[EN]

Uimhir 48 de 1933.


[EN]

ACHT NA mBÉILÍ SCOILE (GAELTACHT), 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA nDEONTAS IS FÉIDIR A DHEONADH FÉ ACHT NA mBÉILÍ SCOILE (GAELTACHT), 1930, DO MHÉADÚ. [14adh Mí na Nodlag, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1930 (Uimh. 23 de 1930);

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an focal “bord” bord sláinte le n-a mbaineann an Príomh-Acht;

[EN]

tá leis an abairt “bliain airgeadais áitiúil” an bhrí ceaptar di leis an bPríomh-Acht.

[EN]

(2) I gcás deontais do dheonadh fé alt 9 den Phríomh-Acht do bhord in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla agus méid an deontais sin do bheith níos lugha ná leath costas an bhúird sin sa bhliain sin maidir le bia do sholáthar fén bPríomh-Acht, isé an deifríocht idir an deontas san agus an leath san, isé sin a bheidh, chun crícheanna an Achta so, mar easnamh maidir leis an mbord san in aghaidh na bliana san.

[EN]

Iocaíochtaí breise alos bord sláinte áirithe do sholáthar béilí.

2.—(1) I gcás breise do bheith ag an suim de £10,000 ar iomlán na ndeontas a deonfar fé alt 9 den Phríomh-Acht in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla, agus i gcás easnaimh do bheith ann in aghaidh na bliana san maidir le haon bhord, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más rud é gur maidir le bord amháin a bheidh easnamh ann in aghaidh na bliana san, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íoc do dhéanamh leis an mbord san i suim nách mó ná pé méid acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

[EN]

(i) méid is có-ionann leis an mbreis sin, agus

[EN]

(ii) méid is có-ionann leis an easnamh san;

[EN]

(b) más rud é go mbeidh easnaimh ann maidir le dhá bhord no níos mó in aghaidh na bliana san, agus nách lugha an bhreis sin ná iomlán na n-easnamh san, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íoc do dhéanamh le gach bord fé leith acu san i suim nách mó ná méid an easnaimh maidir leis an mbord san in aghaidh na bliana san;

[EN]

(c) más rud é go mbeidh easnaimh ann maidir le dhá bhord no níos mó in aghaidh na bliana san, agus gur lugha an bhreis sin ná iomlán na n-easnamh san, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, íoc do dhéanamh le gach bord fé leith acu san i suim go mbeidh idir í agus an bhreis sin an cothrom céanna bheidh idir an t-easnamh maidir leis an mbord san in aghaidh na bliana san agus iomlán na n-easnamh maidir leis na búird sin uile in aghaidh na bliana san.

[EN]

(2) Aon airgead a híocfar fén alt so le bord in aghaidh bliana airgeadais áitiúla is i bhfuirm méaduithe ar an deontas a deonfar fé alt 9 den Phríomh-Acht don bhord san in aghaidh na bliana san a híocfar amhlaidh é.

[EN]

(3) Bainfidh forálacha an ailt seo leis an mbliain airgeadais áitiúil dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1933, agus le gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, agus ní le haon bhliain airgeadais eile.

[EN]

(4) Léireofar an abairt “cur an Achta so in éifeacht” atá in alt 8 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn cur an Achta san no an Achta so in éifeacht, agus beidh feidhm ag an alt san dá réir sin.

[EN]

Rialacháin.

3.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacháin do dhéanamh ag ordú na n-uaireanta agus na slí ina n-íocfar suimeanna is iníoctha ag an Aire le búird fén Acht so.

[EN]

Costaisí.

4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—Féadfar Acht na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1933, do ghairm den Acht so, agus féadfar Achtanna na mBéilí Scoile (Gaeltacht), 1930 agus 1933, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.