[EN]

Uimhir 7 de 1926.


[EN]

ACHT UM CHUIDEACHTA IONTAOBHAIS THIONNSCAIL NA hÉIREANN TEORANTA (CAIPITAL DO THÓGAINT), 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GO dTÓGFIDH AN tAIRE AIRGID SCAIR-CHAIPITAL IS LE CUIDEACHTA IONTAOBHAIS THIONNSCAIL NA hÉIREANN, TEORANTA, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [5adh Márta, 1926.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid;

[EN]

cialluíonn an focal “an Chuideachta” Cuideachta Iontaobhais Thionnscail na hÉireann, Teoranta.

[EN]

Scair-chaipital is leis an gCuideachtain do thógaint.

2.—Tabharfidh an tAire amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, fé mar a mheasfa sé agus nuair a mheasfa sé oiriúnach é, pé suimeanna, nách mó ar fad ná suim chaoga míle punt, a bheidh riachtanach do chun scair-chaipital is leis an gCuideachtain do thógaint.

[EN]

Íocfar dividenda, etc., isteach sa Stát-Chiste.

3.—Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach dividendum, bonus, agus airgead eile a gheobhaidh an tAire ar scór scair-chaipital leis an gCuideachtain do thóg sé fén Acht so.

[EN]

Na comhachta bheidh ag an Aire mar scaireánach.

4.—(1) Faid a bheidh ar seilbh ag an Aire aon chuid dar thóg sé fén Acht so de scair-chaipital na Cuideachtan, féadfa sé feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir scair-chaipitail den tsórt san, agus sa chás ina bhfuil aon chirt no comhachta acu san infheidhmithe tré atúrnae féadfidh an tAire, más oiriúnach leis é, na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire a chó-aontú leis an gCuideachtain go mbeidh aige, faid a bheidh ar seilbh aige aon chuid dar thóg sé fén Acht so de scair-chaipital na Cuideachtan, teideal chun beirt de stiúrthóirí na Cuideachtan d'ainmniú agus má dintar an có-aontú san beidh sé dleathach don Aire stiúrthóirí ar an gCuideachtain d'ainmniú dá réir.

[EN]

Díol scairchaipitail a tógadh fén Acht so.

5.—(1) Féadfidh an tAire gach cuid no aon chuid dar thóg sé fén Acht so de scair-chaipital na Cuideachtan do dhíol aon tráth no tráthanna fé mar a mheasfa sé agus nuair a mheasfa sé oiriúnach é.

[EN]

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste sochar gach díola a déanfar fén alt so ar an scair-chaipital san no ar aon chuid de.

[EN]

Gearr-theideal.

6.—Féadfar an tAcht um Chuideachta Iontaobhais Thionnscail na hÉireann Teoranta (Caipital do Thógaint), 1926, do ghairm den Acht so.