[EN]

Uimhir 49 de 1924.


[EN]

ACHT NA gCUANTA STÁIT, 1924.


ACHT CHUN CUANTA ÁIRITHE DO CHUR FÉ CHÚRAM COIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA PUIBLÍ IN ÉIRINN AGUS CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN MÉIDEANNA NA nÉILITHE A GEARRFAR SNA CUANTA SAN AGUS I gCUANTA EILE FÉ CHÚRAM NA gCOIMISINÉIRÍ ROIMHRÁITE DO REGLEÁIL AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS NA CUANTA SAN, AGUS CHUN AINM KINGSTOWN HARBOUR D'ATHARÚ. [5adh Lúnasa, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so,

[EN]

cialluíonn an focal “Coimisinéirí Dhún Laoghaire” Coimisinéirí Chuan Dún Laoghaire a ceapadh fé Acht a rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe an 11adh lá d'Iúl, 1815, Acht dar teideal “An Act to authorise the appointment of Commissioners for erecting an harbour for ships to the eastward of Dunleary within the Port and Harbour of Dublin”;

[EN]

cialluíonn an focal “Coimisinéirí Dhúin Mhóir” Coimisinéirí Chuan Dúin Mhóir a ceapadh fé Acht a rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe an 3adh lá de Mheitheamh, 1818, Acht dar teideal “An Act for improving and completing the Harbour of Dunmore, in the County of Waterford, and rendering it a fit situation for His Majesty's packets”;

[EN]

cialluíonn an focal “Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí” Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn.

[EN]

Coimisinéirí Dhún Laoghaire agus Coimisinéirí Dhúin Mhóir do scur.

2.—Láithreach tar éis rithe an Achta so, beidh Coimisinéirí Dhún Laoghaire agus Coimisinéirí Dhúin Mhóir scurtha, agus leis sin déanfar gach oifigeach agus duine a bheidh an uair sin ar fostú ag Coimisinéirí Dhún Laoghaire no ag Coimisinéirí Dhúin Mhóir d'aistriú chun fostaíocht Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

[EN]

Aistriú maoine o Choimisinéirí Dhún Laoghaire agus Dhúin Mhóir chun Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

3.—(1) Láithreach tar éis rithe an Achta so, gan aon leithliú do dhéanamh ortha, tiocfidh gach talamh, tionóntachán, agus ionoighreachta, atá anois dílsithe i gCoimisinéirí Dhún Laoghaire no i gcimeád ar iontaoibh dóibh no dílsithe i gCoimisinéirí Dhúin Mhóir no i gcimeád ar iontaoibh dóibh, tiocfid chun bheith dílsithe agus dílseofar iad i gCoimisinéirí na nOibreacha Puiblí chun gach estáit agus leasa gur chúcha fé seach atá na tailte, na tionóntacháin, agus na hionoighreachtaí céanna ar seilbh ag Coimisinéirí Dhún Laoghaire agus ag Coimisinéirí Dhúin Mhóir fé seach no dhóibh fé seach, ach beidh san fé réir gach cíosa agus cumhnaint (más ann dóibh) atá ceangailte ar Choimisinéirí Dhún Laoghaire no ar Choimisinéirí Dhúin Mhóir anois ina dtaobh.

[EN]

(2) Láithreach tar éis rithe an Achta so, gach maoin agus sócmhainn riamh dá bhfuil dílsithe anois i gCoimisinéirí Dhún Laoghaire no i gCoimisinéirí Dhúin Mhóir no dá gcuid féin acu (lasmuich de thailte, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí), dílseoid siad fé seach i gCoimisinéirí na nOibreacha Puiblí agus tiocfid chun bheith dá gcuid féin acu, ach beid, i ngach cás in ar gá é, fé réir a n-aistrithe i leabhair aon chuideachtan, bainc, no corpráide.

[EN]

Aistriú connartha o Choimisinéirí Dhún Laoghaire agus Dhúin Mhóir chun Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

4.—Gach ceart agus sochar atá ag Coimisinéirí Dhún Laoghaire no ag Coimisinéirí Dhúin Mhóir agus gach fiachas agus oblagáid atá ortha fé aon bhanna, connra, no có-aontú a dhin éinne le Coimisinéirí Dhún Laoghaire no le Coimisinéirí Dhúin Mhóir no a dhin aon chólucht acu san le héinne beid aistrithe láithreach tar éis rithte an Achta so, agus aistrítear iad leis seo, chun Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí, agus as so amach féadfidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí gach banna, connra, no có-aontú den tsórt san d'fheidhmiú no féadfar an céanna d'fheidhmiú ortha chó hiomlán agus d'fhéadfadh Coimisinéirí Dhún Laoghaire no Coimisinéirí Dhúin Mhóir é fheidhmiú no chó hiomlán agus féadfí é fheidhmiú ar aon chólucht acu san dá mba ná rithfí an tAcht so.

[EN]

Aistriú comhachtanna, etc., o Choimisinéirí Dhún Laoghaire agus Dhúin Mhóir chun Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

5.—Gach ceart, príbhléid, comhacht, údarás, agus dualgas a deonadh no a bronnadh do Choimisinéirí Dhún Laoghaire no do Choimisinéirí Dhúin Mhóir, no a forchuireadh ortha, le haon reacht atá i bhfeidhm anois, beid aistrithe láithreach tar éis rithte an Achta so agus aistrítear iad leis seo chun Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí agus as so amach beid infheidhmithe agus có-líonfar iad ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

[EN]

Leanúint d'imeachta dlí atá ag feitheamh.

6.—Gach cúis, ní, agus imeacht ina bhfuil Coimisinéirí Dhún Laoghaire no Coimisinéirí Dhúin Mhóir páirteach agus atá ag feitheamh in aon chúirt i Saorstát Éireann le linn rithte an Achta so, tiocfidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí chun bheith páirteach agus beid páirteach ionta tar éis rithte an Achta so in ionad Coimisinéirí Dhún Laoghaire no Coimisinéirí Dhúin Mhóir (pe'ca aca é) agus is idir Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí agus na daoine eile atá páirteach ionta a leanfar de gach cúis, ní no imeacht den tsórt san dá réir sin.

[EN]

Féadfidh Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí méid custum, etc., do cheapa.

7.—Sa chás ina mbeidh ag Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí de bhua an Achta so, no ina bhfuil acu de bhua aon Achta atá i bhfeidhm anois, comhacht chun aon chustuim, rátaí, dleachtanna, no éilithe eile d'éileamh no do ghearra ar aon phiara, céibh, dug no cuan no ann no ina thaobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, agus d'ainneoin aon fhorála in aon Acht atá i bhfeidhm anois i dtaobh aon chustuim, rátaí, dleachtanna, no éilithe eile den tsórt san do cheapa, do theoranú, do shriana, do chó-réiteach no do luíodú, beidh sé dleathach do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí méid aon chustum, rátaí, dleachtanna agus éilithe den tsórt san no méid aon chó-réitigh no íoca eile ar a scór do regleáil.

[EN]

Bainfidh an Harbours, etc., Act, 1847, le cuanta fé bhainistí Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí.

8.—Gach cuan a bheidh, de bhua an Achta so, no atá, de bhua aon Achta atá i bhfeidhm anois, fé chúram agus fé bhainistí Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí, bainfidh an Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, leis chó hiomlán agus dá ndintí an tAcht san, sa mhéid ná fuil sé bunoscionn leis na hAchtanna tré n-a mbeidh an cuan san á regleáil de thurus na huaire, d'ionchorprú leis na hAchtanna san.

[EN]

Deimhniú o Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí le bheith ina fhianaise.

9.—Aon deimhniú a dheabhruíonn bheith fé chó-shéala Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí á rá, i dtaobh suime a luaidhtear sa deimhniú san, go bhfuil sí dlite ag na Coimisinéirí sin ar an té a luaidhtear sa deimhniú san mar gheall ar aon chustuim, rátaí, dleachtanna, no éilithe eile is inéilithe ag na Coimisinéirí maidir le haon phiar, céibh, dug, no cuan atá de thurus na huaire fé n-a gcúram agus fé n-a mbainistí, beidh sé ina fhianaise ar an suim a luaidhtear sa deimhniú san do bheith dlite mar adubhradh mara gcruthuítear a mhalairt.

[EN]

Cuan Dún Laoghaire is ainm do Kingstown Harbour feasta.

10.—An cuan a bunuíodh fén ainm agus fén teideal “Kingstown Harbour” tré alt 6 den Acht a rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe an 20adh lá de Lúnasa, 1836, agus dar teideal “An Act to amend several Acts relating to the Harbour of Kingstown,” beidh “Cuan Dún Laoghaire” mar theideal agus mar ainm air feasta.

[EN]

Gearr-theideal.

11.—Féadfar Acht na gCuanta Stáit, 1924, do ghairm den Acht so.