Uimhir 50 de 1936.
ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA (LEASÚ), 1936.
An Príomh-Acht.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930).
Coistí oideachais ghairme beatha do chur tailimh ná beidh ag teastáil de láimh.
2.—(1) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le toiliú an Aire Oideachais, aon talamh a bheidh dílsithe sa choiste sin do dhíol no do chur ar cíos.
(2) An t-airgead uile gheobhaidh coiste oideachais ghairme beatha de bharr talamh do dhíol fén alt so no i bhfuirm fíneála as talamh do chur ar cíos fén alt so, déanfar, sa chéad dul síos, é chur mar chabhair chun íoctha aon airgid cholna a bheidh mar mhuirear ar an gciste oideachais ghairme beatha bheidh á chothabháil ag an gcoiste sin, agus déanfar an farasbarr (más ann dó) den airgead san d'íoc isteach sa chiste sin.
(3) Aon airgead a gheobhaidh coiste oideachais ghairme beatha i bhfuirm chíosa as talamh do chur ar cíos fén alt so, déanfar é d'íoc isteach sa chiste oideachais ghairme beatha bheidh á chothabháil ag an gcoiste sin.
(4) Beidh fo-alt (1) den alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige ón 21adh lá d'Iúl, 1930.
Alt 43 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 43 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “i dtosach na bliana san” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san agus tré sna focail “i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin” do chur, i ngach cás, in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, do chur i mbaint.
4.—Bainfidh Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, le coistí oideachais ghairme beatha agus le n-a gcuid ball fé mar a bhaineann sé le comhairlí contae agus le n-a gcuid ball ach san fé réir an atharuithe ná beidh duine, d'ainneoin éinní atá i mír (e) d'fho-airtiogal (4) den Airtiogal san 12, dí-cháilithe, más cáilithe dhó ar gach slí eile, chun é do thogha no do rogha mar bhall, no chun é bheith mar bhall, d'aon choiste oideachais ghairme beatha no d'aon fho-choiste den chéanna de bhíthin é féin no a pháirtnéir d'fháil aon tsochair no buntáiste no do dhéanamh connartha chun aon tsochar no buntáiste d'fháil a thairgeann an coiste sin no aon fho-choiste den chéanna don phuiblíocht i bhfuirm oideachais leanúnaigh agus ceárd-oideachais ná de bhíthin baint do bheith aige féin no ag á pháirtnéir le haon mhargadh no connradh atá ar marthain ar dháta an Achta so do rith agus do rinneadh leis an gcoiste sin no le haon fho-choiste den chéanna ná de bhíthin é féin no a pháirtnéir d'fháil coda de bhrabús aon mhargaidh no connartha den tsórt san no aon oibre atá á déanamh ar an dáta san fé údarás an choiste sin no aon fho-choiste den chéanna.
Athghairm.
5.—Athghairmtear leis seo alt 122 den Phríomh-Acht.
Gearr-theideal agus luadh.
6.—Féadfar an tAcht Oideachais Ghairme Beatha (Leasú), 1936, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Oideachais Ghairme Beatha, 1930 agus 1936, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.