[EN]

Uimhir 5 de 1948.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1947.

[18ú Márta, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, a bhuanú.

1.—Leanfaidh na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Gearrtheideal agus léiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1947, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1948. a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.