[EN]

Uimhir 6 de 1947.


[EN]

AN tACHT UM AN INDUSTRIAL AND LIFE ASSURANCE AMALGAMATION COMPANY, LIMITED (SCAIREANNA A THÓGAINT), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA ÁIRITHE LEIS AN INDUSTRIAL AND LIFE ASSURANCE AMALGAMATION COMPANY, LIMITED, A CHEANNACH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [26ú Márta, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]Cuideachta shealbhach Bhreataineach.

ciallaíonn an abairt “Cuideachta shealbhach Bhreataineach” aon chomhlucht acu seo a leanas, eadhon—

[EN]

(a) an Britannic Assurance Company, Limited, nó

[EN]

(b) an Pearl Assurance Company, Limited, nó

[EN]

(c) an Prudential Assurance Company, Limited, nó

[EN]

(d) an Refuge Assurance Company, Limited, nó

[EN]

(e) an Liverpool Victoria Friendly Society;

[EN]An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

An Chuideachta Forceanntach.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta Fhorceanntach” an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited.

[EN]

Cumhacht an Aire chun scaireanna áirithe leis an gCuideachta Fhorceanntach a cheannach.

2.—(1) Féadfaidh an tAire na gnáth-scaireanna “A” dhá scilling an scair atá ag aon Chuideachta shealbhach Bhreataineach sa Chuideachta Fhorceanntach a cheannach ar phraghas nach mó ná trí scillinge an scair.

[EN]

(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníochta i leith scaireanna a ceannófar faoin alt seo a aistriú.

[EN]

Feidhm ailt 6 den Acht Arachais (Leasú), 1938.

3.—Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 6 den Acht Arachais (Leasú), 1938 (Uimh. 31 de 1938), do scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach arna gceannach ag an Aire faoin Acht seo.

[EN]

Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste.

4.—(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastós ó am go ham ón Aire chun íoc as aon scaireanna leis an gCuideachta Fhorceanntach a cheannós sé faoin Acht seo.

[EN]

(2) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a hairleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh an tAire urrúis a chruthnú agus a eisiúint ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhaidh ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar bunairgead agus ús aon urrús a eiseos an tAire faoin alt seo agus na costais faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beid iníoctha as an gcéanna.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht um an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited (Scaireanna a Thógaint), 1947, a ghairm den Acht seo.