Uimhir 5 de 1969
AN tACHT ÁRACHAIS, 1969
[An tiontú oifigiúil.]
Míniú.
1.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arachais, 1953.
Leasú ar Acht 1953.
2.—Leasaítear leis seo Acht 1953 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 2 (1):
“(1A) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go dtabharfar do dhaoine (nó chun sochair daoine) a sheolann gnó nó gairm sa Stát ráthaíochtaí i ndáil le seirbhísí lena mbaineann an fo-alt seo a thabhairt le haghaidh duine lasmuigh den Stát.
(b) Baineann an fo-alt seo le seirbhísí deartha agus pleanála, ar sa Stát i ndáil le hoibreacha innealtóireachta nó foirgníochta a dhéantar lasmuigh den Stát a dhéantar an obair á dtabhairt”.
Leasú ar alt 2 (3) d'Acht 1953.
3.—Leasaítear leis seo alt 2 (3) d'Acht 1953 trí “deich milliún punt” a chur in ionad “cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1961).
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1969, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1964, agus den Acht seo le chéile.