[EN]

Uimhir 52 de 1931.


[EN]

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA) (UIMH. 2), 1931.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1931, DO BHUANÚ.                        [22adh Mí na Nodlag, 1931.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :— [EN]

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1931.

1.—Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1931, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1933, agus raghaid in éag ansan.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

2.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1931, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1931, agus áireofar an tAcht so feasta san abairt na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1931.