[EN]

Uimhir 5 de 1954.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1953. [3ú Márta, 1954.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 to 1953, a bhuanú.

1.—Leanfaidh na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1953, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1955, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1954, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsai Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1953, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1954, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.