Uimhir 53 de 1998
AN tACHT UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT) (LEASÚ), 1998
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | Leasú ar an Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997. |
2. |
An tAcht dá dTagraítear | |
An tAcht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997 | 1997, Uimh. 46 |
Uimhir 53 de 1998
AN tACHT UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT) (LEASÚ), 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM AN gCISTE OIDEACHAIS EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA (INFHEISTÍOCHT), 1997, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.
[23 Nollaig, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Leasú ar an Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997.
1.—Leasaítear leis seo an tAcht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997—
(a) i bhfo-alt (1) d'alt 3, trí “£130,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” i mír (a), agus
(b) i bhfo-alt (1) d'alt 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (c):
“(i) taighde agus forbairt a dhéanamh in aon réimse oideachais, lena n-áirítear, go háirithe, taighde eolaíochta agus teicneolaíochta agus forbairt eolaíochta agus teicneolaíochta, ag comhlacht, coláiste nó institiúid dá dtagraítear i mír (a) nó thar ceann an chéanna,”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht) (Leasú), 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997 agus 1998, a ghairm den Acht um an gCiste Oideachais Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Infheistíocht), 1997, agus den Acht seo le chéile.