Uimhir 6 de 1949.
ACHT NA LEANAÍ (LEASÚ), 1949.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar Acht na Leanaí (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta na Leanaí, 1908 go 1949, a ghairm d'Achta na Leanaí, 1908 go 1941 agus den Acht seo le chéile.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Children Act, 1908, arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi, agus arna leasú agus arna leathnú le hAcht na Leanaí, 1941 (Uimh. 12 de 1941), agus leis an Acht seo;
ciallaíonn an abairt “an Scoil” Scoil Cheartúcháin Naomh Anna, Cill Mochuda, Contae Bhaile Atha Cliath.
(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an príomh-Acht.
Tosach feidhme Coda II.
3.—(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ach mar foráltar le fo-alt (2) den alt seo.
(2) Féadfaidh an tAire, ar bhainisteoirí na Scoile dá iarraidh sin, ordú a dhéanamh á dhearbhú go dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar dháta sonraithe, agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh ar an dáta a sonrófar san ordú.
CUID II.
Daoine a dlitear a choimiteail chun scoile saothair deimhnithe a choimiteail chun na Scoile.
Daoine a dlitear a choimiteáil chun scoile saothair deimhnithe a choimiteáil chun na Scoile.
4.—(1) I gcás—
(a) ina bhféadfaidh Cúirt, faoi aon fho-alt d'alt 58 den Phríomh-Acht, a ordú duine a chur chun scoile saothair deimhnithe, agus
(b) inar chinntigh an Chúirt roimh ré go bhfuil bainisteoirí na Scoile toilteanach an duine sin a ghlacadh,
féadfaidh an Chúirt, in ionad a ordú an duine sin a chur chun scoile saothair deimhnithe, a ordú an duine sin a chur chun na Scoile.
(2) Baineann na forála seo a leanas den Phríomh-Acht, eadhon fo-alt (6) d'alt 74 agus fo-alt (18) d'alt 133, le hordú a dhéanamh faoin alt seo amhail mar bhaineas na forála sin le hordú a dhéanamh faoi alt 58 den Phríomh-Acht.
Feidhm an Phríomh-Achta.
5.—Aon uair a dhéanfas Cúirt ordú faoi alt 4 den Acht seo á ordú duine a chur chun na Scoile, beidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an duine sin amhail is dá mba ordú coinneála an t-ordú agus go mba scoil saothair deimhnithe an Scoil.
An tréimhse choinneála d'fhaidiú
6.—Más rud é—
(a) go gcríochnóidh an tréimhse choinneála a socraíodh i dtosach le hordú arna dhéanamh faoi alt 4 den Acht seo sar a slánóidh an duine lena mbaineann an t-ordú seacht mbliana déag d'aois, agus
(b) go ndeimhneoidh bainisteoirí agus dochtúir oifigiúil na scoile go bhfuil gá ag an duine sin le tuilleadh oiliúna,
féadfaidh an tAire a ordú tréimhse choinneála an duine sin d'fhaidiú go dtí an t-am a shlánós sé seacht mbliana déag d'aois agus air sin beidh éifeacht ag an Ordú sin, d'ainneoin aon ní in alt 65 den Phríomh-Acht, chun bheith i gcomhréir leis an ordú sin agus coinneofar an duine sin dá réir sin.