[EN]

Uimhir 5 de 1955.


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÍSCAOILEADH FÓGRA FÁILTE AGUS D'AISTRIÚ A FHEIDHMEANNA GO DTÍ AN BORD FÁILTE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [21 Márta, 1955.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1955, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, a ghairm de na hAchta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

[EN]

Forléiriú.

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 (Uimh. 15 de 1952);

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

[EN]

Athghairm.

4.—(1) Athghairmtear leis seo na forála seo a leanas d'Acht 1952—ailt 4, 10, Cuid V agus an Sceideal.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh athghairm an Sceidil difir do chearta aon duine faoi mhír 5 de (a bhaineas le haoisliúntas comhaltaí lánaimsire Fhógra Fáilte) nó faoi scéim arna déanamh faoin mír sin.

[EN]

CUID II.

Bord Fáilte Éireann.

[EN]

Ainm an Bhoird.

5.—Bhéarfar Bord Fáilte Éireann ar an mBord ar a dtugtaí An Bord Fáilte go dtí seo.

[EN]

Feidhmeanna breise.

6.—Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an mBord—

[EN]

(a) aon chineál poiblíochta a dhéanamh, laistigh agus lasmuigh den Stát, i ndáil leis an trácht cuartaíochta, lena n-áirítear fógraíocht a dhéanamh i dtaobh buntáistí agus taitneamhachtaí áiteanna sa Stát mar áiteanna do lucht saoire;

[EN]

(b) leabhair eolais, turas-fhaisnéisí, am-chláir agus foilseacháin eile d'ullmhú agus d'fhoilsiú mar eolas do chuairteoirí;

[EN]

(c) oifigí eolais do lucht cuartaíochta, nó aon ghníomhaireacht dá samhail sin, i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta, a bhunú, a threalmhú agus d'oibriú, nó cabhrú lena n-oibriú, laistigh agus lasmuigh den Stát;

[EN]

(d) comhoibriú le comhluchta eile i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta.

[EN]

Deontas nach mbeidh le haisíoc.

7.—(1) Gach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ón mBord ó am go ham agus nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(2) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha.

[EN]

Deontais ó fhoinsí eile.

8.—(1) Féadfaidh an Bord deontais airgid a ghlacadh ó chuideachta cheadaithe faoi Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 (Uimh. 15 de 1931), nó ó aon fhoinse eile.

[EN]

(2) Cuirfidh an Bord in iúl don Aire gach deontas a gheofar faoin alt seo agus úsáidfidh na deontais sin chun críocha a fheidh meanna faoin gCuid seo.

[EN]

Leasú ar Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931.

9.—Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 3 d'Acht Trácht na gCuairteoirí, 1931 (Uimh. 15 de 1931), trí thagairt don Bhord a chur in ionad na tagairte d'Fhógra Fáilte (a cuireadh isteach ann le halt 37 d'Acht 1952).

CUID III.

Díscaoileadh Fhógra Fáilte.

[EN]

Díscaoileadh Fhógra Fáilte.

10.—Díscaoiltear Fógra Fáilte leis seo.

[EN]

Maoin d'aistriú.

11.—(1) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (agus ábhair i gcaingean d'áireamh) a bhí dílsithe i bhFógra Fáilte nó dá chuid féin aige nó ar seilbh ar iontaobhas dó, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a ghabhas nó a bhaineas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan nó údaráis más gá sin, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar seilbh ar iontaobhas dó (mar is gá sa chás) chun an eastáit nó an iontaobhais nó an leasa chéanna.

[EN]

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus atá ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan nó údaráis, aistreoidh an banc nó an chorparáid nó an chuideachta nó an t-údarás sin í sna leabhair sin chun ainme an Bhoird arna iarraidh sin don Bhord.

[EN]

(3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo chun an Bhoird, féadfaidh an Bord agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo a thabhairt don té ar a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal.

[EN]

Dliteanais d'aistriú.

12.—Beidh gach fiach agus gach dliteanas eile de chuid Fhógra Fáilte (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha), ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord.

[EN]

Conartha leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

13.—Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bhí déanta nó a bhí tugtha ag Fógra Fáilte do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don chomhlucht sin, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an comhlucht sin agus duine eile agus nach bhfuil forghíomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán, leanfaidh sé i bhfeidhm agus forléireofar é amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an chomhluchta sin.

[EN]

Leanúint d'imeachta dlí atá ar feitheamh.

14.—Beidh an Bord ina pháirtí in ionad Fhógra Fáilte i ngach caingean, agra nó imeacht atá ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus a bhfuil an comhlucht sin ina pháirtí ann, agus leanfar de na himeachta sin idir an Bord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

15.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin a dhílsiú sa Bhord leis an Acht seo.

[EN]

Foireann d'aistriú.

16.—Tiocfaidh daoine a bhí ar fostú ag Fógra Fáilte díreach roimh dhíscaoileadh an chomhluchta sin chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Bhoird faoi réir na gcoinníoll céanna maidir le seilbh oifige, luach saothair agus eile a rabhadar ar fostú amhlaidh faoina réir.