[EN]

Uimhir 59 de 1924.


[EN]

ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS (Uimh. 2), 1924.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1924, AGUS CHUN CRÍCHEANNA A BHAINEAS LEIS SIN.

[20adh Mí na Nodlag, 1924.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Chun méid an tsochair d'áireamh.

1.—Chun a shocrú cadé a1.n méid sochair 'na bhfuil teideal ag aon duine chuige do réir an chothruim idir sochar agus síntiúisí a socruíodh le mír a trí den Dara Sceideal a ghabhann leis an Unemployment Insurance Act, 1920, dá ngairmtear an Príomh-Acht ina dhiaidh seo anso, agus ní chun aon chríche eile, fágfar gan áireamh tar éis rithte an Achta so, in ainneoin éinní atá sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, aon tsochar a fuair an duine sin i rith no ar scór na Tríú Bliana Sochair a bunuíodh leis an Acht um Arachas Díomhaointis, 1924.

[EN]

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

2.—(1) Féadfidh an tAire Airgid roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste no a thora fáis, in aon tsuimeanna a theastóidh chun íoctha fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, mar a leasuítear leis an Acht so iad, agus chun na suimeanna a bheidh le roimh-íoc amhlaidh do sholáthar féadfidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dó leis is ceart.

[EN]

(2) Aon tsuimeanna a roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo, maraon le hús ortha (más ann do) do réir pé ráta a shocróidh an tAire Airgid, beidh a muirear agus a n-aisíoc ar an gCiste Díomhaointis.

[EN]

(3) Cuirfar de mhuirear ar an bPrímh-Chiste no a thora fáis colann agus ús aon urúsanna a thabharfidh an tAire Airgid amach chun airgead d'fháil ar iasacht fén alt so agus fós na costaisí fé n-a raghfar chun na hurúsanna san do thabhairt amach.

[EN]

Sochar speisialta ar scór seirbhíse mileata daoine nách síntiúsairí fé urús.

3.—(1) Gach duine a bhí liostálta i bhforsaí mileata Shaorstáit Éireann agus go raibh deire le n-a thréimhse seirbhíse an 29adh lá de Mheitheamh, 1924, no roimhe sin, agus nách duine é le n-a mbaineann alt 4 den Acht um Arachas Díomhaointis, 1924, beidh aige fé réir forálacha na nAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, a bhaineas le Sochar Díomhaointis d'íoc, sa mhéid ná fuilid sin bunoscionn leis an alt so, teideal chun íocaíochta d'fháil (dá ngairmtear “Sochar Speisialta” san Acht so) i gcionn tréimhsí seachtainiúla no tréimhsí orduithe eile i rith na Ceathrú Bliana Sochair, do réir pé rátaí atá údaruithe leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, no fútha, do dhaoine bheadh i dteideal Sochar Díomhaointis agus Sochar Méaduithe d'fháil, agus san faid a leanfar de chólíona na gcoiníollacha Reachtúla atá luaidhte sa Phríomh-Acht agus faid is duine é ná cuirfí fé mhí-cháilíocht fén Acht san chun Sochar Díomhaointis d'fháil:

[EN]

Ach chun críche éilimh ar Shochar Speisialta glacfar cruthúnas ar dhíomhaointeas leanúnach roimh dháta rithe an Achta so.

[EN]

(2) Chun éinne do dhéanamh cáilithe chun Sochar Speisialta d'fháil fén alt so, ach ní chun aon chríche eile, tuigfar gur híocadh ina thaobh isteach i gCiste Díomhaointis (dá ngairmtear “An Ciste Díomhaointis Speisialta” san Acht so) pé méid síntiúisí is leor chun é do dhéanamh cáilithe amhlaidh.

[EN]

(3) Ní bhfuighidh éinne aon tSochar Speisialta sa bhreis ar chion seachtaine de in aghaidh gach sé síntiús a tuigfar a bheith íoctha aige fén bhfo-alt san roimhe seo.

[EN]

(4) Ní bhfuighidh éinne Sochar Speisialta ar son níos mó ná ceithre seachtaine déag sa Cheathrú Bliain Shochair ná ar scór aon tréimhse is lú ná lá.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo bunófar fé chúram agus fé bhainistí an Aire Tionnscail agus Tráchtála (dá ngairmtear feasta anso “an tAire”) Ciste dá ngairmtear an Ciste Díomhaointis Speisialta agus íocfar isteach ann, le haontú an Aire Airgid, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé suim no suimeanna is gá chun Sochar Speisialta fén alt so do sholáthar agus as a mbeidh Sochar Speisialta iníoctha.

[EN]

(6) Bainfidh alt 11 den Phríomh-Acht agus fo-alt (2) d'alt 1 den Unemployment Insurance Act, 1922, le gach éileamh ar Shochar Speisialta agus le gach ceist a eireoidh i dtaobh na n-éilithe sin agus i dtaobh ce'ca duine le n-a mbaineann an t-alt so aon duine áirithe no nách ea.

[EN]

(7) Féadfidh an tAire rialacha do dhéanamh i gcóir aon nithe a eireoidh as fáil an tSochair Speisialta.

[EN]

Atharú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

4.—D'ainneoin éinní atá in aon Acht, ní gá don Aire a chur ar aon Chumann ná ar aon Chólucht eile le n-a mbaineann alt 17 den Phríomh-Acht aon tsoláthar i gcóir Sochair Dhíomhaointis do dhéanamh roimh dheire na Ceathrú Bliana Sochair, thar mar a féadfí a chur ar an gCumann no ar an gColúcht san a dhéanamh fé mhír (a) d'fho-alt (1) den alt san 17 mar a hachtuíodh ar dtúis é.

[EN]

Gearr-theideal.

5.—Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis (Uimh. 2), 1924, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1924, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.