[EN]

Uimhir 50.


[EN]

ACHT CEARRBHACHAIS, 1923.


ACHT CHUN ALT 2 DEN ACHT CEARRBHACHAIS, 1835 D'ATHGHAIRM AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS AN ATHGHAIRM SIN.

[28adh Mí na Nodlag, 1923.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Alt 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, d'athghairm.

1.—Athghairmtear leis seo Alt 2 den Acht Cearrbhachais, 1835 (gur féidir dá bharr airgead a híocadh le scríobhaí, sealbhóir no sannaí urrúsanna a tugadh ar chomaoine a eirigh as gníomhartha áirithe cearrbhachais d'fháil thar n-ais ón té dar tugadh na hurrúsanna ar dtúis).

[EN]

Cosc ar imeachta i dtaobh gníomhartha críochnuithe.

2.—(1) Ní déanfar aon aicsean ná imeacht do thabhairt ná do phróiseacht in aon chúirt, ná ní éisteoidh aon chúirt aon aicsean ná imeacht, chun aon airgead d'fháil thar n-ais fén alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, i dtaobh aon ghnímh a críochnuíodh roimh rith an Achta so.

[EN]

(2) Gach aicsean no imeacht chun airgead d'fháil thar n-ais féin alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, agus a bunuíodh roimh rith an Achta so agus nár tugadh crích-bhreith ann roimh rith an Achta so cuirfar ar nea-mbrí agus ar neamh-ní é fé réir pé ordú i dtaobh costaisí is oiriúnach leis an gcúirt ina bhfuil an t-aicsean no an t-imeacht san ar fionnraoi do dhéanamh.

[EN]

(3) Ní dhéanfidh éinni san Acht so dochar ná difir do thosnú ná do phróiseacht aon athchomhairc i gcoinnibh crích-bhreithe a tugadh roimh rith an Achta so chun airgead d'fháil thar n-ais fén alt san 2 den Acht Cearrbhachais, 1835, ná d'fheidhmiú aon chrích-bhreithe den tsórt san ná d'fheidhmiú aon ordú de bhárr athchomhairc i gcoinnibh aon chrích-bhreithe den tsórt san.

[EN]

Gearr-Theideal.

3.—Féadfar an tAcht Cearrbhachais, 1923, do ghairm den Acht so.