Uimhir 6 de 1938.
ACHT UM SHEAN-IARANN (EASPORTÁIL DO STIÚRADH), 1938.
An tAire.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.
Orduithe á thoirmeasc sean-iarann agus seana-chruaidh d'easportáil.
2.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, a thoirmeasc gach saghas no aon tsaghas sean-iarainn d'easportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so agus féadfaidh an easportáil sin do thoirmeasc amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm no ar feadh tréimhse áirithe no ar feadh dhá thréimhse no níos mó de thréimhsí nea-leanúnacha áirithe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, a thoirmeasc gach saghas no aon tsaghas seana-chruaidhe d'easportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a thabhairt amach chuige sin fén Acht so agus féadfaidh an easportáil sin do thoirmeasc amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm no ar feadh tréimhse áirithe no ar feadh dhá thréimhse no níos mó de thréimhsí nea-leanúnacha áirithe.
(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, tráth ar bith faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
(4) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so.
Ciontaí.
3.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon tseaniarann ná seana-chruaidh d'easportáil ná tabhairt fé n-a easportáil contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén Acht so.
(2) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earraí ar bith, a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a n-easportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do ghabháil agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san d'ordú bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh bainfid le gach earra gheobhfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do gheobhfaí í.
(3) Na forálacha den alt so i dtaobh toirmeasc do chur le hearraí d'easportáil no le tabhairt fé n-a n-easportáil beidh éifeacht acu fé is dá mbeadh na forálacha san san Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má easportálann duine ar bith aon earra no má bheireann fé aon earra d'easportáil contrárdha don alt so no má bheireann sé aon earra no má bhíonn sé ag tabhairt aon earra go dtí aon ché, bóthar no áit eile ar bith chun críche na heasportála san no na hiarrachta san ar easportáil, no má chabhruíonn no má neartuíonn sé leis an easportáil sin no leis an iarracht san ar easportáil dlighfear na pionóisí céanna agus an choinneáil chéanna do chur ar an duine sin agus fós na himeachta céanna do bhunú ina choinnibh a dlightear a chur ar dhuine agus a bhunú ina choinnibh fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí toirmiscithe d'iomportáil go nea-dhleathach.
Ceadúnaisí.
4.—(1) Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach don duine sin chun easportáil do dhéanamh, laistigh d'aimsir airithe, ar chaindíocht áirithe de shean-iarainn no de sheana-chruaidh no d'aon tsaghsanna no saghas áirithe sean-iarainn no seana-chruaidhe go mbeidh sé toirmiscithe de thurus na huaire le hordú ar n-a dhéanamh fén Acht so iad no é d'easportáil.
(2) Pé uair a bhéarfaidh an tAire ceadúnas amach fén alt so féadfaidh gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) na coinníollacha san is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur ag gabháil leis an gceadúnas san;
(b) an ceadúnas san do theorannú i slí ná bainfe sé ach le hearraí áirithe no le consighneacht áirithe d'earraí;
(c) an easportáil fén gceadúnas san do shrianadh i slí nach ceaduithe í dhéanamh ach o phort no o áit áirithe no tré bhealach áirithe, no go dtí tír áirithe no port no áit áirithe.
(3) Gach duine dhéanfaidh, chun ceadúnas fén alt so d'fháil dó féin no do dhuine ar bith eile, aon ráiteas no plé cúise is eol dó bheith bréagach no mí-threorach i bponc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.
Gearr-theideal.
5.—Féadfar an tAcht um Shean-Iarann (Easportáil do Stiúradh), 1938, do ghairm den Acht so.