i leith ceadúnas, cláruithe agus deimhnithe,

[EN]

(e) suimeanna a gheofar i leith costas dlí,

[EN]

(f) cíosa áiteanna cónaithe,

[EN]

(g) táillí a gheobhaidh oifigigh agus is iníoctha acu le húd aráis sláinte, údaráis sláintíochta, nó comhúdaráis,

[EN]

(h) pé fáltais eile a ndearbhóidh an tAire mar gheall ar a gcineála gur cóir a n-áireamh ina mion-fháltais;

[EN]glan-chaiteachas i leith sláinte.

ciallaíonn an abairt “glan-chaiteachas i leith sláinte,” nuair a húsáidtear í maidir le comhlucht áirithe agus i leith bliana áirithe, an chuid sin de chaiteachas an chomhluchta sin (nach caiteachas caipitil ná caiteachas ar mhuirir iasachta) in aghaidh na bliana sin a ndeimhneoidh an tAire gur caiteachas é a ndeachthas faoi go cuí i leith seirbhísí sláinte aitheanta agus ná glanfar—

[EN]

(a) más í an bhliain sin an bhliain chaighdeánach, le deontais Stáit (1947-48) agus mion-fháltais, agus

[EN]

(b) murab í an bhliain sin an bhliain chaighdeánach, le mionfháltais;

[EN]An Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947);

[EN]seirbhís sláinte aitheanta.

ciallaíonn an abairt “seirbhís sláinte aitheanta” aon tseirbhís sláinte is seirbhís sláinte aitheanta de thuras na huaire de bhuaidh ailt 2 den Acht seo;

caiteachas caighdeánach.

ciallaíonn an abairt “caiteachas caighdeánach,” nuair a húsáidtear í maidir le húdarás sláinte agus i leith bliana áirithe, an tsuim arb í, de bhuaidh ailt 3 den Acht seo, caiteachas caighdeánach an údaráis sláinte sin í in aghaidh na bliana sin;

an bhliain chaighdeánach.

ciallaíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach” an bhliain dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948;

deontais Stáit (1947-48).

ciallaíonn an abairt “deontais Stáit (1947-48)”—

(a) airgead a sholáthraigh an tOireachtas in aghaidh na bliana caighdeánaí le haghaidh tuarastal agus costas oifige an Aire, agus

(b) airgead is iníoctha as an gCuntas Cánachais Áitiúil in aghaidh na bliana caighdeánaí, seachas airgead is iníoctha i leith an deontais talmhaíochta do réir bhrí na nAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 agus 1946;

bliain

ciallaíonn an focal “bliain” bliain airgeadais áitiúil;

an bhliain 1948-49.

ciallaíonn an abairt “an bhliain 1948-49” an bhliain dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1949.

[EN]

Seirbhísí sláinte aitheanta.

2.—(1) Dearbhóidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lú lá d'Aibreán, 1948, na seirbhísí sláinte sin is cuí leis a bheith ina seirbhísí sláinte aitheanta, agus air sin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh na seirbhísí sláinte a mbainfidh an dearbhú leo ina seirbhísí sláinte aitheanta, chun críocha an Achta seo, amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1947, agus ón lá sin amach.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú go mbeidh aon tseirbhís sláinte, nach seirbhís sláinte aitheanta an uair sin, ina seirbhís sláinte aitheanta, agus air sin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh an tseirbhís sláinte lena mbainfidh an dearbhú ina seirbhís sláinte aitheanta, chun críocha an Achta seo, amhail ar an lú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh an dearbhuithe a dhéanamh agus ón lá sin amach.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú go scoirfidh aon tseirbhís sláinte, is seirbhís sláinte aitheanta an uair sin, de bheith ina seirbhís sláinte aitheanta, agus air sin, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, scoirfidh an tseirbhís sláinte lena mbainfidh an dearbhú de bheith ina seirbhís sláinte aitheanta, chun críocha an Achta seo, amhail ar an 1ú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh an dearbhuithe a dhéanamh agus ón lá sin amach.

[EN]

Caiteachas caighdeánach údarás sláinte.

3.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, is é caiteachas caighdeánach údaráis sláinte in aghaidh na bliana 1948-49 agus gach bliana ina dhiaidh sin ná a suim seo a leanas—

[EN]

(a) an glan-chaiteachas i leith sláinte faoina ndeachaigh an t-údarás sláinte sin in aghaidh na bliana caighdeánaí,

[EN]

(b) an glan-chaiteachas i leith sláinte a ndeachaigh gach údarás sláintíochta uirbeach, ar i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sláinte sin dá cheaptar, faoi in aghaidh na bliana caighdeánaí,

[EN]

(c) an chionúireacht is inmhuirir ar an údarás sláinte sin den ghlan-chaiteachas i leith sláinte a ndeachaigh gach comhúdarás nó gach údarás sláintíochta poirt faoi in aghaidh na bliana caighdeánaí,

[EN]

(d) an chionúireacht is inmhuirir ar gach údarás sláintíochta uirbeach den tsórt sin den ghlan-chaiteachas i leith sláinte a ndeachaigh gach údarás sláintíochta poirt faoi in aghaidh na bliana caighdeánaí.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an tAire dearbhú faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) d'alt 2 den Acht seo maidir le seirbhís sláinte, déanfaidh sé, roimh an lú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh an dearbhú a dhéanamh, coigeartú, i leith aon údaráis sláinte lena mbainfidh, ar an tsuim arb í an uair sin (de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo nó, má rinneadh coigeartú roimhe sin faoin bhfo-alt seo, de bhuaidh an fho-ailt seo) caiteachas caighdeánach an údaráis sláinte sin í—

[EN]

(a) más faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo a déanfar an dearbhú, tríd an tsuim sin a mhéadú pé méid is cuí leis, nó

[EN]

(b) más faoi fho-alt (3) den alt sin 2 a déanfar an dearbhú, tríd an tsuim sin a laghdú pé méid is cuí leis,

[EN]

agus is í an tsuim sin arna coigeartú amhlaidh, agus faoi réir aon choigeartuithe ina dhiaidh sin faoin bhfo-alt seo, a thiocfas chun bheith agus a bheas, in aghaidh gach bliana i ndiaidh an choigeartuithe, ina caiteachas caighdeánach ag an údarás sláinte sin chun críocha an Achta seo.

[EN]

Deontais d'údaráis sláinte.

4.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, íocfar, in aghaidh na bliana 1948-49 agus gach bliana ina dhiaidh sin, le gach údarás sláinte, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas is comhionann leis an méid a bheas an caiteachas i leith sláinte in aghaidh na bliana sin ag an údarás sláinte sin níos mó ná an caiteachas caighdeánach in aghaidh na bliana sin ag an údarás sláinte sin.

[EN]

(2) Má tharlann bliain ar bith go mbeidh an caiteachas i leith sláinte in aghaidh na bliana sin ag údarás sláinte níos mó ná dhá oiread an chaiteachais chaighdeánaigh in aghaidh na bliana sin ag an údarás sláinte sin, déanfar an deontas is iníoctha leis an údarás sláinte sin faoi fho-alt (1) den alt seo in aghaidh na bliana sin a laghdú suim is comhionann le leath na breise.

[EN]

(3) Gach deontas a bhéarfar d'údarás sláinte faoi fho-alt (1) den alt seo bhéarfar é na trátha sin agus do réir na n-íocaíocht sin a cheapfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir an t-údarás sláinte sin do chomhlíonadh pé coinníoll (lena n-áirítear meastachán ar chaiteachas agus fáltais agus tuairisceáin ar chaiteachas agus fáltais a chur isteach) a cheapfas an tAire.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo is é cáiteachas údaráis sláinte i leith sláinte in aghaidh aon bhliana áirithe ná a suim seo a leanas—

[EN]

(a) glan-chaiteachas i leith sláinte an údaráis sláinte sin in aghaidh na bliana sin, agus

[EN]

(b) an chionúireacht is inmhuirir ar an údarás sláinte sin de ghlan-chaiteachas i leith sláinte gach comhúdaráis in aghaidh na bliana sin.

[EN]

Cuid den deontas dleachta ceadúnais a choradh.

5.—Na suimeanna is iníoctha in aghaidh na bliana 1948-49 agus gach bliana ina dhiaidh sin as an gCuntas Cánachais Áitiúil faoi na hachtacháin seo a leanas, eadhon, fo-alt (2) d'alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus fo-alt (2) d'alt 5 den Local Government (Ireland) Act, 1902, déanfar, in ionad iad d'íoc sa tslí a foráltar leis na hachtacháin sin, iad d'íoc isteach sa Shát-Chiste nó iad a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Cuid den deontas dleachta eastáit a choradh.

6.—An méid is iníoctha in aghaidh na bliana 1948-49 agus gach bliana ina dhiaidh sin as an gCuntas Cánachais Áitiúil faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Probate Duties (Ireland) Act, 1888, déanfar, in ionad é d'iomdháil sa tslí a foráltar leis an mír sin (b)—

[EN]

(a) maidir le trí-ochtú dhe, é d'iomdháil ar chomhairlí contae agus bardais chontae-bhuirgí, mar údaráis chúnaimh phoiblí nó thar a gceann, sna cionúireachta faoi seach inar hiomdháileadh an méid sin amhlaidh díreach roimh an lú lá d'Aibreán, 1948;

[EN]

(b) maidir le cúig-ochtú dhe, é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó é a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Gan an deontas dleachta eastáit d'íoc leis an gCiste Ráthaíochta.

7.—San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1891” an Purchase of Land (Ireland) Act, 1891;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Ciste Ráthaíochta” an Ciste a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1891.

[EN]

(2) An tsuim is iníoctha leis an gCiste Ráthaíochta faoi alt 19 den Finance Act, 1894, arna oiriúnú leis an Ordú um Dheontas Dleachta Eastáit, 1927 (R. & O.R., Uimh. 94 de 1927), scoirfear dá híoc leis an gCiste Ráthaíochta in aghaidh na bliana 1948-49 agus gach bliana ina dhiaidh sin agus íocfar díreach í leis an gCuntas Cánachais Áitiúil.

[EN]

(3) Maidir leis an mbliain 1948-49 agus gach bliain ina dhiaidh sin—

[EN]

(a) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1891 amhail is dá scriostaí fo-mhír (i) de mhír (a), agus

(b) beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt sin 5 amhail is dá scriostaí mír (a).

[EN]

Athghairm.

8.—(1) Déantar leis seo an t-achtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, amhail ar dháta an Achta seo a rith agus ón lá sin amach, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin I.

[EN]

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, d'athghairm, amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1948, agus ón lá sin amach, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II.

[EN]

Achtacháin d'oiriúnú.

9.—(1) San alt seo—

[EN]

folaíonn an focal “achtachán” ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi Acht;

[EN]

ciallaíonn an abairt “achtachán Rialtais Áitiúil” aon achtachán a bhronnas nó a fhorchuireas cumhachta nó dualgais ar an Aire Rialtais Áitiúil agus ná bronnann ná ná forchuireann ar an Aire iad.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le haon achtachán (nach achtachán Rialtais Áitiúil), aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh le hordú a chífear dó is gá chun go bhféadfaidh an t-achtachán sin éifeacht a bheith aige do réir an Achta seo.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, maidir le haon achtachán Rialtais Áitiúil, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh le hordú a chífear dó is gá chun go bhféadfaidh an t-achtachán sin éifeacht a bheith aige do réir an Achta seo.

[EN]

(4) Gach Ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an Orduithe, beidh an tOrdú arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin Ordú sin.

[EN]

Costais.

10.—Na costais uile faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

11.—Féadfar an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL.

CUID I.

Achtachan a hAthghairmtear amhail ar dhata an Achta seo a Rith agus uaidh sin amach.

Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 28 de 1947

An tAcht Sláinte, 1947.

Fo-alt (7) d'alt 44.

CUID II.

Achtachain hAthghairmtear amhail ar an 1u La d'Aibrean 1948, agus on la sin amach.

Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 42 de 1929

An tAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929.

Alt. 24.

Uimh. 28 de 1947

An tAcht Sláinte, 1947.

I bhfo-alt (1) d'alt 17 an méid seo a leanas “faoi réir forál ailt 24 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1929 (Uimh. 42 de 1929), agus”; alt 27.